Leagtar amach príomhchuspóirí straitéiseacha na hoifige inár Plean Straitéiseach. Nuashonraítear an straitéis gach trí bliana.
Baineann rialachas corparáideach leis na córais, na prionsabail agus na próisis lena rialaítear eagraíochtaí.
Tá prionsabail an rialachais chorparáidigh bunaithe ar an eagraíocht a bhainistiú le:
Le rialachas maith, cabhraítear le bainistíocht éifeachtúil, éifeachtach.
Creat Rialachais Chorparáidigh
Bhunaigh an Oifig seo Coiste DEP i 2018 chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna cearta daonna agus comhionannais a thagann chun cinn maidir le feidhmeanna ár gcomhlachtaí reachtúla, chomh maith lenár bhfeidhmeanna corparáideacha mar fhostóir agus cheannaitheoir earraí agus seirbhísí. D’fhorbair an Coiste plean gníomhaíochta tosaigh, a ionchorpraíodh i ráiteas straitéise na hOifige do 2019-2021. Athnuachanaíodh an Coiste DEP i 2022 chun cur leis an obair atá ar bun cheana féin chun Cearta Daonna, Comhionannas agus Éagsúlacht a chur chun cinn san Oifig. Tá athmheasúnú déanta ag an gCoiste DEP ar ár nDualgas Earnála Poiblí agus tá Plean Gníomhaíochta do 2022 – 2025 curtha le chéile aige.
Human Rights: A guide for Ombudsman staff when investigating complaints
Human Rights: A guide for Ombudsman staff when investigating complaints
Soláthraíonn an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 cosaintí d’oibrithe a chuireann ábhair imní dlisteanacha in iúl maidir le héagóir iarbhír nó féideartha san ionad oibre. Tá nósanna imeachta forbartha ag an Oifig i gcomhréir le hAcht 2014, atá faofa ag an bhFoireann Bainistíochta. Sonraíonn na nósanna imeachta:
Aithníonn an Oifig an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mothaíonn an fhoireann go dtacaítear leo san ionad oibre. Tacaíonn an próiseas le tiomantas na hOifige chun a chinntiú go spreagann agus go n-éascaíonn an cúltur agus timpeallacht oibre an fhoireann chun ‘labhairt amach’ ar aon cheist a chuireann isteach ar chumas na hOifige a freagrachtaí a chomhlíonadh.
Tá sé fheidhm reachtúil ar leith san Oifig, a roinneann creat corparáideach faoi chatagóir Oifig an Ombudsman. Tá a líon foirne féin ag gach Oifig reachtúil agus faigheann siad tacaíocht ó “Chroílár Corparáideach”, a thacaíonn le neamhspleáchas na gcomhlachtaí reachtúla trína chórais TFC, acmhainní daonna, airgeadas, soláthar, seirbhísí dlí, saineolas cumarsáide agus dearbhú cáilíochta féin a sholáthar. Feidhmíonn an Oifig bealach tuairiscithe inmheánach amháin um Nochtadh Cosanta dá cuid feidhmeanna reachtúla go léir, atá á bhainistiú ag baill foirne ainmnithe ón gCroílár Corparáideach. Ceanglaítear le hAlt 22 d’Acht 2014 ar gach comhlacht poiblí tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le nochtaí cosanta a fhaightear faoi fhorálacha an Achta sin. Léiríonn an tuarascáil thíos an ghníomhaíocht ar fud fheidhmeanna reachtúla uile na hOifige maidir le nochtaí cosanta óna foireann.
Bliain: Nochtaí Cosanta a Fuarthas
2016: Neamhní
2017: Neamhní
2018: Neamhní
2019: Neamhní
2020: Neamhní
2021: Neamhní
2022: Neamhní
2023: Neamhní
Déanann an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 foráil freisin do nochtadh cosanta do dhuine forordaithe. Tá beirt dhuine forordaithe suite san Oifig seo, is iad sin Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus Stiúrthóir an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Féadfar tuairisc ar éagóir a dhéanamh freisin d’Oifig an Choimisiúin um Nochtadh Cosanta (OPDC), atá mar chuid den Oifig seo freisin. Tuairiscíonn na daoine forordaithe dá dtagraíodh agus an OPDC ar leithligh maidir le nochtaí cosanta a fhaightear ina gcáil faoin Acht.
Oiliúint maidir le sceithireacht
Chuir ár nAonad Seirbhísí Dlí oiliúint ar fáil maidir le Nochtadh Cosanta do gach ball foirne agus leanfaidh sé de bheith ag cur oiliúint agus tacaíocht leanúnach ar fáil don fhoireann ina leith seo. Ina theannta sin, fuair baill foirne de chuid Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta oiliúint níos speisialaithe le haghaidh a ról ar leith.
‘Foireann Glas’ Ár n-Oifig
Bunaíodh Foireann Glas san Oifig in 2020 ar a raibh saorálaithe díograiseacha. Is iad príomhaidhmeanna na Foirne Glas bearta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a thabhairt isteach san Oifig i réimsí an fhuinnimh, na dramhaíola, an iompair agus an uisce, chomh maith le cáilíocht na timpeallachta oibre a fheabhsú. Chuir an Fhoireann Ghlas tús le sraith clár feasachta míosúil téamaí chun cabhrú le baill foirne cinntí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil a dhéanamh san obair agus sa bhaile. I measc na mbeart a rinne an Oifig tá:
Déanfaidh an Fhoireann Ghlas, le tacaíocht na bainistíochta sinsearaí, a dícheall tuilleadh tionscnamh a thabhairt isteach a chuirfidh inbhuanaitheacht chomhshaoil chun cinn do dhaoine aonair agus don eagraíocht araon.
D’ullmhaigh Oifig an Ombudsman i gcomhpháirt le hOifig an Choimisinéara Faisnéise an Scéim seo faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Is Státseirbhísigh de chuid an Stáit iad baill foirne uile na hOifige agus tá siad faoi réir Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse. Leagtar amach in Alt 20 den Chód sin na ceanglais maidir le glacadh le ceapacháin sheachtracha agus le fruiliú comhairleach tar éis éirí as nó scoir. Tá baill foirne uile ár n-oifige, mar sin, faoi réir alt 20 de Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus ceanglaítear orthu é a chomhlíonadh.
Ceanglaítear freisin ar bhaill dár bhfoireann atá ina nOifigigh Phoiblí Ainmnithe chun críocha an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 (an tAcht ) alt 22 den Acht a chomhlíonadh. Foráiltear le halt 22 go mbeidh na daoine sin faoi réir “ tréimhse mharana” maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí brústocaireachta áirithe ar feadh bliana tar éis dóibh a bhfostaíocht nó a n-oifig a fhágáil. Is é an tArd-Stiúrthóir, Elaine Cassidy, an t-aon Oifigeach Poiblí Ainmnithe inár nOifig. Tá tuilleadh sonraí maidir le halt 22 den Acht ar fáil ag lobbying.ie.
Tá an tOmbudsman ina bhall d’Institiúid Idirnáisiúnta na nOmbudsman agus Cumann na nOmbudsman.