Ceiliúrtar Lá an Ombudsman 2025 (OmbudsDay 2025) ar an 9 Deireadh Fómhair. Is é téama Lá an Ombudsman i mbliana ná Guthanna a Chumhachtú, Dúshláin a Réiteach. Tugann Lá an Ombudsman deis iontach chun aird a tharraingt ar ról an Ombudsman agus feasacht a mhúscailt faoi na seirbhísí éagsúla a sholáthraíonn gach oifig Ombudsman.
Tá seacht n-oifig Ombudsman éagsúla in Éirinn. Is féidir leis na hOmbudsman seo gearáin ó bhaill den phobal a imscrúdú ar raon leathan saincheisteanna. Tá a gcuid seirbhísí neamhchlaonta, cothrom agus saor in aisce.
Féach ar an bhfíseán thíos le fáil amach cé hiad na hOmbudsman atá in Éirinn agus cad a dhéanann siad.