Imscrúdú an Ombudsman – Scéim an Chárta Tinnis Fhadtéarmaigh Gearán faoi Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe Eanáir 2014
Seo imscrúdú de chuid an Ombudsman ar ghearán a rinneadh mar gheall ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) sa mhéid gur dhiúltaigh HSE Cárta Tinnis Fhadtéarmaigh (cárta TF) a bhronnadh ar bhean a ndearnadh a mac a dhiagnóisiú le Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (ADHD) agus le neamhord de chuid speictream an uathachais (ASD). Dhiúltaigh HSE an t-iarratas ar an mbonn nár chomhlíon an t-iarratasóir na critéir incháilitheachta leighis. Tar éis an imscrúdaitheí, chinn an tOmbudsman i measc rudaí eile, go raibh an t-iarratas idirdhealaitheach go míchuí.
Chinn an tOmbudsman gur theip ar HSE a chinntiú go ndearnadh an scéim a riar ar bhealach comhréireach ar fud na tíre agus go raibh sin contrártha do riaradh cóir nó fónta.
An Cás
I mí Márta 2010 rinne In. Kelly (ní seo a fíorainm) gearán leis an Ombudsman faoi HSE sa mhéid gur dhiúltaigh siad an cárta TF a bhronnadh ar a mac. Dhiúltaigh HSE an cárta a bhronnadh ar an mbonn nár chomhlíon sé na critéir ábhartha leighis. Bhí an t-iarratasóir den tuairim gur chomhlíon a mac na critéir mar go raibh riocht áirithe air agus mhaígh sí go mbeifí tar éis an cárta TF a bhronnadh ar a mac i gcás go raibh siad ag cónaí in áit eile sa tír (bhí cónaí orthu i Loch Garman).
Is scéim reachtúil í an scéim cárta TF. Tá HSE freagrach as riar na scéime. Faoi na hAchtanna Sláinte tá de chumhacht ag HSE socruithe a dhéanamh le go ndéanfaí drugaí, cógais agus gnáthaimh mháinliachta a sholáthar saor in aisce do dhaoine a bhfuil “galar nó míchumas forordaithe orthu, ar galar nó míchumas buan nó fadtéarmach é.” Tá rialacháin ann a liostálann na galair nó na míchumais a dhéanfadh an t-iarrthóir incháilithe don chárta. An tinneas a bhí i gceist sa chás seo, liostáladh é mar “mheabhairghalar”. San alt cuí den acht sonraítear:
“Nach ndéanfar socruithe do sholáthar drugaí agus cógas do dhaoine a bhfuil meabhairghalar orthu... ach amháin i gcás daoine atá faoi bhun 16 bliana d’aois.”
Ciallaíonn seo go bhfuil leanbh a bhfuil meabhairghalar air nó uirthi agus atá faoi bhun 16 bliana d’aois incháilithe faoin scéim TF ionas gur féidir na cógais arna n-oideasú don leanbh sin a fháil saor in aisce.
An tImscrúdú
San imscrúdú rinneadh mionscrúdú ar an gcaoi ar láimhseáil HSE iarratas In. Kelly. D’admhaigh HSE go raibh éagothroime ann idir an bealach a ndéanann oifigigh indibhidiúla leighis ADHD agus ASD a rangú agus iad ag próiseáil na n-iarratas. I roinnt limistéar geografach déantar leanaí a bhfuil na neamhoird seo orthu a rangú mar leanaí a bhfuil meabhairghalar orthu agus dá bhrí sin cinntear go bhfuil siad i dteideal an chárta TF, agus i limistéir eile ní dhéantar. Ghlac HSE leis go bhfuil an córas seo éagothrom, agus i mí Eanáir 2013, chuir sé Oifig an Ombudsman ar an eolas go raibh an Roinn Sláinte i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim. Cuireadh tús leis an athbhreithniú fadréimseach ar an mbeartas sular cuireadh tús le himscrúdú an Ombudsman agus níor spreag sé sin an t-imscrúdú.
I mí an Mhárta 2012, mar thoradh ar idirghabháil Oifig an Ombudsman d’eisigh HSE cárta TF don In. Kelly dá mac agus bhain sí úsáid as an gcárta as sin amach chun cógais fhorordaithe a fháil dá riochtaí. Ag an uair, dhiúltaigh HSE cúiteamh a dhéanamh léi do chostas na gcógas don tréimhse Iúil 2009 go dtí Feabhra 2012. I gcás go rabhthas tar éis an cárta a bhronnadh uirthi tar éis di a hiarratas a chur isteach ag deireadh mhí an Mheithimh 2009, bheadh sí tar éis na cógais sin a fháil saor in aisce.
Mar fhreagra ar dhréacht-tuarascáil maidir leis an imscrúdú seo, chinn HSE mionathrú a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlacann a oifigigh leighis – oifigigh leighis a bhí tar éis glacadh leis go dtí sin gur riochtaí iad ASD agus ADHD a dhéanfadh duine incháilithe faoin scéim seo. Dúirt HSE nach nglacfaidís isteach sa scéim a thuilleadh le daoine a raibh an neamhord ADHD orthu. Dúirt HSE freisin go raibh sé ag feitheamh le toradh athbhreithniú na Roinne Sláinte ar an scéim.
Ghlac an tOmbudsman leis go raibh díospóireacht leanúnach ann maidir leis an gcur chuige is fearr chun déileáil le ADHD. Mhol an tOmbudsman gur chóir go mbeadh aird ag HSE ar an sainmhíniú ar “mheabhairghalar” atá san Acht Meabhair-Shláinte, 2001 – pléann an sainmhíniú sin le hiompraíocht seachas le cúiseolaíocht. Sa sainmhíniú sin is é is meabhairghalar ann ná,
“staid intinne duine a théann i bhfeidhm ar smaointeoireacht an té sin, ar an gcaoi a mbraitheann an té sin, ar mhothúcháin nó ar a bhreithiúnas an té sin agus a bhfuil tionchar tromchúiseach aige ar a f(h)eidhmiú meabhrach go pointe ag a bhfuil gá ag an té sin le cóireáil leighis ar mhaithe leis nó léi féin agus ar mhaithe le daoine eile.”
I gcomhthéacs na gcur chuige éagsúil atá ann i leith conas déileáil le ADHD bhí an tOmbudsman den tuairim go mbeadh sé réasúnta go mbeartódh dochtúir an duine féin ar an diagnóis agus ar an gcógas forordaithe.
Dar leis an Ombudsman ní fhéadfaí seasamh, de réir dlí, le dearcadh HSE– is é sin nach nglacfaí le daoine isteach sa scéim cárta TF i gcás gurb é ADHD an neamhord i gceist agus go raibh gá fanacht le toradh athbhreithniú na Roinne Sláinte maidir le hathbhreithniú na scéime.
Ag croílár an imscrúdaithe seo is gá a chur san áireamh go n-aithníonn a lán oifigeach leighis gur meabhairghalar é ADHD chun críocha na scéime cárta TF. Ghlac HSE leis gur chinn oifigigh leighis i bhformhór na tíre go raibh leanaí le ADHD incháilithe don chárta TF; is é is dóichí go raibh seo amhlaidh le roinnt mhaith blianta anuas sna limistéir seo.
Torthaí
Mar thoradh ar an imscrúdú seo rinneadh roinnt cinntí maidir leis an gcaoi an cás áirithe seo a láimhseáil agus i ndáil le riar na scéime cárta TF. Chinn an tOmbudsman go raibh tionchar neamhfhabhrach ar In. Kelly ag diúltú HSE dá hiarratas TF i mí Iúil 2009 agus i mí Mheán Fómhair 2010 agus go raibh an cinneadh a hiarratais a dhiúltú bunaithe ar fhaisnéis earráideach nó easpach, nó go raibh sé bunaithe ar fhorais neamhábhartha agus go raibh sé idirdhealaitheach go míchuí.
Chomh maith leis sin, chinn an tOmbudsman gur glacadh an cinneadh gan In. Kelly a chúiteamh do chógas a mic do thréimhse a hiarratais roimh Mhárta 2012 bunaithe ar fhorais neamhábhartha, earráideach nó easpacha agus go raibh sé idirdhealaitheach go míchuí.
I ndáil le riar na scéime, chinn an tOmbudsman go raibh sé idirdhealaitheach go míchuí caitheamh le cásanna éagsúla bunaithe ar a suíomh geografach, go raibh sé ina chleachtas riaracháin míchuibhiúil agus go raibh sé contrártha do riaradh cóir nó fónta. Bhí teip HSE cur chuige comhionann a ghlacadh i leith riaradh na scéim agus teip HSE riarthóirí a sholáthar don scéim a raibh treoir imleor, shoiléir acu i ndáil leis an scéim, ina chleachtas a bhí contrártha do riaradh cóir nó fónta.
Chinn an tOmbudsman freisin, i gcomhthéacs go raibh athbhreithniú ar siúl ag an Roinn Sláinte ar an scéim agus nach raibh toradh an athbhreithnithe ar eolas go fóill, go raibh sé contrártha do riaradh cóir nó fónta gur chinn HSE an cur chuige a bhí á ghlacadh ag oifigigh leighis a athrú, oifigigh a bhí ag glacadh leis roimhe seo go raibh ASD agus ADHD ina riochtaí a dhéanfadh duine incháilithe faoin scéim.
Moltaí
Bunaithe ar na torthaí seo, rinne an tOmbudsman na moltaí seo a leanas:
Ghlac HSE leis na torthaí agus na moltaí go léir a rinneadh.
Rinneadh cúiteamh le In. Kelly do chostas na gcógas go léir dá mac don tréimhse i gceist.
D’fhorbair HSE treoirlínte oibríochtúla nua, a mhaíonn sé a chuirfidh san áireamh an fhianaise náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ar fáil. Dar leis na treoirlínte nua, arna n-eisiúint ag foireann HSE, measfar ADHD a bheith ina mheabhairghalar chun críocha na scéime TF. Sonraítear sna treoirlínte na fachtóirí ar ghá a bheith i gceist i gcásanna dá leithéid. Cuirtear iad i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta chun comhchuibheas agus soiléire a chinntiú i riar na scéime.