Nuacht
Ceardlanna Ombudsman do ghrúpaí san earnáil imirceach/cosaint idirnáisiúnta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar an Déardaoin 30 Samhain, stiúraigh an tOmbudsman Ger Deering dhá cheardlann le grúpaí ionadaíocha ar ‘Imircigh agus Daoine atá ag lorg Cosaint Idirnáisiúnta – Eispéiris ar Sheirbhísí Poiblí in Éirinn’. Mhíníomar ról an Ombudsman, agus ina dhiaidh sin bhí comhphlé ar na saincheisteanna a bhfuil na grúpaí atá ag obair sa réimse seo ag déileáil leo.
B’iad seo na cinn is déanaí i sraith Ceardlanna de chuid an Ombudsman chun éisteacht le grúpaí pobail, deonacha agus cathartha, lena n-áirítear iad siúd san earnáil tithíochta, míchumais agus an Lucht Siúil agus na Romach. Is é cuspóir na gceardlann ná an tOmbudsman a chur ar an eolas faoina n-eispéireis ag déileáil le soláthraithe seirbhíse poiblí in Éirinn.