Fuair an tOmbudsman amach gur dhiúltaigh an FSS costais dhlisteanacha cóireála thar lear a aisíoc
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuarthas amach sa fhiosrúchán, atá déanta ag an Ombudsman, Ger Deering, go bhfuil cur chuige míréasúnta agus dolúbtha ag an FSS maidir le scéimeanna a riar a mhaoiníonn cóireáil thar lear do chúram sláinte nach bhfuil an Stát in ann a sholáthar, nó nach bhfuil sé in ann a sholáthar go tráthúil in Éirinn.
Ina thuarascáil, ‘In Sickness and in Debt’, [foilsithe Dé Mháirt 18 Aibreán] deir an tOmbudsman go raibh roinnt othar in éadan troid le go n-aisíocfaí iad as na costais dhlisteanacha a thabhaigh said ar chóireáil riachtanach a bhfuair said thar lear – le go leor acu ag fáil airgid ar iasacht agus cuid acu ag titim i bhfiacha dá bharr. I gcásanna eile, diúltaíodh nó cuireadh moil mhíréasúnta ar cheadú cóireáil a fháil thar lear.
Tá 21 moladh leagtha amach ag an Ombudsman chun feabhas a chur ar riar na scéimeanna seo ar mhaithe le hothair a bhfuil na cóireálacha ríthábhachtacha seo de dhíth orthu. Tar éis cainteanna idir an tOmbudsman agus Príomhfheidhmeannach nua an FSS, Bernard Gloster, d’aontaigh an FSS na 21 moladh i dtuarascáil a chur i bhfeidhm.
Dúirt an tOmbudsman, Ger Deering:
“Cuirim fáilte go mór roimh chinneadh an FSS na moltaí a chur i bhfeidhm. Beidh tionchar dearfach suntasach ag a gcur i bhfeidhm ar shaol na ndaoine sin a dteastaíonn cóireáil uatha thar lear, agus cabhróidh sé lena chinntiú go ndíreofar cinntí faoi na scéimeanna ar riachtanais an othair.”
Áiríodh le fhiosriúchán an Ombudsman scrúdú ar scéim Threoir um Trasteorann an AE. Faoin scéim, íocann an t-othar as an gcóireáil riachtanach i dtír eile de chuid an AE nó LEE roimh ré agus déanann sé iarratais chuig an FSS chun costas na cóireál a aisíoc.
D’aithin an fiosriúchán cásanna inar dhiúltaigh an FSS cúiteamh a thabhairt d’othair as cóireáil a d’íoc said agus a bhfuair said thar lear toisc:
Tá moltaí i dtuarascáil an Ombudsman freisin maidir le dhá scéim eile: an Scéim Cóireála Thar Lear agus an Scéim um Chúram Sláinte Pleanáilte i dTuaisceart na hÉireann – scéim a tugadh isteach chun soláthar a dhéanamh do chóireáil i dTuaisceart na hÉireann tar éis Breatimeacht. Baineann líon beag moltaí leis an Roinn Sláinte. Ghlac sé leis na moltaí seo.
Tá tuarascáil an Ombudsman, ‘In Sickness and in Debt’ le fail ar www.ombudsman.ie