Is é an post atá againn imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó dhaoine den phobal a chreideann gur chaith soláthraithe seirbhíse poiblí áirithe go héagórach leo. Is féidir linn gearáin a fhiosrú i gcoinne fhormhór na n-eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí poiblí. Áirítear orthu sin ranna rialtais, údaráis áitiúla, FSS, tithe altranais agus comhlachtaí oideachais tríú leibhéal a mhaoinítear go poiblí. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach anseo.
Sula ndéanann tú gearán linn, ar dtús, ní mór duit gearán a dhéanamh leis an soláthraí seirbhíse a ndeachaigh a ghníomh nó a chinneadh i bhfeidhm ort. Má tá córas gearán nó achomhairc i bhfeidhm ag an soláthraí, ba chóir duit é a úsáid. Mura ndearna tú gearán leis an soláthraí seirbhíse cheana féin, d'fhéadfá teacht ar ár treoir maidir le conas gearán a dhéanamh le soláthraí seirbhíse cabhrach.
Má rinne tú gearán leis an soláthraí seirbhíse agus má chreideann tú go raibh an cinneadh nó an gníomh a rinneadh mícheart, ansin is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman.
Ba chóir duit do ghearán a chur isteach laistigh de 12 mhí ón ngníomh nó ón gcinneadh a rinne dochar duit. Mar sin féin, fiú má tá níos mó ná 12 mhí caite, b'fhéidir go mbeimid fós in ann cabhrú má tá cúis mhaith leis an moill.
Is féidir leat cuairt a thabhairt ar ár leathanach Déan Gearán , agus cinnfidh ár bhfoirm go tapa duit an féidir linn do ghearán a imscrúdú nó nach féidir. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil freisin ar ár ról anseo nó Déan teagmháil linn chun do ghearán a phlé.
Ní féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoi na nithe seo a leanas:
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi fhormhór na soláthraithe seirbhísí poiblí a imscrúdú. Mar sin féin, tá eagraíochtaí eile ann a d'fhéadfadh a bheith in ann do ghearán a scrúdú mura féidir linn é sin a dhéanamh. Féach Mura féidir linn cabhrú le haghaidh tuilleadh eolais.
Caithfidh. Ba chóir duit cóipeanna d'aon litreacha, ríomhphoist, tuarascálacha agus sonraí faoi chumarsáidí eile idir tú féin agus an soláthraí seirbhíse a chur san áireamh.
Nuair a dhéanann tú do ghearán, ba chóir duit a mhíniú cén fáth a bhfuil tú míshásta agus cad a cheapann tú ba chóir a dhéanamh chun rudaí a chur ina gceart.
Mura bhfuil tú sásta le seirbhís phoiblí a fuair tú nó má diúltaíodh seirbhís duit a cheapann tú a bhí tú i dteideal a fháil, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an soláthraí seirbhíse poiblí ábhartha. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ár dtreoir maidir le conas gearán a dhéanamh le soláthraí seirbhíse.
Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú uathu, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman.
Tabhair faoi deara nach féidir leis an Ombudsman gearáin a láimhseáil faoi eagraíochtaí ar nós an Gharda Síochána, ESB agus soláthraithe seirbhísí airgeadais nó pinsean. Maidir leis na cineálacha gearán seo, féach anseo.
Ní mór duit gearán a dhéanamh leis an Ombudsman laistigh de 12 mhí ón ngníomh nó ón gcinneadh a chuaigh i bhfeidhm go diúltach ort. Má tá níos mó ná 12 mhí caite, b'fhéidir go mbeimid fós in ann cabhrú má tá cúis mhaith leis an moill.
Féach Conas a Láimhseálaimid Do Ghearán le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcaoi a ndéileálaimid le gearáin. Áirítear leis seo amlínte, agus na cineálacha nuashonruithe ar féidir leat a bheith ag súil leo de réir mar a dhéantar do ghearán a chur chun cinn.
Is féidir. Is féidir le duine éigin eile gearán a dhéanamh ar do shon, má thugann tú cead i scríbhinn dóibh é sin a dhéanamh. Más mian leat gearán a dhéanamh thar ceann duine eile, ní mór duit a gcead i scríbhinn a fháil.
Léigh ár bpolasaí maidir le toiliú le haghaidh tuilleadh eolais.
Braithfidh sé ar do ghearán aonair. Déanfaimid iarracht imscrúdú do cháis a chur i gcrích laistigh de thrí nó sé mhí. Má tá do chás níos casta, d'fhéadfadh sé a bheith níos faide dúinn. Coinneoimid ar an eolas thú, áfach, maidir lena bhfuil ag tarlú le do ghearán.
Tá bileoga eolais curtha ar fáil againn faoin gcaoi a ndéanaimid imscrúdú ar ghearáin agus faoin ról atá againn in earnálacha éagsúla. Féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar ghearáin earnála ar leith.
Tá. Déileálann an tOmbudsman le gach gearán go neamhspleách agus go neamhchlaonta agus cinneadh á dhéanamh aige an raibh gníomh nó cinneadh an tsoláthraí seirbhíse cothrom nó réasúnach.
Rud ar btih - ní ghearrtar aon táille ar sheirbhísí an Ombudsman.
Le haghaidh staitisticí sonracha faoi Oifig an Ombudsman, féach ar ár tuarascáil bhliantúil is déanaí.
Féach Ár gCásanna le haghaidh samplaí de chásanna roimhe seo ar dhéileáil muid leo agus chun níos mó a fhoghlaim faoin gcaoi a ndéileálaimid le do ghearán.
Tá go leor bealaí ann chun teagmháil a dhéanamh linn. Féach ar ár leathanach Déan Teagmháil Linn
Ní féidir leat gearán a dhéanamh má bhaineann sé le:
Ní féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman más féidir leat achomharc a dhéanamh ar chinneadh sna cúirteanna nó le comhlacht neamhspleách achomhairc.
Chomh maith leis sin, mura bhfuil na cúinsí eisceachtúla, ní féidir leis an Ombudsman do ghearán a scrúdú má tá tús curtha agat le himeachtaí dlí i gcoinne an tsoláthraí seirbhíse faoin ngearán céanna.
Is féidir leat comhairle dlí a fháil faoi do ghearán agus é a thabhairt chuig an Ombudsman fós - fad is nach gcuireann tú tús le himeachtaí dlí i ndáiríre. Glaoigh orainn nó seol ríomhphost chugainn mura bhfuil tú cinnte.