Déan iarraidh Shaoráil Faisnéise (SF) chuig an oifig seo
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ní féidir leat taifid a iarraidh uainn má tá siad i seilbh aon duine eile seachas Oifig an tOmbudsman.
Más mian leat taifid a fháil ó sholáthraí seirbhíse, ní mór duit iad a iarraidh ón gcomhlacht sin. Mar shampla, má theastaíonn taifid uait faoi do ghnóthaí cánach, ní mór duit iad a iarraidh ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ní féidir a leithéid de thaifid a lorg uainn.
Is comhlacht leathdhíolmhaithe é Oifig an Ombudsman chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (mar a fhoráiltear i Sceideal 1, Alt 6, Cuid 1 den Acht sin). Ciallaíonn sin nach gceanglaítear de réir an dlí go ndéantar taifid atá i seilbh Oifig an Ombudsman agus a bhaineann le gearáin shonracha (murab ionann is taifid a bhaineann le riarachán ginearálta fheidhmeanna an Ombudsman) a chur ar fáil don phobal. Is féidir leat taifid a bhaineann le riarachán ginearálta Oifig an Ombudsman a iarraidh.
Tá fáil ar an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (Acht SF 2014) ach cliceáil ar an nasc seo: http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/2014/a3014.pdf
Is féidir faisnéis áirithe atá ina seilbh a iarraidh ó Oifig an Ombudsman, ach tá teorainn ar na taifid is féidir a scaoileadh leis an Acht SF 2014.
Scríobh chugainn ag rá go bhfuil tú ag déanamh iarrata faoin Acht SF 2014. Ba chóir duit d'iarraidh a sheoladh chuig an Oifigeach SF, Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773, nó le ríomhphost info@ombudsman.ie
Ba chóir duit a mhéid faisnéise is féidir a chur ar fáil dúinn chun cabhrú linn í a aimsiú. Má theastaíonn formáid ar leith uait (m.sh. fótachóip, tras-scríbhinn nó diosca ríomhaire) nó más mian leat í a scrúdú, ba chóir duit é sin a rá go soiléir i d'iarraidh.
Má tá tú ag lorg leasú ar thaifead, ba chóir go sainaithneofaí i d'iarraidh an taifead ábhartha agus an leasú a theastaíonn, agus go gcuirfí fianaise ar fáil go dteastaíonn an leasú.
San Acht SF, deirtear gur chóir go gcabhródh an comhlacht poiblí le duine atá ag lorg taifid faoin Acht SF. Deirtear ann go sonrach gur chóir cabhair a chur ar fáil i gcás go bhfuil an t-iarrthóir faoi mhíchumas.
Ina theannta sin, d'fhéadfaí go ndéanfaidh an oifig seo teagmháil leat chun d'iarraidh a shoiléiriú.
I gcúinsí áirithe, gearrtar táillí faoin Acht SF 2014. Níl aon táille ann chun iarraidh bhunaidh SF a dhéanamh. An táille le haghaidh athbhreithnithe inmheánaigh ná €30 (nó €10 do shealbhóirí cártaí leighis). Má tá táille i gceist, is féidir leat íoc le seic, dréacht bainc nó ordú poist.
Níl aon táille i gceist chun iarraidh a dhéanamh ar rochtain ar do thaifid phearsanta.
B'fhéidir go ngearrfar táillí €20 in aghaidh na huaire as an am a chaitear ag aimsiú agus ag aisghabháil taifead. B'fhéidir go ngearrfar táillí ort as costas cóipeála a thagann aníos agus an t-ábhar a iarradh á chur ar fáil duit freisin. É sin ráite:
Má tá an táille mheasta os cionn €100, beidh éarlais 20% ar a laghad de dhíth.
Gearrtar €0.04 an leathanach ar fhótachóipeáil.
Nuair a fhaighimid iarraidh SF, tá ceithre seachtaine ar a mhéid againn chun cinneadh a thabhairt. Cuirfear ár gcinneadh chugat i scríbhinn agus sonróimid ar géilleadh, ar géilleadh i bpáirt nó ar diúltaíodh do d'iarraidh. Tabharfar an fáth/na fáthanna lenár gcinneadh freisin.
Má tá tú míshásta leis an gcinneadh nó, tar éis ceithre seachtaine, mura bhfuair tú cinneadh (ar a dtugtar diúltú do d'iarraidh SF gan fhreagra a thabhairt), is féidir leat athbhreithniú inmheánach a iarraidh.
Is sásra achomhairc é athbhreithniú inmheánach laistigh dár n-oifig. Déanfar é ag oifigeach atá níos sinsearaí ná an duine a thug an cinneadh bunaidh ar d'iarraidh bhunaidh.
Chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh, ní mór duit scríobh chugainn agus tagairt a dhéanamh don chinneadh a fuarthas (má tugadh breith) agus a lua go bhfuil achomharc athbhreithnithe inmheánaigh á dhéanamh agat. Ní féidir leat aon saincheisteanna breise a ardú i d'achomharc athbhreithnithe inmheánaigh. An t-aon chuspóir atá ag an athbhreithniú ná go ndéanfaidh oifigeach eile athmhachnamh ar an gcinneadh a tugadh ar d'iarraidh bhunaidh. Tá trí seachtaine ag an oifig seo chun cinenadh a thabhairt ar d'iarraidh ar athbhreithniú inmheánach.
Ní féidir leis an gCoimisinéir Faisnéise athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh SF a thug an tOmbudsman maidir le taifid atá i seilbh na hoifige seo. Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh nó mura bhfuil cinneadh faighte agat faoi cheann trí seachtaine (a mheastar mar dhiúltú gan fhreagra a thabhairt), is féidir leat an cinneadh a achomharc ar phointe dlí chun na hArd-Chúirte. Go ginearálta, ní mór go ndéanfar achomharc laistigh de cheithre seachtaine ón uair ar tugadh fógra an chinnidh duit. I gcás gurb é cinneadh na hoifige seo géilleadh do rochtain ar roinnt taifead (codanna de thaifid san áireamh) ach ní ar na taifid ar fad a iarradh, foráiltear le hAlt 24(4)(b)(i) go mbeidh ocht seachtaine ag an iarrthóir tar éis dáta fhógra an chinnidh chun tús a chur le hachomharc chun na hArd-Chúirte.