Glas Béil a Chur ar an Ombudsman? Iarmhairt ar Imscrúdú de Chuid an Ombudsman i leith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tuarascáil don Dáil agus don Seanad faoi Alt 6(7) den Acht Ombudsman, 1980
Foilsithe Iúil 2010
Tuarascáil don Dáil agus don Seanad faoi Alt 6(7) den Acht Ombudsman, 1980
PN A10/0895
Déanann an tuarascáil seo tagairt do litreacha nach bhfuil le fáil ach mar cháipéisí pdf. Tá na cáipéisí seo mar aon leis an leagan pdf den tuarascáil le fáil thíos faoin dtéacs den tuarascáil. Má tá deacracht agat na cáipéisí pdf a aimsiú nó má tá formáid mhalartach á lorg ba chóir teangmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana.
document
Idir mí Iúil agus mí an Mheithimh 2009, chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) faoi deara gur tarraingíodh m’Oifig isteach i sraith imeachtaí áiféiseacha, a raibh costais shuntasacha airgid agus eile ag baint leo, agus nach raibh aon toradh le brath orthu ag deireadh an lae. Bhain na himeachtaí seo, de réir cosúlachta, sa mhéid gur léir aon fheidhm a bheith leo, le cosaint imeachtaí cúirte faoin Acht um Chúram Leanaí 1991.
Ba é an comhthéacs inar tháinig na himeachtaí seo chun cinn ná gur dhiúltaigh FSS mo chinntí agus mo mholtaí a ghlacadh tar éis do m’Oifig dhá ghearán ghaolmhara a imscrúdú (sonraí thíos). Agus m’Oifig ag déileáil leis na nithe a d’ardaigh FSS le linn na tréimhse sin, leithdháileadh acmhainní suntasacha foirne agus tabhaíodh costais shuntasacha airgid a d’éirigh as imeachtaí fada cúirte inar tharraing FSS m’Oifig agus roinnt páirtithe eile isteach. B’fhéidir gur caitheadh suas le €150,000 d’airgead poiblí ar chostais dlí le linn na n-imeachtaí seo agus gan tairbhe ar bith á baint astu. Anuas air sin, i mí na Samhna 2008, chuir FSS iallach orm, trí urghaire ón Ard-Chúirt a bhagairt, tuarascáil speisialta a d’ullmhaigh mé (agus a bhí clóite cheana féin) maidir leis an imscrúdú i dtaobh an ghearáin, a choinneáil siar ón Dáil agus ón Seanad.
Agus bua na hiarghaoise agam i ndiaidh bliana, is léir dom nach amháin go raibh na himeachtaí seo gan éifeacht, sa chiall is nach raibh aon toradh le brath orthu, ach ar an drochuair nach raibh sé riamh i gceist ag FSS go mbeadh aon fheidhm úsáideach leo. Áitíonn FSS go raibh a gníomhartha i gcónaí faoi rialú comhairle dlí agus gur tionscnaíodh iad le hurraim don dlí agus do na cúirteanna. Is doiligh liom a ghlacadh, ar an drochuair, gurbh amhlaidh a bhí. An rud is fearr is féidir a rá faoi iompar FSS ná go raibh sé á stiúradh ag comhairle dlí nach críonna a bheith ag brath uirthi agus gur theip orthu, de réir cosúlachta, cinntí meáite a dhéanamh dá bharr; an rud is measa is féidir a rá faoi iompar an FSS ná gur iarracht bheartaithe agus mheasúnaithe a bhí ann chun cosc a chur ar m’Oifig tuarascáil faoi imscrúdú a fhoilsiú inar cáineadh gníomhartha FSS.
Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a shoiléiriú go bhfuil meas iomlán ag m’Oifig ar stádas agus neamhspleáchas na gcúirteanna agus nach bhfuil sé i gceist aici í féin a iompar ar bhealach a léireodh drochmheas ar na cúirteanna ná, ar ndóigh, a d’fhéadfadh a bheith ina dhíspeagadh cúirte. Ina theannta sin, glacann m’Oifig, gan aon athbhrí, i gcás imeachtaí cúirte faoin Acht um Chúram Leanaí 1991, gur gá aird a thabhairt ar shláine na n-imeachtaí seo agus céannacht aon linbh a chosaint gan í a nochtadh, maidir le leanbh atá, nó a bhí, ina (h)ábhar imeachtaí den chineál sin. B’fhéidir go bhfuil cuma aisteach ar an scéal gur ghá do shealbhóir ar oifig reachtúil a leithéid de rud a rá; ba chóir go mbeadh sé follasach ann féin gurb amhlaidh atá sé. Ar an drochuair, is dóigh liom gur gá é seo a rá go sainiúil ag féachaint don bhealach inar chuir FSS gníomhartha m’Oifige in iúl mar ghníomhartha inar léiríodh drochmheas ar na cúirteanna agus gan aird acu ar shrianta tuairiscithe is infheidhme maidir le himeachtaí faoin Acht um Chúram Leanaí 1991.
Is é feidhm na tuarascála seo ná an Dáil agus an Seanad a chur ar an eolas faoi na fíricí a bhí i gceist sa mhéid a thit amach le linn 2008 - 2009 agus tuairimí a thabhairt ar oiriúnacht iompar FSS i ndáil le m’Oifig. I dteannta an Tuarascáil seo a chur faoi bhráid na dTithe, tá roinnt de na príomh-mhíreanna comhfhreagrais idir FSS agus m’Oifig sa tréimhse lena mbaineann á bhfoilsiú agam ar mo láithreán gréasáin www.ombudsman.gov.ie.
Tugadh deis don FSS a tuairimí a chur in iúl i leith dréacht den tuarascáil seo; tá aighneacht shubstaintiúil curtha chugam ag an FSS (á foilsiú agam anois ar mo shuíomh gréasáin). Nil aon ní sa bhreis san aighneacht seo nach raibh os mo chomhair le linn dom an dréacht tuarascáil a ullmhú. Mar a tharlaíonn, léiríonn an aighneacht seo na tréithe céanna a léiríodh le linn na n-eachtraí atá faoi chaibidil sa tuarascáil, sé sin, mí-chruinneas, mí-fhaisnéis agus neamhbhainteachas. Ní bheadh sé réalaíoch é seo a chruthú i ngach uile chás; is leor sampla amháin a thabhairt. Ag tús na haighneachta deirtear go neamhbhalbh nach raibh an FSS ar an eolas go raibh beartaithe agam tuarascáil a chur faoi bhráid an Oireachtais roimh 17 Meitheamh 2010 tráth ar tugadh cuireadh di aighneachtaí a chur chugam. Tá sé seo iomlán mí-cheart os rud é gur chuir m'Oifig in iúl don FSS, trí litir chuig an Príomhfheidhmeanach ar 21 Nollaig 2009, go rabhthas chun tuarascáil a chur faoi bhraid an Oireachtais, i ndáil le alt 6(7) den Acht Ombudsman 1980, ag plé na heachtraí a lean iniúchadh m'Oifige ag éirí as dhá ghearán ó eagraíochtaí a bhí buartha faoin chaoi ina déileáileadh leo ag an FSS ó thaobh costais a ghlanadh i leith seirbhísí caomhnóirí ad litem. Go deimhin, ina dhiaidh sin bhí malartán comhfhreagrais idir m'Oifig agus an FSS ag plé nithe éagsúla bainteach leis an tuarascáil a bhí beartaithe. Níl sé soiléir cé acu a tharla mí-fhaisneis den tsórt seo d'aon turas no trí mí-chúram; pé scéal é, is léiriú é seo ar taithí m'Oifige i gcoitinne le linn dúinn déileáil leis an FSS faoi na heachtraí a pléitear sa tuarascáil seo.
Scríobh mé chuig FSS ar an 23 Iúil 2008 chun torthaí an imscrúdaithe a bhí díreach críochnaithe a chur in iúl, imscrúdú a d’eascair as gearáin a bhí déanta ina coinne ag dhá ghníomhaireacht a sholáthair seirbhísí caomhnóra ad litem. Déanann caomhnóirí ad litem ionadaíocht ar leasanna mionaoiseach atá páirteach in imeachtaí cúirte agus ceapann na cúirteanna iad faoin Acht um Chúram Leanaí 1991; is faoi FSS atá sé a dtáillí a íoc, seachas faoi na cúirteanna. Bhain na gearáin le socruithe íocaíochta idir FSS agus na gníomhaireachtaí. Rinne na gníomhaireachtaí gearán go raibh dhá cheann de na hiarbhoird sláinte (FSS anois) ag íoc na gcaomhnóirí ag rátaí nach raibh comhaontaithe agus, nuair nár éirigh leo teacht ar chomhaontú faoi na rátaí seo, gur mhainnigh FSS na cásanna a tharchur chuig na cúirteanna ionas go ndéanfaí na costais “a thomhas nó a fhómhas”. An rud atá tábhachtach anseo ná nach féidir ach le FSS cásanna a tharchur chuig na cúirteanna [faoi alt 26(2) den Acht um Chúram Leanaí 1991], ionas go ndéanfaí costais chaomhnóra “a thomhas nó a fhómhas”; ní raibh sé de cheart ag na gníomhaireachtaí an díospóid táillí a tharchur chuig na cúirteanna.
Gnáth-imscrúdú a bhí ann go bunúsach, agus sa ghnáthchúrsa ní thabharfaí mórán airde air. Baineann mo chinntí leis an mbealach inar oibrigh FSS, nó inar mhainnigh sí oibriú leis na gníomhaireachtaí ar mhaithe leis an díospóid faoi tháillí a réiteach. Cháin mé FSS, go mór mór toisc gur mhainnigh sí na saincheisteanna costais a tharchur chuig na cúirteanna ábhartha ionas go ndéanfaí iad a “a thomhas nó a fhómhas” nuair nach bhféadfadh na gníomhaireachtaí na saincheisteanna a tharchur chuig na cúirteanna agus nuair nár thángthas ar réiteach le linn na hidirbheartaíochta.
Leanadh gnáthchleachtas i m’Oifig agus na gearáin seo á n-imscrúdú. Áiríodh air seo sraith teagmhálacha le FSS, dréacht den tuarascáil ar an imscrúdú a sholáthar agus deis ann tuairim a thabhairt ar na cinntí beartaithe agus, tar éis breathnú go cúramach ar fhreagairt FSS ar an dréacht-tuarascáil (féach ar Aguisín 1 (pdf 217kb)), an tuarascáil i dteannta a cinntí agus a moltaí a thabhairt chun críche. Ní bhaineann an sonra seo leis an scéal ach sa mhéid is go gcruthaíonn sé go raibh neart deiseanna ag FSS, le linn thréimhse fhada 12 mhí an imscrúdaithe aon ábhair imní dhlíthiúla nó dhlínsiúla a d’fhéadfadh a bheith aici a ardú. Níor thug sí aon ábhair imní den chineál sin ar aird i gcaitheamh na tréimhse fada sin.
Sa chás seo, dhiúltaigh FSS cinntí agus moltaí mo thuarascála ar an imscrúdú a ghlacadh agus tá sonraí breise faoi seo leagtha amach thíos. I ndiaidh an diúltaithe seo, áfach, rinne FSS iarracht go toiliúil, de réir cosúlachta, foilsiú na tuarascála ar an imscrúdú a chosc. Rinneadh mífhaisnéis ar ábhair agus impleachtaí na tuarascála san fheachtas seo agus anuas air seo tionscnaíodh imeachtaí cúirte a rith ar feadh 7 mí sular scrios an chúirt amach iad ar deireadh.
Chuir Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS in iúl dom ar an 15 Meán Fómhair 2008 go raibh sé tar éis comhairle dlí a fháil inar tugadh le fios go raibh “an dréacht deiridh de Thuarascáil an Ombudsman ultra vires an Achta Ombudsman 1980 arna leasú agus nach raibh sé de rogha ag FSS glacadh leis na moltaí ná cinntí sa dréacht deiridh sin". Níor mhínigh an POF áfach cén fáth go raibh mo thuarascáil, neamhdhleathach, go praiticiúil, ná conas a bhí sí amhlaidh. Thug mé le fios i mo fhreagra an 26 Meán Fómhair 2008 nach raibh FSS tar éis míniú a thabhairt ar bhunús a héilimh maidir le neamhdhleathacht agus chuir mé in iúl don POF go raibh sé i gceist agam, in am agus i dtráth, tuairisciú don Oireachtas ar dhiúltú mo chinntí agus mo mholtaí. Thug mé deis eile do FSS, áfach, chun na cúiseanna a bhí aici le diúltú do mo mholtaí a fhormhíniú agus thairg mé an ráiteas sin a chur san áireamh i mo thuarascáil don Oireachtas. Mar fhreagra air sin (10 Deireadh Fómhair 2008), dúirt an POF arís nárbh fhéidir leis glacadh le mo chinntí agus mo mholtaí. Níor thug sé aon fhormhíniú ar na cúiseanna leis an seasamh seo ach amháin go raibh comhairle dlí faighte aige “ag léiriú go raibh roinnt deacrachtaí tromchúiseacha dlíthiúla agus teicniúla suntasacha ann". Ní dúirt an POF cad a bhí sna deacrachtaí sin.
Scríobh aturnaetha FSS an 14 Deireadh Fómhair 2008 le deimhniú go raibh comhairle curtha aige ar FSS go raibh “fadhbanna dlí” áirithe i gceist le m’imscrúdú; bhí 10 “bhfadhb” dhlínsiúla agus dhlíthiúla ar leith liostaithe sa litir (i liosta faoinar dúradh nach liosta iomlán é) a raibh m’imscrúdú neamhdhleathach dá mbarr (Féach ar Aguisín 2 ). Is mar seo a leanas a thugtar achoimre orthu:
gur sáraíodh an riail “i gcúirt iata” i mo thuarascáil agus gur chuir sí isteach ar oibriú na gcúirteanna maidir le cásanna ina ndéileáiltear le leanaí;
gur chuí ábhar an imscrúdaithe a bheith faoin Ombudsman do Leanaí agus dá bhrí sin nach raibh sé laistigh de mo dhlínse;
nach raibh dlínse agam ar an mbunús gur ábhar an t-ábhar a bhí i gceist a bheadh i gcónaí laistigh de dhlínse na gcúirteanna;
gur bhain mé úsáid as triail reachtaíochta mhícheart i ndáil le “ míriarachán” ó thaobh tús agus críoch a chur leis an imscrúdú;
gur baineadh míchiall as forálacha an Achta um Chúram Leanaí 1991 sa tuarascáil ar an imscrúdú;
gur tugadh míthurairsic ar an dlí sa tuarascáil ar an imscrúdú maidir le caomhnóir ad litim a cheapadh agus a rialú ag cúirt;
gur tugadh míthuairisc ar an dlí sa tuarascáil ar an imscrúdú “maidir leis na himeachtaí faoi dhlínse dhílis na hArd-Chúirte agus na himeachtaí reachtúla ar leith faoin Acht um Chúram Leanaí 1991";
gur tugadh míthuairisc ar an dlí sa tuarascáil ar an imscrúdú “maidir le costais a thomhas agus a fhómhas";
go ndearnadh tagairtí éagóracha sa tuarascáil ar an imscrúdú, go díreach agus go neamhdhíreach, do bhainisteoir sláinte áitiúil ainmnithe agus gur sárú ar alt 6(6) den Acht Ombudsman é seo:
nárbh fhéidir le FSS glacadh go “dleathach” le moltaí mo thuarascála (a) mar gheall ar “an bprionsabal bunreachtúil um scaradh cumhachtaí ” (b) mar gheall ar cheanglais shainordaitheacha an Achta um Chúram Leanaí 1991 agus (c) mar gheall ar “dhualgas an dlí phoiblí gan bac a chur le gníomhú na rogha reachtúla”.
Anuas air seo, deir aturnaetha FSS nár theastaigh uathu go dtiocfadh cás chun cinn ina measfadh na cúirteanna gur díspeagadh cúirte a bhí i gcinneadh a rinne FSS. Ar deireadh, dúirt siad go raibh sé i gceist ag FSS iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche chun an Chúirt a chur ar an eolas faoin ábhar seo, agus fógra-pháirtí san iarratas seo a dhéanamh díom.
Bhí an chumarsáid seo an-aisteach, toisc gur léiríodh tuairim inti, i measc rudaí eile, go raibh baint agam ar bhealach éigin le linn m’imscrúdaithe le tuairimí a thabhairt, nó sonraí a nochtadh ar imeachtaí cúram leanaí ar leith. Níorbh fhíor sin ar chor ar bith. Anuas air seo, níor thuig mé in aon chor cén fáth go mbeadh iarratas á dhéanamh ag FSS chuig an gCúirt Dúiche, cad a bheadh le rá aici leis an gCúirt Dúiche agus, thar aon ní eile, níor dhóigh liom go raibh aon chúis le páirtí a dhéanamh de m’Oifig in aon imeachtaí den chineál sin.
Bhí sé sách éasca na “fadhbanna dlí” seo, a mhéid is gur léir cad a bhí i gceist leo, a chaitheamh amach. Ar an 23 Deireadh Fómhair 2008, sheol mé freagairt mhionsonraithe chuig FSS, dá réir, inar dhéileáil mé le gach aon cheann de na deich n-ábhar a bhí ardaithe aici (Féach ar Aguisín 3). Tá roinnt de na príomhfhreagairtí leagtha amach thíos.
Maidir le sárú ar an riail “i gcúirt iata”, bhí an méid seo a leanas le rá agam:
“Níl aon bhunús leis an tuairim go sáraítear an riail i gcúirt iata i mo thuarascáil ... De réir mar a thuigimse, is díspeagadh cúirte é má dhéanann aon duine faisnéis a scaipeadh a thagann nó a fhaightear ó imeachtaí a seoladh i gcúirt iata gan údarás breithiúnach roimh ré. Níl aon rud i mo thuarascáil a d’fhéadfaí a fhorléiriú mar ábhar ina scaiptear faisnéis a thagann as imeachtaí a seoladh i gcúirt iata, nó a fhaightear uaidh sin. Ní shainaithnítear aon leanbh ar leith, aon imeachtaí cúirte ar leith, ná aon cheann de na páirtithe in imeachtaí cúirte ar leith sa tuarascáil. Níl aon bhonn leis an tuairim ach an oiread go gcuireann an tuarascáil isteach ar shlí éigin ar oibriú na gcúirteanna maidir le cásanna ina ndéileáiltear le leanaí."
Maidir leis na hargóintí faoi 10. thuas, bhí an méid seo a leanas le rá agam:
“Deir FSS nach féidir léi glacadh go dleathach le moltaí mo thuarascála (a) mar gheall ar “an bprionsabal bunreachtúil chun cumhachtaí a scaradh” (b) mar gheall ar cheanglais shainordaitheacha an Achta um Chúram Leanaí 1991 agus (c) mar gheall ar “dhualgas an dlí phoiblí gan bac a chur le gníomhú na rogha reachtúla”. Is doiligh gan teacht ar an gcinneadh go bhfuil na pointí seo á n-ardú ar mhaithe le mearbhall a chur ar dhaoine ó thaobh an dlí, nuair atá an cás measartha simplí i ndáiríre.
Maidir le (a), is léir ar an gcúis nach ndéanann m’Oifig breitheanna ceangailteacha ná cinntí dlí nach féidir aon chur isteach ar an teoiric cumhachtaí a scaradh a bheith i gceist. Chun rudaí a rá go simplí, rinne m’Oifig iniúchadh ar chásanna inar líomhnaíodh míriarachán (agus an téarma sin á úsáid sa chiall ghinearálta), chinn sí go seasann na líomhaintí, agus rinne sí moltaí chun na héifeachtaí díobhálacha ar na gearánaithe a réiteach. Tá sé de rogha ag FSS glacadh leis na moltaí seo nó diúltú dóibh. Roghnaigh sí diúltú dóibh agus roghnaigh mise, mar thoradh air sin, tuairisciú don Oireachtas faoi. Is dóigh liom go bhfuil sé díobhálach, nó go léiríonn sé easpa thromchúiseach tuisceana ar a ndéanann m’Oifig an cheist faoi scaradh cumhachtaí a ardú.
Maidir le (b), ag tagairt do cheanglais shainordaitheacha an Achta um Chúram Leanaí 1991, ní fheadar cad a d’fhéadfadh a bheith i gceist ag FSS. Maidir le (c), is léir go bhfuil sé de rogha fós ag FSS glacadh le mo mholadh nó diúltú dó. Ní fhéadfaí le réasún cur síos ar cheachtar cinneadh mar bhac ar roghnú. Tá mo thuairimí thuas maidir le (a) infheidhme i gcomhthéacs (c) freisin."
Is doiligh liom gan cinneadh a dhéanamh go bhfuil rogha déanta ag FSS míthuiscint a bhaint as nádúr agus impleachtaí mo thuarascála ar an imscrúdú. Tá imní orm, anuas air sin, nach raibh drogall ar bith ar FSS, tar éis di an mhíthuiscint seo a bhaint, mífhaisnéis a dhéanamh ar an tuarascáil sin agus ar impleachtaí na tuarascála. Go deimhin, tá sí tar éis leanúint leis an mífhaisnéis seo a dhéanamh go dtí an lá inniu, dhá bhliain tar éis fhoilsiú na tuarascála ar an imscrúdú.
Rinne an tUasal Laverne McGuinness ó FSS an t-éileamh aisteach go poiblí le déanaí (Leathanach na Litreacha, Irish Times, 3 Meitheamh 2010) go mbeadh torthaí do-ghlactha de gach saghas ar an scéal, dá nglacfadh FSS leis an tuarascáil lena n-áirítear: "go gceanglófaí ar FSS doiciméadúchán pearsanta agus faisnéis phearsanta de gach aon chineál (lena n-áirítear faisnéis faoi phribhléid) agus faisnéis a ullmhaíodh i gcaitheamh imeachtaí i gcúirt iata, a thabhairt ar láimh, dá n-iarrfadh an tOmbudsman amhlaidh, gan fógra a thabhairt do na daoine lena mbaineann " (Féach ar Aguisín 4 ) . Níl aon bhunús leis na héilimh seo agus níl siad ceart ná cóir, ó thaobh na bhfíoras.
Is í lomchnámh na fírinne nár pléadh san imscrúdú seo ach saincheist na socruithe íocaíochtaí idir FSS agus na gníomhaireachtaí agus sin amháin. Agus an t-imscrúdú á dhéanamh ag m’Oifig, níor iarr sí aon fhaisnéis i ndáil le haon leanbh ar leith ná aon fhaisnéis maidir le haon imeachtaí ar leith in aon chúirt ná níor theastaigh a leithéid uaithi. Níor pléadh i mo thuarascáil, dá bhrí sin, imhthosca aon linbh áirithe ná an toradh ar aon imeachtaí áirithe ina raibh leanbh páirteach. Ar an gcaoi chéanna ní raibh aon impleachtaí ag mo mholtaí d’aon leanbh áirithe ná d’aon imeachtaí ina raibh aon leanbh áirithe páirteach; mar an gcéanna ní raibh aon impleachtaí ag na moltaí don bhealach a d’fhéadfadh a bheith ar FSS freagairt d’aon imscrúdú ar ghearán amach anseo maidir le saincheisteanna a bhaineann le cúram leanaí.
Tá sonraí iomlána mo mholtaí sa chás sin ar fáil sa tuarascáil ar an imscrúdú atá á foilsiú agam anois ar láithreán Gréasáin m'Oifige. Mar achoimre, mhol mé go n-íocfaí táillí a bhí fós gan íoc, agus ús cuí san áireamh, leis na gníomhaireachtaí, go ndéanfaí íocaíochtaí “ama agus trioblóide” de €10,000 le gach aon cheann de na gníomhaireachtaí, agus gur chóir go n-oibreodh FSS go hoscailte le gníomhaireachtaí caomhnóra amach anseo le cinntiú nach dtarlódh díospóidí dá leithéid arís. Chun glacadh leis na moltaí, níor éilíodh méid níos mó ná níos lú ná an méid a bhí sonraithe sna moltaí. Déanta na fírinne, tar éis do FSS diúltú do na moltaí ar dtús, tá sí tar éis éifeacht a thabhairt dóibh ó shin i leith.
Ar an ábhar go raibh imní mór orm faoin mífhaisnéis leanúnach ar impleachtaí m’imscrúdaithe, scríobh m’Oifig leis an Uasal McGuinness ó FSS ar an 17 Meitheamh 2010 leis an méid a raibh ráite ar an ábhar a cheartú arís (Féach ar Aguisín 5).
Ag féachaint do chinneadh FSS diúltú do mo mholtaí agus do mo chinntí, bhí sé i gceist agam an toradh seo a thuairisciú don Oireachtas. Toisc nach minic a thuairiscítear don Oireachtas ar an mbealach sin, ba mhór do m’Oifig féin agus do FSS cúrsaí a réiteach gan dul chuig an Oireachtas. Eagraíodh cruinniú trí bhealach, le cúnamh ón Roinn Leanaí & Sláinte, ina raibh FSS, an Roinn agus m’Oifig féin páirteach don 31 Deireadh Fómhair 2008. Baineadh an-leas as an gcruinniú seo, inar bhfacthas do m’Oifig gurbh é an chloch ba mhó ar phaidrín FSS, de réir cosúlachta, ná cinneadh amháin de chuid mo thuarascála. Ba éard a bhí sa chinneadh seo, i dtéarmaí ginearálta, ná go raibh FSS, agus cur chuige ar leith á ghlacadh aici i leith ceist íocaíochtaí na gcaomhnóirí, ag “gníomhú ar shlí, nach gcabhródh, go fadtéarmach, le sláinte agus leas na leanaí is leochailí inár sochaí a fheabhsú, a chur chun cinn ná a chosaint”.
Bhí an cuma ar an scéal go raibh imní ar FSS go bhféadfaí breathnú ar an gcinneadh ginearálta seo lasmuigh den chomhthéacs sin agus é a fhorléiriú mar chinneadh ina dtugtar le tuiscint nach raibh FSS ag comhlíonadh, ar bhealach bunúsach, a hoibleagáidí reachtúla chun leanaí i mbaol a chosaint agus nach raibh sí ag gníomhú ar mhaithe le leas leanaí trí chéile. Chuir FSS in iúl go mb’fhéidir go bhféadfadh sí glacadh le mo chinntí agus mo mholtaí dá mbeadh soiléiriú éigin i scríbhinn ann ar a raibh i gceist leis seo. Ba é an toradh ar an gcruinniú ná gur comhaontaíodh ar theagmháil bhreise a dhéanamh ar mhaithe le leagan focal a chomhaontú a shoiléireodh nach tuairim ghinearálta an cinneadh sin, ach tuairim a tugadh i gcomhthéacs sonrach na socruithe íocaíochta le caomhnóirí ad litim.
Is ábhar iontais é, nár ardaigh taobh FSS aon cheann de na deich “bhfadhb” dlí a bhí sainaitheanta ag a haturnaetha ag an gcruinniú sin; agus anuas air sin, nár ardaigh sí go díreach aon saincheist dlí eile. Ba léir do m’Oifig go raibh an phríomhchúis le diúltú FSS don tuarascáil bunaithe ar an gcinneadh áirithe thuasluaite. Déanann FSS agóid in aghaidh an chuntais seo ar an gcruinniú.
Bhí roinnt teagmhálacha ag m’Oifig le FSS, sa choicís tar éis an chruinnithe seo, maidir le leagan focal a chuirfeadh FSS ar a suaimhneas faoin gcinneadh iomardaithe. Mar thoradh ar na teagmhálacha seo, chomhaontaigh m’Oifig ráiteas a áireamh in aon fhoilseachán den tuarascáil ar an imscrúdú ina shoiléireofaí an chiall a bhí leis an gcinneadh áirithe sin. Mar a tharlaíonn sé, táim breá sásta an soiléiriú seo a thabhairt ag an bpointe seo agus an tuarascáil bhunaidh ar an imscrúdú á foilsiú anois. Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht chomhaontaithe, a dhréachtaigh FSS:
“Táim sásta na tráchtanna seo a shoiléiriú agus, go sonrach, a rá nach é mo chinneadh é go ndearna FSS (i dteannta a chéile ná trí aon bhall foirne ar leith) leas aon linbh ar leith ná leas leanaí trí chéile a chur i gcontúirt go toiliúil. Ní hé mo chinneadh ach an oiread é gur mhainnigh FSS aon cheann dá príomhfheidhmeanna reachtúla maidir le leas leanaí a chomhlíonadh. Ina áit sin, ba chóir go dtuigfí mo thráchtanna i gcomhthéacs m’imscrúdaithe ar na gearáin a fuair mé maidir le hoibriú an chórais chaomhnóirí ad litem."
Laistigh de chúpla lá tar éis di comhaontú ar an soiléiriú seo, áfach, chuaigh FSS i dtreo eile. Ar an 14 Samhain 2008 facsáil aturnaetha FSS litir inar dúradh gur tugadh treoir dóibh an méid seo a leanas a iarraidh orm “gealltanas nach seachadfaí an tuarascáil chríochnaithe ar an Oireachtas ag féachaint don fhíoras go bhfuil ár gcliant tar éis treorú dúinn iarratas chuig an gCúirt iomchuí a dhéanamh a luaithe agus is féidir maidir leis an tuarascáil seo". Bhí an méid seo le rá ag aturnaetha FSS freisin, “sa chás, nach cosúil nach dtabharfaí é [an gealltanas], beidh orainn iarratas chuig an Ard-Chúirt a dhéanamh ar bhonn ex parte chun srian a chur le seachadadh na tuarascála ar an Oireachtas."
Is cuma cén chaoi a mbreathnófaí air, bhí sé agus tá sé fós thar a bheith aisteach, go mbagródh comhlacht poiblí - mar a tharlaíonn an comhlacht poiblí is mó sa tír - urghaire ón Ardchúirt chun cosc a chur ar an Ombudsman cumarsáid a dhéanamh leis an Oireachtas. Ba dhoiligh liom, agus is doiligh liom fós a thuiscint cén fáth go mbeadh gá le caingean cúirte d’aon chineál de bharr tuarascáil ghnáthaimh ar imscrúdú ón Ombudsman. Bhí mé den tuairim go raibh sé do-ghlactha, a bheith faoi bhagairt urghaire ón Ard-Chúirt mura n-aontóinn le héileamh FSS, i gcúinsí inar mhainnigh FSS na cúiseanna soiléire nár chóir don tuarascáil don Oireachtas dul ar aghaidh a leagan síos agus inar mhainnigh sí aon díobháil a shainaithint a d’fhéadfaí a dhéanamh dá dtabharfaí an tuairisc don Oireachtas. Cuireadh leis na fadhbanna seo toisc gur chúlaigh FSS, gan mhíniú, ó rún a bhí, de réir mar a thuig mise é, ionann agus comhaontaithe.
Ceann de na gnéithe a bhí le sonrú san eachtra seo tríd síos, i gcaitheamh na tréimhse Meán Fómhair 2008 - Meitheamh 2009, ná an cur chuige aibhéiseach i leith cumarsáide a léirigh aturnaetha FSS. Bíodh sé beartaithe nó de bharr easpa scile, bhí claonadh sna cumarsáidí seo gan ach teachtaireachtaí páirteacha a chur in iúl agus easnaimh mhóra san ábhar nach mór a thomhas nó, tátal a bhaint astu, agus talamh slán á dhéanamh de (go mícheart) go raibh siad ar eolas ag m’Oifig cheana féin. Ábhar tuairimíochta a bhí ann den chuid is mó den tréimhse seo, maidir le cad go díreach a ghoill FSS, cad a bhí sí ag iarraidh ar m’Oifig a dhéanamh agus (mar atá sonraithe thíos) cad a bhí sí ag iarraidh ar na cúirteanna a dhéanamh.
Cibé scéal é, chuir mé litir mhionsonraithe chuig Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS ar an 18 Samhain 2008, a bhí marcáilte lena cur faoina bhráid go pearsanta, ina ndearna mé iarracht mo sheasamh a shoiléiriú agus inar dheimhnigh mé go mbeinn ag dul ar aghaidh le mo thuarascáil bheartaithe don Oireachtas (Féach ar Aguisín 6). Thug an POF freagra gearr le rá go raibh na cúrsaí seo á láimhseáil ag “gníomhaire dlí” FSS.
Bhí roinnt cumarsáide ina dhiaidh sin le haturnaetha FSS go dtí gur tháinig roinnt eolais níos cuimsithí ar sheasamh FSS chun solais, faoi dheireadh, sa dara ceann de dhá litir arna dátú 19 Samhain 2008. Ag an bpointe seo bhí an cuma ar an scéal go raibh imní ar FSS go bhféadfaidís a bheith i ndíspeagadh ar an gcúirt mar gheall ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid áirithe i dtaobh imeachtaí cúirte ina raibh leanaí páirteach a nochtadh do m’Oifig, le linn an imscrúdaithe. Ina theannta sin, tháinig sé chun solais go raibh FSS den tuairim go bhféadfaí a bheith i ndíspeagadh ar an gcúirt, de bharr na rialach “i gcúirt iata” a shárú dá bhfoilseofaí roinnt den ábhar i mo thuarascáil ar an imscrúdú.
An chéad fhreagairt a bhí agam, ná, beag beann ar an tábhacht a bhain leo, gur mhór an trua é nár ardaigh FSS na saincheisteanna seo le linn an imscrúdaithe, ná, go deimhin, sna míonna óir tugadh chun críche í. Maidir leis an riail “i gcúirt iata” a shárú, tar éis dom an tuarascáil ar an imscrúdú a athbhreithniú, ba dheimhin liom nach raibh ábhar den chineál sin inti gur shárú ar an riail sin é a nochtadh. D’fhonn FSS a chur ar a suaimhneas, áfach, chinn mé an cúpla tagairt sin, ina raibh ábhar, dar leo, go mb’fhéidir gur shárú ar “an riail i gcúirt iata” é a nochtadh, a bhaint ón tuarascáil don Oireachtas. Mar a tharla sé, níor iarr mé aon chuid den ábhar seo go sonrach le linn an imscrúdaithe; níor sainaithníodh aon leanbh áirithe ná aon imeachtaí áirithe ann, agus ní raibh aon chuid de cáinteach i dtéarmaí sláine an phróisis imscrúdaithe ná cinntí agus moltaí an imscrúdaithe. Anuas air sin, ba dheimhin liom (agus is deimhin liom fós anois) gurbh i gcás go mbeinn, fiú, tar éis rochtain a iarraidh, chun críocha an imscrúdaithe, ar ábhar atá cuimsithe ag an riail “i gcúirt iata” go bhfuil na cumhachtaí dlí den chineál sin agam a cheanglódh ar FSS déanamh dá réir. Ní aontaíonn FSS áfach gurb amhlaidh atá sé.
Faoin bpointe seo, ag deireadh mhí na Samhna 2008, bhí imeachtaí dlí tionscanta ag FSS sa Chúirt Dúiche ina ndearnadh páirtí de m’Oifig. I dtéarmaí an-ghinearálta, tarraingíodh FSS isteach, ar bhealach éigin le linn na n-imeachtaí seo, i ndearbhú don chúirt go raibh an riail “i gcúirt iata” sáraithe aici de thaisme trí ábhar áirithe a sholáthar do m’Oifig; agus é le tuiscint as an méid sin go raibh m’Oifig tar éis an riail “i gcúirt iata” a shárú freisin trí ghlacadh leis an ábhar seo. Thairis sin, ba sheasamh FSS, de réir cosúlachta, gur phróiseas lochtach a bhí in aon phróiseas (de leithéid m’imscrúdaithe) inar tugadh aird ar an ábhar sin. I dteannta na n-imeachtaí sa Chúirt Dúiche, chuir aturnaetha FSS m’Oifig ar an eolas go mbeadh sí ag iarraidh na n-imeachtaí sa Chúirt Dúiche a chur ar atráth ar an mbonn go mbeadh imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh á dtionscnamh aici san Ard-Chúirt. Níor luaigh aturnaetha FSS, ní nach ionadh, cad faoi a mbeadh na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh ná níor shainaithin siad na páirtithe beartaithe sna himeachtaí.
Ag an bpointe seo, chinn mé, agus drogall mór orm, aturnaetha m’Oifige a tharraingt isteach agus abhcóide a fhruiliú chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Oifig i cibé imeachtaí a d’fhéadfadh leanúint as. Chinn mé freisin; agus drogall níos mó orm, mo thuarascáil don Oireachtas a thréigean; ar an mbonn gur shíl mé dá gcuirfinn in iúl do FSS (ar bhonn gnáthchúirtéise) go raibh sé i gceist agam mo thuarascáil a chur faoi bhráid an Oireachtais, go mb’fhéidir go rachadh FSS ar aghaidh leis an urghaire ón Ard-Chúirt a bhagair sí, nó go léireodh sí mo chinneadh í a fhoilsiú mar dhrochmheas ar an gcúirt in aon imeachtaí cúirte ina dhiaidh sin. Bhí mé an-fheasach freisin ar an ngá le costais dlí a thabhú ag dhá comhlacht arna chistiú ag an bpobal, i gcaitheamh díospóide eatarthu, a choinneáil chomh híseal agus is féidir, agus gur fearr iad a sheachaint ar fad. An fóram cuí inar chóir plé oscailt a thabhairt do dhíospóid idir an Ombudsman agus comhlacht poiblí ná dul os comhair an Choiste Oireachtais iomchuí.
Toisc go bhféadfaidh roinnt srianta a bheith ar an méid is féidir liom a rá i ndáil le teagmhais ina dhiaidh sin sa chúirt, fiú ó thaobh tuairisciú don Oireachtas, roghnaigh mé déileáil leis na teagmhais go measartha tapa.
Maidir leis na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh san Ard-Chúirt a bagraíodh, níor tháinig siad riamh i gcrích. Tá sé réasúnta a fhiarfaí an raibh sé i gceist riamh go gcreidfí an bhagairt seo i gceart, nó, mar a tharlaíonn go minic i ndlíthíocht sáraíochta, an é nach raibh ann ach go raibh seasamh poiblí á ghlacadh aici chuici féin. Go deimhin, mar a bheidh cuntas breise thíos air, chuaigh sraith imeachtaí cúirte eile a thionscain FSS san Ard-Chúirt i ndísc gan aon toradh orthu, sa chiall nach raibh aon bhreithniú ón gCúirt sin, imeachtaí a bhain de réir cosúlachta, le nithe gaolmhara i ndáil leis an Ombudsman do Leanaí.
Mar a luadh cheana, d’fhéadfadh roinnt srianta a bheith ann ó thaobh a mhéid is féidir cur síos a dhéanamh ar an mbealach inar stiúir an Fheidhmeannacht na himeachtaí seo sa Chúirt Dúiche. Is féidir a rá, áfach, go raibh moilleanna, mearbhall, agus mainneachtain FSS roinnt orduithe ón gCúirt a chomhlíonadh ina dtréithe de na himeachtaí seo. I dtéarmaí simplí, dealraíonn sé gurbh é feidhm an bhirt ná a chur in iúl don Chúirt go raibh FSS tar éis faisnéis agus doiciméadúchán a eisiúint chuig m’Oifig de thaisme, i gcaitheamh imscrúdaithe faoin Acht Ombudsman 1980, nár chóir a bheith eisithe (dar le FSS) gan cead roimh ré ón gCúirt. Níor léir riamh, áfach, cad a bhí FSS ag iarraidh a bhaint amach trí mheán na n-imeachtaí seo toisc nár shainaithin sí riamh aon fhaoiseamh ná ordú ar leith a bhí sí ag iarraidh ar an gCúirt a dhéanamh.
Luaigh FSS go raibh sé i gceist aici roinnt faisnéise a chur faoi bhráid na Cúirte, lena n-áirítear:
céannacht na ndaoine sin a nochtaigh doiciméadúchán agus faisnéis chúirte agus doiciméadúchán agus faisnéis a bhaineann leis an gcúirt gan cead ón gcúirt;
cur síos ar ábhar an doiciméadúcháin sin agus na faisnéise sin;
sonraí maidir le cóipeáil, úsáid, suíomh faoi láthair agus nochtadh an ábhair seo ar aon tríú páirtí gan cead ón gCúirt;
bearta a rinne aon cheann de na páirtithe lena mbaineann nó gach ceann díobh chun an cor a chur ina gceart.
Maidir le 1. thuas, níor sholáthair FSS céannacht aon duine don Chúirt.
Maidir le 2. thuas, sholáthair FSS sé fhillteán de dhoiciméid i dtaobh trí chás cúram leanaí ar leith don Chúirt agus do m’Oifig ina dhiaidh sin; bhí an t-ábhar céanna iontu i gcás gach linbh. Ní raibh aon tagairt in aon chuid den doiciméadúchán sin do na saincheisteanna a fhéadfaidh a bheith os comhair na Cúirte maidir leis an leanbh a bhí i gceist. Bhain an doiciméadúchán seo ar fad, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, le nithe i dtaobh táillí a íoc le gníomhaireachtaí a chuireann an tseirbhís chaomhnóra ad litem ar fáil agus i ndáil le m’imscrúdú ar ghearáin ó na gníomhaireachtaí sin. Níor luadh fiú duine amháin nó duine eile de na leanaí lena mbaineann ach i gceithre cinn de na doiciméid; agus níor cuireadh ach ceann amháin de na ceithre doiciméid sin ar fáil do m’Oifig le linn an imscrúdaithe. Ba léir gur ardaíodh saincheist dhíospóid ghinearálta na dtáillí idir FSS agus na gníomhaireachtaí sna cásanna seo. Bhí sé chomh soiléir céanna nár tháinig aon saincheist shubstainteach, i dtéarmaí sonraí faoi na cúiseanna leis na leanaí seo a bheith ina n-ábhar imeachtaí cúirte faoin Acht um Chúram Leanaí 1991, chun cinn sna doiciméid sin. Dhealraigh sé, dá réir, nach bhféadfadh díspeagadh cúirte a bheith ann de bharr nochtadh na ndoiciméad seo (ag tabhairt faoi deara freisin nár nochtadh ach cuid acu do m’Oifig ar aon nós).
Maidir le 3. agus 4. thuas, mhainnigh FSS aon sonraí ná faisnéis den chineál sin a sholáthar.
Ar an iomlán, dealraíonn sé gurb amhlaidh go raibh FSS tar éis imeachtaí a thionscnamh ar mhaithe leis an gCúirt Dúiche a chur ar an eolas faoi shárú de thaisme ar an riail “i gcúirt iata” agus ansin gur mhainnigh sí an fhaisnéis ábhartha a sholáthar ar bhealach suntasach don chúirt. Maidir leis an t-aon réimse amháin inar chuir sí roinnt faisnéise ar fáil - faoi 2. thuas - ní raibh aon fhaisnéis faoi ábhair shubstainteacha ag éirí as aon imeachtaí cúram leanaí sa doiciméadúchán a cuireadh ar fáil.
Agus na himeachtaí seo á stiúradh ag FSS, mhainnigh siad gníomhú ar ghealltanais a tugadh do na fógra-pháirtithe agus orduithe a d’eisigh an Chúirt a chomhlíonadh. Mar shampla, thoiligh FSS le hiarratas ó cheann de na gníomhaireachtaí caomhnóra chun sonraí faoin méid a raibh á iarraidh ar an gCúirt aici agus sonraí bhunús an iarratais chuig an gCúirt a shainaithint. Nuair a mhainnigh FSS amhlaidh a dhéanamh, d’ordaigh an Chúirt di amhlaidh a dhéanamh. Déanta na fírinne, níor ghníomhaigh sí riamh de réir an ordaithe seo. Mar an gcéanna, d’ordaigh an Chúirt do FSS a haighneachtaí dlí a sholáthar faoi dháta sonraithe; ach níor soláthraíodh na haighneachtaí sin riamh.
Nuair a bhí na himeachtaí os comhair na Cúirte, don ochtú huair, ag deireadh mhí na Bealtaine 2009, d’iarr FSS arís go gcuirfí an t-ábhar ar atráth. Pléitear bunús an atrátha seo in áit eile thíos. Sa chás seo, dhiúltaigh an Chúirt na himeachtaí a chur ar atráth agus scriosadh amach ansin iad agus dámhadh costais do m’Oifig agus don fhógra-pháirtí eile. Tar éis 14 mhí, níl na costais seo íoctha ag FSS fós. Déanta na fírinne, chuir sí in éadan aon teagmhála i dtreo go bhfeadfadh m’Oifig a cuid costas a bhailiú. Mar thoradh air sin, b’éigean dom iarraidh ar m’aturnaetha cuntasóirí costais dlí a fhruiliú (agus costais bhreise ar an Státchiste á dtabhú dá bharr) d’fhonn coinneáil leis an gcúram. Tabharfar bailiú na gcostas seo os comhair na Cúirte arís, más gá, chun ordú a fháil d’fhonn an t-ábhar a réiteach.
Ba ionann costais dlí m’Oifige agus €52,000, costais a íocadh go pras agus a tháinig díreach as mo bhuiséad. D’fhéadfadh an t-airgead seo a bheith caite ar rud éigin úsáideach, a chuirfeadh leis an tseirbhís a chuireann m’Oifig ar fáil. B’fhéidir go bhfuil cuma aisteach ar an scéal go gcoinneoinn le bailiú na gcostas seo ó FSS i gcomhthéacs (a) ina dtagann an t-airgead go léir lena mbaineann ón Státchiste agus (b) ina gcuirfear na costais ar fad ar ais chuig an Státchiste a luaithe agus a bhaileofar ó m’Oifig iad agus gan aon bhuntáiste airgid ag dul chun tairbhe m’Oifige. Is dóigh liom go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh FSS thíos lena cuid drochiompair féin maidir leis an mbealach inar stiúir sí na himeachtaí cúirte seo. Go deimhin, is é an pobal trí chéile a chaillfidh amach ag deireadh an lae, toisc go gcaillfear b’fhéidir €150,000 as cistiú FSS (costais na bpáirtithe ar fad san áireamh) mar thoradh ar na himeachtaí seo. Déanta na fírinne, níor nochtadh méid na gcostas dlí ar FSS féin fós, toisc nár chuir sí sonraí na dtáillí a tabhaíodh i dtaobh Abhcóide Sinsir agus Sóisir ar fáil dom fós, in ainneoin roinnt iarrataí.
Níor bhain aon pháirtí tairbhe as na himeachtaí seo a thionscnamh FSS (ach amháin na dlíodóirí lena mbaineann). Níor cinneadh aon rud agus níor soiléiríodh aon rud agus níor chuir na himeachtaí ar aon bhealach le neartú feidhmeanna cosanta leanaí FSS ná le cosaint sláine na gcúirteanna. I mbeagán focal, cur amú airgid agus ama a bhí sna himeachtaí seo.
Anuas air seo, ag féachaint don tslí ar ar iompar FSS í féin maidir leis na himeachtaí seo - agus go háirithe a cuid iarrachtaí chun a chur faoi deara go gcuirfí na himeachtaí ar atráth (féach thíos) - caithfear a fhiafraí ar thionscain FSS na himeachtaí de mheon macánta ag an tús.
Bhuail mé le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS ar an 22 Bealtaine 2009 cúpla lá roimh an dáta éisteachta a bhí socruithe do na himeachtaí sa Chúirt Dúiche. Ba é cuspóir an chruinnithe seo, ó mo thaobhse de, ná a chur ina luí ar an POF gur chóir do FSS, fiú ag an gcéim dhéanach seo, iarracht a dhéanamh chun a chur faoi deara go stopfaí na himeachtaí Cúirte Dúiche. Chuir mé in iúl don POF, i dtéarmaí measartha neamhbhalbh, gur chráigh sé mé agus gur chuir sé frustrachas orm a bheith páirteach sna himeachtaí agus go raibh tuairim láidir agam nach mbeadh aon fheidhm úsáideach leis na himeachtaí. Rinne mé trácht freisin ar na gnéithe do-ghlactha agus mífheiliúnacha, dar liom, sa tslí ar a raibh na himeachtaí á stiúradh ag foireann dlí FSS, thar a ceann.
Mhínigh an POF, go raibh sé sásta, óna thaobh sin de, an fhaisnéis ar fad faoi ghníomhaíochtaí FSS a chur ar fáil a d’fhéadfaí a chur ar fáil faoi réir srianta dlí agus faoina réir sin amháin. Bhí sé den tuairim, a dúirt sé, go bhféadfadh sé goilleadh orthu an fhaisnéis ar fad is féidir a scaoileadh, ach ag an am céanna go mbeadh sé ríthábhachtach toisc go dtabharfadh sé seo spreagadh mór don tseirbhís sláinte athrú ó bhonn. Maidir leis an gceist faoi ábhar “i gcúirt iata” a nochtadh, dúirt sé go raibh comhairle faighte aige ó abhcóide sinsir ardchéimiúil a chuir in iúl nach raibh cead ag FSS ábhar den chineál sin a scaoileadh chun m’Oifige gan cead roimh ré ón gcúirt. Cé go raibh baint ag an an méid a bhí le rá aige le gearán ar leith a bhí á bhreithniú ag m’Oifig an uair sin, ní raibh baint dá laghad aige leis an ngearán faoi tháillí caomhnóirí toisc nár iarr mé ábhar “i gcúirt iata” ná níor theastaigh sé uaim sa ghearán sin. Bhain na himeachtaí sa Chúirt Dúiche leis an imscrúdú ar an ngearán faoi tháillí caomhnóirí agus leis sin amháin.
I ndeireadh na dála, níor baineadh amach mórán sa chruinniú seo. D’fhág mé an cruinniú agus amhras orm go go raibh measúnú máite á dhéanamh ag FSS, ag leibhéal na hardbhainistíochta, ar an gcomhairle dlí a bhí ar fáil di. Thuigfinn, i bprionsabal, i gcúinsí ina n-iarrfainn go sonrach agus go toiliúil taifid a chur ar fáil ina nochtar ábhar “i gcúirt iata” go bhféadfadh FSS an ceart atá agam chun an ábhair sin a dhíospóid. D’fhéadfadh seans beag a bheith ann i gcúinsí den chineál sin go bhféadfadh an díospóid teacht os comhair na cúirte, i ndeireadh na dála (cé gur deimhin liom nach ann d’aon bhac dlí ar ábhar den chineál sin a sholáthar do m’Oifig faoi láthair). An rud nár thuig mé, agus nach dtuigim fós, ná an fáth ar tugadh os comhair na cúirte mé sna himthosca seo nuair nár iarr mé ábhar “i gcúirt iata” agus nuair nár theastaigh sé uaim. Agus bhí an méid sin ar fad i gcomhthéacs, ina raibh réigiúin éagsúla de FSS ag leanúint (agus atá fós ag leanúint) den chleachtas bunaithe ábhar den chineál sin a chur ar fáil do m’Oifig, dá n-iarrfainn é, gan aon deacracht.
Thug an POF le tuiscint go raibh cur chuige ciallmhar á ghlacadh aige, sa mhéid gur tugadh comhairle dlí shoiléir dó, agus gur chóir dó glacadh leis an gcomhairle sin. Toisc nach bhfaca mé an chomhairle sin, ní féidir liom tuairim a thabhairt ar a tuillteanas agus níl a fhios agam ach an oiread cén bhaint a bhí ceaptha a bheith aici le cúinsí ar leith m’imscrúdaithe chríochnaithe. Níl i gcomhairle dlí ach gné amháin - cé gur gné thábhachtach í - den chinnteoireacht. Tá sé deacair tuairim a thabhairt ar a mhéid is ceart aon chomhlacht poiblí gníomhú de réir comhairle dlí, seachas, a rá, b’fhéidir, nach ceart go mbeadh an chinnteoireacht á stiúradh ag comhairleoirí dlí. Ag deireadh na dála, níl i gcomhairle dlí ach measúnú ar an mbealach is dócha a bhreithneoidh cúirt má thugtar saincheist áirithe os comhair na cúirte. Agus cur chuige meáite á ghlacadh i leith comhairle dlí a mheasúnú, baineann sé le hábhar go bhfaighfí amach cibé an t-ábhar práinneach an cheist a bhfuil comhairle á lorg ina leith, an dtéann sé i bhfeidhm go bunúsach ar fholláine agus ar chearta daoine eile agus mar sin de. Uaireanta is cóir a fhiafraí an tsaincheist ábhartha i ndáiríre í, sna cúinsí ábhartha, nó, an tsaincheist acadúil seachas saincheist phraiticiúil í.
Áitíonn FSS go raibh na gníomhartha a ghlac sí, i ndiaidh thabhairt chun críche imscrúdú na dtáillí caomhnóra, a bhfuil cur síos thuas orthu, bunaithe ar chomhairle dlí. Is léir anois go raibh na gníomhartha seo gan éifeacht agus gur cur amú airgid a bhí iontu. Bheinn ag súil, ag cuimhneamh ar an méid a tharla, go ndéanfadh FSS athmhachnamh ar an gcur chuige atá aici i leith comhairle dlí ó thaobh a mhéid is ceart gníomhartha FSS a bheith á gcinneadh aici a bhreithniú.
Go gairid roimh an dáta éisteachta a bhí socraithe do na himeachtaí sa Chúirt Dúiche ag deireadh mhí Bealtaine, 2008 d’iarr aturnaetha FSS ar m’Oifig glacadh le atráth ar na himeachtaí sin. Iarradh é seo ar an mbonn, mar a mhínigh na haturnaetha, go raibh cás le teacht os comhair na hArd-Chúirte lena éisteacht ag tús mhí an Mheithimh 2009 “ina bhfuil saincheisteanna arb ionann iad, nach beag agus na cinn atá ag teacht aníos ... sa chás láithreach." Bhí baint ag na saincheisteanna seo, mar a míníodh, le cás inar sholáthair FSS an méid seo a leanas do chomhlacht poiblí “ábhair a rinneadh ar mhaithe le héisteacht i gcúirt iata ... nuair nár lorg nó nach bhfuair an Chúirt cead roimh ré chun an nochtadh sin a dhéanamh". Rinne FSS iarracht na himeachtaí sa Chúirt Dúiche a chur ar atráth ar an bhforas go ndéanfaí an “tsaincheist chéanna” seo “a chinneadh go húdarásach san Ard-Chúirt". Mar a luadh thuas, dhiúltaigh an Chúirt Dúiche na himeachtaí a chur ar atráth agus scriosadh amach an cás.
Ag an gcruinniú a bhí agam le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS ina dhiaidh sin, tháinig mé ar an eolas go raibh an tOmbudsman do Leanaí páirteach san éisteacht seo san Ard-Chúirt mar an gcomhlacht reachtúil a líomhnaíodh gur soláthraíodh an t-ábhar “i gcúirt iata” dó.
Ó mo thaobhse de, ní raibh aon phráinn le breithniú den chineál sin toisc gur leor an dlí reatha le cur ar chumas aon tríú páirtí ábhar a sholáthar a chuimsítear sa riail “i gcúirt iata” murach sin. I gcás go ndéileálfaí leis an ábhar san Ard-Chúirt, áfach, is léir go mbeadh sé ábhartha breithniú na Cúirte a fháil amach. Déanta na fírinne, bhí gearán FSS eile ar láimh agam ag an bpointe sin ina raibh soláthar ábhair den chineál sin ina ghné ríthábhachtach i m’imscrúdú. Bhí an ceanglas an t-ábhar seo a sholáthar dom curtha siar agam go dtí go bhfaighfí toradh na héisteachta geallta sin san Ard-Chúirt.
Sa chás seo, dealraíonn sé nach ndeachaigh na himeachtaí ina raibh an tOmbudsman do Leanaí páirteach os comhair na cúirte, mar a shíl FSS. Ní dhearna an Ard-Chúirt aon chinneadh, dá réir, maidir leis an tsaincheist faoi cheart an Ombudsman doiciméadúchán a bheith á sholáthar dó a d’fhéadfadh a bheith cuimsithe ag an riail “i gcúirt iata” murach sin. Cé go raibh a fhios aici go raibh spéis dhíreach agam sa toradh ar an gcás ar leith sin - tar éis an tsaoil, ba í FSS a chuir in iúl dom go raibh sé ann agus a leag béim ar an mbaint a bhí aige le mo chás - mhainnigh FSS a chur in iúl dom nach ndeachaigh an cás os comhair na cúirte agus nár thug an Ard-Chúirt breithiúnas. Tháinig m’Oifig ar an bhfíoras seo i Lúnasa 2009.
An rud a chuireann imní orm faoin eachtra seo ar fad ná gur féidir nach raibh seans réalaíoch ann riamh go dtabharfaí breithiúnas ón Ard-Chúirt mar a thug FSS le tuiscint go dtabharfaí. Níl cur amach agam ar shonraí iomlána an cháis Ard-Chúirte seo ná ar an gcineál imeachtaí a bhí i gceist. B’fhéidir gurb amhlaidh nárbh fhéidir, le réasún, a bheith ag súil leis go dtabharfaí breithiúnas i scríbhinn de bharr na n-imeachtaí a bheith i bhfoirm áirithe. Is eol dom ó mo thaithí féin le FSS nárbh fhíor roinnt dá cuid tuartha maidir leis an réim gníomhaíochta ar dócha don Chúirt Dúiche a dhéanamh. Bheadh imní orm gurbh fhéidir go raibh sé measartha meargánta trácht roimh ré ar an tslí a roghnódh an Ard-Chúirt déileáil le himeachtaí ar leith ina raibh an tOmbudsman do Leanaí páirteach. A fhearacht na n-imeachtaí sa Chúirt Dúiche inar tarraingíodh m’Oifig isteach in aghaidh a tola, b’fhéidir gurbh amhlaidh gur tarraingíodh páirtithe isteach in imeachtaí san Ard-Chúirt in aghaidh a dtola agus, faoi mar a tharla domsa, nár baineadh faic amach, seachas ardchostais dlí - ar íoc an Státchiste astu ar fad.
Bhí roinnt de na saincheisteanna, ar déileáladh leo sa tuarascáil seo, le sonrú sna heachtraí ar na mallaibh inar dhiúltaigh FSS, de réir dealraimh, taifid chúram leanaí a sholáthar ar mhaithe leis an bhfiosrúchán atá á dhéanamh faoi leanaí a fuair bás nuair a bhí siad faoi chúram FSS. Tá an fiosrúchán sin á dhéanamh ag an Uasal Norah Gibbons agus ag an Uasal Geoffrey Shannon thar ceann na Roinne Sláinte & Leanaí. Ag éirí as an gcás seo, d’fhoilsigh an tAire Sláinte & Leanaí an Bille Sláinte (Leasú) 2010 le déanaí agus déileáileadh leis go práinneach san Oireachtas; tá an Bille sínithe anois ag an Uachtarán agus tháinig i bhfeidhm ar 3 Iúil 2010.
De réir mar a thuigimse é, tá foráil ann cheana féin (alt 40 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004) faoinar féidir leis an FSS comhoibriú leis an bhfiosrúchan - cé nach nglacann an FSS leis gur amhlaidh atá. Go deimhin, deir an FSS go gcruthaíonn teacht isteach den Acht úr an cás nach raibh bonn dlíthiúil ann cheana féin a ligfeadh di comhoibriu leis an bhfiosrúchan. Ní aontaím leis seo. Tuigtear dom gur thapaigh an tAire Sláinte & Leanaí an deis, ag éiri as na cúinsí áirithe,chun déileáil le hábhair níos leithne sa Bhille i ndáil le faisnéis a roinnt leis an Roinn ó FSS. Tá sé mínithe sa Mheabhrán Mínithe a ghabhann leis an mBille gurb é feidhm an Bhille:
“chun an bonn reachtúil le soláthar faisnéise ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don Aire Sláinte agus Leanaí a neartú ionas go mbeidh an tAire in ann a ról agus a fheidhmeanna a chomhlíonadh níos fearr (lena n-áirítear freagracht pholaitiúil don Oireachtas) agus “bealach sábháilte cumarsáide” a chruthú d’fhaisnéis leochaileach idir FSS agus an tAire.”
Ag éirí as na heachtraí is deireannaí, ba mhaith liom tuairim ghinearálta amháin a nochtadh áfach: agus an Bille á spreagadh ag gníomhartha FSS le déanaí, dealraíonn sé go bhfuil an cur chuige saobh céanna á léiriú aici anseo agus a léirigh sí nuair a bhí sí ag déileáil le m’Oifig tar éis m’imscrúduithe ar an ngearán faoi tháillí na gcaomhnóirí.
Úsáidim an focal “saobh” d’aon toisc maidir le mo thaithí féin. Bhí gníomhartha FSS, mar a thuairiscítear thuas, gan údar agus contráilte sa chiall nach raibh aon bhaint ag m’imscrúdú le himeachtaí “i gcúirt iata” seachas sa mhéid go raibh baint ag an tseirbhís a sholáthraíonn na gníomhaireachtaí gearánaigh le leanaí a bhí ina n-ábhar imeachtaí cúirte. Ba faoi chúrsaí airgid a bhí an gearán, seachas faoi aon ghné den tseirbhís a soláthraíodh do na leanaí nó faoin méid a tharla sa chúirt. Dhírigh FSS ar shaincheist nach raibh baint dá laghad aici le m’imscrúdú agus ansin bhain sé leas as an tsaincheist neamhábhartha seo mar bhonn chun diúltú do mo thuarascáil, agus thairis sin, chun mé a tharraingt isteach sna himeachtaí costasacha, gan éifeacht a bhfuil cur síos thuas orthu.
Tá easpa mhór gnáthchéille agus droch-thuiscint ar thosaíochtaí le sonrú i gcur chuige FSS freisin. Tá neart réimsí teidil sláinte ann ina bhfuil FSS (agus na boird sláinte a bhí ann roimpi), san am i láthair, agus go deimhin, go stairiúil, tar éis mainneachtain a hoibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh. Tá na teipeanna seo le sonrú ar fud raon iomlán na seirbhísí sláinte agus sóisialta - cosaint leanaí, seirbhísí déadliachta agus cúram teach altranais do dhaoine scothaosta, gan ach cúpla ceann a lua. Sna míonna atá romhainn beidh mé ag tuairisciú don Oireachtas ar theipeanna i réimse sonrach na seirbhísí teach altranais do dhaoine scothaosta. Is deacair a thuiscint cén fáth a roghnódh FSS m’Oifig a tharraingt isteach in eachtra dhiomailteach gan éifeacht, mar a thuairiscítear thuas, agus a mhéid fíorfhadhbanna práinneacha atá aici ar chóir di a bheith ag gabháil dóibh. Ní deimhin liom ar chor ar bith gurb é ba chúis le gníomhartha FSS ná an meon gur chóir sláine na gcúirteanna a chosaint agus meas a léiriú orthu.
Rud a chuaigh i bhfeidhm go mór orm, ó thaobh mo thaithí féin de, ná á mhéid gur tharmlig FSS gníomhaíocht ar na saincheisteanna chun a cuid comhairleoirí dlí. Cuireadh comhfhreagras ó m’Oifig chuig FSS ar aghaidh chuig a haturnaetha lena fhreagairt. Bhí an cuma ar an scéal, scaití, nach raibh aon duine ag leibhéal bainistíochta san FSS ar an eolas faoinar tharla agus, in amanna, bhí sé deacair a fhios a bheith agat, cé leis/léi, laistigh den FSS, ar féidir cúrsaí a phlé. Bheifeá in amhras uaireanta nach d’aon turas a tharmlig FSS freagracht chun a comhairleoirí dlí chun fad a chur le cúrsaí agus chun leanúint den mhearbhall a chuir an eachtra ar fad ar dhaoine. Ag pointe amháin, chuir aturnaetha FSS in iúl go raibh siad feargach toisc go ndearna m’Oifig (d’aon ghnó) iarracht cumarsáid a dhéanamh trí ghnáthbhealaí ag an leibhéal oifigiúil, seachas, mar a bhí siadsan ag iarraidh, an chumarsáid ar fad a bheith tríd an mbealach dlíthiúil.
Mar achoimre, mar sin, chuir FSS faoi deara m’oifig a bheith páirteach i bpróiseas sáraitheach, diomailteach, a bhí ina údar lagmhisnigh agus a bhí gan éifeacht sa deireadh, tar éis dom imscrúdú áirithe a thabhairt chun críche i mí Iúil 2008. Ní féidir liom a rá go cinnte go raibh iompar FSS beartaithe chun bac a chur le foilsiú mo thuarascála ar an imscrúdú; ach is féidir liom a rá nach mór a bhreithniú go mb’fhéidir go raibh.
Emily O’Reilly
Ombudsman
Iúil 2010
Íoslódálacha
Appendix 1 - HSE Response to Draft Report - 9th July 2010 (pdf)
Appendix 2 - HSE letter of 14th October 2008 (pdf)
Appendix 3 - Ombudsman letter of 23rd October 2008 (pdf)
Appendix 4 - HSE letter in Irish Times 3rd June 2010 (pdf)