Rinne an tUachtarán Higgins comóradh 40 bliain Oifig an Ombudsman a cheiliúradh.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'óstáil an tUachtarán Ó hUigínn fáiltiú ag Áras an Uachtaráin chun comóradh 40 bliain Oifig an Ombudsman a cheiliúradh. Bhí os cionn 100 ball foirne i láthair, agus chuir an tUachtarán Ó hUiginn agus Sabina Higgins fáilte chroíúil rompu.
San óráid uaidh thug an tUachtarán faoi deara gur bunchloch í an chuntasacht i dtír dhaonlathach ar bith atá faoi bhláth agus mhol sé obair Oifig an Ombudsman ina leith seo. Thug sé dá aire gur sásra ríthábhachtach neamhspleách é an tOmbudsman a chinntíonn go ndéanann comhlachtaí poiblí a ndícheall seirbhís phoiblí ar ardchaighdeán a bhaint amach do chách, seirbhís atá trédhearcach maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn sí, agus tráthúil sa mhéid a bhaineann leis an bpróiseas cinnteoireachta atá aici.
Is féidir grianghraif agus físeáin ón imeacht a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin an Uachtaráin.