Soláthraímid seirbhís fiosrúcháin neamhspleách maidir le gearáin. Is féidir leat gearán a dhéanamh linn má tá tú míshásta faoin mbealach ar dhéileáil soláthróirí seirbhísí poiblí leat, ar nós:
Mar atá leagtha amach inár Ráiteas Straitéise 2022-2025, is í an aidhm atá againn ná ardchaighdeán feabhais agus gairmiúlacht a bhaint amach sa bhealach a chuirimid ár seirbhísí ar fáil. Déanaimid iarracht bheith ina eagraíocht a dhíríonn ar chustaiméirí agus seirbhís inrochtana, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar do chustaiméirí, lena n-áirítear baill den phobal agus na comhlachtaí poiblí lena n-oibrímid. Déanfaimid iarracht caighdeáin cáilíochta sainmhínithe a chomhlíonadh, agus déanfaimid athbhreithniú leanúnach ar ár bhfeidhmíocht chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil riachtanais an chustaiméara i gcónaí i gcroílár gach rud a dhéanaimid.
Tá sé leagtha síos inár Cairt um Sheirbhís do Chustaiméirí cad is féidir leat a bheith ag súil leis nuair a dhéanaimid do ghearán a fhiosrú. Tá ár gCairt ag teacht le Creat Caighdeáin Seirbhísí an Chomhcheangail Ombudsman.
Teagmháil ar an ngutháin
Is féidir leat glaoch a chur orainn Luan go hAoine laistigh d’uaireanta oifige. Má ghlaonn tú orainn:
Gearáin don Ombudsman (faoi ghníomhartha sholáthróirí seirbhísí poiblí)
Má dhéanann tú gearáin linn faoi soláthróir seirbhísí poiblí:
Cuairteoirí san Oifig/Imeachtaí For-rochtana
Iarraimid ar gach duine a thugann cuairt orainn go pearsanta coinne a dhéanamh roimh ré. Má thugann tú cuairt orainn:
Seirbhís trí Ghaeilge
Déanfaimid gach iarracht cuidiú leat más mian leat do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Áirítear leis seo:
Comhionannas / Éagsúlacht / Míchumas / Príobháideachas
Comhfhreagras scríofa (nach mbaineann le gearán)
Má sheolann tú litir, ríomhphost nó ceist ar líne chugainn:
Gearáin faoi sheirbhís do chustaiméirí
Má théann rudaí in aimhréidh agus má tá tú míshásta lenár seirbhís do chustaiméirí, inis dúinn é, le do thoil. Baineann sé seo le seirbhís agus cúram do chustaiméirí agus conas ar dhéileáil an fhoireann leat.
Cabhraigh linn cabhrú leat
Is féidir leat cabhrú linn seirbhís ardchaighdeáin a thabhairt duit:
Comhairliúchán agus aiseolas
Tá suim againn i gcónaí moltaí a chloisteáil faoi conas is féidir linn feabhas a chur ar ár seirbhís. Más maith leat rud éigin a rá nó moladh a dhéanamh, cuir ríomhphost chuig: info@ombudsman.ie
Cad é a mbímid ag súil le ó sholáthróirí seirbhíse a ndéantar gearán fúthu
Bímid ag súil ó sholáthróirí seirbhíse:
Cá bhfuilimid lonnaithe
Tá ár sonraí teagmhála iomlána le fáil ar an leathanach Déan teagmháil leis an Ombudsman
Seoladh: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teil: +353 1 639 5600
Faoi mar a leagtar amach inár Ráiteas Straitéise 2022-25, tá de chuspóir againn sármhaitheas agus gairmiúlacht a bhaint amach agus ár seirbhísí á soláthar. Táimid meáite ar a bheith inár n-eagraíocht atá dírithe ar chustaiméirí agus le seirbhís inrochtana, éifeachtúil agus éifeachtach a sholáthar dár gcustaiméirí, lena n-áirítear baill den phobal agus soláthraithe seirbhíse. Leagtar amach inár gCairt Seirbhíse do Chustaiméirí na caighdeáin seirbhíse ar féidir leat súil a bheith acu uainn nuair a dhéanaimid imscrúdú ar do ghearán.
Má théann rud éigin mícheart agus mura bhfuil tú sásta lenár seirbhís faoi mar a leagtar amach inár gCairt Seirbhíse do Chustaiméirí, inis dúinn, le do thoil. Tá an ceart agat gearán a dhéanamh linn má bhraitheann tú gur theip orainn sa tseirbhís a sholáthraíomar duit. Tagraíonn seo do chúrsaí seirbhíse do chustaiméirí sa bhealach a dhéileáil ár bhfoireann leat.
Cad é gearán seirbhíse do chustaiméirí?
Léiriú míshásaimh faoin gcaighdeán seirbhíse a sholáthraíomar é gearán seirbhíse do chustaiméirí. Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi rudaí cosúil le:
Ní chuimsítear sa liosta seo gach rud ar féidir leat gearán a dhéanamh faoi.
✘ Cad nach gearán seirbhíse do chustaiméirí é?
Níl na saincheisteanna seo a leanas inár bPróiseas Gearán Seirbhíse do Chustaiméirí:
Cathain is féidir liom gearán seirbhíse do chustaiméirí a dhéanamh?
Is éasca dúinn cabhrú leat má dhéanann tú teagmháil linn go tapa agus go díreach leis an gcásoibrí atá bainteach sa cheist. Dá réir, déan teagmháil, le do thoil, le do chásoibrí, a dhéanfaidh iarracht aon saincheisteanna a réiteach duit. Má leanann tú de bheith míshásta lenár seirbhís, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an mBainisteoir Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí. De ghnáth, caithfidh tú do ghearán a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine tar éis an imeachta ar mhaith leat gearán a dhéanamh faoi nó tar éis gur dheimhnigh tú go bhfuil cúis ghearáin agat.
B’fhéidir go mbeimid in ann glacadh le gearán tar éis na teorann ama faoi chúinsí eisceachtúla. Má cheapann tú nár cheart don teorainn ama baint le do ghearán, inis dúinn an fáth atá leis, le do thoil.
Cathain a dhéanaim gearán seirbhíse do chustaiméirí?
Is féidir leat do ghearán seirbhíse do chustaiméirí a sheoladh chuig ár mBainisteoir Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí:
Mar rogha air sin, is féidir leat gearán a dhéanamh:
ar ríomhphost chuig CustomerComplaints@ombudsman.ie
i scríbhinn chuig Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, W773
trí ghlaoch ar 01 639 5600, nó
trí cóip pháipéir dár bhfoirm ghearáin a iarraidh.
Cad a tharlaíonn i ndiaidh dom gearán a dhéanamh?
Tar éis go bhfaightear do ghearán, déanfaidh ár mBainisteoir Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí:
Conas ar chóir dom mé féin a hiompar nuair atá gearán á dhéanamh agam?
Tuigimid go mbíonn strus i gceist le gearán/nochtadh/achomharc nó iarratas a dhéanamh, agus ó am go ham, bíonn sé seo le braistint sa teagmháil a bhíonn ag daoine leis an Oifig seo. Is eol don fhoireann anseo go mbaineann sé seo leis an bpost atá acu.
É sin ráite, bímid ag súil go n-iompróidh daoine iad féin go réasúnta nuair a théann siad i dteagmháil lenár nOifig. Ní iarrfar ar an bhfoireann cur suas le hiompar atá maslach, gránna ná bagrach, nó má thógann sé an iomarca ama agus acmhainní a d’fhéadfaí a úsáid chun cuidiú le custaiméirí eile.
Cén sórt iompair atá do-ghlactha?
Ní ghlacfar leis an iompar seo a leanas:
Má dhúnann an Oifig seo comhad, tá sé míréasúnta diúltiú don chinneadh nó má éilítear go bhféachfaidh ball eile den fhoireann ar an gcás arís.
Is éileamh míréasúnta é má éilítear go ngíomhaítear maidir le cás atá lasmuigh de shainchúram na hOifige seo; má lorgaítear réiteach nach bhfuil réadúil nó atá díréireach; má éilítear go ndéileálfaidh nó nach ndéileálfaidh duine áirithe le do chás, nó má éilítear go ndéileálfar le do chás laistigh d’achar ama faoi leith nó roimh custaiméirí eile.
Léirítear é seo tríd an gcás a shainmhíniú don Oifig ar bhealach atá doiléir; trí mhórán doiciméad a chur i láthair ar bhealach atá trí chéile; trí bhonn an cháis a athrú fad is atá próiseas na hOifige ar siúl; trí eolas a choimeád siar agus gan a bheith macánta faoi na fíricí. Áirítear freisin neamhchomhoibriú uaitse leis an Oifig a d’fhéadfadh bac nó moill a chur ar an bpróiseas.
Ní cóir argóintí míréasúnta a dhéanamh les an Oifig seo. Mar shampla, áibhéil a dhéanamh, argóintí a chur i láthair nach mbaineann le hábhar, bheith meáite go nglactar le do leagan-sa den scéal nuair nach bhfuil aon fhianaise oibiachtúil chun tacú leis seo, nó má dhiúltaíonn tú glacadh leis go bhféadfadh leagan eile den scéal a bheith i gceist.
Áirítear le hiompar míréasúnta glaonna gutháin iolracha, ríomhphoist nó litreacha faoin ábhar céanna, bagairtí foiréigin, mí-úsáid fhoireann na hOifige, iompar drochbhéasach nó bagrach, íomháú graosta a sheoladh agus iarracht a dhéanamh foireann a spreagadh chun dul i mbun argóinte nach bhfuil gá léi agus a chuireann am amú. Meastar freisin gur iompar maslach iad ráitis ghríosaitheacha agus líomhaintí gan chruthú.
Tabhair le fios, le do thoil, má fhaightear ríomhphoist le heascainí agus/nó íomhánna do-ghlactha, nach n-admhófar ríomhphoist dá leithéid agus go gcuirfear moill ar do chomhfhreagras, toisc go gcuireann ár mballa dóiteáin bac orthu go huathoibríoch. Má leanann na ríomhphoist seo ar aghaidh cuirfear bac ar an seoladh ríomhphoist.
Comhfhreagras scríofa
Ní ghlacfar le comhfhreagras atá maslach ná bagrach don fhoireann. Ní eiseofar freagra ar a leithéid de chomhfhreagras.
Glaoch gutháin
Déarfaimid leis an duine má mheasaimid go raibh siad drochmhúinte nó maslach, agus iarrfaimid orthu gan a leithéid de chaint a úsaid. Tá an ceart ag an bhfoireann deireadh a chur le glaoch gutháin má leantar leis an iompar sin.
Cad a tharlóidh má iompraím mé féin mar sin?
Má mheasaimid go raibh do chuid iompair míréasúnta, déarfaimid leat é agus iarrfaimid ort é a athrú.
D’fhéadfadh a bheith i gceist le hiompar míréasúnta, eachtra nó dhó ar leith, nó eachtraí nó iompar a tharlaíonn thar tréimhse ama. Má leantar leis an iompar míréasúnta nó má mheastar gur cúis imní é (ar nós foréigean a bhagairt ar bhall foirne), gníomhóimid chun srian a chur leis an teagmháil atá ag an ngearánach lenár n-oifigí agus lenár bhfoireann.
De ghnáth, déanfar an cinneadh seo nuair a bheidh athbhreithniú déanta ag ball foirne níos sinsearaí ar an gcás. Beidh na srianta cuí agus ag teacht leis an saghas iompair atá i gceist. Is iad na roghanna is dócha go mbainfear úsáid astu ná:
I ngach cás, scríobhfaimid chugat chun a rá leat cén fáth an gcreidimid go bhfuil d’iompar míreasúnta agus an rud atá i gceist againn a dhéanamh. Má tá an t-iompar as cuimse ar fad, agus má chuireann sé sábháilteacht agus leas na foirne agus daoine eile i mbaol, gníomhóimid dá réir. Mar shampla, cuirfimid an cás faoi bhráid an Gharda Síochána nó tionscnóimid imeachtaí dlí. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé tarlú nach dtabharfaimid rabhadh duit maidir leis sin.
Beag beann ar d’iompar, léiróidh ár bhfoireann meas ort mar aon le dearcadh neamhchlaonta maidir leis na saincheisteanna atá ardaithe agat leis an Oifig seo.
Agus an Polasaí maidir le hIompar Réasúnta á fhorbairt aici, chuir an Oifig san áireamh nach mór deireadh a chur leis an leithcheal, comhionannas a chur chun chinn agus na cearta daonna a chosaint atá leagtha síos in alt 42(1)(a)-(c) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.