Ráiteas an Ombudsman: An Cuma Faoi Chúram? tuarascáil agus táillí tithe altranais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I 2010, d’eisigh an tOmbudsman Emily O’Reilly tuarascáil ( An Cuma Faoi Chúram? ) don Oireachtas maidir leis an gceart chun cúraim fadtéarmach i dtithe altranais do dhaoine scothaosta. Tháinig an tuarascáil i ndiaidh imscrúdaithe a bhí bunaithe ar bhreis agus 1,000 gearán faoi leith a rinneadh le hOifig an Ombudsman idir tuairim is 1985 agus 2010.
Sa tuarascáil An Cuma Faoi Chúram? , fuair an tOmbudsman ag an am amach, maidir leis an gcineál gearán ar déileáladh leo san imscrúdú, gur theip ar na boird sláinte (FSS) a n-oibleagáidí i leith daoine scothaosta a chomhlíonadh faoi alt 52 den Acht Sláinte 1970 (soláthar seirbhísí othar cónaitheach do dhaoine a bhfuil incháilitheacht iomlán agus incháilitheacht theoranta acu).
Tá an Tuarascáil, a cuireadh faoi bhráid an Oireachtais i 2010, ar fáil ar láithreán greásáin an Ombudsman ag www.ombudsman.ie
Is ceist stairiúil í seo agus ní fhaigheann an tOmbudsman gearáin maidir leis an ábhar seo a thuilleadh.
Foráiltear leis an Acht Tacaíochta Tithe Altranais (Scéim Cothrom na Féinne), a ritheadh i 2009, tacaíocht airgeadais dóibh siúd atá i gcúram fadtéarmach i dteach altranais.
Már chuid dá ghnáthobair, tá an tOmbudsman fós ag fáil agus ag plé le gearáin maidir le feidhmiú reatha tithe altranais poiblí agus príobháideacha.