Déan iarraidh RFC chuig an oifig seo
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba chóir iarratais RFC a dhéanamh chuig:
Oifigeach Faisnéise
Oifig an Ombudsman,
6 Ardán Phort an Iarla,
Baile Átha Cliath 2,
D02 W773
Agus iarraidh á déanamh agat ar fhaisnéis faoi na Rialacháin RFC, beidh ort:
De ghnáth, cuirfear an cinneadh ar d'iarraidh in iúl duit laistigh de mhí amháin tar éis í a fháil.
Má chreideann tú gur diúltaíodh do d'iarraidh ar fhaisnéis comhshaoil (go hiomlán nó i bpáirt) nó murar láimhseáladh i gceart é ar aon dul le Rialacháin RFC, is féidir leat a iarraidh go ndéanfaidh ár n-oifig athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh i bpáirt nó go hiomlán. Ní mór duit an t-athbhreithniú sin a iarraidh laistigh de mhí amháin ón gcinneadh a fháil. Déanfaidh ball foirne níos sinsearaí an t-athbhreithniú.
Laistigh de mhí amháin ó d'iarraidh ar athbhreithniú a fháil, scríobhfaimid chugat leis an gcinneadh agus le fáth an chinnidh sin. Tabharfaimid comhairle duit freisin faoin gceart atá agat achomharc a dhéanamh chun an choimisinéara um fhaisnéis comhshaoil, na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann lena leithéid d'achomharc san áireamh.
Mar a fhoráiltear dó sna Rialacháin RFC, níl aon táille bhunaidh ag teastáil agus iarraidh ar fhaisnéis faoi RFC á cur isteach chuig an oifig seo. D'fhéadfaí go ngearrfaidh údarás poiblí táille, áfach, as faisnéis comhshaoil a chur ar fáil de réir na rialachán.
Tá na táillí sin socraithe ag an oifig seo mar a leanas:
Beidh sonraí na dtáillí, más ann dóibh, ar fáil sa litir chinnidh deiridh.
Tá scéim foilseoireachta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 lena cuimsítear treoir faoi fheidhmeanna na hoifige seo agus faoi na taifid atá ina seilbh ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Má tá aon cheist agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach faisnéise ar an bhfón ag +353 639 5600 nó le ríomhphost chuig aie@ombudsman.ie
Is pointe faisnéise é an suíomh gréasáin seo chun críocha na treorach RFC. Má theastaíonn tuilleadh faisnéis comhshaoil uait, is féidir iarraidh RFC a sheoladh nó teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach faisnéise mar a imlínítear thuas.
Tá tuilleadh faisnéis ghinearálta ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007-2011, lena n-áirítear faisnéis chúlra maidir leis an reachtaíocht, foilseacháin úsáideacha agus naisc chuig comhlachtaí ábhartha eile ar fáil sa chuid RFC de shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.