Ghlac an tOmbudsman páirt le déanaí i roinnt gníomhaíochtaí for-rochtana i gContae Phort Láirge.
Ar an gCéadaoin 22ú Bealtaine, bhí fíoráthas ar an Ombudsman Ger Deering cuireadh a fháil labhairt ag Cruinniú Iomlánach Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Phort Láirge (PPN). Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le PPN Phort Láirge as an deis labhairt ag an imeacht agus dul i dteagmháil le go leor grúpaí pobail a dhéanann obair iontach timpeall Phort Láirge.
An lá dár gcionn, chuir Damien Tiernan agallamh air ar an Déise Today Show ar Raidió Áitiúil Phort Láirge. Le linn an agallaimh, phléigh sé roinnt cásanna le déanaí agus spreag sé cónaitheoirí Phort Láirge teagmháil a dhéanamh lena oifig má bhíonn gearáin acu faoi sheirbhísí poiblí. Is féidir leat éisteacht leis an agallamh thíos.