Tuarascáil ar imscrúdú de chuid an Ombudsman
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe Meitheamh 2012.
Na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola arna riar ag údaráis áitiúla
Fuair m’Oifig gearáin ina líomhnaítear go mbaineann éagothroime agus míchothroime le riarachán na scéime um tharscaoileadh dramhaíola arna hoibriú ag údarás áitiúil ar leith. Bhí mé den dearcadh tar éis breithniú a dhéanamh ar na gearáin agus ar na saincheisteanna a d’ardaigh na gearánaigh chomh maith le dearcadh an údaráis áitiúil lena mbaineann, nár dhóigh gurbh údar imní don údarás áitiúil ar leith sin amháin a bhí ann agus go n-ardófaí saincheisteanna cosúla le húdaráis áitiúla eile. Chinn mé dá bhrí sin imscrúdú ginearálta a dhéanamh ar oibriú na scéimeanna um tharscaoileadh in údaráis áitiúla.
Baineann an tuarascáil imscrúdaithe seo go príomha le béim a leagan ar éagothroime agus ar mhíchothroime i riarachán na scéimeanna seo agus díríodh aird ar leith ar an drochéifeacht a bhíonn ag an éagothroime agus an mhíchothroime sa riarachán ar dhaoine aonair. Leagaim béim sna moltaí a dhéanaim ar obair sa bhreis is gá d’údaráis áitiúla agus don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a dhéanamh. Chuige sin ní thugtar aghaidh sa tuarascáil seo ar cheapadh ná ar fhorfheidhmiú scéime um tharscaoileadh, cibé ar bhonn náisiúnta nó áitiúil.
Is ardú croí dom gur fháiltigh An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, ar thug mé réamhchóip den tuarascáil di, roimh an tuarascáil agus gur ghlac an Roinn leis gur gá an creat rialála atá i bhfeidhm faoi láthair a nuachóiriú. Dheimhnigh an Roinn liom chomh maith go mbreithneofar an tuarascáil agus na moltaí a rinne mé go hiomlán i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar rialú na hearnála iomláine um bainistiú dramhaíola.
Cumhachtaí agus Dlínse an Ombudsman
Leagtar amach mo chumhachtaí agus mo dhlínse, i m’Ombudsman dom, san Acht Ombudsman 1980 (arna leasú). Is iondúil nach ndéanaim imscrúdú ar ghearán mura gcomhlíontar critéir shonracha ar leith. De ghnáth beidh gearánach ann a líomhnóidh go ndearna gníomh comhlachta phoiblí arna liostú san Acht Ombudsman 1980 mar chomhlacht a bheidh faoi réir ag imscrúdú ón Ombudsman dochar dó nó di.
Ní mór go bhfeicfí domsa, tar éis réamhscrúdú a dhéanamh ar chás, go ndearna nó go mb’fhéidir go ndearna an gníomh faoina ndearnadh gearán dochar don ghearánach agus gur bhain drochriarachán leis an ngníomh. Leagtar raon ceannteideal amach maidir leis sin in Alt 4 den Acht Ombudsman 1980 a chabhraíonn chun cibé an raibh nó nach raibh drochriarachán i gceist a chinneadh. Ní mór dom a chinneadh cibé, maidir leis an ngníomh a ndearnadh gearán faoi -
Ina theannta sin tá sé de chumhacht agam faoi Alt 4(3)(b) den Acht imscrúdú a dhéanamh, ar mo chonlán féin, gan gearán sonrach a bheith faighte, i gcás go bhfeictear gur cheart imscrúdú den sórt a dhéanamh.
Chinn mé sa chás seo, d’ainneoin nach bhfuil gearáin faighte agam ach faoi aon údarás áitiúil amháin, mo chumhachtaí faoi Alt 4(3)(b) a úsáid chun imscrúdú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de riarachán na scéimeanna um tharscaoileadh in údaráis áitiúla eile d’fhonn béim a leagan ar na fadhbanna a ardaítear, ar an drochéifeacht a bhíonn acu ar dhaoine aonair agus d’fhonn fionnachtana agus moltaí a dhéanamh.
Emily Ní Raghallaigh
An tOmbudsman
Deireadh Fómhair 2008
Is iad an Chreat-Treoir Dramhaíola an AE 1975 agus Treoir an AE maidir le Líonadh Talún 1992 an bonn atá faoi chóras reatha na hÉireann don bhainistiú dramhaíola. Trasuíodh na Treoracha seo i ndlí na hÉireann trí bhíthin reachtaíocht phríomhúil lena n-áirítear an tAcht um Bainistiú Dramhaíola 1996 agus an tAcht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003.
Tá raon leathan d’fheidhmeanna ag údaráis áitiúla i ndáil le bailiú dramhaíola faoi réim an Achta um Bainistiú Dramhaíola 1996 (arna leasú). Forálann Alt 33 den Acht go mbaileoidh nó go ndéanfaidh gach údarás áitiúil socruithe chun dramhaíl a bhailiú laistigh dá limistéar feidhme (“each local authority shall collect, or arrange for the collection of waste within its functional area.”).. Is féidir le gach údarás áitiúil a chinneadh cé a sholáthróidh an tseirbhís bhailithe dramhaíola ina limistéar féin agus bailítear dramhaíl i líon áirithe de bhealaí éagsúla faoi láthair:
Ní mór do na hoibreoirí príobháideacha go léir ar mian leo dramhaíl a bhailiú ceadúnas bailithe dramhaíola a fháil i dtús báire. Faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola roinneadh an tír i réigiúin um bailiú dramhaíola agus tá údarás áitiúil amháin i ngach réigiún freagrach as ceadúnais a bhronnadh ar oibreoirí príobháideacha laistigh dá réigiún.
Leasaigh Alt 52 den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 an tAcht um Bainistiú Dramhaíola 1996 chun foráil a dhéanamh chun muirir dhramhaíola a ghearradh agus chun na muirir go léir nó cuid de na muirir a tharscaoileadh ar fhorais cruatan airgeadais mar seo a leanas:
“75.- (1) A local authority may make a charge in respect of the provision of any waste service by, or on behalf of, that authority....
(3) A local authority may, if it is satisfied that it is appropriate so to do on grounds of personal hardship, waive all or portion of a charge made by it under subsection (1).”
Ní luaitear ní ar bith sa reachtaíocht um Bainistiú Dramhaíola, áfach, i ndáil le muirir a bheith á ngearradh nó á dtarscaoileadh ag oibreoirí príobháideacha dramhaíola.
Dar leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) tá sé de chumhacht ag údarás áitiúil comhshocruithe ábhartha a dhéanamh leis an earnáil phríobháideach chun muirir dhramhaíola a tharscaoileadh i gcás nach é an soláthraí seirbhíse é (Léigh Aguisín 9 den tuarascáil seo). Tugtar faoi deara áfach i mbreithiúnas na hArd-Chúirte a tugadh i mí an Mheithimh 2005 nach bhfuil údarás áitiúil i dteideal tríú páirtí a íoc i gcomhair scéim tarscaoilte – is éard atá sé i dteideal a dhéanamh muirear a ghearrann sé ar sheirbhís a sholáthraíonn sé nó a sholáthraítear thar ceann an údaráis áitiúil a tharscaoileadh (Mr Binman Ltd v Comhairle Cathrach Luimnigh).
Feidhmiúchán faoi réim fhorálacha Alt 75(8) den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 (arna leasú) is ea muirear a ghearradh i ndáil le soláthar seirbhís dramhaíola agus soláthar scéime um tharscaoileadh dramhaíola.
Sa bhliain 2006 tharraing ionadaí poiblí m’aird ar scéim um tharscaoileadh dramhaíola arna feidhmiú ag Comhairle Contae Phort Láirge. Chuir sé gearán faoi bhráid m’Oifige thar ceann líon áirithe de theaghlaigh ar ioncam íseal a phléadáil nach raibh ar a gcumas na muirir dhramhaíola a íoc ach nár cháiligh i gcomhair faoisimh faoi scéim na Comhairle um tharscaoileadh dramhaíola. Fuarthas gearán eile ina dhiaidh sin go díreach ó theaghlach eile a bhí i gcás comhchosúil. Dhiúltaigh an Chomhairle na muirir dhramhaíola a tharscaoileadh do na hiarratasóirí seo ar an mbonn nach raibh foinse a n-ioncaim ar cheann de na cineálacha ioncaim leasa shóisialaigh a bhí ar liosta na Comhairle don scéim um tharscaoileadh. Bhraith na gearánaigh go raibh sé sin éagórach agus éagothromasach.
Sonraí faoi na Gearáin
Is iad seo a leanas sonraí na ngearán a fuarthas:
Gearán A
Tá Bean Uasal A ag maireachtáil ina haonar agus bhíodh Pinsean Easláine agus Liúntas Maireachtála Aonair Leasa Shóisialaigh á bhfáil aici agus b’ionann sin agus €179 in ioncam iomlán in aghaidh na seachtaine. Diúltaíodh dá hiarratas ar tharscaoileadh ó tharla nach raibh an t-ioncam a bhíodh á fháil aici ar cheann de na hioncaim leasa shóisialaigh a bhí liostaithe ar Scéim na Comhairle. Dá mbeadh Pinsean Seanaoise Neamh-Ranníocach agus an Liúntas Maireachtála Aonair á bhfáil aici cháileodh sí don tarscaoileadh d’ainneoin gurbh €189.70 an t-ioncam iomlán a bheadh aici in aghaidh na seachtaine (€10.70 níos mó ná a hioncam iarbhír).
Gearán B
Bhí Sochar Míchumais á fháil ag an Uasal B agus bhí Pinsean Easláine á fháil ag a bhean. Diúltaíodh tarscaoileadh dóibh ó tharla nach bhfuil sochair den sórt liostaithe ar Scéim na Comhairle. Cuireadh comhairle air dá mbeadh Liúntas Míchumais seachas Sochar Míchumais á fháil aige go gcáileodh sé. Líomh an gearánach go n-íoctar an Liúntas agus an Sochar ag an ráta seachtainiúil céanna agus dá réir sin níor fhéad sé a thuiscint cén fáth go nglacfaí le ceann thar an gceann eile.
Gearán C
Banchéile thréigthe í Bean Uasal C a mbíonn €185.80 in aghaidh na seachtaine i Liúntas Teaghlach Aontuismitheora á fháil aici. Diúltaíodh tarscaoileadh di ó tharla nach bhfuil an cineál ioncaim sin liostaithe ar Scéim na Comhairle. Cháileodh duine a mbeadh bunráta an tSochair Bhanchéile Thréigthe (€191.30 an tráth sin) á fháil aige nó aici don tarscaoileadh, áfach.
I dteannta na ngearán thuas, fuair mé gearán san am atá caite i ndáil le téarmaí na scéime um tharscaoileadh arna feidhmiú ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Ní sholáthraíonn an Chomhairle seo seirbhís bhailithe dramhaíola a thuilleadh áfach agus is oibreoirí príobháideacha a sholáthraíonn an tseirbhís anois. Agus an tuarascáil seo á hullmhú agam fuair mé comhfhreagras ó bhean, thar ceann Cumann Pobail i gContae Chorcaí, a bhain le mainneachtain oibreoirí príobháideacha faoiseamh ar bith a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal.
Freagra Chomhairle Contae Phort Láirge ar na gearáin
D’iarr m’Oifig ar Chomhairle Contae Phort Láirge (an Chomhairle) tuarascáil a chur chuici ar na gearáin a ardaíodh. Sholáthair an Chomhairle cóip dá Scéim um Tharscaoileadh Dramhaíola ina freagra agus mhínigh sí go bhfuil a Scéim um Tharscaoileadh teoranta den chuid is mó do dhaoine ar ceann de liúntais na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh a bhíonn tástáilte ó thaobh acmhainní de agus a liostaítear ar an scéim an t-aon fhoinse ioncaim a bhíonn ag an teaghlach. Is í an chúis atá leis sin, de réir na Comhairle, go dtugann an modh sin measúnú oibiachtúil don Chomhairle faoi imthosca airgeadais an duine. Nuair a théann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh i mbun tástáil acmhainní breithníonn sí ioncam an iarratasóra agus a chéile nó a céile. Ceanglaíonn an Chomhairle chomh maith ar an iarratasóir mar chuid den iarratas a dheimhniú an í an íocaíocht/an é an liúntas an t-aon fhoinse ioncaim atá ag an teaghlach. Ar an mbealach sin déantar gach iarracht réasúnach chun a chinntiú go dtugtar an tarscaoileadh do na daoine siúd is mó a mbíonn gá acu leis.
I ndáil le liúntais nach dtástáiltear ó thaobh acmhainní de, bhí an Chomhairle den dearcadh go bhféadfadh an teaghlach a bheith ag fáil cineálacha eile ioncaim nach mbreithníonn an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ó tharla go n-íoctar na liúntais seo go hiondúil bunaithe ar ranníocaíochtaí ÁSPC agus nach ndéantar tástáil ó thaobh acmhainní ar bith mar shampla Pinsean Easláine agus Pinsean Seanaoise Ranníocach. Chuir an Chomhairle m’Oifig ar an eolas go dteastódh iomarca acmhainní dá mba rud é go seolfadh an Chomhairle tástáil acmhainní ar gach iarratasóir a rinne iarratas ar tharscaoileadh agus dá réir sin go dtéann sí in iontaoibh na hoibre arna déanamh ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh cheana féin mar gurb í sin an bonn is fearr atá ann chun measúnú a dhéanamh ar staid airgeadais duine.
Thug m’Oifig faoi deara go bhfuil Sochar Banchéile Thréigthe san áireamh ar liosta na gcritéar incháilithe don scéim cé nach gá gur íocaíocht í a thástáiltear ó thaobh acmhainní de agus nach n-áirítear Liúntas Teaghlach Aontuismitheora ar an liosta d’ainneoin gur íocaíocht í a thástáiltear ó thaobh acmhainní de. Is cosúil gur neamhréir í seo sa scéim um tharscaoileadh agus go bhfuil sí ar neamhréir leis an réasúnaíocht ghinearálta ar ar bunaíodh an scéim um tharscaoileadh. Mhínigh an Chomhairle ina dhiaidh sin gur measadh go raibh iarratasóirí a fhaigheann Sochar Banchéile Thréigthe incháilithe don tarscaoileadh ó tharla gur dheonaigh an Chomhairle san am atá caite faoiseamh d’fhaighteoirí na híocaíochta seo faoi scéimeanna roimhe seo a sholáthair faoiseamh ar fhorais chruatain. Mhínigh sí chomh maith gur tháinig Liúntas Teaghlach Aontuismitheora in ionad Sochair Bhanchéile Thréigthe i mí Eanáir 1997 agus dá thoradh nach bhfuil ann anois ach líon beag de dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí leanúnacha faoi Shochar Banchéile Thréigthe. Mhínigh an Chomhairle chomh maith gur chinn sí gan Liúntas Teaghlach Aontuismitheora a thabhairt san áireamh mar fhoinse incháilithe ioncaim ó tharla gur suíodh trí bhíthin na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlach go raibh líon mór daoine i gceantar an údaráis áitiúil ag fáil na híocaíochta seo agus ar an mbonn sin nach mbeadh na hacmhainní ag an gComhairle deonú an tarscaoilte a mhaoiniú do líon den sórt sin d’iarratasóirí féideartha.
Thug m’Oifig faoi deara chomh maith nach raibh soláthar ar bith sa scéim um tharscaoileadh a cheadódh don Chomhairle a bhreithniú an ndeonófaí tarscaoileadh d’iarratasóirí ar fhorais chruatain i gcás nach gcáileodh an t-iarratasóir faoi théarmaí sonracha na scéime. Mhínigh an Chomhairle do m’Oifig gurb é an beartas a bhí aici coinneáil le teorainneacha na scéime agus gurb annamh eisceachtaí á ndéanamh aici. I mí na Samhna na bliana 2006 ní dhearnadh ach dhá eisceacht as beagnach 500 iarratasóir nár éirigh leo an bhliain sin agus deonaíodh tarscaoileadh sa dá chás sin ar fhorais mhíochaine.
Ghlac an Chomhairle leis tar éis a thuilleadh comhfhreagrais idir an Chomhairle agus an t-ionadaí poiblí a rinne an gearán le m’Oifig nach raibh an scéim cóir amach is amach ó tharla nach ndéantar tástáil iomlán ó thaobh acmhainní de ar gach iarratasóir agus gur scéim níos córa a bheadh inti dá mbeadh tarscaoileadh ar fáil do gach duine ar ioncam a bheadh níos ísle ná an leibhéal áirithe a bheadh leagtha amach. Léirigh an Chomhairle, áfach, go dteastódh rochtain ar fhoinse neamhspleách de dhearbhú ioncaim chun scéim den sórt a riar agus nach raibh an céanna ar fáil don Chomhairle.
An Tuarascáil seo
Mar a luadh cheana féin ba é an líon áirithe gearán a fuarthas i gcoinne Chomhairle Contae Phort Láirge a spreag mé staidéar níos forleithne a dhéanamh ar na scéimeanna um tharscaoileadh in údaráis áitiúla tríd is tríd agus cuireadh an t-athbhreithniú seo in iúl do na gearánaigh aonair. Cuirtear síos sa Tuarascáil seo ar m’fhionnachtana, mo chonclúidí agus mo mholtaí i ndáil le hoibriú na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola.
Chinn mé, tar éis scrúdú bunaidh a bheith déanta ar na gearáin a rinneadh i gcoinne Chomhairle Contae Phort Láirge, mo chumhacht faoi Alt 4(3)(b) den Acht Ombudsman 1980 a úsáid chun imscrúdú a dhéanamh ar an staid i gceantair údarás áitiúil eile ar fud na tíre cé nach raibh gearán sonrach ar bith faighte agam seachas na cinn sin dá dtagraítear sa Chaibidil roimhe seo.
Cuspóirí an imscrúdaithe
Is iad seo a leanas cuspóirí an imscrúdaithe:
Modheolaíocht
Ba mar seo a leanas a chuathas i mbun an phróisis imscrúdaithe:
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach ceann de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu mar chuid den imscrúdú seo as na ceistneoirí líonta a sheoladh ar ais go pras agus as a gcomhoibriú le roinnt de na fiosrúcháin leantacha a rinne m’Oifig leo.
Táim ar an airdeall go mbunaítear an Tuarascáil seo ar an eolas a thug rogha d’údaráis áitiúla dom faoin staid mar atá agus cé is móide de líon teoranta d’fhiosrúcháin leantacha chuaigh mé in iontaoibh an eolais a tugadh dom.
Ba léir ó na freagraí a fuarthas go n-admhaíonn go leor de na húdaráis áitiúla go n-eascraíonn deacrachtaí leanúnacha dóibhsean as tarscaoileadh ó mhuirir dhramhaíola a sholáthar agus go bhfáilteoidís roimh thionscnamh ar bith a d’fhéadfadh béim a leagan ar na deacrachtaí sin agus a chuideodh chun réiteach a fháil orthu.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil chomh maith leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Cumann Naomh Uinseann de Pól agus Dáil na Saoránach Sinsearach as a gcion oibre.
Soláthraithe Seirbhíse
Ba iad na húdaráis áitiúla ba mhó a bhíodh freagrach as dramhaíl teaghlaigh a bhailiú agus a dhiúscairt san am atá caite. Leagadh béim i gcáipéis bheartais na Roinne Comhshaoil sa bhliain 1998 “Changing Our Ways” ar an scóip a bhí ann an earnáil phríobháideach a bheith níos rannpháirtí i réimse an bhainistithe dramhaíola. Léirítear sna tuairisceáin a fuarthas ó na 23 údarás áitiúil a áiríodh i mo shuirbhé (Léigh Tábla 1 in Aguisín 2) gurb oibreoirí príobháideacha amháin a sholáthraíonn an tseirbhís um bailiú dramhaíl teaghlaigh i 35% nó in ocht gcinn de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu agus gurb é an t-údarás áitiúil amháin a sholáthraíonn an tseirbhís i 17% nó i gceithre cinn de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu. (I gcás trí cinn de na húdaráis áitiúla seo is do choimpléisc phríobháideacha árasán agus dóibh sin amháin a sholáthraíonn oibreoirí príobháideacha an tseirbhís bhailithe.) Soláthraíonn an t-údarás áitiúil agus oibreoirí príobháideacha araon seirbhís bhailithe dramhaíola i 48% nó i 11 de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu agus bíonn idir 15% agus 32% de sciar an mhargaidh ag oibreoirí príobháideacha.
Muirir Bhailithe
Faoi Alt 52 den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 is faoin údarás áitiúil iomchuí muirir um bainistiú dramhaíola a chinneadh i gcás go soláthraíonn sé an tseirbhís. Más oibreoir príobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe is faoin oibreoir sin na muirir a chinneadh.
Sa bhliain 2005 d’fhonn léargas a thabhairt ar an bprionsabal “íoctar mar a thruaillítear” agus d’fhonn teaghlaigh a spreagadh níos mó dá ndramhaíl a athchúrsáil d’iarr an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar sholáthraithe seirbhíse bailithe dramhaíola córas muirear bunaithe ar úsáid a thabhairt isteach. Tá trí chóras mhuirear “íoctar de réir úsáide” i bhfeidhm faoi láthair: córas bunaithe ar thoirt, córas bunaithe ar chlibeanna agus córas bunaithe ar mheáchan:
Mar is léir ón Tábla in Aguisín 2 bíonn idir muirear seasta agus muirear ‘íoctar de réir úsáide’ i bhfeidhm ag formhór na n-údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu agus bíonn an córas bunaithe ar mheáchan i bhfeidhm ag trí cinn de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu.
Is idir €192 i bhFine Gall agus san Iarmhí agus €516 i gContae Loch Garman an meánmhuirear measta bliantúil a ghearrtar ar theaghlaigh as an tseirbhís bhailithe dramhaíola arna soláthar ag na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu agus is idir €200 san Iarmhí agus €450 i gComhairle Contae Luimnigh an muirear as an tseirbhís phríobháideach bhailithe.
Luach an tarscaoilte
Tairgeann na húdaráis áitiúla go léir a ndearnadh suirbhé orthu agus a sholáthraíonn seirbhís bhailithe dramhaíola ina gceantar laghdú ar shuim na muirear dramhaíola a ghearrtar ar theaghlaigh ar ioncam íseal a cháilíonn faoina scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola. Tá líon forleathan éagsúil scéimeanna lena mbaineann critéir cháilitheacha éagsúla agus cineálacha agus suimeanna éagsúla de laghdú. Tairgeann roinnt údaráis áitiúla tarscaoileadh iomlán nó páirteach de mhuirear seasta bliantúil amháin agus de sin amháin agus tairgeann roinnt eile tarscaoileadh den sciar ‘íoctar de réir úsáide’ den mhuirear trí chlibeanna saor in aisce nó trí liúntas meáchain saor in aisce agus soláthraíonn roinnt scéimeanna gné den dá chineál faoisimh. Bhí éagsúlacht sa mheánluach bliantúil a bhain le tarscaoileadh sa bhliain 2006 ó €40 i gContae Loch Garman go €357 i gCathair na Gaillimhe.
Tarscaoileadh a deonaíodh sa bhliain 2006
Tá sonraí den tarscaoileadh a dheonaigh na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu sa bhliain 2006 le fáil i dTábla 2 in Aguisín 3 (pdf 9kb) den tuarascáil seo.
An costas a bhaineann leis an scéim um tharscaoileadh a sholáthar
Bíonn impleachtaí móra costais ann d’údaráis áitiúla as an scéim um tharscaoileadh a sholáthar. Mar is léir ó Thábla 2 (Aguisín 3) is ó €30,000 i gContae Loch Garman go €7.8 milliún i gCathair Bhaile Átha Cliath an costas a bhaineann le scéim um tharscaoileadh a fhorfheidhmiú. Baineann formhór na n-údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu úsáid as ioncam a leithdháiltear ar sheirbhísí eile chun an scéim a fhóirdheonú. Níl ann ach trí údarás (Contae Chorcaí, Dún Laoghaire/Ráth an Dúin agus Contae Phort Láirge) a ghnóthaíonn costas an tarscaoilte as a ndóthain muirear a ghearradh ar úsáideoirí eile na seirbhíse bailithe seirbhíse.
Ní thugann oibreoirí príobháideacha faoiseamh ar bith trí mhuirir a tharscaoileadh ar theaghlaigh ar ioncam íseal. Mar chuid den suirbhé d’iarr mé ar údaráis áitiúla a dtuairimí a thabhairt ar cibé, sna himthosca seo, ar chóir don údarás áitiúil tarscaoileadh a thabhairt do chustaiméirí an bhailitheora phríobháidigh sa cheantar. Níor mheas údarás áitiúil ar bith a thug freagra gur thairiscint dháiríre a bhí ann seachas Contae Luimnigh a thugann tarscaoileadh páirteach do chustaiméirí na mbailitheoirí príobháideacha ón mbliain 2007 i leith agus Cathair Luimnigh a eagraíonn go mbaileoidh conraitheoir príobháideach an dramhaíl ó líon teoranta de theaghlaigh ar ioncam íseal.
Áirítear na deacrachtaí seo a leanas ar na deacrachtaí a d’aithin údaráis áitiúla ó thaobh tarscaoileadh a thabhairt do chustaiméirí na n-oibreoirí príobháideacha:
Déantar cur síos níos mine ar fhreagraí na n-údarás áitiúil i gCaibidil 10. Tráchtaim ar na freagraí a thug siad i gCaibidil 11.
Breac-chuntas chomh maith ar na critéir cháilitheacha chun tarscaoileadh a fháil
Tugtar breac-chuntas i dTábla 3 in Aguisín 5 (pdf 15kb) den Tuarascáil ar an gcóras bailithe dramhaíola atá i bhfeidhm sna húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu agus tugtar breac-chuntas chomh maith ar na critéir cháilitheacha chun tarscaoileadh a fháil ar mhuirir dhramhaíola.
Critéir
Ní ionann na critéir a bhíonn in úsáid ag aon dá údarás áitiúil chun na teaghlaigh a cháileoidh do tharscaoileadh a chinneadh. Is é ioncam iomlán an teaghlaigh an critéar is comónta a úsáidtear. Leagann údaráis áitiúla aonair leibhéil éagsúla de theorainneacha ioncaim a bhunaítear a bheag nó a mhór ar na rátaí íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tairgeann formhór na n-údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu tarscaoileadh beag beann ar fhoinse an ioncaim theaghlaigh ó tharla go n-aithníonn siad go mbíonn ioncam roinnt daoine atá fostaithe chomh híseal sin is nach féidir leo na muirir dhramhaíola a íoc. Is ar an mbonn iad a bheith díolmhaithe ó cháin a dheonaíonn trí údarás áitiúla tarscaoileadh do theaghlaigh agus ní thairgeann údarás áitiúil amháin tarscaoileadh ach do theaghlaigh gur íocaíochtaí leasa shóisialaigh, a bhíonn tástáilte ó thaobh acmhainní de, an t-aon fhoinse ioncaim a bhíonn acu. Ní dheonaíonn údarás áitiúil amháin tarscaoileadh ach do dhuine nó do chúpla atá 65 bliain d’aois agus níos sine a bhíonn ag maireachtáil ina aonar, nó ina haonar nó ina n-aonar. (Féach ar Aguisín 5)
Discréid a úsáid
De na 16 údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu a sholáthair scéim um tharscaoileadh dá gcustaiméirí sa bhliain 2006 déanann 15 acu foráil do dhiscréid a úsáid i gcásanna cruatain ar bhonn measúnú ad hoc. Feidhmíonn údarás áitiúil amháin, áfach, (Comhairle Contae Phort Láirge) taobh istigh de na critéir cháilitheacha daingne a leagtar amach ina scéim i.e. teaghlaigh a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh a thástáiltear ó thaobh acmhainní agus luaitear go sonrach sa scéim nach gcáileoidh iarratasóir ar bith nach dtagann faoi na catagóirí ioncaim a liostaítear.
Nochtar sna freagraí a thug na húdaráis áitiúla ar cheistneoir an Ombudsman go:
Roinnt réiteach a moladh
D’aithin An tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid roinnt blianta ó shin go raibh muirir bhailithe bruscair ar cheann de na cúiseanna féichiúnais a bhí ag roinnt dá gcliant. D’ullmhaigh an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine ar ordú ó MABS tuarascáil “Muirir Bhailithe Dramhaíola agus Teaghlaigh ar Ioncam Íseal” sa bhliain 2003. Cuireadh béim sa tuarascáil seo ar an ngá a bhí le cur chuige comhréireach chun iarratas a dhéanamh ar chomhshocruithe tarscaoilte maidir le muirir bhailithe dramhaíola do theaghlaigh ar ioncam íseal. Moladh sa tuarascáil go dtabharfaí isteach scéim náisiúnta um tharscaoileadh lena riar ag údaráis áitiúla a mbeadh feidhm aici maidir leis na hoibreoirí bailithe dramhaíola go léir (idir phoiblí agus phríobháideach). Moladh go ndréachtódh An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil Treoirlínte i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, leis an nGníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine, le MABS agus le hionadaithe as an earnáil phobail agus dheonach. Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chun moltaí na tuarascála a bhreithniú.
Sholáthair an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine tuarascáil eile sa bhliain 2005 “Córas um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú: Treoirlínte d’Údaráis Áitiúla”. Leagadh béim sa tuarascáil sin ar líon áirithe de shaincheisteanna lena n-áirítear go háirithe:
Áiríodh sraith de threoirlínte molta sa Tuarascáil agus a bhí le húsáid ag údaráis áitiúla ar fud na tíre chun struchtúr a chur faoi na córais chun muirir a ghearradh ar bhailiú dramhaíola, lena n-áirítear scéimeanna um tharscaoileadh. Moladh sa tuarascáil go dtabharfaí isteach múnla uilíoch um tharscaoileadh a shásódh na treoirlínte ar bhonn náisiúnta agus cuireadh na treoirlínte chun cinn mar mhodh chun comhsheasmhacht a bhaint amach i gceantair na n-údarás áitiúil sa ghearrthéarma. Aithníodh trí rogha den sórt agus rinneadh anailís orthu sa tuarascáil – córas creidmheasa cánach a d’fhorfheidhmeofaí go náisiúnta tríd an gcóras reatha cánach; córas a d’fheidhmeofaí go háitiúil a bheadh le forfheidhmiú ag na húdaráis áitiúla; agus scéim náisiúnta um tharscaoileadh a chuirfí i bhfeidhm tríd an gcóras leasa shóisialaigh.
Cinneadh sa tuarascáil gurb é an córas um tharscaoileadh a d’fheidhmeofaí go háitiúil an múnla seachadta ab éifeachtaí agus gur chóir maoiniú láraithe na scéime um tharscaoileadh a bhreithniú agus deontais a thabhairt d’údaráis áitiúla lena hoibriú.
Tráchtaireachtaí ó Chumann Naomh Uinseann de Pól
Chuir Cumann Naomh Uinseann de Pól aighneacht faoi bhráid an imscrúduithe seo i ndáil le costais bhainistithe dramhaíola do theaghlaigh ar ioncam íseal mar fhreagra ar an tairiscint ó m’Oifig. Níl sé i gceist agam an aighneacht go léir a lua arís anseo ach tá tábhacht ar leith leis na tráchtaireachtaí seo a leanas a roghnaíodh. Tá an téacs iomlán in Aguisín 6 atá leis an tuarascáil seo.
"Tá imní ar Chumann Naomh Uinseann de Pól go bhfuil go leor teaghlach ar ioncam íseal i mbochtaineacht de bharr struchtúr na muirear dramhaíola ata i líon áirithe d’údaráis áitiúla. Tháinig arduithe suntasacha ar mhuirir dhramhaíola le blianta beaga anuas agus tá níos mó agus níos mó de na seirbhísí á soláthar ag soláthraithe as an earnáil phríobháideach arb í an éifeachtacht ó thaobh costais de seachas cosaint a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal ó ualach airgeadais nach gá an príomhúdar imní atá acu. Níl oibleagáid ar bith ar oibreoirí príobháideacha scéim um tharscaoileadh a sholáthar. Cinntear gnéithe oibriúcháin den bheartas bainistithe dramhaíola ar bhonn Rialtas áitiúil agus bíonn córais éagsúla i bhfeidhm i gcontaetha éagsúla dá thoradh.
Eascraíonn príomhfhadhbanna agus neamhréireanna as na córais reatha ‘Íoctar mar a Thruaillítear/ Íoctar de réir meáchain’ atá i bhfeidhm faoi láthair cé gur léir a dtairbhe ó thaobh an chomhshaoil de:
Cuireann Comhdhálacha Chumann Naomh Uinseann de Pól cabhair airgeadais ar fáil go háitiúil chun teacht i gcabhair ar an gcruatan arb í an easpa tacaíochta cuí maidir le muirir dhramhaíl teaghlaigh is cúis leis. Ba ghá do Chomhdháil SVP cabhair a thabhairt chun gairdíní cúil a ghlanadh agus bhí cuidiú le fáil uaithi chomh maith chun araidí eile a chur in áit araidí a goideadh. Is fiú a thabhairt faoi deara gur obair chrua í seo d’oibreoirí deonacha agus ní féidir leis an gcomhdháil cabhair a thabhairt feasta chun obair dhian fhisiceach den sórt a dhéanamh.
I gcás go mbeadh seanbhean shingil (pinsinéir) ag maireachtáil ina haonar in árasán agus dá leagfadh sí amach cúpla mála beag plaisteach (mar a bhíonn acu sna hollmhargaí) de dhramhaíl gach seachtain ghearrfaí an tsuim chéanna uirthi in aghaidh na bliana is a ghearrfaí ar a comharsana a bhféadfadh gur cúpla iad a mbeadh beirt leanaí acu agus a mbeadh íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu nó a mbeadh duine amháin, ar a laghad, den bheirt ag obair.
Iarmhairtí an Chórais Reatha
Is léir don Chumann trí obair ár n-oibrithe deonacha na hiarmhairtí díreacha a mbíonn ar dhaoine aonair agus teaghlaigh dul i ngleic leo mar gheall ar an gcóras reatha. Áirítear orthu sin carnáin bhruscair a bheith i ngairdíní cúil na ndaoine agus imní faoi shláinte an phobail, contúirtí do leanaí, míshuaimhneas i measc na gcomharsan agus b’fhéidir iompar frithshóisialta fiú, a bheith mar thoradh orthu. Más gá muirir iomlána a íoc bíonn tionchar aige sin ar bhuiséid roghnacha eile an teaghlaigh cosúil le bia / éadach / siamsaíocht. Is fiú chomh maith taithí an Aonaid Dónna Míochaine a thaifeadadh sé sin go raibh ardú ar an líon dónna de bharr go rabhthas ag dó bruscar teaghlaigh.
San iarracht a rinne an Cumann réiteach a fháil ar na saincheisteanna seo d’íoc sé as costas scipeanna bruscair, costas tithe a fholmhú agus costas rialaithe míolra. Tá comhshocruithe déanta ag an gCumann go háitiúil le hÚdaráis Áitiúla agus le Bailitheoirí Príobháideacha Dramhaíola chomh maith.
Cruacheist an Bhailithe Phríobháidigh Dramhaíola
Baineann formhór na n-údarás áitiúil úsáid as an earnáil phríobháideach chun oiread áirithe de sheirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthar ina gcontaetha. Rialaíonn an rialtas áitiúil na cuideachtaí príobháideacha dramhaíola trí cheadúnais bhailithe dramhaíola. Ar bhotúnaí an tsaoil teipeann ar na ceadúnais bhailithe dramhaíola bonn éigeantach a chur faoi na nithe seo a leanas: gné ar bith den phraghsáil, den bheartas íocaíochta nó den chosaint tomhaltóra (i gcontrárthacht a bheag nó a mhór leis na gnéithe eile go léir a bhaineann le saincheist an bhainistithe dramhaíola). Mar thoradh díreach air sin creidimid nach dtugtar cineál ar bith de chosaint ioncaim do theaghlaigh atá níos boichte i bhformhór na gceantar ina bhfuil soláthar príobháideach. Tá an-imní ar SVP maidir leis na contaetha inar amhlaidh an cás faoi na baic a ghabhann le córas a bhunú a thabharfadh cosaint do theaghlaigh ar ioncam íseal agus a spreagfadh daoine chun a ndramhaíl teaghlaigh a laghdú.
Céard atá ag teastáil ó Chumann Naomh Uinseann de Pól
Creidimid gur chóir don Rialtas dóthain acmhainní a leithdháileadh chun córas comhsheasmhach a bhunú a bheadh i bhfeidhm ar fud na tíre agus a chabhródh le daoine ar ioncam íseal – na daoine siúd a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus na daoine siúd ar ioncaim ísle pá – leis na costais a bhíonn ar a ndramhaíl teaghlaigh. Creidimid gur féidir é sin a dhéanamh agus na teaghlaigh sin a spreagadh ag an am céanna chun athchúrsáil a dhéanamh nuair is féidir é."
Tráchtaireachtaí ó Dháil na Saoránach Sinsearach
Chuir Dáil na Saoránach Sinsearach aighneacht faoi bhráid an imscrúdaithe seo mar fhreagra ar an tairiscint ó m’Oifig. Níl sé i gceist agam an aighneacht go léir a lua arís anseo ach tá tábhacht ar leith leis na tráchtaireachtaí seo a leanas a roghnaíodh. Tá an téacs iomlán in Aguisín 7 atá leis an tuarascáil seo.
Tá go leor pinsinéirí i mbaol bochtaineachta faoi láthair. Bíonn leath de na pinsinéirí go léir ag brath go hiomlán ar an bpinsean stáit (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2007) agus súnn costais bhreise cosúil le costais dhramhaíola a n-ioncam iarbhír. Níl an córas cothrom ó tharla go bhfuil scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm ag roinnt de na húdaráis áitiúla agus nach bhfuil ag cinn eile. Ní léir dúinn gurb ann do chúis inchosanta maidir leis an neamhréir seo ach amháin gurb amhlaidh gur ceapadh beartais neamh-chomhordaithe is cúis leis. Is é bun agus barr an scéil nár forbraíodh córas comhsheasmhach náisiúnta um tharscaoileadh ar bith. Mar sin tá daoine breacaosta i roinnt ceantar atá ag baint tairbhe as an tarscaoileadh ach tá go leor eile nach bhfuil ag baint tairbhe ar bith as.
Ní raibh scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm ach ag díreach os cionn leath de na 34 údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu anuraidh maidir leis an tsaincheist seo. (De réir - O‘Callaghan-Platt and Davies A. (2006) ‘A Nationwide Review of Pay-By-Use (PBU) Domestic Waste Collection Charges in Ireland: Extensive Survey Findings (2005-WRM-MS-33) Tuarascáil Eatramhach Loch Garman: An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine)
I gcás go bhfeidhmítear scéim um tharscaoileadh ní úsáidtear bealaí comhsheasmhacha chun an tarscaoileadh a thomhas. Éilíonn roinnt de na húdaráis áitiúla go ndéanfadh daoine breacaosta iarratas ar tharscaoileadh, go ndéanfaí tástáil ó thaobh acmhainní de orthu nó go ndéanfaí an cás go bhfuil siad i gcruatan. Is iad na daoine breacaosta siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste na daoine nach dtugtar tarscaoileadh dóibh agus ar gá dóibh muirear mór bliantúil a íoc.
Is mian le Dáil na Saoránach Sinsearach dhá mholadh shimplí a chur faoi bhráid an Rialtais chun aghaidh a thabhairt ar an údar imní seo:
Tráchtaireachtaí ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (An Roinn)
Chuir an Roinn aighneacht faoi bhráid an imscrúdaithe seo mar fhreagra ar an tairiscint ó m’Oifig (léigh Aguisín 8). Níl sé i gceist agam an aighneacht go léir a lua arís anseo ach tá tábhacht ar leith leis na tráchtaireachtaí seo a leanas a roghnaíodh. Tá an téacs iomlán in Aguisín 9 ] atá leis an tuarascáil seo.
"Ba ghnách go soláthraítí na seirbhísí bainistithe dramhaíola go háitiúil agus go gcinntí comhshocruithe aonair go háitiúil agus go saincheaptaí iad de réir imthosca áitiúla. Léiríonn an creat reatha dlí arna chinneadh ag an Oireachtas amhlaidh. Faoi Alt 52 den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 is faoin údarás áitiúil iomchuí muirir um bainistiú dramhaíola agus scéim ghaolmhar um tharscaoileadh ar bith a chinneadh i gcás go soláthraíonn sé an tseirbhís. Ar an gcaoi chéanna más oibreoir príobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe is faoin oibreoir sin na muirir a chinneadh.
...maidir le scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil leis na muirir sin is faoin údarás áitiúil lena mbaineann cineál agus méid scéime ar bith den sórt a chinneadh i gcás gurb é an t-údarás a sholáthraíonn na seirbhísí. I ngnáthfhocail ní fheidhmítear scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil le seirbhísí bailithe a sholáthraítear go príobháideach. Is ann do chomhairle dlí lena ndearbhaítear nach ndéantar foráil ó thaobh an dlí de do scéim den sórt in imthosca gurb í an earnáil phríobháideach a chuireann an tseirbhís ar fáil. I gcás, áfach, go dtagann údarás áitiúil ar chomhshocrú le hoibreoir príobháideach chun seirbhís a sholáthar do theaghlaigh ar leith is féidir feidhm a bheith ag scéim um tharscaoileadh.
D’iarr an Roinn ar údaráis áitiúla dul i mbun cainteanna le bailitheoirí dramhaíl tráchtála chun aontú ar chomhshocruithe chun cabhrú le teaghlaigh ar ioncam íseal trí mhodhanna íocaíochta a bheadh mar mhalairt ar chnapshuim bhliantúil a thairiscint.
I gcomhthéacs níos forleithne ardaíodh saincheist na muirear dramhaíola agus daoine/teaghlaigh ar ioncam íseal i gcomhthéacs na Comhpháirtíochta Sóisialta. Rinne an earnáil phobail agus an earnáil dheonach an argóint nach gcaitear go cothrom le teaghlaigh ar ioncam íseal i gceantair ina gcuireann bailitheoirí príobháideacha dramhaíola seirbhísí ar fáil i gcomparáid leis na teaghlaigh siúd a fhaigheann tarscaoileadh ó údaráis áitiúla; nach gcaitear go cothrom leo ach oiread i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde sna ceantair chéanna ó tharla go bhféadfadh na teaghlaigh ar ioncam níos airde leas a bhaint as faoiseamh cánach ar a muirir dhramhaíola; agus gur cruatan dáiríre a bhíonn mar thoradh air i gcásanna ar leith.
Tionóladh sraith cainteanna idir an Roinn agus An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh mar gheall ar na saincheisteanna a ardaíodh. Ní fhéadfaí áfach, meicníocht a aimsiú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh trí bhíthin an chórais leasa shóisialaigh.
Ardaíodh na saincheisteanna a bhaineann le hoibriú na scéimeanna um tharscaoileadh i gceantair áirithe thar cheantair eile arís eile i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine. Admhaítear go hiomlán sa tuarascáil lárnacht an phrionsabail ‘íoctar mar a thruaillítear’ agus gur chóir go mbeadh dreasachtaí ann ionas go gcoinneodh na teaghlaigh go léir smacht ar an dramhaíl a ghineann siad agus go mbainfí a mhéid úsáide is ab fhéidir é as athchúrsáil...
Breathnaíonn na húdair tríd is tríd ar mhúnlaí féideartha chun córas um tharscaoileadh a bheadh níos cothromasaí go náisiúnta, mar is léir dóibhsean, a sholáthar agus bíonn siad ar aon fhocal, a bheag nó a mhór, faoi cheann amháin...Ar deireadh thiar taobhaítear sa tuarascáil le córas a bheadh bunaithe go háitiúil seachas le córas leasa shóisialaigh.
Bhreithnigh Dáil Éireann ceist na scéimeanna um tharscaoileadh i mí Feabhra 2005 i gcomhthéacs rúin nár glacadh agus inar glaodh go dtabharfaí isteach Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh.
Tá sé i gceist leis an athrú go dtí muirir bunaithe ar úsáid a tharla le blianta beaga anuas cúiteamh a dhéanamh leis na daoine siúd is lú a ghineann dramhaíl agus leis na daoine siúd is mó a bhíonn i mbun athchúrsála. Feilfidh an mheicníocht bheacht chun muirir a ghearradh in aon cheantar ar leith sa deireadh thiar d’imthosca áitiúla, do chostais áitiúla agus don teicneolaíocht a bheidh ar fáil.
Maidir le muirir den sórt a tharscaoileadh, tá sé de chumhacht ag gach údarás áitiúil aonair scéim um tharscaoileadh a dhéanamh i gcás gurb eisean an soláthraí seirbhíse nó comhshocruithe ábhartha a dhéanamh leis an earnáil phríobháideach nuair nach eisean an soláthraí seirbhíse. Ar an mbealach seo féadfar réitigh áitiúla a shaincheapadh bunaithe ar imthosca áitiúla agus an prionsabal fóirdheonaithe a chur i bhfeidhm go cuí. Ba chóir, go hidéalach, go léireodh comhshocrú ar bith den sórt an prionsabal ‘íoctar mar a thruaillítear’ agus go mbeadh dreasacht ann maidir le dramhaíl a athchúrsáil d’ainneoin nárbh amhlaidh an cás san am atá caite.
Sa ghnáthchleachtas is iondúil go mbíonn scéimeanna um tharscaoileadh ar fáil i gcás gurb é an t-údarás áitiúil é féin a sholáthraíonn an tseirbhís. I gcás gur bailitheoirí príobháideacha a sholáthraíonn na seirbhísí tá sé de chumhacht ag údaráis áitiúla, faoi na forálacha atá i bhfeidhm faoi láthair, comhshocruithe speisialta a dhéanamh i gcás cruatain má mheasann siadsan gur gá sin. Déanann roinnt de na húdaráis áitiúla amhlaidh más ar scála an-teoranta féin é.
Is ann d’fhorbairt bhreise amháin a bhaineann leis an tsaincheist seo. Táthar tar éis comhairliúchán poiblí a thabhairt chun críche faoi shaincheisteanna maidir le rialú foriomlán na hearnála um bainistiú dramhaíola. Glaodh ar pháirtithe leasmhara agus ar an bpobal i gcoitinne aighneachtaí a dhéanamh ar cibé ar ghá rialtóir don earnáil, cén múnla rialtóra ab fheiliúnaí agus céard iad na cumhachtaí ba chóir a thabhairt do rialtóir ar bith den sórt. Aithníodh an chumhacht oibleagáid seirbhíse poiblí a leagan i measc na gcumhachtaí féideartha. Gné rialaithe í seo atá i bhfeidhm i roinnt earnálacha eile agus tá d’éifeacht léi go gceanglaítear ar chonraitheoirí tras-fhóirdheonú a fheidhmiú ionas gur féidir seirbhísí a chur ar fáil i gcás nach bhféadfaí iad a chur ar fáil seachas sin de bharr cúrsaí eacnamaíocha. Breithneofar na haighneachtaí éagsúla a fuarthas agus na saincheisteanna a ardaíodh a thuilleadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar bhainistiú dramhaíola go ginearálta a ndéantar foráil dó i gclár beartais an Rialtais agus a thionscnófar go gairid.
Mar sin d’fhonn breac-chuntas a thabhairt ar an seasamh níor chleacht an Rialtas láir riamh nithe oibriúcháin i ndáil le bainistiú dramhaíola a chinneadh. Tá an tseirbhís um bainistiú dramhaíola ar cheann de na seirbhísí is sine arna soláthar ag údaráis áitiúla. Is é dearcadh an Rialtais gur chóir go ligfí d’údaráis áitiúla, agus iad ag obair de réir caighdeáin náisiúnta agus AE don chomhshaol, seirbhísí a shaincheapadh de réir riachtanais áitiúla agus go dtagann cur chuige áitiúil maidir le muirir a chinneadh, agus tarscaoileadh ar bith ar mhuirir den sórt, leis sin."
Tráchtaireachtaí ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (an Roinn)
Chuir an Roinn aighneacht faoi bhráid an imscrúdaithe seo mar fhreagra ar an tairiscint ó m’Oifig (léigh Aguisín 10). Níl sé i gceist agam an aighneacht go léir a lua sa tuarascáil seo ach tá tábhacht ar leith leis na míreanna seo a leanas a roghnaíodh. Tá an téacs iomlán in Aguisín 11 atá leis an tuarascáil seo.
"Is cinnte gur saincheist áitiúil í seo agus tá na cumhachtaí riachtanacha go léir ag údaráis áitiúla chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú ina gceantair féin. Le fírinne tá dea-scéimeanna um tharscaoileadh á n-oibriú ag roinnt de na húdaráis áitiúla cheana agus ní gá gurb iadsan na seirbhísí bailithe dramhaíola a sholáthraíonn an t-údarás áitiúil go díreach. Bíonn conraitheoirí príobháideacha páirteach i scéimeanna um tharscaoileadh i roinnt ceantar. Threisigh an tAire Ó Cuilinn an pointe seo le gairid i ndíospóireacht Dála ar an tsaincheist le gairid:
Moladh go bhféadfadh an Roinn seo freagra a thabhairt ar shaincheist na muirear dramhaíola trí íocaíochtaí eisceachtúla riachtanas den scéim liúntais leasa forlíontaigh. D’fhéadfaí íocaíocht shingil a dhéanamh faoin scéim seo chun caiteachas riachtanach aon uaire eisceachtúil a íoc ar caiteachas é nach mbeifí ag súil leis le réasún go n-íocfadh duine as a ioncam nó as a hioncam seachtainiúil féin. Déantar na híocaíochtaí seo chun íoc as nithe cosúil le héadaí leapa nó gréithe cócaireachta do dhuine a bheadh i mbun tís den chéad uair nó as na costais a bhainfeadh le sochraidí, nó cuairt a thabhairt ar ghaolta in ospidéal nó i bpríosún. Níl sé i gceist go nglanfadh an scéim seo costas gnáthbhillí teaghlaigh.
Is í an Roinn seo atá freagrach as an bPacáiste Sochair Theaghlaigh (ar a nglaoití na Scéimeanna Saor in Aisce roimhe seo) a thugann cabhair d’fhaighteoirí lena gcostais gháis/leictreachais agus theileafóin agus le costas iomlán ceadúnais teilifíse a ghlanadh. Breithníodh an bhféadfaí an pacáiste seo a leathnú chun earraí eile a bheadh inmhianaithe ar bhonn sóisialta, ar a bhféadfaí muirir dhramhaíola a áireamh, a chlúdach. Míníodh san Athbhreithniú ar na Scéimeanna Saor in Aisce a rinneadh sa bhliain 2000 go bhféadfadh gníomhaireachtaí eile Stáit agus go fiú údaráis áitiúla scéimeanna comhchosúla dá gcuid féin a thabhairt isteach dá mba mhian leo – mar seo a leanas:
I gcás ar bith ní bheadh scéim náisiúnta leasa shóisialaigh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na muirear dramhaíola indéanta de bharr an raoin leathain de chórais mhuirir agus de struchtúir chostais atá i bhfeidhm i ndáil le bainistiú dramhaíola ar fud an Stáit. Bheadh ar chóras ar bith a chuirfí i bhfeidhm chun cúnamh a thabhairt do dhaoine le muirir bhailithe dramhaíola na comhshocruithe éagsúla áitiúla a thabhairt san áireamh.
Mar a luaigh tú breithníodh na roghanna éagsúla de mhúnlaí chun muirir dhramhaíola a ghearradh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine... Cinneadh sa tuarascáil, i gcás go bhféadfaí cur chuige oiriúnach soláthair a fhorbairt, gurb é an córas tarscaoilte a d’fheidhmeofaí go háitiúil an múnla seachadta ab éifeachtaí agus aontaíonn an Roinn seo leis an mbreithniú sin.
Tionóladh sraith cainteanna idir oifigigh ón Roinn seo agus comhghleacaithe sa Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoin tsaincheist seo. Tá an Roinn sin ar an eolas faoin seasamh atá againn."
Tráchtaireachtaí ó na húdaráis áitiúla
Mar chuid den cheistneoir iarradh ar údaráis áitiúla a dtuairimí a thabhairt maidir le cibé ar chóir dóibh tarscaoileadh a thabhairt do chustaiméirí oibreoirí príobháideacha. Tá siad seo a leanas ar chuid de na freagraí a fuarthas:
Bhí údaráis áitiúla ábalta tráchtaireachtaí ginearálta ar bith a thabhairt sa cheistneoir a mheas siad a bheadh ábhartha don tuarascáil seo. Cuireadh rogha ionadaíoch de na tráchtaireachtaí sin i ngrúpa faoi roinnt ceannteidil ghinearálta mar seo a leanas:
Glaonna i gcomhair Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh
Saincheisteanna Acmhainní:
Deacrachtaí Riaracháin
An Tuarascáil Seo
Faoi mar a luaitear sa Réamhrá atá leis an tuarascáil seo baineann an t-imscrúdú seo go príomha le béim a leagan ar éagothroime agus ar mhíchothroime i riarachán na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola agus díríodh aird ar leith ar an drochéifeacht a bhíonn ag an éagothroime agus an mhíchothroime sa riarachán ar dhaoine aonair. Ní thugtar aghaidh sa tuarascáil seo ar cheapadh ná ar fhorfheidhmiú scéime um tharscaoileadh, cibé ar bhonn náisiúnta nó áitiúil. D’ainneoin sin is uile bheinn ag súil go mbeadh mo thuarascáil mar bhonn agus mar thaca ag obair bhreise atá ar siúl faoi láthair ach ar chóir aghaidh a thabhairt uirthi ar bhonn práinne anois i bhfianaise m’fhionnachtana. Ó tharla an deis agam ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine a rinne a cion is a cuid chun béim a leagan ar an tionchar a bhíonn ag muirir bhailithe dramhaíola ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus a tharraing aird ar na fadhbanna dáiríre a bhaineann le scéim chothromasach chóir um tharscaoileadh a cheapadh.
Scéimeanna um Tharscaoileadh – Náisiúnta nó Áitiúil?
Leag na haighneachtaí a fuair mé ó Chumann Naomh Uinseann de Pól agus ó Dháil na Saoránach Sinsearach béim shoiléir chomh maith ar an tionchar a bhíonn ag muirir dhramhaíola ar na haicmí is boichte dár sochaí agus na neamhréireanna a bhaineann le scéimeanna reatha um tharscaoileadh – údar imní a n-aontaím leis ag féachaint do thorthaí an tsuirbhé a rinne mé. Tuigim gur ardaigh an Earnáil Phobail agus Dheonach an cheist seo chomh maith i gcomhthéacs na Comhpháirtíochta Sóisialta ach, mar is léir ó aighneachtaí na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, níor féadadh réiteach a fháil ar an bhfadhb tríd an gcóras leasa shóisialaigh. Tugaim faoi deara chomh maith nár glacadh le rún i nDáil Éireann sa bhliain 2005 chun scéim náisiúnta um tharscaoileadh a thabhairt isteach. Tá an dá Roinn den dearcadh gur gá aghaidh a thabhairt sna húdaráis áitiúla ar riarachán na scéime um tharscaoileadh trí réitigh saincheaptha go háitiúil a chur i bhfeidhm.
Príobháidiú – Gnéithe an Bheartais Shóisialta
Is léir ó na tráchtaireachtaí a rinne na húdaráis áitiúla iad féin go dteastaíonn ó roinnt mhaith díobh go réiteofaí fadhb an tarscaoilte tríd an gcóras leasa shóisialaigh agus níl an chosúlacht air, i bhfianaise aighneachtaí an dá Roinn, go bhféadfaí déanamh amhlaidh. D’ainneoin sin is uile is léir gur tháinig athrú míchuibhiúil ar mheon roinnt údaráis áitiúla mar thoradh ar an mbeartas náisiúnta um bainistiú dramhaíola agus go sonrach mar thoradh ar phríobháidiú seirbhísí bailithe dramhaíola. San am atá caite, tráth inarbh iad na húdaráis áitiúla amháin a sholáthraíodh na seirbhísí bailithe dramhaíola, ba léir do dhaoine go mbíodh údaráis áitiúla aireach faoi na hoibleagáidí sóisialta a bhíodh acu i leith a gcliant. Ach i láthair na huaire ó tharla go bhfuil go leor de na húdaráis áitiúla i gcomórtas go díreach leis na hoibreoirí príobháideacha chun seirbhísí bailithe dramhaíola a sholáthar nó go bhfuil an fheidhm seo dídhílsithe go huile agus go hiomlán acu is é an chosúlacht atá air gur cur chuige a bhfuil breithniúcháin tráchtála mar bhonn aige an cur chuige atá i bhfeidhm ag go leor de na húdaráis áitiúla. Údar imní is ea é seo ar dhá chúinse, dar liomsa.
Ar an gcéad dul síos feictear domsa, i gcás go ndéanfaí seirbhís phoiblí ar bith a phríobháidiú nó a phríobháidiú i bpáirt, d’ainneoin go nglacfaí leis go bhféadfadh go mbeadh bunús fónta gnó chun déanamh amhlaidh, nár chóir dearmad a dhéanamh ar na gnéithe den bheartas sóisialta a bhaineann le cinneadh den sórt. I gcás bailiú dramhaíola tá ciall cheannaithe le baint as an mbealach inar cheadaigh an reachtaíocht d’oibreoirí príobháideacha teacht isteach sa mhargadh bailithe dramhaíola. Is cosúil gur leagadh béim go príomha ar bhreithniúcháin tráchtála agus gur beag suntas a tugadh nó nár tugadh suntas ar bith do riachtanais na mbocht agus na ndaoine atá ar an imeall inár sochaí. Ina theannta sin rinneadh iarrachtaí an cur chuige seo a chosaint mar gheall ar na breithniúcháin chomhshaoil a ghabhann leis agus mar gheall orthu sin amháin. Is maith ann an prionsabal “íoctar mar a thruaillítear’ chomh fada is go n-oibríonn sé i gceart. Ach i gcás go leanfadh na muirir bhailithe dramhaíola ag ardú, agus is cosúil go n-ardóidh, - de réir rátaí a bhíonn sa bhreis ar rátaí boilscithe de ghnáth– ní mór bealaí a aimsiú chun teaghlaigh ar ioncam íseal a chosaint agus ag an am céanna ní mór athchúrsáil a spreagadh agus mí-úsáid chóras tarscaoilte ar bith a bheadh ann a chosc. Feictear domsa go bhfuil sé de dhualgas ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil súil eile a chaitheamh ar an gcur chuige beartais a ghlactar sa réimse seo chun a fháil amach cé mar a d’fhéadfaí cothromaíocht a fháil idir oibleagáidí an bheartais tráchtála, chomhshaoil agus shóisialta.
Ar an dara dul síos feictear domsa, bunaithe ar thaithí mo chomhghleacaithe i ndlínsí eile go leanfar leis an gclaonadh atá in Éirinn seirbhísí poiblí a phríobháidiú díreach mar a rinneadh i dtíortha eile. Tá faitíos orm go dtiocfaidh an meon atá ag roinnt de na húdaráis áitiúla chun cinn chomh maith de réir mar a dhéanfar codanna eile den tseirbhís phoiblí a phríobháidiú. Creidim gur deis thráthúil í seo chun an bhunchloch a leagan gur chóir do phríobháidiú den sórt riachtanais na mbocht agus na ndaoine éislinneacha inár sochaí a bhreithniú go hiomlán agus nár chóir díriú ar na breithniúcháin tráchtála amháin – ach glacadh leis i gcónaí gur féidir gur mór an tairbhe a ghabhann le príobháidiú i ndeireadh an lae.
Is léir an t-athrú céanna meoin i dtráchtaireachtaí eile ó roinnt údaráis áitiúla, go háirithe maidir le ceist na n-acmhainní agus is údar imní é sin. Feictear do go leor údaráis áitiúla gur páirtithe tábhachtacha iad sa mhargadh dramhaíola, iad in iomaíocht le hoibreoirí príobháideacha, agus gan sa scéim um tharscaoileadh dóibh ach scéim a chuireann lena gcostais riaracháin nó scéim a chuireann isteach orthu a bheith san iomaíocht le hoibreoirí príobháideacha agus gur beag an imní atá orthu faoi chumas a gcliant a bheith ábalta na muirir dhramhaíola a íoc. Thuigfeá cuid mhaith cé as a dtáinig an t-athrú meoin seo ó tharla an bealach inar cuireadh an reachtaíocht le chéile, mar a luaigh mé níos luaithe. Ach cé gur féidir meabhair a bhaint as, ní chinnim go bhféadfaí glacadh leis. D’aimsigh go leor údaráis áitiúla eile bealaí – más bealaí neamhfhoirfe féin iad – chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú d’ainneoin na mbac a ghabhann le seirbhís phríobháidithe. Beidh an cheist seo faoi chaibidil agam níos déanaí.
Na hÚdaráis Áitiúla ina Rialtóirí agus ina Soláthraithe Seirbhísí – Trasnaíl?
Tugaim faoi deara ó aighneacht na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go ndeachthas i mbun comhairliúchán poiblí faoi shaincheisteanna maidir le rialú foriomlán na hearnála um bainistiú dramhaíola. Dar leis an Roinn, breithneofar na haighneachtaí a fuair sí a thuilleadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar bhainistiú dramhaíola go ginearálta a ndéantar foráil dó i gclár beartais an Rialtais agus a thionscnófar go gairid de réir mo thuisceana. Faoin reachtaíocht reatha feidhmíonn go leor údaráis áitiúla mar rialtóirí de facto agus mar sholáthraithe na seirbhísí dramhaíola chomh maith agus is minic in iomaíocht iad leis na hoibreoirí príobháideacha a bhíonn á rialú acu. Ní múnla rialacháin atá idéalach é an múnla seo agus is é an múnla lochtach seo is cúis i bpáirt leis na heasnaimh sa soláthar tarscaoilte ar tháinig mé orthu i m’imscrúdú. Bhí áthas orm gur luaigh an Roinn go mbeidh an múnla rialaithe is ábhartha a d’fhéadfadh a bheith san earnáil á mheas aici lena n-áirítear cibé an gá rialtóir a bheith ann agus céard iad na cumhachtaí a thabharfaí do rialtóir den sórt. Thug an Roinn faoi deara go háirithe i roinnt earnálacha eile go bhfuil sé de chumhacht ag rialtóirí oibleagáid seirbhíse poiblí a leagan ar chonraitheoirí agus go bhfuil sé d’éifeacht leis sin go gceanglaítear ar chonraitheoirí tras-fhóirdheonú a fheidhmiú ionas gur féidir seirbhísí a chur ar fáil i gcás nach bhféadfaí iad a chur ar fáil seachas sin de bharr cúrsaí eacnamaíocha. Bíonn baint dhíreach ag na saincheisteanna le scéimeanna um tharscaoileadh agus bíonn tionchar acu orthu agus ní mór iad a bhreithniú go práinneach agus go gníomhach chun réiteach a fháil ar roinnt de na deacrachtaí atá tagtha chun solais agus a bhaineann le hoibreoirí príobháideacha agus scéimeanna um tharscaoileadh.
Neamh-Chomhsheasmhacht i Scéimeanna um Tharscaoileadh
Tugaim m’aghaidh anois ar neamh-chomhsheasmhacht shonrach agus ar neamhrialtachtaí in oibriú na scéimeanna um tharscaoileadh mar a nochtadh i dtorthaí an tsuirbhé a rinne mé ar údaráis áitiúla. Leagtar an staid dlí a rialaíonn bailiú dramhaíola agus an chumhacht tarscaoileadh a dheonú amach i gCaibidil 2 den tuarascáil seo. Tá trí chatagóir bailithe i bhfeidhm mar atá sa bhreac-chuntas a tugadh cheana féin:
Bíonn meascán de na modhanna bailithe seo i bhfeidhm ag roinnt údaráis áitiúla ar ndóigh.
Ba iad na húdaráis áitiúla a bhí i mbun na seirbhísí bailithe dramhaíola sa tír san am atá caite agus ba iad a riar na scéimeanna um tharscaoileadh ar mhaithe leis na daoine siúd nach raibh in acmhainn íoc as na muirir. Is amhlaidh atá fós i gceantair áirithe sa tír ach is iad an t-údarás áitiúil agus na hoibreoirí príobháideacha a sholáthraíonn an tseirbhís sa chuid is mó den tír agus tá an líon ceantar inar iad na hoibreoirí príobháideacha amháin a sholáthraíonn an tseirbhís ag dul i méid. Tá mise den bharúil go n-eascraíonn dhá shaincheist as seo sa chomhthéacs seo:
Is léir ó na haighneachtaí a fuair mé go bhfuil éagsúlacht mhór tuairimí ann ar conas mar is cóir tarscaoileadh ar mhuirir bhailithe dramhaíola a riar. Ina theannta sin is ábhar imní dom torthaí an tsuirbhé maidir lena mhéid is a eisiatar i ndáiríre cuid den daonra ó theacht a bheith acu ar chórais tarscaoilte atá ceaptha chun faoiseamh a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal agus go bhféadfadh go mbeadh nó nach mbeadh teacht ar chóras tarscaoilte ag brath ar cá gcónaítear.
Cé nach suirbhé uileghabhálach é an suirbhé seo tá imní orm faoi chlaonadh a braitheadh sna torthaí. I gcás gur oibreoir príobháideach amháin a sholáthraíonn an tseirbhís is cosúil go mbíonn ceantair thuaithe faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le ceantair uirbeacha i ndáil leis an teacht a bhíonn acu ar tharscaoileadh. As na hocht n-údarás áitiúla lena mbaineann is i gceantair thuaithe atá gach uile cheann díobh seachas aon cheann amháin. I gcás go soláthraíonn an t-údarás áitiúil agus oibreoir príobháideach araon an tseirbhís is i gceantair thuaithe atá a bhformhór lonnaithe – léigh Aguisín 2 (pdf 9 kb).
Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé go bhfuil leibhéal neamh-chomhsheasmhachta nach bhféadfaí glacadh leis idir scéimeanna um tharscaoileadh arna riar ag údaráis áitiúla; tá trí scéim éagsúla um tharscaoileadh i bhfeidhm in aon chontae amháin agus tá critéir éagsúla cháilitheacha ag gabháil le gach aon cheann díobh. Ní thagann an leibhéal neamh-chomhsheasmhachta seo leis na caighdeáin is airde de riarachán poiblí. Feidhmítear roinnt de na scéimeanna um tharscaoileadh ar bhealach idirdhealaitheach mar shampla mar a léiríodh i mír 3.1 den tuarascáil seo i ndáil le Gearáin A agus B. Fágann seo i gcás dhá theaghlach ar an ioncam céanna as an bhfoinse chéanna go gcáileodh teaghlach amháin don tarscaoileadh ó tharla go ndéantar é a thástáil ó thaobh acmhainní de agus nach gcáileodh an teaghlach eile. Mhínigh údarás áitiúil amháin go dteastódh an iomarca acmhainní uaidh chun tástáil ó thaobh acmhainní de a sheoladh ar na hiarratasóirí go léir ar tharscaoileadh. Is deacair dom glacadh leis an argóint seo go háirithe ó tharla go léiríonn torthaí an tsuirbhé gur aimsigh 11 (48%) de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu bealach chun cineál éigin tástála ó thaobh acmhainní de a dhéanamh – léigh Aguisín 5 (pdf 15 kb).
Acmhainní
Rinne údaráis áitiúla eile an argóint nach bhfuil na hacmhainní is gá chun scéim um tharscaoileadh a sholáthar a bheadh cothrom do na teaghlaigh go léir ar ioncam íseal acu agus go gcuireann soláthar scéime um tharscaoileadh costas an-ard ar údaráis áitiúla agus go mbíonn deacrachtaí riaracháin ag gabháil leis. (Léigh mír 10.6).
Ní ghlacaim leis go bhfuil na hargóintí seo bailí ar an mbonn:
Tástáil ó thaobh Acmhainní
Maidir leis an tástáil ó thaobh acmhainní de agus éagumas nó drogall na n-údarás áitiúil tástáil ó thaobh acmhainní de a dhéanamh maidir leis an scéim um tharscaoileadh, is beag an díol trua iad. Ar an gcéad dul síos táim ar an airdeall go ndéanann na húdaráis áitiúla go léir tástáil ó thaobh acmhainní de chun críocha Scéim na nDeontas Ardoideachais. Ar an dara dul síos, ó mhí na Samhna 2007, tá sé d’oibleagáid ar gach údarás áitiúil, ó thaobh an dlí de, tástáil ó thaobh acmhainní de a thionscnamh i gcomhair na Scéime Deontas D’Oiriúnú Tithe do Dhaoine Faoi Mhíchumas, An Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta agus An Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta. Dá réir sin, ó tharla go bhfuil, nó gur cheart go mbeadh córais i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla go léir chun tástáil ó thaobh acmhainní de a dhéanamh ar scéimeanna eile, ní luíonn sé go héasca liom a thuiscint cén fáth, dá ndéanfaí acmhainní a athchóiriú chun éifeachta, nach bhféadfaí córas éifeachtach a chur i bhfeidhm do tharscaoileadh dramhaíola. Is deacair liom glacadh leis gur saincheist í seo nach féidir a réiteach gan costas suntasach a thabhú.
Oibreoirí Príobháideacha agus Tarscaoileadh – An Staid Dlí
I gcás go bpríobháidítear an tseirbhís bhailithe dramhaíola go hiomlán, is cosúil go bhfuil na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu, cé is móide de líon beag díobh, den dearcadh go laghdaítear a n-oibleagáidí i leith teaghlach ar ioncam íseal ar bhealach éigin nó nach ann dóibh de bhua rannpháirtíocht oibreora phríobháidigh. Agus fós féin is tionóntaí de chuid an údaráis áitiúil iad formhór na dteaghlach sin – agus bheadh cíosanna ísle á ngearradh ar sciar de na teaghlaigh seo de bharr tástála ó thaobh acmhainní de a rinneadh orthu faoin scéim cíosanna difreálacha mar aitheantas ar an ioncam íseal teaghlaigh. Tagann sé crua orm a thuiscint go mbeadh oibleagáid láidir fhadtréimhseach shóisialta ann i ndáil le seirbhís phoiblí amháin (muirear na tithíochta sóisialta) agus nach mbeadh oibleagáid ar bith ann, beagnach, i réimse eile de sholáthar seirbhíse poiblí (muirear na seirbhísí bailithe dramhaíola).
Is léir gurbh éard a bhí i gceist le hAlt 75 (3) den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 (an tAcht) (arna leasú), go mbeadh sé de dhiscréid ag údaráis áitiúla oibleagáid shóisialta a fheidhmiú trí fhaoiseamh a sholáthar i gcásanna lena mbainfeadh cruatan pearsanta daoine aonair trí bhíthin scéime um tharscaoileadh. Is léir chomh maith go bhfuil sé d’údarás acu déanamh amhlaidh i gcás gurb é an t-údarás áitiúil féin a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe dramhaíola go díreach nó i gcás gur oibreoir príobháideach faoi chonradh a sholáthródh an tseirbhís thar ceann an údaráis áitiúil lena mbaineann. Ní luaitear ní ar bith san Acht, áfach, faoi tharscaoileadh a sholáthar do chustaiméirí oibreoirí príobháideacha i gcás go mbeadh an tseirbhís go hiomlán príobháidithe – seachas í a bheith á feidhmiú ag oibreoir príobháideach faoi chonradh leis an údarás áitiúil. Is dóigh go bhfuil scóip éigin ag údaráis áitiúla chun tarscaoileadh a thabhairt do chliaint de chuid seirbhísí a bheadh príobháidithe go hiomlán trí chomhshocrú áitiúil a dhéanamh le soláthraí na seirbhíse príobháidí don bhailiú dramhaíola, ach is ceist a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar díospóireachta an cheist an aontódh na húdaráis áitiúla go léir go bhfuil cumhacht den sórt acu.
Mar shampla thug roinnt údaráis áitiúla (mar shampla Comhairlí Cathrach agus Contae Luimnigh) aghaidh ar an gceist seo trí chomhshocruithe áitiúla a dhéanamh leis na cuideachtaí príobháideacha dramhaíola atá ag feidhmiú sa cheantar. Tugann na comhshocruithe seo d’údarás don oibreoir príobháideach dramhaíl a bhailiú thar ceann na Comhairle ó theaghlaigh áirithe ar ioncam íseal arna n-aithint ag an gComhairle. Cuireann na comhshocruithe sin ar chumas na Comhairle na muirir go léir nó cuid de na muirir bhailithe dramhaíola a tharscaoileadh/a fhóirdheonú do na teaghlaigh siúd.
Ina haighneacht chugam, thug an Roinn aghaidh ar an staid dlí i ndáil le scéimeanna um tharscaoileadh sna téarmaí seo a leanas:
“…maidir le scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil leis na muirir sin (muirir bhailithe dramhaíola) is faoin údarás áitiúil lena mbaineann cineál agus méid scéime ar bith den sórt a chinneadh i gcás gurb é an t-údarás a sholáthraíonn na seirbhísí. I ngnáthfhocail ní fheidhmítear scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil le seirbhísí bailithe a sholáthraítear go príobháideach. Is ann do chomhairle dlí lena ndearbhaítear nach ndéantar foráil ó thaobh an dlí de do scéim den sórt in imthosca gurb í an earnáil phríobháideach a chuireann an tseirbhís ar fáil. I gcás, áfach, go dtagann údarás áitiúil ar chomhshocrú le hoibreoir príobháideach chun seirbhís a sholáthar do theaghlaigh ar leith is féidir feidhm a bheith ag scéim um tharscaoileadh. D’iarr an Roinn ar údaráis áitiúla dul i mbun cainteanna le bailitheoirí dramhaíl tráchtála chun aontú ar chomhshocruithe chun cabhrú le teaghlaigh ar ioncam íseal trí mhodhanna íocaíochta a bheadh mar mhalairt ar chnapshuim bhliantúil a thairiscint.”
Is é dearcadh na Roinne i ndeireadh an lae nach bhfuil oibleagáid dlíthiúil ar bith ar údarás áitiúil ná ar oibreoir príobháideach scéim um tharscaoileadh a sholáthar i gcás go bhfuil seirbhís bhailithe dramhaíola atá go hiomlán príobháidithe á soláthar ag an oibreoir sin. Má thoimhdítear go méadóidh an líon oibreoirí a mbeidh seirbhís bhailithe dramhaíola a bheidh go hiomlán príobháidithe á soláthar acu sea is mó gá a bheidh ann le foráil dlí maidir le scéim um tharscaoileadh, foráil nach bhfuil ann faoi láthair. Cé go ndeir an Roinn gur iarr sí ar údaráis áitiúla aontú ar chomhshocruithe le hoibreoirí príobháideacha maidir le modhanna malartacha íocaíochta, ní ionann é sin beag ná mór is an bhrí chomónta a thuigtear le scéim um tharscaoileadh dramhaíola.
Tagraíonn an Roinn, i mír eile dá haighneacht, don chomhairliúchán poiblí a bhí ar siúl aici faoi shaincheisteanna maidir le rialú foriomlán na hearnála um bainistiú dramhaíola agus thrácht sí mar seo a leanas:
“Glaodh ar pháirtithe leasmhara agus ar an bpobal i gcoitinne aighneachtaí a dhéanamh ar cibé ar ghá rialtóir don earnáil, cén múnla rialtóra ab fheiliúnaí agus céard iad na cumhachtaí ba chóir a thabhairt do rialtóir ar bith den sórt. Aithníodh an chumhacht oibleagáid seirbhíse poiblí a leagan i measc na gcumhachtaí féideartha. Gné rialaithe í seo atá i bhfeidhm i roinnt earnálacha eile agus tá d’éifeacht léi go gceanglaítear ar chonraitheoirí tras-fhóirdheonú a fheidhmiú ionas gur féidir seirbhísí a chur ar fáil i gcás nach bhféadfaí iad a chur ar fáil seachas sin de bharr cúrsaí eacnamaíocha. Breithneofar na haighneachtaí éagsúla a fuarthas agus na saincheisteanna a ardaíodh a thuilleadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar bhainistiú dramhaíola go ginearálta a ndéantar foráil dó i gclár beartais an Rialtais agus a thionscnófar go gairid.”
Cé go bhfuil cur chuige na Roinne maidir le beartas a fhorbairt i ndáil le rialú na hearnála um bainistiú dramhaíola taobh amuigh de scóip na tuarascála seo tugann sé ugach dom a fheiceáil go luaitear go mb’fhéidir go bhféadfaí oibleagáid seirbhíse poiblí a thabhairt isteach. Mar a dúirt mé roimhe seo is ceist í seo atá i gceartlár na bhfadhbanna reatha a bhaineann le riarachán na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola.
Is léir ó thorthaí mo shuirbhé chomh maith easpa oibleagáid seirbhíse poiblí a bheith ann. Níl foráil ar bith déanta ag sé cinn de na hocht n-údarás áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu (a úsáideann oibreoirí príobháideacha amháin) do chásanna cruatain; níor ghlac ach dhá údarás áitiúla bearta chun faoiseamh a thabhairt d’iarratasóirí cháilitheacha ar tharscaoileadh (Comhairle Cathrach Luimnigh agus Comhairle Contae Luimnigh, agus Comhairle Contae Mhuineacháin cé nach raibh an Chomhairle seo i measc na n-údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu). D’ainneoin nach luaitear ceist na n-oibreoirí príobháideacha ná an tarscaoilte san Acht is den tábhacht é mar sin féin go bhfuil comhshocruithe tarscaoilte tugtha isteach ag na húdaráis áitiúla seo. Táim den dearcadh gur chóir do na húdaráis go léir den sórt aithris a dhéanamh ar an gcleachtadh seo trí scéim a thabhairt isteach nó trí athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim atá i bhfeidhm, de réir mar is cuí, chun faoiseamh a thabhairt do na hiarratasóirí cáilitheacha sin ar tharscaoileadh. Aithním chomh maith, áfach, go bhfuil réiteach fadtéarmach na ceiste seo ag brath ar an Roinn. Is ann do shaincheisteanna gan réiteach maidir le rialú na hearnála um bainistiú dramhaíola agus is ceist í an cheist faoi oibleagáid na seirbhíse poiblí, nár mhór aghaidh a thabhairt uirthi trí bhíthin reachtaíochta. Tá scóip ag an Roinn sa ghearrthéarma treoir a thabhairt d’údaráis áitiúla i ndáil le riarachán na scéimeanna um tharscaoilte. Déileálaim níos beaichte leis an gceist seo i mír 11.10 thíos.
Cumhachtaí na nÚdarás Áitiúil
Mar achoimre agus mé ag tagairt ar ais do na catagóirí de sheirbhísí bailithe dramhaíola viz.,
is léir domsa go bhfuil dóthain cumhachtaí ag údaráis áitiúla, a bhfuil baint dhíreach acu le dramhaíl a bhailiú nó a bhfuil an tseirbhís tugtha ar conradh acu d’oibreoir príobháideach, faoi reachtaíocht atá ann cheana chun scéimeanna córa cothromasacha um tharscaoileadh a cheapadh agus a fhorfheidhmiú. Ní mór roinnt oibre a dhéanamh mar sin féin chun a chinntiú go mbeadh na scéimeanna seo comhsheasmhach lena chéile go réasúnach. Mar shampla, agus mar a luadh roimhe seo, d’fhéadfadh gur ghá cineál éigin tástála ó thaobh acmhainní de a thabhairt isteach i gcásanna nach ann di cheana féin.
I ndáil le húdaráis áitiúla ina mbeadh an tseirbhís príobháidithe go hiomlán, bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé seo, tá scóip ar leith ag údaráis áitiúla chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú mar is léir ó chás Chomhairlí Luimnigh d’ainneoin nach bhfuil foráil dlí ar bith ann chun tarscaoileadh a thabhairt ar mhuirir dhramhaíola. Ba chóir d’údaráis eile aithris a dhéanamh ar an gcleachtadh seo i mo thuairimse ach níor mhór do na paraiméadair a bhainfeadh le scéimeanna den sórt a bheith níos follasaí. Is gá don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a bheith níos gníomhaí sa réimse seo.
Ról na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
Mhol an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine sa bhliain 2003 mar seo a leanas:
“Is cóir don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil treoirlínte a dhréachtú do scéim náisiúnta um tharscaoileadh”
Mhol An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine arís sa bhliain 2005 sraith de threoirlínte lena n-úsáid ag údaráis áitiúla ar fud na tíre chun comhsheasmhacht a bhaint amach i measc na gcóras chun muirir dhramhaíola a ghearradh agus i measc na gcóras tarscaoilte.
Thagair líon áirithe d’údaráis áitiúla chomh maith sna freagraí a thug siad ar an gceistneoir gur ghá treoirlínte ginearálta a sholáthar. D’ainneoin nár thug an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil aghaidh ar cheist na dtreoirlínte go sonrach ina haighneacht is cosúil gurb é an cur chuige atá aici i gcoitinne gur faoin údarás áitiúil aonair atá ceist an bhainistithe dramhaíola ina n-áireofaí tarscaoileadh ar bith a thabharfaí ar mhuirir. Luaigh sí maidir leis:
“… níor chleacht an Rialtas láir riamh nithe oibriúcháin i ndáil le bainistiú dramhaíola a chinneadh. Tá an tseirbhís um bainistiú dramhaíola ar cheann de na seirbhísí is sine arna soláthar ag údaráis áitiúla. Is é dearcadh an Rialtais gur chóir go ligfí d’údaráis áitiúla, agus iad ag obair de réir caighdeáin náisiúnta agus AE don chomhshaol, seirbhísí a shaincheapadh de réir riachtanais áitiúla agus go dtagann cur chuige áitiúil maidir le muirir a chinneadh, agus tarscaoileadh ar bith ar mhuirir den sórt, leis sin.”
Cé nach n-easaontaím le dearcadh an Rialtais maidir leis na seirbhísí a shaincheapadh de réir riachtanais áitiúla agus araile ní mór gur léir go ndéanfaí amhlaidh ar bhealach cóir, oscailte agus follasach agus go mbainfeadh comhsheasmhacht leis a thiocfadh le dea-chleachtas riaracháin. Léirítear sa tuarascáil seo atá bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé nach riartar na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola go cóir in údaráis áitiúla, ceann ar cheann, ná nach riartar iad le comhsheasmhacht ar bith sna húdaráis áitiúla i gcoitinne. Nochtadh deacrachtaí chomh maith maidir le riarachán na scéime um tharscaoileadh i gcás gur oibreoirí príobháideacha a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe dramhaíola.
D’eisigh an Roinn treoirlínte san am atá caite agus tá treoirlínte fós á n-eisiúint aici ar nithe eile a riartar go háitiúil mar shampla na scéimeanna tosaíochta ligin don tithíocht agus sílim gur chóir di aghaidh a thabhairt anois ar threoirlínte a eisiúint i ndáil leis na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola.
Táim den dearcadh gur féidir treoirlínte ginearálta a cheapadh nach sáródh cumas na n-údarás áitiúil a scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola féin a dhréachtú agus a cheapadh. Is fearr an seasamh atá ag an Roinn chun treoirlínte den sórt a dhréachtú a mbeadh mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar roinnt de na neamhréireanna a aithnítear sa tuarascáil seo, agus go háirithe, ceist na n-oibreoirí príobháideacha.
Ar deireadh, is léir ó m’imscrúdú nach leor an fhoráil sna comhshocruithe reatha maidir le riarachán na seirbhísí um bainistiú dramhaíola chun an t-ualach costais ar theaghlaigh ar ioncam íseal a mhaolú. Is ionann an múnla reatha chun na seirbhísí sin a phríobháidiú agus bac a bheith ar údaráis áitiúla a n-oibleagáidí i leith an bheartais shóisialta a fheidhmiú. Is trí reachtaíocht nua agus tríthi sin amháin is féidir réiteach a fháil ar na ceisteanna seo.
Ag féachaint don neamh-chomhsheasmhacht agus don éagothroime a aithnítear sa tuarascáil seo i ndáil le riaracháin na scéimeanna um tharscaoileadh atá i bhfeidhm faoi láthair agus, i gcúinsí eile, an mhainneachtain scéim den sórt a thabhairt isteach, molaim go nglacfadh gach údarás áitiúil bearta láithreach chun:
Molaim go gcuirfeadh gach údarás áitiúil na moltaí seo i bhfeidhm láithreach d’ainneoin na moltaí a dhéanaim i mír 12.2 thíos.
Molaim, ó tharla na bhfreagrachtaí atá leagtha ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i ndáil le ceisteanna rialtais áitiúil, gurb í an Roinn is mó a bheadh freagrach as cabhair a thabhairt d’údaráis áitiúla agus as iad a spreagadh ar an mbealach seo:
Tá sé i gceist agam iarraidh ar gach údarás áitiúil tuarascáil ar dhul chun cinn ar fhorfheidhmiú na moltaí in 12.1 thuas a chur faoi mo bhráid 12 mí tar éis dáta foilsithe na tuarascála seo.
Iarrfar ar an Roinn tuairisc a thabhairt do m’Oifig, gach sé mhí, ar an dul chun cinn a bheidh á dhéanamh ar fhorfheidhmiú na moltaí in 12.2 thuas.
Cuireadh dréacht-chóip den tuarascáil seo faoi bhráid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chun í a bhreithniú, arna fhoráil in Alt 6 (2)(d) den Acht Ombudsman 1980. Tá an téacs iomlán de fhreagra na Roinne in Aguisín 12 atá leis an tuarascáil seo. Sliocht gairid is ea an sliocht seo a leanas:
“Fáiltíonn an Roinn roimh an tuarascáil seo de chuid an Ombudsman a chabhróidh go mór le saincheist arbh ábhar tráchtaireachta í arís agus arís eile i measc páirtithe leasmhara agus breithneofar an tuarascáil agus go háirithe moltaí na tuarascála go hiomlán i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar rialú na hearnála um bainistiú dramhaíola.
Leagtar béim sa tuarascáil ar shaincheisteanna maidir le hoibriú na scéimeanna um tharscaoileadh ag údaráis áitiúla agus gan scéimeanna den sórt a bheith i bhfeidhm i gceantair a ndéanann an earnáil phríobháideach freastal orthu. Saincheisteanna iad seo a d’ardaigh an earnáil phobail agus dheonach cheana i gcomhthéacs na comhpháirtíochta sóisialta agus rinne an earnáil phobail agus an earnáil dheonach an argóint nach gcaitear go cothrom le teaghlaigh ar ioncam íseal i gceantair ina gcuireann bailitheoirí príobháideacha dramhaíola seirbhísí ar fáil i gcomparáid leis na teaghlaigh siúd a fhaigheann tarscaoileadh ó údaráis áitiúla; nach gcaitear go cothrom leo ach oiread i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde sa cheantar céanna ó tharla go bhféadfadh na teaghlaigh ar ioncam níos airde leas a bhaint as faoiseamh cánach ar a muirir dhramhaíola; agus gur cruatan dáiríre a bhíonn mar thoradh air i gcásanna ar leith.”
Aguisín 1 – Ceistneoir faoi Tharscaoileadh ar Mhuirir Dhramhaíola
1. Léirigh le do thoil trí chliceáil ar an mbosca cé acu ceann de na seirbhísí bailithe dramhaíola a sholáthraítear i gceantar do Chomhairle agus luaigh an meánchostas bliantúil in aghaidh an teaghlaigh.
Seirbhís Údaráis Áitiúil : Costas Bliantúil
Bailitheoir Príobháideach: Costas Bliantúil
Údarás Áitiúil agus Bailitheoir Príobháideach Costas Bliantúil
Eile: : Costas Bliantúil
Tráchtaireachtaí
2. Cén céatadán de na teaghlaigh i gceantar na Comhairle a bhaineann úsáid
(a) As Seirbhís an Údaráis Áitiúil
(b) As Seirbhís Phríobháideach Bhailithe
(c) Eile
3. Sonraí faoin gcóras chun muirir bhailithe dramhaíola a ghearradh agus méid na muirear:
Muirear Comhréidh: Méid
Clibeanna Araide: Méid
Íoctar dé réir Meáchain Méid
Muirear ar Araid Uaine Méid
Muirear ar Araid Dhonn Méid
Eile: Méid
Tráchtaireachtaí
4. An bhfuil Scéim um Tharscaoileadh Dramhaíola i bhfeidhm ag do Chomhairle?
Má tá, cuir cóip di leis seo agus tabhair na sonraí iomlána faoin gcineál agus faoi mhéid an tarscaoilte.
Mar shampla: % den laghdú ar mhuirear, líon na gclibeanna araide saor in aisce agus araile.
Tráchtaireachtaí
Mura bhfuil, lean ar aghaidh go Ceist 15.
5. Tabhair sonraí le do thoil faoi na critéir cháilitheacha chun leas a bhaint as tarscaoileadh.
6. An ndéantar foráil i scéim na Comhairle do tharscaoileadh do na teaghlaigh go léir ar ioncam faoi thairseach shocraithe?
Má dhéantar, tabhair breac-chuntas le do thoil faoi cé mar a dhéantar measúnú ar ioncam iarratasóra lena náirítear sonraí faoi chruthúnas ar bith ar ioncam is gá d’iarratasóir a chur isteach.
7. An ndéantar foráil i scéim na Comhairle do tharscaoileadh i gcás go mbunaítear na critéir cháilitheacha ar íocaíochtaí/ioncam a ndéantar tástáil ó thaobh acmhainní de orthu mar shampla ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh?
Má dhéanann an bhfuil imní ar an gComhairle go bhféadfadh caitheamh go míchothrom a bheith mar thoradh air sin mar shampla i gcásanna iarratasóirí ar ioncam comhchosúil ó fhoinsí nach ndéantar tástáil ó thaobh acmhainní de orthu cosúil leis an bPinsean Easláine nó Pinsean Seanaoise Ranníocach?
Tráchtaireachtaí
8. I gcás go n-eascraíonn deacrachtaí cothromais nó go n-ardaítear ceisteanna cothromais de bharr go ndeachthas in iontaoibh ar thástáil ó thaobh acmhainní de a rinne comhlacht eile, an ndéanann an Chomhairle a tástáil ó thaobh acmhainní de féin?
Mura ndéanann, cén fáth nach ndéanann?
9. An ndéantar foráil i scéim na Comhairle do dhiscréid a fheidhmiú i gcás teaghlach ar ioncam íseal nach gcáilíonn i gcomhair tarscaoilte faoi théarmaí dochta na scéime:
Má déanann, sonraigh le do thoil:
Mura ndéanann, mínigh le do thoil an t-údar nach bhfuil an fhoráil sin sa scéim:
10. Cén chaoi a dtugtar fógra do theaghlaigh go bhfuil tarscaoileadh ar fáil?
11. Cén chaoi a dtugtar fógra do theaghlaigh gur deonaíodh/diúltaíodh tarscaoileadh?
12. An féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltú tarscaoileadh a thabhairt?
Más féidir, sonraigh le do thoil an próiseas achomhairc atá i bhfeidhm.
13. Sonraí faoi líon iarratas ar tharscaoileadh a fuarthas agus an líon a deonaíodh/a diúltaíodh sa bhliain 2006
Faighte
Deonaithe
Diúltaithe
14. Costas na scéime tarscaoilte don bhliain 2006 (gan costais riaracháin san áireamh)
Costas riartha na scéime sa bhliain 2006: :
15. Cé mar a mhaoinítear an costas a bhaineann le tarscaoileadh a thabhairt?
As muirir na seirbhíse dramhaíola
Acmhainní féin (sonraigh an réimse):
Eile:
Tráchtaireachtaí
16. I gcás nach bhfuil scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm ag an gComhairle, luaigh le do thoil cibé an ndearnadh scéim den sórt a bhreithniú?
Dá mba rud é gur breithníodh scéim den sórt cén fáth nár soláthraíodh í?
Dá mba rud é nár breithníodh cén fáth nár breithníodh?
17. I gcás gur bailitheoirí príobháideacha a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe dramhaíola go léir nó cuid den tseirbhís bhailithe dramhaíola i gceantar na Comhairle, an dtairgeann an bailitheoir príobháideach tarscaoileadh ar mhuirir?
Má thairgeann, sonraigh le do thoil?
Mura dtairgeann, céard é an dearcadh atá ag an gComhairle maidir le cibé ar chóir di (An Chomhairle) tarscaoileadh a thairiscint do chustaiméirí na mbailitheoirí príobháideacha?
Tráchtaireachtaí
18. An ndearnadh gearán(gearáin) ar bith leis an gComhairle faoi dhramhaíl nár bailíodh de bharr gur teipeadh leas a bhaint as an gcóras bailithe dramhaíola atá i bhfeidhm?
Má rinneadh, luaigh an líon gearán a fuarthas i ngach bliain le trí bliana anuas chomh maith le sonraí faoi fhreagra na Comhairle?
Má rinneadh, cén líon de na gearáin seo arbh í ceist an tarscaoilte ba chúis leo?
19. Más ceist ábhartha í seo – an bhfuil an córas tarscaoilte céanna atá i bhfeidhm ag an gComhairle Contae i bhfeidhm ag gach ceann de na Comhairlí Baile/Buirge sa Chontae?
20. Tráchtaireachtaí ginearálta ar bith is mian leis an gComhairle a dhéanamh agus a d’fhéadfadh cuidiú leis an Ombudsman san athbhreithniú seo. D’fhéadfadh gur sonraí/tráchtaireachtaí faoi dheacrachtaí a bhaineann le tarscaoileadh a thabhairt, le gearáin a fuarthas, le hacmhainní a bheith ar fáil, le saincheisteanna riaracháin nó le ceist ábhartha ar bith eile a bheadh iontu.
21. Seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an teagmhálaí sa Chomhairle.
Seol an ceistneoir seo ar ais ar ríomhphost amháin chuig anne_o’reilly@ombudsman.gov.ie
Aguisín 4 - Ciste Cruatain um Bainistiú Dramhaíola - Comhairle Contae Mhuineacháin
Tá an tseirbhís bhailithe dramhaíl teaghlaigh príobháidithe i gContae Mhuineacháin le roinnt blianta. Níl scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm a thuilleadh do theaghlaigh ar ioncam íseal dá thoradh. Chinn Comhaltaí Chomhairle Contae Mhuineacháin, ar mhaithe le réiteach a fháil do roinnt teaghlach a bhí i ndáiríre i gcruatan ó thaobh costais na seirbhíse bailithe dramhaíola a íoc, Ciste Cruatain a bhunú ar mhaithe leis na daoine siúd is mó a mbíonn i gcall. Cuirtear buiséad beag bliantúil i leataobh gach bliain i gcomhair an chiste seo: €20,000 foráil na bliana 2007.
Aithníonn an Chomhairle go bhfuil na mílte daoine a chónaíonn sa Chontae ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Ní mór d’iarratasóirí, áfach, chun cáiliú do chabhair as an gCiste Cruatain, an Chomhairle a shásamh gur measa a ndálaí ná formhór na dteaghlach eile ar ioncam íseal. Déantar iarratais a mheas ina gceann agus ina gceann. Áirítear iad seo a leanas ar shamplaí de chásanna inar tugadh cabhair:
Teaghlaigh inar fáthmheasadh go bhfuil tinneas an-thromchúiseach ag gabháil do dhuine den teaghlach agus go bhféadfadh go dtabhófaí costas suntasach breise orthu as a bheith ag taisteal go dtí an t-ospidéal chun cóireáil a fháil, chun cuairt a thabhairt ar an duine sin agus araile.
Cé nár fhógair Comhairle Contae Mhuineacháin go raibh an chabhair seo le fáil riamh, tá na Comhaltaí Tofa go léir ar an eolas faoin scéim (ó tharla gurbh iadsan a chinn an scéim a ghlacadh) agus is minic leo toghthóirí a chasann orthu agus atá i gcruatan tromchúiseach a chur ar an eolas go bhfuil a leithéid de scéim ann. Is minic go ndéanann An tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid daoine a chur ar aghaidh agus bíonn páirt lárnach ag Cumann Naomh Uinseann de Pól ó thaobh béim a leagan ar chásanna riachtanais speisialta.
Iarrtar ar iarratasóirí ar chabhair as an gciste cóip den bhille bailithe dramhaíola ba dhéanaí a fuair siad a chur isteach. Ní dhéanann an Chomhairle ach ranníocaíocht a thabhairt i leith an chostais – 50% go hiondúil. Is go díreach leis an gConraitheoir Dramhaíola agus ní leis an teaghlach a íoctar na seiceanna.
Fuair 45 duine cabhair sa bhliain 2006 agus ba €6,205 an tsuim iomlán a caitheadh. Ba 35 an líon iarratasóirí dar tugadh cabhair go dáta sa bhliain 2007 agus is €4,747 an caiteachas go dáta (Deireadh Fómhair 2007).
Aguisín 6 - Aighneacht ó Chumann Naomh Uinseann de Pól
Réamhrá
Cé go dtugaimid tacaíocht don phrionsabal ‘Íoctar mar a Thruaillítear’ tá imní ar Chumann Naomh Uinseann de Pól go bhfuil go leor teaghlach ar ioncam íseal ag fulaingt de bharr bochtaineachta de bharr struchtúr na muirear dramhaíola i líon áirithe d’údaráis áitiúla. Tháinig ardú suntasach ar mhuirir dhramhaíola le blianta beaga anuas agus tá níos mó agus níos mó de na seirbhísí á soláthar ag soláthraithe as an earnáil phríobháideach arb í an éifeachtacht ó thaobh costais de seachas cosaint a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal ó ualach airgeadais nach gá an príomhúdar imní atá acu. Níl oibleagáid ar bith ar oibreoirí príobháideacha scéim um tharscaoileadh a sholáthar. Cinntear gnéithe oibriúcháin den bheartas bainistithe dramhaíola ar bhonn Rialtas áitiúil agus bíonn córais éagsúla i bhfeidhm i gcontaetha éagsúla dá thoradh.
An Beartas Reatha
Eascraíonn príomhfhadhbanna agus neamhréireanna as na córais reatha ‘Íoctar mar a Thruaillítear/ Íoctar de réir meáchain’ atá i bhfeidhm faoi láthair cé gur léir a dtairbhe ó thaobh an chomhshaoil de:
Tugann an Cumann faoi deara chomh maith go bhfuil éagothroime intuigthe sa struchtúr atá ann cheana de bharr go bhfuil faoiseamh cánach ar fáil do ‘cháiníocóirí’ agus nach bhfaigheann teaghlaigh ar ioncam íseal nach n-íocann ach beagán cánach nó nach n-íocann cáin ioncaim ar bith tairbhe as faoiseamh den sórt. Íoctar an faoiseamh ag ráta 20% agus dá réir sin bíonn sábháil de isteach agus amach le €100 i gceist i roinnt cásanna.
Cuireann an Cumann fáilte roimh an bhfeachtas fógraíochta reatha faoin bhfaoiseamh seo mar go gcreidimid go bhfuil go leor teaghlach atá ar ioncam íseal ar an ngnáthráta cánach nach bhfuil a fhios acu go bhfuil siad i dteideal aon fhaoiseamh cánach ar bith, agus má tá féin, nach minic leo a bheith cinnte cén chaoi a ndéanfaidh siad éileamh ar fhaoiseamh den sórt.
Go dtí seo, theip ar an stát scéim leanúnach chuimsitheach a fhorbairt chun cabhrú le teaghlaigh níos boichte le muirir den sórt. Mar bharr ar an donas is minic a bhíonn easpa saoráidí athchúrsála cuí ann, go háirithe i gceantair thuaithe. Cuireann Comhdhálacha Chumann Naomh Uinseann de Pól cabhair airgeadais ar fáil go háitiúil chun teacht i gcabhair ar an gcruatan arb í an easpa tacaíochta cuí maidir le muirir dhramhaíl teaghlaigh is cúis leis.
Roinnt Samplaí den chaoi ina bhfuil Cúrsaí Faoi Láthair
An Ghráinseach i nDúglas, Corcaigh: scéal dhá chóras - Ard Ó bhFicheallaigh agus Eastáit Bhaile an Chuilinn
Tá córas tarscaoilte i bhfeidhm in eastát Ard Ó bhFicheallaigh. Tá aonaid tithíochta sóisialta ar an dá eastát agus dar le Cumann Naomh Uinseann de Pól tá an táille um bainistiú dramhaíola agus easpa córas tarscaoilte in eastát Bhaile an Chuilinn ag cur leis an ualach atá ar theaghlaigh atá i gcruatan airgeadais cheana féin. Tá sé á fheiceáil do Chumann Naomh Uinseann de Pól, agus is í an bharúil chéanna atá ag na háitritheoirí, go bhfuil leatrom nach bhfuil cóir á imirt ar na daoine úd a chónaíonn ar Eastát Tithíochta agus nach bhfuil bailiúchán á dhéanamh iontu ag an údarás áitiúil a thuilleadh. Tháinig Naomh Uinseann de Pól i gcabhair ar theaghlach amháin a raibh €185 le híoc acu ar bhailiú dramhaíola sé mhí.
Baile Átha Cliath 15: Na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag ár n-oibrithe deonacha
Ba ghá do Chomhdháil SVP cabhair a thabhairt chun gairdíní cúil a ghlanadh agus bhí cuidiú le fáil uaithi chomh maith chun araidí eile a chur in áit araidí a goideadh. Is fiú a thabhairt faoi deara gur obair chrua í seo d’oibreoirí deonacha agus creidim nach féidir leis an gcomhdháil cabhair a thabhairt feasta chun obair dhian fhisiceach den sórt a dhéanamh.
Dún Droma: An éagothroime atá laistigh de Choimpléasc Údaráis Áitiúil
Baineann na deacrachtaí sa chás seo le Comhairle Contae Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin a ghearrann “suim coitinne” i gcomhair muirir bhailithe dramhaíola ar a tionóntaí árasán (go sonrach a cuid tionóntaí féin) i Rosemount Court. I gcás go mbeadh seanbhean shingil (pinsinéir) ag maireachtáil ina haonar in árasán agus dá leagfadh sí amach cúpla mála beag plaisteach (mar a bhíonn acu sna hollmhargaí) de dhramhaíl gach seachtain ghearrfaí an tsuim chéanna uirthi in aghaidh na bliana is a ghearrfaí ar a comharsana a bhféadfadh gur cúpla iad a mbeadh beirt leanaí acu agus a mbeadh íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu nó a mbeadh duine amháin, ar a laghad, den bheirt ag obair.
Iarmhairtí an Chórais Reatha
Is léir don Chumann trí obair ár n-oibrithe deonacha na hiarmhairtí díreacha a mbíonn ar dhaoine aonair agus teaghlaigh dul i ngleic leo mar gheall ar an gcóras reatha. Áirítear orthu sin carnáin bhruscair a bheith i ngairdíní cúil na ndaoine agus imní faoi shláinte an phobail, contúirtí do leanaí, míshuaimhneas i measc na gcomharsan agus b’fhéidir iompar frithshóisialta fiú, a bheith mar thoradh orthu. Más gá muirir iomlána a íoc bíonn tionchar aige sin ar bhuiséid roghnacha eile an teaghlaigh cosúil le bia / éadach / siamsaíocht. Is fiú chomh maith taithí an Aonaid Dónna Míochaine a thaifeadadh sé sin go raibh ardú ar an líon dónna de bharr go rabhthas ag dó bruscar teaghlaigh.
San iarracht a rinne an Cumann réiteach a fháil ar na saincheisteanna seo d’íoc sé as costas scipeanna bruscair, costas tithe a fholmhú agus costas rialaithe míolra. Tá comhshocruithe déanta ag an gCumann go háitiúil le hÚdaráis Áitiúla agus le Bailitheoirí Príobháideacha Dramhaíola chomh maith.
Muineachán: Ag réiteach na faidhbe go háitiúil le cabhair ó Naomh Uinseann de Pól
Tá caidreamh maith ag Cumann áitiúil Naomh Uinseann de Pól leis an Údarás Áitiúil. I gcásanna ar leith bíonn níos mó solúbthachta ag Naomh Uinseann de Pól ó thaobh cabhrú le teaghlaigh seachas mar a bhíonn ag an gComhairle Contae. Leathnaíodh amach an caidreamh oibre seo chun seirbhísí bainistithe dramhaíola a thabhairt san áireamh. Cé go soláthraíonn oibreoir príobháideach seirbhísí sa bhaile tháinig Cumann áitiúil Naomh Uinseann de Pól ar shocrú leis an gComhairle Contae go n-íocfadh an Chomhairle Contae cíos na haraide (muirear seasta) leis an oibreoir príobháideach i gcásanna sonracha – tarscaoileadh neamhfhoirmiúil i bhfocail eile. Tá an Cumann óna thaobhsan de fós ag cabhrú leis na teaghlaigh sin maidir le saincheisteanna bainistithe dramhaíola nó le saincheisteanna eile.
Cathair na Mart: Idirbheartaíocht le Bailitheoirí Príobháideacha
Thug Comhairle Contae Mhaigh Eo isteach bailiú príobháideach dramhaíola in Eanáir 2007. Cuireadh in iúl dár gcomhaltaí ag cruinniú a bhí ag an gComhairle le Cumann Naomh Uinseann de Pól gur ceist phríobháideach anois í idir an custaiméir agus an soláthraí. Chuaigh Cumann Naomh Uinseann de Pól ar thóir cruinnithe le soláthraí áitiúil amháin agus tá liúntas suntasach á thabhairt ag an soláthraí sin anois do na tionóntaí atá ina gcónaí i dtithe de chuid Chumann Naomh Uinseann de Pól.
Cruacheist an Bhailithe Phríobháidigh Dramhaíola
Baineann formhór na n-údarás áitiúil úsáid as an earnáil phríobháideach chun oiread áirithe de sheirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthar ina gcontaetha. Rialaíonn an rialtas áitiúil na cuideachtaí príobháideacha dramhaíola trí cheadúnais bhailithe dramhaíola. Ar bhotúnaí an tsaoil teipeann ar na ceadúnais bhailithe dramhaíola bonn éigeantach a chur faoi na nithe seo a leanas: gné ar bith den phraghsáil, den bheartas íocaíochta nó den chosaint tomhaltóra (i gcontrárthacht a bheag nó a mhór leis na gnéithe eile go léir a bhaineann le saincheist an bhainistithe dramhaíola). Mar thoradh díreach air sin creidimid nach soláthraíonn formhór na gceantar ina dtugtar soláthar príobháideach cineál ar bith de chosaint ioncaim do theaghlaigh atá níos boichte. Tá an-imní ar SVP maidir leis na contaetha inar amhlaidh an cás faoi na baic a ghabhann le córas a bhunú a thabharfadh cosaint do theaghlaigh ar ioncam íseal agus a spreagfadh daoine chun a ndramhaíl teaghlaigh a laghdú.
Céard atá ag teastáil ó Chumann Naomh Uinseann de Pól
Creidimid gur chóir don Rialtas dóthain acmhainní a leithdháileadh chun córas comhsheasmhach a bhunú a bheadh i bhfeidhm ar fud na tíre agus a chabhródh le daoine ar ioncam íseal - na daoine siúd a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus na daoine siúd ar ioncaim ísle pá – lena gcostais dramhaíl teaghlaigh. Creidimid gur féidir é sin a dhéanamh agus na teaghlaigh sin a spreagadh ag an am céanna chun athchúrsáil a dhéanamh nuair is féidir é.
Réitigh Bheartais a d’fhéadfadh an cás a leigheas
Is gá forbairt beartais ar bith a tharlódh a chomhtháthú le tionscnaimh Chomhpháirtíochta Sóisialta ar Bhainistiú Dramhaíola ar bhonn práinne. Molann Cumann Naomh Uinseann de Pól go dtabharfadh an Rialtas córas a riarfaí go háitiúil isteach a bhunófaí ar dhá líon éagsúla de mhálaí / clibeanna / araidí. Is féidir an leithdháileadh saor in aisce seo a bhunú ar chleachtas fónta comhshaoil, trí líon teoranta clibeanna nó málaí a thabhairt amach agus ar an toimhde go laghdóidh, go n-athúsáidfidh agus go n-athchúrsálfaidh teaghlaigh sciar den dramhaíl a ghineann an teaghlach. Thabharfaí an líon ba mhó díobh seo do theaghlaigh a bheadh ag brath go hiomlán ar leas sóisialach agus bheadh líon níos lú – b’fhéidir a leath – ar fáil do theaghlaigh ar thuarastail ísle, ag a mbeadh ioncam níos ísle ná leibhéal an Fhorlíonta Ioncam Teaghlaigh. Bheadh acmhainní as ciste an Rialtas láir ag teastáil, áfach, chun na costais bhreise a bhainfeadh leis an ardú a thiocfadh ar chostas riaracháin áitiúil / láir na scéime seo a íoc.
Ní féidir é a thoimhdiú go laghdóidh, go n-athúsáidfidh agus go n-athchúrsálfaidh teaghlaigh an dramhaíl mura mbeidh saoráidí cuí, cuimsitheacha, inrochtana a fhógrófar ar fud an stáit ann chun déanamh amhlaidh. Níor mhór freisin nach mbreathnódh na clibeanna / na málaí / na haraidí saor in aisce éagsúil ó na clibeanna réamhíoctha d’fhonn cúis náire a sheachaint.
Conclúidí
Is ceist í seo don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil sa deireadh thiar thall ó tharla gurb í an mháthair-roinn í agus ó tharla nár phromh sí an beartas seo ó thaobh na bochtaineachta de ar an gcéad dul síos – gníomh atá mar oibleagáid uirthi faoin Straitéis Náisiúnta in Aghaidh na Bochtaine. Má chreideann an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil nach bhfuil sainchúram aici sa réimse seo, ba mhaith leis an SVP a chur i gcuimhne di go bhfuil beartas tacaíochta ioncaim ar siúl ag an Roinn faoi láthair mar go bhfuil Scéim Cíosanna Difreálacha i bhfeidhm aici in earnáil tithíochta an údaráis áitiúil. Tá locht ar réiteach leasa shóisialaigh as féin ar dhá chúis:
Moltaí
Creideann SVP gur chóir don Rialtas:
Dóthain infreastruchtúr athchúrsála a sholáthar – ní féidir le teaghlaigh ar ioncam íseal dramhaíl a laghdú mura bhfuil deiseanna ann chun a ndramhaíl teaghlaigh a laghdú go cuimsitheach.
Córas bunaithe go háitiúil a fhorbairt ina mbainfí úsáid as leithdháileadh saor in aisce ar leith de chlibeanna / greamáin / málaí nó araidí (ag brath ar mheáchan nó toirt) do theaghlaigh a bheadh ag brath ar leas sóisialach agus leithdháileadh níos ísle saor in aisce do theaghlaigh a mbeadh siad siúd ar thuarastal íseal ar bharr an liosta dó. Chun déanamh amhlaidh, is gá don Rialtas:
I gcás go dteipfí déanamh amhlaidh, ba ghá don Rialtas:
Is mian leis an gCumann buíochas a ghabháil le hOifig an Ombudsman as an athbhreithniú seo a dhéanamh.
Aguisín 7 - Aighneacht ó Dháil na Saoránach Sinsearach in Éirinn
Cén fáth ar chóir tarscaoileadh a thabhairt do Phinsinéirí ó Mhuirir Dhramhaíola?
Is mian le Dáil na Saoránach Sinsearach in Éirinn aighneacht a dhéanamh ar son daoine breac-aosta atá ag íoc muirir dhramhaíola faoi láthair. Tá an dáil den dearcadh gur chóir tarscaoileadh ar mhuirir dhramhaíola a thabhairt do na pinsinéirí go léir agus do ghrúpaí eile leasa shóisialaigh agus do ghrúpaí ar ioncam íseal.
Tá go leor pinsinéirí i mbaol bochtaineachta faoi láthair. Bíonn leath de na pinsinéirí go léir ag brath go hiomlán ar phinsean stáit (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2007) agus súnn costais bhreise cosúil le costais dhramhaíola a n-ioncam iarbhír. Níl an córas cothrom ó tharla go bhfuil scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm ag roinnt de na húdaráis áitiúla agus nach bhfuil ag cinn eile. Ní léir dúinn gurb ann do chúis inchosanta maidir leis an neamhréir seo ach amháin gurb amhlaidh gur ceapadh beartais neamh-chomhordaithe is cúis leis. Is é bun agus barr an scéil nár forbraíodh córas comhsheasmhach náisiúnta um tharscaoileadh ar bith. Mar sin tá daoine breacaosta i roinnt ceantar atá ag baint tairbhe as an tarscaoileadh ach tá go leor eile nach bhfuil ag baint tairbhe ar bith as. Ní raibh scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm ach ag díreach os cionn leath de na 34 údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu anuraidh maidir leis an tsaincheist seo. (De réir - O‘Callaghan-Platt and Davies A. (2006) ‘A Nationwide Review of Pay-By-Use (PBU) Domestic Waste Collection Charges in Ireland: Extensive Survey Findings (2005-WRM-MS-33) Tuarascáil Eatramhach Loch Garman: AN GHNÍOMHAIREACHT DO CHOMHRAC NA BOCHTAINE)
I gcás go bhfeidhmítear scéim um tharscaoileadh ní úsáidtear bealaí comhsheasmhacha chun an tarscaoileadh a thomhas. Éilíonn roinnt de na húdaráis áitiúla go ndéanfadh daoine breacaosta iarratas ar tharscaoileadh, go ndéanfaí tástáil ó thaobh acmhainní de orthu nó go ndéanfaí an cás go bhfuil siad i gcruatan. Is iad na daoine breacaosta siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste na daoine nach dtugtar tarscaoileadh dóibh agus ar gá dóibh muirear mór bliantúil a íoc.
Is éard atá i nglao na dála go mbeadh córas náisiúnta ann inar ghá do gach údarás áitiúil scéim um tharscaoileadh a chur i bhfeidhm ionas nach mbeadh daoine breacaosta, ná go deimhin teaghlach ar bith ar ioncam íseal, faoi chruatan gan ghá. Faoi láthair caitheann na daoine breacaosta sin atá ar na hioncaim is ísle, ar pinsinéirí a bhíonn ag brath go hiomlán ar phinsean stáit a bhformhór, suim dhíréireach dá n-ioncam ar mhuirir dhramhaíola. Is mór an t-údar imní é seo don dáil de bharr go gciallaíonn sé go bhféadfaí na daoine breacaosta sin a bhíonn ina gcónaí díreach os cionn na líne bochtaineachta a tharraingt ar ais faoin líne an athuair. D’fhágfadh sin go méadófaí an bhearna leithdháilte ioncaim idir teaghlaigh ar ioncam íseal agus an chuid eile den daonra.
Is mian le Dáil na Saoránach Sinsearach dhá mholadh shimplí a chur faoi bhráid an Rialtais chun aghaidh a thabhairt ar an údar imní seo:
1.Córas náisiúnta um tharscaoileadh a fhorfheidhmiú i gcomhair muirir dhramhaíola a chinnteodh go mbeadh na pinsinéirí go léir i dteideal tarscaoilte ó mhuirir dhramhaíola.
2.Go mbeadh an tarscaoileadh seo ina chuid den phacáiste reatha sochair Theaghlaigh.
Bheadh córas i bhfad níos cothromasaí agus níos éifeachtaí i bhfeidhm dá gcuirfeadh an rialtas na bearta seo i bhfeidhm. Rachadh an córas seo chun tairbhe do chách go háirithe don ghlúin bhreacaosta.
Aguisín 8 - Litir chuig An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
12 Meán Fómhair, 2007
Geraldine Tallon, Uasal Ard-Rúnaí, An Roinn Comhshaoil Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1.
Athbhreithniú ar Scéimeanna um Tharscaoileadh Dramhaíola
A Chara,
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leat ar do cheapachán mar Ard-Rúnaí na Roinne agus guím gach rath ort i do phost nua.
Is mian liom a chur in iúl duit go raibh an tOmbudsman ag déileáil le líon áirithe gearán i ndáil le líomhaintí éagothroime i scéimeanna arna n-oibriú ag údaráis áitiúla a bhaineann le tarscaoileadh ar mhuirir dhramhaíola. Chinn an tOmbudsman feidhm a bhaint as an gcumhacht atá in Alt 4 (3)(b) den Acht Ombudsman, 1980 maidir le himscrúdú ginearálta a dhéanamh ar oibriú na scéimeanna um tharscaoileadh in údaráis áitiúla. Tá sé beartaithe go (a) leagfar béim san athbhreithniú ar phríomh-shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn, (b) go ndíreofar san athbhreithniú ar na drochéifeachtaí a bhí ar roinnt de chliaint na n-údarás áitiúil, agus (c) go mbreithneofar san athbhreithniú roghanna chun drochéifeachtaí ar bith den sórt a mhaolú.
Mar chuid den athbhreithniú seo roghnaíodh líon áirithe údarás áitiúil agus iarradh orthu ceistneoir a líonadh i ndáil lena gcórais bhailithe dramhaíola agus sonraí a thabhairt faoi scéim um tharscaoileadh dramhaíola ar bith atá i bhfeidhm. Tá cóip den cheistneoir faoi iamh mar eolas duit. Tá sé i gceist ag an Ombudsman tuarascáil a fhoilsiú maidir le toradh an athbhreithnithe agus chuige sin bheadh tuairimí na Roinne faoi na saincheisteanna ginearálta a ardaítear fóinteach ionas go mbeadh an tOmbudsman ábalta léargas a thabhairt orthu ina tuarascáil.
Nocht líon suntasach d’údaráis áitiúla na tuairimí seo a leanas sna freagraí a thug siad ar an gceistneoir:
Is léir ón eolas a soláthraíodh go dáta go bhfuil an-éagsúlacht idir na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola arna n-oibriú ag údaráis áitiúla go háirithe ó thaobh na gcatagóirí daoine a mheastar a cháileodh don fhaoiseamh. Tá easpa comhsheasmhachta le tabhairt faoi deara tríd is tríd agus táim ar an eolas, ó thaobh ceantar geografach i gContae amháin ar a laghad, go bhfuil trí scéim éagsúla i bhfeidhm agus go bhfuil critéir cháilitheacha éagsúla ag gabháil le gach aon cheann díobh sin. Is minic dá thoradh go mbraitheann an faoiseamh, más ann dó, a bhíonn ar fáil do theaghlaigh ar ioncam íseal ar an áit ina gcónaíonn siad agus ar a bhfoinse ioncaim, seachas ar a gcumas na billí a íoc. Is údar imní, ó thaobh riaracháin de, an easpa comhsheasmhachta nó comhionannais ó thaobh cur chuige de.
B’fhéidir go bhfuil tú ar an eolas gur scríobh an Oifig seo chuig an Roinn tamall ó shin i ndáil le deacrachtaí, lena n-áirítear ceist na neamh-chomhsheasmhachta maidir le riarachán an Deontais do Dhaoine Faoi Mhíchumas. Chuir an Roinn in iúl ina freagra go raibh athbhreithniú á dhéanamh aici ar an scéim agus é mar aidhm aici sraith níos comhsheasmhaí de réitigh a fhorbairt i gcomhair riachtanais tithíochta daoine breacaosta agus daoine faoi mhíchumas “chun a chinntiú go mbeidh an maoiniú atá ar fáil dírithe ar na daoine sin is mó a bhfuil gá acu le cabhair den sórt chun feabhas a chur ar chothromas agus ar chomhsheasmhacht agus chun nósanna imeachta riaracháin agus oibriúcháin a athchóiriú chun éifeachta”. D’fhoilsigh an Roinn a ráiteas nua beartais maidir leis an Deontas do Dhaoine Faoi Mhíchumas in “Ag Cur Tithe ar Fáil: Ar Mhaithe le Pobail”. B’fhéidir go bhféadfaí a chomhionann de chur chuige a úsáid chun réiteach a fháil ar an gceist seo chomh maith.
Tugann an tOmbudsman faoi deara gur moladh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine 2005 “Córas um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú” go gcuirfí tús le Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh agus tugadh breac-chuntas ar 3 mhúnla chun córas den sórt a fhorfheidhmiú (1) trí na húdaráis áitiúla, (2) tríd an gcóras creidmheasa cánach, agus (3) tríd an gCóras Leasa Shóisialaigh. Maidir leis sin b’fhéidir go luafadh an Roinn:
(a) a tuairimí ar mholtaí na tuarascála a luaitear thuas; agus
(b) cibé:
1.ar thionscain an Roinn gníomh ar bith tar éis an tuarascáil thuas a bhreithniú; agus/nó
2.an ndeachaigh an Roinn i mbun comhrá/cumarsáide leis An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ar an gceist seo, agus más rud é go ndeachaigh, céard é an toradh a bhí ar chomhrá/chumarsáid den sórt.
Ó tharla gur deireadh Mheán Fómhair 2007 an spriocdháta chun bailchríoch a chur ar an athbhreithniú, lena n-áirítear dréacht-tuarascáil, bheifí buíoch dá mbeifí ábalta freagra a thabhairt taobh istigh de 3 seachtaine.
Mise le dúthracht duit,
------------------ Pat Whelan An tArd-Stiúrthóir
Aguisín 9 - Aighneacht ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
Scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil le muirir um bainistiú dramhaíola - Freagra ar fhiosrúchán i litir Oifig an Ombudsman dar dáta an 12 Meán Fómhair 2007
Fiosrúchán
“Tugann an tOmbudsman faoi deara gur moladh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine 2005 “Córas um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú” go gcuirfí tús le Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh agus tugadh breac-chuntas ar 3 mhúnla chun córas den sórt a fhorfheidhmiú (1) trí na húdaráis áitiúla, (2) tríd an gcóras creidmheasa cánach, agus (3) tríd an gCóras Leasa Shóisialaigh. Maidir leis sin b’fhéidir go luafadh an Roinn:
(a) a tuairimí ar mholtaí na tuarascála a luaitear thuas; agus
(b) cibé:
1.ar thionscain an Roinn gníomh ar bith tar éis an tuarascáil thuas a bhreithniú; agus/nó
2.an ndeachaigh an Roinn i mbun comhrá/cumarsáide leis An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ar an gceist seo, agus más rud é go ndeachaigh, céard é an toradh a bhí ar chomhrá/chumarsáid den sórt.”
Freagra
Ba ghnách go soláthraítí na seirbhísí bainistithe dramhaíola go háitiúil agus go gcinntí comhshocruithe aonair go háitiúil agus go saincheaptaí iad de réir imthosca áitiúla. Léiríonn an creat reatha dlí arna chinneadh ag an Oireachtas amhlaidh. Faoi Alt 52 den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 is faoin údarás áitiúil iomchuí muirir um bainistiú dramhaíola agus scéim ghaolmhar um tharscaoileadh ar bith a chinneadh i gcás go soláthraíonn sé an tseirbhís. Ar an gcaoi chéanna más oibreoir príobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe is faoin oibreoir sin na muirir a chinneadh.
I gcás gur oibreoir príobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís agus is gnách gurb ea (is oibreoir príobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís i 20 ceann de na 34 údarás áitiúla), is é an t-oibreoir sin a chinnfidh na muirir. Ar an gcaoi chéanna maidir le scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil leis na muirir sin is faoin údarás áitiúil lena mbaineann cineál agus méid scéime ar bith den sórt a chinneadh i gcás gurb é an t-údarás a sholáthraíonn na seirbhísí. I ngnáthfhocail ní fheidhmítear scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil le seirbhísí bailithe a sholáthraítear go príobháideach. Is ann do chomhairle dlí lena ndearbhaítear nach ndéantar foráil ó thaobh an dlí de do scéim den sórt in imthosca gurb í an earnáil phríobháideach a chuireann an tseirbhís ar fáil. I gcás, áfach, go dtagann údarás áitiúil ar chomhshocrú le hoibreoir príobháideach chun seirbhís a sholáthar do theaghlaigh ar leith is féidir feidhm a bheith ag scéim um tharscaoileadh. D’iarr an Roinn ar údaráis áitiúla dul i mbun cainteanna le bailitheoirí dramhaíl tráchtála chun aontú ar chomhshocruithe chun cabhrú le teaghlaigh ar ioncam íseal trí mhodhanna íocaíochta a bheadh mar mhalairt ar chnapshuim bhliantúil a thairiscint.
Táthar ag súil leis, agus bhíothas ón mbliain 2005 i leith, go dtabharfadh údaráis áitiúla agus soláthraithe príobháideacha na seirbhísí bailithe dramhaíola muirir ‘íoctar de réir úsáide’ isteach. Tá sé beartaithe leis na muirir seo iompar níos freagraí a chur chun cinn i measc daoine aonair trí chúiteamh a dhéanamh leis na daoine a laghdaíonn ar dhramhaíl agus a athúsáideann/a athchúrsálann dramhaíl. Ní mór an t-ardú ginearálta atá tagtha ar mhuirir sa chomhthéacs seo a mheas i gcomhréir leis an ardú as cuimse a tháinig ar an gcostas a bhaineann le seirbhísí um bainistiú dramhaíola a sholáthar ó tharla gur gá an ceanglas chun caighdeáin dhéine ach riachtanacha faoin gcomhshaol a chomhlíonadh agus infreastruchtúr forleathan athchúrsála a mhaoiniú.
I gcomhthéacs níos forleithne ardaíodh saincheist na muirear dramhaíola agus daoine/teaghlaigh ar ioncam íseal i gcomhthéacs na Comhpháirtíochta Sóisialta. Rinne an earnáil phobail agus an earnáil dheonach an argóint nach gcaitear go cothrom le teaghlaigh ar ioncam íseal i gceantair ina gcuireann bailitheoirí príobháideacha dramhaíola seirbhísí ar fáil i gcomparáid leis na teaghlaigh siúd a fhaigheann tarscaoileadh ó údaráis áitiúla; nach gcaitear go cothrom leo i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde sna ceantair chéanna ó tharla go bhféadfadh na teaghlaigh ar ioncam níos airde leas a bhaint as faoiseamh cánach ar a muirir dhramhaíola; agus gur cruatan dáiríre a bhíonn mar thoradh air i gcásanna ar leith.
Tionóladh sraith cainteanna idir an Roinn agus An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh mar gheall ar na saincheisteanna a ardaíodh. Ní fhéadfaí, áfach, meicníocht a aimsiú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh trí bhíthin an chórais leasa shóisialaigh.
Ardaíodh na saincheisteanna a bhaineann le hoibriú na scéimeanna um tharscaoileadh i gceantair áirithe thar cheantair eile arís eile i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine. Tugtar cúlra cheist an tarscaoilte sa tuarascáil, lena n-áirítear an comhthéacs dlí, agus caitear súil ar thrí mhúnla soláthair ar córais iad a mheastar a bheith níos cothromasaí sna húdaráis áitiúla. Feictear go bhfuil éagsúlacht nach féidir glacadh léi, ó thaobh na nithe a mbeadh daoine sna himthosca céanna ina dteideal, sna córais éagsúla atá i bhfeidhm faoi láthair.
Admhaítear go hiomlán sa tuarascáil lárnacht an phrionsabail ‘íoctar mar a thruaillítear’ agus gur chóir go mbeadh dreasachtaí ann ionas go gcoinneodh na teaghlaigh go léir smacht ar an dramhaíl a ghineann siad agus go mbainfí a mhéid úsáide is ab fhéidir é as athchúrsáil.
Breathnaíonn na húdair tríd is tríd ar mhúnlaí féideartha chun córas um tharscaoileadh a bheadh níos cothromasaí go náisiúnta, mar is léir dóibhsean, a sholáthar agus bíonn siad ar aon fhocal, a bheag nó a mhór, faoi cheann amháin. Córas bunaithe go háitiúil, córas eisiatach creidmheasa cánach agus córas leasa shóisialaigh na trí rogha a breithníodh sa tuarascáil. Ní ghlactar leis an rogha creidmheasa cánach ó tharla an líon daoine sa spriocdhaonra a bheadh saor ó cháin. Ar deireadh thiar taobhaítear sa tuarascáil le córas a bheadh bunaithe go háitiúil seachas le córas leasa shóisialaigh. Áirítear na pointí seo a leanas ar na pointí a pléadh maidir leis an gcóras a bheadh bunaithe go háitiúil:
Is cóir a thabhairt faoi deara go ndírítear an tuarascáil go príomha ar sheirbhísí arna soláthar ag údaráis áitiúla.
Bhreithnigh Dáil Éireann ceist na scéimeanna um tharscaoileadh i mí Feabhra 2005 i gcomhthéacs rúin nár glacadh agus inar glaodh go dtabharfaí isteach Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh. Mhínigh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil beartas an Rialtais ar an gceist an tráth sin. Ba é an beartas a bhí ag Rialtas i ndiaidh Rialtais gur chóir an prionsabal ‘íoctar mar a thruaillítear’ a thabhairt san áireamh sna muirir dhramhaíola de réir dea-chleachtais an AE agus dea-chleachtais idirnáisiúnta i gcoitinne – i bhfocail eile maidir leis na muirir ar sheirbhísí dramhaíola gur chóir go dtabharfaí na costais a bhainfeadh lena soláthar san áireamh iontu agus gur chóir gurb iad na daoine a ghinfeadh an dramhaíl a d’íocfadh aisti. Tá foráil fhollasach á rá sin in Alt 22(6) den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996.
Tá sé i gceist leis an athrú go dtí muirir bunaithe ar úsáid a tharla le blianta beaga anuas cúiteamh a dhéanamh leis na daoine siúd is lú a ghineann dramhaíl agus leis na daoine siúd is mó a bhíonn i mbun athchúrsála. Feilfidh an mheicníocht bheacht chun muirir a ghearradh in aon cheantar ar leith sa deireadh thiar d’imthosca áitiúla, do chostais áitiúla agus don teicneolaíocht a bhíonn ar fáil.
Maidir le muirir den sórt a tharscaoileadh, tá sé de chumhacht ag gach údarás áitiúil, ceann ar cheann, scéim um tharscaoileadh a dhéanamh i gcás gurb eisean an soláthraí seirbhíse nó comhshocruithe ábhartha a dhéanamh leis an earnáil phríobháideach nuair nach eisean an soláthraí seirbhíse. Ar an mbealach seo féadfar réitigh áitiúla a shaincheapadh bunaithe ar imthosca áitiúla agus an prionsabal fóirdheonaithe a chur i bhfeidhm go cuí. Ba chóir, go hidéalach, go léireodh comhshocrú ar bith den sórt an prionsabal ‘íoctar mar a thruaillítear’ agus go mbeadh dreasacht ann maidir le dramhaíl a athchúrsáil d’ainneoin nárbh amhlaidh an cás san am atá caite.
Sa ghnáthchleachtas is iondúil go mbíonn scéimeanna um tharscaoileadh ar fáil i gcás gurb é an t-údarás áitiúil é féin a sholáthraíonn an tseirbhís. I gcás gur bailitheoirí príobháideacha a sholáthraíonn na seirbhísí tá sé de chumhacht ag údaráis áitiúla, faoi na forálacha atá i bhfeidhm faoi láthair, comhshocruithe speisialta a dhéanamh i gcás cruatain má mheasann siadsan gur gá sin. Déanann roinnt de na húdaráis áitiúla amhlaidh más ar scála an-teoranta féin é.
Is ann d’fhorbairt bhreise amháin a bhaineann leis an tsaincheist seo. Táthar tar éis comhairliúchán poiblí a thabhairt chun críche faoi shaincheisteanna maidir le rialú foriomlán na hearnála um bainistiú dramhaíola. Glaodh ar pháirtithe leasmhara agus ar an bpobal i gcoitinne aighneachtaí a dhéanamh ar cibé ar ghá rialtóir don earnáil, cén múnla rialtóra ab fheiliúnaí agus céard iad na cumhachtaí ba chóir a thabhairt do rialtóir ar bith den sórt. Aithníodh an chumhacht oibleagáid seirbhíse poiblí a leagan i measc na gcumhachtaí féideartha. Gné rialaithe í seo atá i bhfeidhm i roinnt earnálacha eile agus tá d’éifeacht léi go gceanglaítear ar chonraitheoirí tras-fhóirdheonú a fheidhmiú ionas gur féidir seirbhísí a chur ar fáil i gcás nach bhféadfaí iad a chur ar fáil seachas sin de bharr cúrsaí eacnamaíocha. Breithneofar na haighneachtaí éagsúla a fuarthas agus na saincheisteanna a ardaíodh a thuilleadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar bhainistiú dramhaíola go ginearálta a ndéantar foráil dó i gclár beartais an Rialtais agus a thionscnófar go gairid.
Mar sin d’fhonn breac-chuntas a thabhairt ar an seasamh níor chleacht an Rialtas láir riamh nithe oibriúcháin i ndáil le bainistiú dramhaíola a chinneadh. Tá an tseirbhís um bainistiú dramhaíola ar cheann de na seirbhísí is sine arna soláthar ag údaráis áitiúla. Is é dearcadh an Rialtais gur chóir go ligfí d’údaráis áitiúla, agus iad ag obair de réir caighdeáin náisiúnta agus AE don chomhshaol, seirbhísí a shaincheapadh de réir riachtanais áitiúla agus go dtagann cur chuige áitiúil maidir le muirir a chinneadh, agus tarscaoileadh ar bith ar mhuirir den sórt, leis sin.
Aguisín 10 - Litir chuig An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
12 Meán Fómhair, 2007
Bernadette Lacey, Uasal Ard-Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Áras Mhic Dhiarmada, Sráid an Stórais, Baile Átha Cliath,1
Athbhreithniú ar Scéimeanna um Tharscaoileadh Dramhaíola
A Ard-Rúnaí, a chara,
Is mian liom a chur in iúl duit go raibh an tOmbudsman ag déileáil le líon áirithe gearán i ndáil le líomhaintí éagothroime i scéimeanna arna n-oibriú ag údaráis áitiúla a bhaineann le tarscaoileadh ar mhuirir dhramhaíola. Chinn an tOmbudsman feidhm a bhaint as an gcumhacht atá in Alt 4 (3)(b) den Acht Ombudsman, 1980 maidir le himscrúdú ginearálta a dhéanamh ar oibriú na scéimeanna um tharscaoileadh in údaráis áitiúla. Tá sé beartaithe go (a) leagfar béim san athbhreithniú ar phríomh-shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn, (b) go ndíreofar san athbhreithniú ar na drochéifeachtaí a bhí ar roinnt de chliaint na n-údarás áitiúil, agus (c) go mbreithneofar san athbhreithniú roghanna chun drochéifeachtaí ar bith den sórt a mhaolú.
Mar chuid den athbhreithniú seo roghnaíodh líon áirithe údarás áitiúil agus iarradh orthu ceistneoir a líonadh i ndáil lena gcórais bhailithe dramhaíola agus sonraí a thabhairt faoi scéim um tharscaoileadh dramhaíola ar bith atá i bhfeidhm. Tá cóip den cheistneoir faoi iamh mar eolas duit.
Nocht líon suntasach d’údaráis áitiúla na tuairimí seo a leanas sna freagraí a thug siad ar an gceistneoir:
Tugann an tOmbudsman faoi deara gur moladh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine 2005 “Córas um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú” go gcuirfí tús le Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh agus tugadh breac-chuntas ar 3 mhúnla chun córas den sórt a fhorfheidhmiú (1) trí na húdaráis áitiúla, (2) tríd an gcóras creidmheasa cánach, agus (3) tríd an gCóras Leasa Shóisialaigh. Tá sé i gceist ag an Ombudsman tuarascáil a fhoilsiú maidir le toradh an athbhreithnithe agus chuige sin bheadh tuairimí do Roinne faoi shaincheist an Chórais Náisiúnta um Tharscaoileadh Bruscair arna fhorfheidhmiú tríd an gcóras Leasa Shóisialaigh fóinteach ionas go mbeadh an tOmbudsman ábalta léargas a thabhairt orthu ina tuarascáil.
Maidir leis sin b’fhéidir go luafadh an Roinn:
(a) a tuairimí ar mholtaí tuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine a luaitear thuas; agus
(b) cibé:
1.ar thionscain an Roinn gníomh ar bith tar éis an tuarascáil thuas a bhreithniú;agus/nó
2.an ndeachaigh an Roinn i mbun comhrá/cumarsáide leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar an gceist seo, agus más rud é go ndeachaigh, céard é an toradh a bhí ar chomhrá/chumarsáid den sórt.
Ó tharla gur deireadh Mheán Fómhair 2007 an spriocdháta chun bailchríoch a chur ar an athbhreithniú, lena n-áirítear dréacht-tuarascáil, bheifí buíoch dá mbeifí ábalta freagra a thabhairt taobh istigh de 3 seachtaine.
Mise le dúthracht duit,
-------------- Pat Whelan An tArd-Stiúrthóir
Aguisín 11 - Aighneacht ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
Tagraím do do litir dar dáta an 12 Meán Fómhair 2007 i ndáil le hathbhreithniú an Ombudsman ar na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola.
Is faoi gach údarás áitiúil as féin muirir bhainistithe dramhaíola a shocrú agus tarscaoileadh i ndáil leis an gcéanna a thabhairt isteach. Mar is eol duit feidhmíonn údaráis áitiúla faoi choimirce na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
Is cinnte gur saincheist áitiúil í seo agus tá na cumhachtaí riachtanacha go léir ag údaráis áitiúla chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú ina gceantair féin. Le fírinne tá dea-scéimeanna um tharscaoileadh á n-oibriú ag roinnt údaráis áitiúla cheana agus ní gá gurb iadsan na seirbhísí bailithe dramhaíola a sholáthraíonn an t-údarás áitiúil go díreach. Bíonn conraitheoirí príobháideacha páirteach i scéimeanna um tharscaoileadh i roinnt ceantar. Threisigh an tAire Ó Cuilinn an pointe seo le gairid i ndíospóireacht Dála ar an tsaincheist le gairid:
“ Tá na cumhachtaí riachtanacha go léir ag údaráis áitiúla chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú ina gceantair féin. Is ceist í ar chóir do na comhairleoirí áitiúla sna húdaráis áitiúla an cinneadh a dhéanamh fúithi. Is féidir leo é sin a dhéanamh trína bheith rannpháirteach sa phróiseas meastachán.”
Moladh go bhféadfadh an Roinn seo freagra a thabhairt ar shaincheist na muirear dramhaíola trí íocaíochtaí eisceachtúla riachtanas den scéim liúntais leasa forlíontaigh. D’fhéadfaí íocaíocht shingil a dhéanamh faoin scéim seo chun caiteachas riachtanach aon uaire eisceachtúil a íoc ar caiteachas é nach mbeifí ag súil leis le réasún go n-íocfadh duine as a ioncam nó as a hioncam seachtainiúil féin. Déantar na híocaíochtaí seo chun íoc as nithe cosúil le héadaí leapa nó gréithe cócaireachta do dhuine a bheadh i mbun tís den chéad uair nó as na costais a bhainfeadh le sochraidí, nó cuairt a thabhairt ar ghaolta in ospidéal nó i bpríosún. Níl sé i gceist go nglanfadh an scéim seo costas gnáthbhillí teaghlaigh.
Is í an Roinn seo atá freagrach as an bPacáiste Sochair Theaghlaigh (ar a nglaoití na Scéimeanna Saor in Aisce roimhe seo) a thugann cabhair d’fhaighteoirí lena gcostais gháis/leictreachais agus theileafóin agus le costas iomlán cheadúnas teilifíse a ghlanadh. Breithníodh an bhféadfaí an pacáiste seo a leathnú chun earraí eile a bheadh inmhianaithe ar bhonn sóisialta, ar a bhféadfaí muirir dhramhaíola a áireamh, a chlúdach. Míníodh san Athbhreithniú ar na Scéimeanna Saor in Aisce a rinneadh sa bhliain 2000 go bhféadfadh gníomhaireachtaí eile Stáit agus go fiú údaráis áitiúla scéimeanna comhchosúla dá gcuid féin a thabhairt isteach dá mba mhian leo – mar seo a leanas:
“ Cé go measann faighteoirí gur scéimeanna an-luachmhara iad na Scéimeanna Saor in Aisce bíonn brú seasmhach ann na scéimeanna seo a leathnú agus earraí eile a bheadh inmhianaithe ar bhonn sóisialta a thabhairt san áireamh iontu. Chuirfeadh scéimeanna nua ar bith leis an mbrú sin agus bhainfí acmhainní as réimsí eile mar shampla an ráta bunúsach íocaíochta a ardú. Ní hé sin le rá, áfach, nach bhféadfadh gníomhaireachtaí eile Stáit a scéimeanna féin a thionscnamh, mar shampla dá mbronnfadh Údaráis Áitiúla Ceadúnais Mhadraí Saor in Aisce mar chuid dá n-oibleagáidí sóisialta níos forleithne. Bronnann go leor cuideachtaí príobháideacha lamháltais ar phinsinéirí chun an úsáid a bhaintear as a ngnó a mhéadú agus bronntar na lamháltais chomh maith de bharr na n-aidhmeanna sóisialta a bhíonn ag cuideachtaí agus mar aitheantas ar a thábhachtaí agus a bhí a gcustaiméirí dóibh leis na blianta. Ní faoin Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh foráil a dhéanamh do na nithe caiteachais go léir a bheadh inmhianaithe ar bhonn sóisialta fiú i gcás go n-aontófaí ar na nithe caiteachais siúd a bheadh i gceist.”
I gcás ar bith ní bheadh scéim náisiúnta leasa shóisialaigh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na muirear dramhaíola indéanta de bharr an raoin leathain de chórais mhuirir agus de struchtúir chostais atá i bhfeidhm i ndáil le bainistiú dramhaíola ar fud an Stáit. Mar is eol duit, bíonn muirir éagsúla á ngearradh ag údaráis áitiúla éagsúla agus in údaráis áitiúla i gcás gurb ann do níos mó ná soláthraí amháin. Ina theannta sin, mar a luaigh mé thuas, tá scéimeanna um tharscaoileadh i bhfeidhm ag roinnt údaráis áitiúla agus oibreoirí príobháideacha cheana féin ach arís eile bíonn na coinníollacha cáilitheacha do na scéimeanna seo éagsúil óna chéile. Bheadh ar chóras ar bith a chuirfí i bhfeidhm chun cúnamh a thabhairt do dhaoine le muirir bhailithe dramhaíola na comhshocruithe éagsúla áitiúla a thabhairt san áireamh.
Rinne an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine imscrúdú sa bhliain 2005 ina tuarascáil “Córas um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú: Treoirlínte d’Údaráis Áitiúla” ar an gcleachtas a bhain le muirir a ghearradh ar sheirbhísí bailithe dramhaíola, scrúdaigh siad an réasúnacht a bhain leis an gcleachtas, shuigh siad na himpleachtaí a bheadh ann do theaghlaigh ar ioncam íseal agus bhreithnigh siad réitigh féideartha chun an t-ualach airgeadais a bhíonn ar theaghlaigh a mhaolú.
Forbraíodh sraith treoirlínte lena mbreithniú ag údaráis áitiúla agus córas chun muirir dhramhaíola a ghearradh á fhorfheidhmiú acu. Breithníodh sa tuarascáil gur trí mhúnla amháin, a shásódh na treoirlínte seo, a fhorfheidhmiú go náisiúnta an bealach ab éifeachtaí chun córas cóir comhsheasmhach a bhaint amach chun muirir dhramhaíola a ghearradh in Éirinn.
Mar a luaigh tú breithníodh na roghanna éagsúla maidir le múnlaí chun muirir dhramhaíola a ghearradh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine agus scrúdaíodh córas tarscaoilte áitiúil a d’fhorfheidhmeodh na húdaráis áitiúla, córas creidmheasa cánach a d’fhorfheidhmeofaí go náisiúnta tríd an scéim chánach atá i bhfeidhm faoi láthair; agus córas leasa shóisialaigh a d’fhorfheidhmeofaí go náisiúnta mar chuid den mheicníocht leasa shóisialaigh.
Breithníodh gach ceann de na roghanna ó thaobh a bhfeidhmithe, a bhforfheidhmithe ó thaobh an teaghlaigh de, a mbuntáistí agus a míbhuntáistí agus na himpleachtaí costais a bhainfeadh leo.
Rinneadh anailís ar gach ceann de na roghanna ó thaobh a mhéid is a d’fheil siad do na treoirlínte agus ó thaobh na roghanna soláthair. Cinneadh sa tuarascáil, i gcás go bhféadfaí cur chuige oiriúnach soláthair a fhorbairt, gurb é an córas tarscaoilte a d’fheidhmeofaí go háitiúil an múnla seachadta ab éifeachtaí agus aontaíonn an Roinn seo leis an mbreithniú sin.
Tionóladh sraith cainteanna idir oifigigh ón Roinn seo agus comhghleacaithe sa Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoin tsaincheist seo. Tá an Roinn sin ar an eolas faoin seasamh atá againn.
B’fhéidir go bhfuil tú ar an eolas gur ceann de na gealltanais bhainistithe dramhaíola atá sa Chlár don Rialtas is ea a chinntiú “go mbeidh deireadh le bunrátaí ar dhiúscairt dramhaíola agus go dtabharfar isteach córas éigeantach táillí meá-choibhneasacha do bhailiúchán dramhaíola.” Is ceist í seo don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar ndóigh.
Glacaim leis gur chabhraigh an t-eolas seo leat.
Aguisín 12 - Freagra na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil ar an Dréacht-Tuarascáil
29 Bealtaine 2008
An tUasal Pat Whelan An tArd-Stiúrthóir Oifig an Ombudsman 18 Sráid Líosain Íochtarach Baile Átha Cliath 2
A Dhuine Uasail,
Go raibh maith agat as cóip de do dhréacht-tuarascáil ar na scéimeanna um tharscaoileadh arna riar ag údaráis áitiúla a thabhairt dúinn.
Fáiltíonn an Roinn roimh an tuarascáil seo de chuid an Ombudsman a chabhróidh go mór le saincheist arbh ábhar tráchtaireachta í arís agus arís eile i measc páirtithe leasmhara agus breithneofar an tuarascáil agus go háirithe moltaí na tuarascála go hiomlán i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar rialú na hearnála um bainistiú dramhaíola.
Leagtar béim sa tuarascáil ar shaincheisteanna maidir le hoibriú na scéimeanna um tharscaoileadh ag údaráis áitiúla agus gan scéimeanna den sórt a bheith i bhfeidhm i gceantair a ndéanann an earnáil phríobháideach freastal orthu. Saincheisteanna iad seo a d’ardaigh an earnáil phobail agus dheonach i gcomhthéacs na comhpháirtíochta sóisialta agus rinne an earnáil phobail agus an earnáil dheonach an argóint nach gcaitear go cothrom le teaghlaigh ar ioncam íseal i gceantair ina gcuireann bailitheoirí príobháideacha dramhaíola seirbhísí ar fáil i gcomparáid leis na teaghlaigh siúd a fhaigheann tarscaoileadh ó údaráis áitiúla; nach gcaitear go cothrom leo ach oiread i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde sa cheantar céanna ó tharla go bhféadfadh na teaghlaigh ar ioncam níos airde leas a bhaint as faoiseamh cánach ar a muirir dhramhaíola; agus gur cruatan dáiríre a bhíonn mar thoradh air i gcásanna ar leith. Mar a tugadh faoi deara roimhe seo tionóladh sraith cainteanna idir an Roinn seo agus An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh mar gheall ar na saincheisteanna a ardaíodh ach níorbh fhéidir meicníocht a aithint chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh tríd an gcóras leasa shóisialaigh.
Aithnítear gur eascair saincheisteanna suntasacha rialála de réir mar a mhéadaigh na seirbhísí bainistithe dramhaíola go tapa le blianta beaga anuas, lena n-áirítear an fás tapa a tháinig ar, agus an comhdhlúthú a rinneadh ar an earnáil phríobháideach um bainistiú dramhaíola. Bhí na nithe seo faoi chaibidil i gcomhairliúchán foirmiúil poiblí, lena n-áirítear déról na n-údarás áitiúil, .i. rialtóirí seirbhíse agus soláthraithe seirbhíse, an gá atá ann a chinntiú go soláthraítear na seirbhísí dramhaíola ar bhealach a thiocfadh le cuspóirí agus spriocanna náisiúnta agus AE faoin gcomhshaol agus a chabhródh chun na cuspóirí agus na spriocanna sin a bhaint amach, agus an gá atá ann a chinntiú go dtugtar léargas cuí ar na critéir riachtanacha seirbhíse poiblí i ndáil le seirbhísí a sholáthar i gceantair ar leith nó i ndáil le seirbhísí a sholáthar do theaghlaigh shonracha is cuma an í an earnáil phoiblí nó an earnáil phríobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís.
Níl amhras ar bith ann ach gur gá an creat rialála atá i bhfeidhm faoi láthair a nuachóiriú. Cabhróidh an t-athbhreithniú a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar sheirbhís phoiblí na hÉireann lena n-áirítear cás-staidéar sonrach ar bhainistiú dramhaíola, go mór leis na hathruithe is gá a aithint agus a fhorfheidhmeofar i gcomhthéacs athbhreithniú foriomlán den bheartas náisiúnta bainistithe dramhaíola dá bhforáiltear sa Chlár don Rialtas agus atá á thionscnamh faoi láthair.
Is mise, le meas,
------------------ Geraldine Tallon Ard-Rúnaí
Downloads
Tábla 1. Meánmhuirir bhliantúla dramhaíola 2006