Tá ospidéil, scéimeanna leasa shóisialaigh agus oideachais ag cur leis an méadú ar líon na ngearán leis an Ombudsman
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinneadh beagnach 4,500 gearán faoi sheirbhísí poiblí le hOifig an Ombudsman i 2023. Tá an tOmbudsman, Ger Deering, tar éis méadú 30% ar líon na ngearán chuig a Oifig a fheiceáil le blianta beaga anuas, ó 3,418 i 2020 go 4,465 anuraidh.
Ina thuarascáil bhliantúil don bhliain 2023 leagann an tOmbudsman béim ar na saincheisteanna a bhain le roinnt de na gearáin a fuair sé, lena n-áirítear:
Tá 40 bliain d’Oifig an Ombudsman á chomóradh an bhliain seo, 2024. Déileálann an Oifig le gearáin faoi fhormhór na gcomhlachtaí poiblí lena n-áirítear údaráis áitiúla, ranna rialtais, FSS agus ospidéil dheonacha. Ag labhairt dó faoi fhoilsiú a thuarascála bliantúla 2023, leag an tOmbudsman Ger Deering béim ar thábhacht na hOifige:
“Ba chéim thábhachtach í bunú Oifig an Ombudsman i 1984 chun daonlathas a neartú in Éirinn. Anois, agus cearta an duine agus an daonlathais faoi ionsaí ar fud an domhain, tá ról an Ombudsman níos riachtanaí agus níos ábhartha ná riamh. Táimid an-tiomanta i gcónaí leanúint ar aghaidh ag feabhsú cháilíocht na seirbhísí poiblí agus ag cinntiú go gcaithfear le gach duine le meas agus dínit.”
Fuair an tOmbudsman 4,465 gearáin faoi sheirbhísí poiblí i 2023 – méadú 30% ó 2020. Bhain an líon ab airde gearán (1,430) faoi chomhairlí cathrach agus contae, le 189 gearán faoi Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus 152 gearán faoi Chomhairle Cathrach Chorcaí.
Rinneadh 1,175 gearán faoi Ranna Rialtais, agus bhí an Roinne Coimirce Sóisialaí ina ábhar do 636 gearán.
Rinneadh 839 gearán leis an Ombudsman faoi chomhlachtaí poiblí san earnáil Sláinte agus Cúram Sóisialta, lena n-áirítear 674 gearán faoi sheirbhísí FSS agus 134 gearán faoi Tusla.
Bhain na gearáin eile le comhlachtaí a fhaigheann maoiniú poiblí in earnálacha eile, lena n-áirítear rialtóirí, comhlachtaí oideachais tríú leibhéil agus tithe altranais príobháideacha.
Tá tuarascáil bhliantúil an Ombudsman don bhliain 2023 ar fáil ag www.ombudsman.ie
Déanann Caibidil 4 de thuarascáil bhliantúil an Ombudsman achoimre freisin ar chuid de na gearáin a sheas sé leo i 2023 lena n-áirítear:
Moill curtha ar choinne ospidéil agus diagnóis ailse de bharr córas atreoraithe as dáta (Féach leathanach 34 de thuarascáil bhliantúil an Ombudsman don chás-staidéar iomlán)
Rinne Marie gearán leis an Ombudsman nuair nach ndearnadh coinne leighis tábhachtach agus cuireadh moill suas le hocht mí ar dhiagnóis ailse de bharr meascán mearaí maidir le litreacha atreoraithe. Le linn ghnáthchoinne thug ball foirne in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath, mínormáltacht faoi deara, agus socraíodh chun Marie a ateorú chuig aonad eile san ospidéal. Chuaigh litreacha atreoracha clóite ar iarraidh dhá uair agus níor cuireadh Marie ar an eolas faoina coinne. Ní bhfuair Marie coinne ach tar éis di a cúis imní a ardú leis an ospidéal ocht mí ina dhiaidh sin. Fuarthas amach go raibh an mhínormáltacht urchóideach.
D’imscrúdaigh an tOmbudsman an teagmhas agus fuair sé amach go raibh córas an ospidéil chun litreacha atreoraithe a eisiúint agus a chinntiú go ndéantar fiosrú ar an scéal ina dhiaidh sin easnamhach. Mhol an t-ospidéal ar dtús go mbunófaí ‘seomra priontála’ mar thoradh, ach leag an tOmbudsman béim ar an ngá a bhí le córas TFC-bunaithe i bhfad níos éifeachtaí lena chinntiú nach dtarlódh an fhadhb arís.
Mar thoradh air sin, chuir an t-ospidéal córas atreoraithe leictreonach inmheánach nua i bhfeidhm. Ghabh an t-ospidéal leithscéal le Marie freisin as na teipeanna agus na deacrachtaí a d’fhulaing sí.
Dhiúltaigh Ospidéal déileáil le gearán ó thuismitheoirí a chaill a leanbh toisc go raibh sé ‘lasmuigh de theorainn ama’ (Féach leathanach 38 de thuarascáil bhliantúil an Ombudsman don chás-staidéar iomlán)
Chuaigh lánúin i dteagmháil leis an Ombudsman tar éis d’Ospidéal an Rotunda diúltiú déileáil lena ngearán toisc go ndearnadh é lasmuigh den teorainn ama 12 mhí chun gearáin a dhéanamh. Theastaigh ón lánúin gearán a dhéanamh faoin droch-eispéireas a bhí acu ag an ospidéal le linn bhreith a linbh a fuair bás go gairid tar éis breithe.
Ní raibh an lánúin ar an eolas faoin teorainn ama agus mhínigh siad go raibh cuid dá gcúiseanna imní faoi shaincheisteanna a tharla laistigh den tréimhse ama 12 mhí. Mhínigh siad freisin go raibh an tréimhse ó cailleadh a bpáiste an-deacair don bheirt acu agus go raibh sé deacair tabhairt faoi ghearán ag an am.
Thug an tOmbudsman faoi deara go raibh tréimhse ama 12 mhí ann chun gearáin a dhéanamh faoi ospidéil faoin Acht Sláinte, 2024, ach go bhféadfaí síneadh ama a chur leis an teorainn ama i gcás go mbeadh sé cuí déanamh amhlaidh mar gheall ar chúinsí speisialta. Chreid an tOmbudsman go raibh na himthosca a bhain leis an gcás seo ina gcúis thar a bheith intuigthe le cén fáth nach raibh an lánúin seo in ann a gcúiseanna imní a chur in iúl don ospidéal.
Mar thoradh ar chúiseanna imní an Ombudsman, d’aontaigh an t-ospidéal glacadh leis an ngearán agus dul i dteagmháil leis an lánúin chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun a ngearán a chur chun cinn.
Íocaíocht phinsin €46,000 ag fear siardhátaithe go dtí an dáta incháilitheachta (Féach leathanach 40 de thuarascáil bhliantúil an Ombudsman don chás-staidéar iomlán)
Rinne Joe gearán leis an Ombudsman nuair a dhiúltaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí a Phinsean Stáit Ranníocach a shiardhátú go dtí an dáta a mbeadh sé incháilithe - ag 66 bliain d’aois. Cé go raibh iarratas déanta ag Joe nuair a bhí sé 70, bhí cuairt tugtha aige ar oifig áitiúil de chuid na Roinne go gairid sula raibh sé 66. Dúradh leis nach dócha go gcáileodh sé do phinsean agus nach raibh sé incháilithe do Phinsean Stáit Neamh-Ranníocach. Mar thoradh air sin, ní dhearna sé iarratas.
Chreid an tOmbudsman gur cheart Joe a bheith curtha ar an eolas faoina incháilitheacht fhéideartha do Phinsean Stáit Ranníocach ag an am a thug sé cuairt ar an oifig coimirce sóisialaí. D’athbhreithnigh an Roinn cás Joe agus dhámh sí riaráistí de €46,040 air a bhí siardhátaithe ón dáta a bhí sé incháilithe.
Diúltaíodh rochtain ar scéim oideachais do mhac léinn toisc go raibh slí bheatha neamh-incháilithe ag a hathair ‘neamhláithreach’ (Féach leathanach 41 de thuarascáil bhliantúil an Ombudsman don chás-staidéar iomlán)
Rinne Sarah gearán leis an Ombudsman nuair a measadh í a bheith incháilithe don scéim Bealach Rochtana ar Ardoideachas (BRA) mar gheall ar a grúpa socheacnamaíoch.
Is scéim iontrála ardoideachais í an scéim BRA do mhic léinn ardteistiméireachta a bhfuil a gcúlra eacnamaíoch nó sóisialta faoi ghannionadaíocht san ardoideachas. Ceann de chritéir na scéime ná go gcaithfidh ‘slí bheatha cheadaithe’ a bheith ag tuismitheoir(í) an mhic léinn. Bhí slí bheatha ‘ceadaithe’ ag máthair Sarah. Bhí a hathair dífhostaithe ach níor ceadaíodh a slí bheatha dheireanach. Mhothaigh Sarah go raibh an cinneadh seo míchothrom toisc nach raibh mórán teagmhála aici lena hathair. Ba óna máthair amháin a fuair sí tacaíocht airgeadais. Bhí a tuismitheoirí colscartha le roinnt blianta agus scartha ó bhí Sarah ina leanbh.
Mheas an tOmbudsman go raibh an cinneadh míchothrom agus sheas sé le gearán Sarah. Chreid sé go raibh léirmhíniú an chritéir ró-shriantach, nár léirigh sé réaltacht go leor cásanna teaghlaigh de chuid iarrthóirí BRA, agus go bhféadfadh sé mic léinn ó chúlraí áirithe a chur faoi mhíbhuntáiste.
Tá deireadh á chur de réir a chéile leis an táscaire ‘grúpa socheacnamaíoch’ atá mar cheann de na critéir incháilitheachta don Scéim BRA. I gcás iarrthóirí nua a bheidh ag dul isteach san ardoideachas i 2026, beidh deireadh ar fad curtha leis an táscaire ‘grúpa socheacnamaíoch’.
CRÍOCH