Treoir an Ombudsman do sholáthar cúitimh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I gcás ina ndéanann comhlacht poiblí éagóir ar dhuine, is ceart don chomhlacht sin sásamh cuí a sholáthar. D'fhonn cabhrú le seirbhísigh phoiblí cur chuige comhréireach a ghlacadh i dtaobh leigheasanna, tugann an bhileog seo roinnt treoirlínte an-leathan maidir le sásamh a thabhairt.
Soláthraíonn comhlachtaí poiblí réimse ollmhór seirbhísí agus sochar do shaoránaigh. Fiú amháin i gcás nach bhfuil daoine i dteideal seirbhís nó sochar áirithe a fháil, tá siad i dteideal scéala a fháil faoi na cúiseanna nach bhfuil siad cáilithe agus faoi sheirbhísí ionadacha, más féidir sin a dhéanamh. I gcás teideal a bheith acu chuig an tseirbhís nó chuig an sochar agus nach féidir moill a sheachaint i dtaca le cinneadh a thabhairt ina leith, is ceart a chur in iúl dóibh cathain is dócha a dhéanfar an cinneadh. I gcásanna a bhfuil gátar i gceist, d'fhéadfadh sé go mbeidh gá le bealaí eile a bhreithniú chun faoiseamh gearrthéarma a thabhairt. Ní mór do sholáthraithe seirbhísí poiblí a chuimhneamh i gcónaí nach mbíonn an rogha ag saoránaigh de ghnáth dul chuig áit éigin eile chun a ngnó a dhéanamh. Tá sé de cheart ag an saoránach go gcaithfí leis ag comhlachtaí poiblí ar slí atá cóir, cothrom, neamhchlaon agus pras. I gcás nach sroichtear na caighdeáin seo, agus gurb é an comhlacht poiblí atá lochtach, is ceart dó an t-ábhar a leigheas trí shásamh a thabhairt. Is é an gnáthriail ba chóir bheith ann ná go gcuirfí an duine i gceist sa suíomh céanna ina mbeadh sé sa chás gur fheidhmigh an comhlacht poiblí i gceart.
I gcás ina dtarlaíonn sé go ndéantar seirbhís nó sochar a dhiúltú nó a mhoilliú go héagórach, is ceart don chomhlacht poiblí mionmhíniú agus/nó leithscéal a thabhairt. Is ceart an méid seo a leanas a bheith san áireamh i mínithe agus i leithscéalta:
I roinnt cásanna d'fhéadfadh sé go ndéanfadh gníomh (lena n-áirítear neamhghníomh) comhlachta phoiblí, ar gníomh é a dhéantar go héagórach, difear do dhuine ar shlí atá furasta a chainníochtú agus d'fhéadfadh sé gur cuí cúiteamh a íoc. Is ceart breithniú a dhéanamh i dtaobh sásamh airgeadais a íoc i gcás na nithe seo a leanas:
San fhadtéarma, má tá córas éifeachtach gearán ann a chuireann réimse leigheasanna tráthúla cuí ar fáil sábhálfaidh sé am agus airgead don chomhlacht poiblí. Cuirfidh sé feabhas ar chaighdeán na seirbhíse dá chliaint, beidh éifeacht dhearfach aige ar mheanma na foirne agus feabhsóidh sé caidreamh an chomhlachta le saoránaigh. Ina theannta sin, cuirfidh sé aiseolas fóinteach ar fáil don chomhlacht agus cumasóidh sé dó athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta agus ar chórais is cúis le gearáin.