Imscrúdú a rinne an tOmbudsman ar an Scéim um Cheartas Aisiríoch i leith Neachtlanna Mhaigdiléana a riar
(Faoi Alt 4 den Acht Ombudsman 1980, arna leasú)
Samhain 2017
Ceann de na himeachtaí is measa i stair na tíre ab ea mná a chur i ngéibheann i neachtlanna Mhaigdiléana agus an obair éigeantais a raibh orthu a dhéanamh iontu. Rinneadh níos measa fós é toisc gur theip ar shochaí na hÉireann aon rud a dhéanamh thar na blianta chun béim a chur ar an éagóir a d'fhulaing na mná sin agus chun dul i ngleic leis. Bhí sé mar chuspóir ag an leithscéal ó chroí a ghabh iar-Thaoiseach Enda Kenny agus le cruthú scéim ceartais aisiríoch go léireofaí náire na tíre agus go dtairgfí admháil agus cúiteamh de chineál éigin do na mná.
Leis an tuarascáil seo, déantar scrúdú ar riar na scéime ceartais aisiríoch sin. Nuair a thosaigh mé m'imscrúdú ar dtús, dhírigh mé go príomha ar an gcaoi ar tuigeadh na critéir incháilitheachta don Scéim. Mar thoradh ar léamh caol na Roinne, eisiadh ón Scéim roinnt ban a bhí cónaí orthu sna clochair agus a d'oibrigh sna neachtlanna. Ba cheart dom a chur in iúl go láidir nach bhfuil mé ag iarraidh institiúidí nua a chur leis an Scéim. Tá roinnt mhaith fianaise feicthe agam, áfach, lena léirítear go raibh cuid de neachtlanna Mhaigdiléana ceangailte go dlúth le haonaid eile a ghabh leis na neachtlanna nó a bhí ar an láithreán céanna agus ba cheart go measfaí gurb iad na hinstitiúidí ceannanna céanna iad.
De réir mar a chuaigh m'imscrúdú ar aghaidh, áfach, tháinig mé ar phróiseas lochtach riaracháin freisin. D'aimsigh mé próiseas ina raibh ar na mná cur isteach ar an scéim gan na critéir a bheith curtha in iúl dóibh, agus inar braitheadh go mór ar thaifid na gcuallachtaí gan fhianaise eile a chur san áireamh.
An t-ábhar is mó imní b'fhéidir, d'fhoghlaim mé an chaoi ar theip ar an Roinn socrú a dhéanamh do na mná sin nach bhfuil sé de chumas acu déileáil lena gcúrsaí féin agus atá fós ag feitheamh ar íocaíochtaí a fháil faoin Scéim. Tá líon suntasach de na mná sin fós faoi chúram na gcuallachtaí. D'fhéadfaí nach raibh siad in ann a bheith sa Dáil an tráthnóna a ghabh an Taoiseach a leithscéal agus d'fhéadfaí nach raibh seans acu a scéal a insint riamh. Ní hé nach bhfuil siad chomh tábhachtach céanna mar gheall air sin.
Ní bhaineann an t-imscrúdú seo leis an Scéim a shíneadh thar an méid a d'fhormheas an Rialtas. Ag croílár an imscrúdaithe tá scéim ceartais aisiríoch a cuireadh fáilte mhór roimpi agus arbh é a cuspóir sainráite ná rannchuidiú, a mhéid arbh fhéidir, le slánú agus le hathmhuintearas. Ní mór scéim den chineál sin a thuiscint agus a chur i bhfeidhm chomh leathan agus chomh flaithiúil agus is féidir gan eisiamh ar bith ar bhonn critéar caol, teicniúil.
Ar an drochuair, an scéim seo is cúis le tuilleadh anacra do roinnt daoine, ar scéim é a tugadh isteach chun slánú agus athmhuintearas a chruthú. Ní mór é sin a cheartú. Maidir leis na mná a d'oibrigh sna neachtlanna a chumhdaítear faoin Scéim, ba cheart go dtabharfaí cead isteach sa Scéim dóibh. Ba cheart go leanfaí agus go gcuirfí san áireamh an fhianaise ar fad faoi cibé an raibh na mná ag obair sna neachtlanna, agus ar feadh cén fhad. Na mná sin a measadh go raibh siad incháilithe ach nach bhfuil sé de chumas acu dul i ngleic leis an Scéim, ba cheart dóibh a n-íocaíochtaí a fháil mar ábhar práinne.
Scannal ab ea é go raibh neachtlanna Mhaigdiléana ann agus gur úsáideadh iad. Leis an scéim ceartais aisiríoch, cruthaíodh deis chun cúiteamh éigin a thairscint, más go mall féin é, do na mná a raibh cónaí orthu sna neachtlanna agus a d'oibrigh iontu. Cailleadh an deis sin i ndáil le cuid de na mná sin a ndearna mé a gcásanna a mheas. Tá sé in am don Stát anois agus an scéim á riar aige, an dea-chroí a bhí mar thréith sa leithscéal oifigiúil a léiriú.
Peter Tyndall
An tOmbudsman
Samhain 2017
Is imscrúdú é seo ar an gcaoi a riar an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an Scéim um Cheartas Aisiríoch i leith Neachtlanna Mhaigdiléana. Tosaíodh an t-imscrúdú i mí na Nollaig 2016 tar éis tréimhse rannpháirtíochta idir m’Oifig agus an Roinn maidir le roinnt saincheisteanna suntasacha. D’eascair sé as 27 gearán a rinneadh le m’Oifig a bhain den chuid is mó le cead isteach sa Scéim agus leis an measúnú ar an tréimhse chónaithe a rinne riarthóir na Scéime (an Roinn).
Dhírigh an t-imscrúdú a rinne mé ar an gcaoi ar cinneadh incháilitheacht, agus ar an bpróiseas a tugadh faoi chun iarratais a mheasúnú. Le linn an imscrúdaithe, tháinig sé chun solais mar shaincheist eile riaracháin an chaoi ar déileáladh leis na mná sin ar measadh nach bhfuil cumas acu, nó an chaoi nár déileáladh leo.
Go simplí, fógraíodh scéim ceartais aisiríoch bunaithe ar mholtaí ó thuarascáil atá ar fáil go poiblí inar úsáideadh téarmaí neamhbheachta a rabhthas in ann iad a thuiscint ar bhealaí éagsúla. Scéim a bhí ann chun leasa na mban sin a glacadh isteach i neachtlanna Mhaigdiléana agus a d’oibrigh iontu. Liostaíodh dhá institiúid déag a cumhdaíodh faoin Scéim. Bhí réamhfhoirm chláraithe um léiriú spéise ar fáil ón Roinn ó mhí Feabhra 2013 a thagair d’am caite i Neachtlann Mhaigdiléana. Is léir, áfach, go raibh an Roinn a bhí ag riar na Scéime ag feidhmiú le critéir bhreise nach raibh ar eolas nó nár cuireadh in iúl go soiléir mar chuid d’fheachtas eolais nó den phróiseas iarratais. Níor cuireadh an critéar lenar eisiadh í in iúl d’iarratasóir go dtí deireadh an phróisis.
Baineann an fhadhb is mó sa fhrásaíocht leis an bhfrása “a glacadh isteach i Neachtlanna Mhaigdiléana agus a d’oibrigh iontu”. Bhí sé sna téarmaí tagartha a soláthraíodh don Bhreitheamh Quirke agus lean sé féin, an Rialtas, an Roinn agus daoine eile leis an bhfrása a úsáid, gan sainmhíniú (go poiblí ar a laghad) ó dhuine ar bith ar cén chiall a bhí leis an bhfrása dóibh féin nó céard a bhí i gceist leis. Ní raibh baint ag an imscrúdú a rinne mé le tuiscint cheart dhlíthiúil an fhrása sin a fháil amach toisc nach é sin croílár na ngníomhartha riaracháin atá faoi scrúdú. Ach cuirim an argóint i gcion chun a léiriú an aisiméadracht a bhí ann ó thaobh tuisceana de idir an Roinn agus na mná is iarratasóirí maidir leis na daoine a mbaineann an Scéim leo ó cruthaíodh an Scéim. Is cliseadh suntasach é seo ó thaobh an riaracháin de.
Cuireadh leis an gcliseadh sin leis an tuiscint chaol a bhí ag na riarthóirí ar na critéir incháilitheachta. Go simplí, d’fheidhmigh an Roinn ar an mbonn nach raibh mná incháilithe ach amháin dá bhféadfaidís a léiriú trí thaifid infhaighte gur taifeadadh go hoifigiúil gur glacadh isteach iad i gceann de na 12 institiúid ainmnithe. Ba í an fhírinne phraiticiúil ná cé gurbh institiúidí ar leith iad ó thaobh an riaracháin de, bhí siad ar aon láithreán amháin agus d’fhéadfaí go raibh siad san fhoirgneamh céanna le hinstitiúidí eile a raibh na mná rialta i gceannas orthu. Rinne na mná rialta féin tagairt dóibh mar ranna ó am go ham. D’fhéadfaí go raibh bainisteoir scoile saothair ina bainisteoir ar an neachtlann freisin. Coinníodh cláir ar leith. Bhíothas in ann cailíní óga agus cailíní a bhí ina ndéagóirí go háirithe a bhogadh go dtí ranna nó institiúidí éagsúla laistigh den chlochar inar glacadh isteach iad gan é sin a thaifeadadh go hoifigiúil nó gan é a léiriú sna taifid.
Thar am, d’athraigh na clochair agus na hinstitiúidí a raibh na mná rialta i gceannas orthu laistigh de láithreán an chlochair de réir gá agus na n-acmhainní a bhí ar fáil, agus d’éirigh siad níos idirdhealaithe sna blianta deireanacha. I ndearcadh na gcailíní agus na mban óga, áfach, bhí siad ina gcónaí i gclochar áirithe seachas roinn nó institiúid ar leith laistigh de. Níor bhain sé le hábhar dóibh gur chodail siad i seomra a bhí difriúil ó na mná níos sine. Ba é an chomhthuiscint is ísle ná gur oibrigh siad sa neachtlann chéanna faoi údarás agus maoirseacht na mban rialta céanna. Thuig na hiarratasóirí sin gur oibrigh siad i gceann de na 12 institiúid a liostaítear agus dá bhrí sin ba cheart go dtabharfaí cead isteach sa Scéim dóibh.
Sa bhreis air sin, tháinig mé ar neamhréireacht thromchúiseach i gcur i bhfeidhm na gcritéar incháilitheachta, sa chaoi is gur tugadh cead isteach sa Scéim do mhná a taifeadadh gur glacadh isteach in institiúid áirithe amháin iad a raibh dlúthbhaint aici le neachtlann ainmnithe, ach gur diúltaíodh cead isteach sa Scéim do mhná a taifeadadh gur glacadh isteach in institiúid éagsúil iad a raibh dlúthbhaint aici le neachtlann ainmnithe eile. Tharla sé sin d’ainneoin na próifíle, na dtréithe agus an chaidrimh leis an neachtlann lena mbaineann a bhí ag an dá institiúid, arbh phróifíl, tréithe agus caidreamh beagnach comhionann iad.
Úsáideann an Roinn fonóta aisteach amhrasach leis an liosta de na 12 institiúid a chumhdaítear leis an Scéim, atá in Aguisín 1 a ghabhann le Téarmaí na Scéime, chun údar a thabhairt leis na cinntí sin. Luadh sa nóta, a tugadh isteach i mí na Nollag 2013 nuair a bhí níos mó ná 600 iarratas faighte agus cinneadh déanta i leith roinnt acu cheana, nach gcumhdaítear na hinstitiúidí a liostaítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shásamh i leith Foras Cónaithe 2002 leis an Scéim seo. Bhí sé sin contrártha leis an moladh a rinne an Breitheamh Quirke a d’fhéach ar an tsaincheist go bhféadfadh gnóthú dúbailte a bheith ann. Ba chúis iontais é nár eisíodh Téarmaí na Scéime i dteannta litreacha foirmiúla ceadaithe ach ag deireadh an phróisis iarratais.
Bhí an scéim seo deacair le riar de dheasca an easpa taifead, i dtéarmaí a infhaighteach a bhí siad agus leibhéal na mionsonraí a bhí sna taifid a bhí ar fáil araon. Bhí dúshlán ann do na riarthóirí agus do na hiarratasóirí ach ní rud é nach rabhthas ag súil leis agus bhí sé chomh maith é a phleanáil go cuí agus é a chur san áireamh, agus is dócha go rabhthas in ann é sin a dhéanamh. Dúirt an Breitheamh Quirke ina thuarascáil
“Is é mo thuairimse agus molaim, má tá an Scéim a beartaíodh le cur chun feidhme ar bhonn rathúil, go mbeidh sé ríthábhachtach do riarthóir na Scéime próiseas cothrom láidir incháilitheachta nó cáilíochta a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh rochtain ag iarratasóirí incháilithe ar thaifid institiúidí agus ar thaifid ábhartha eile agus go bhfaighidh siad comhoibriú agus cúnamh breise agus eile ón Stát agus ó ghníomhaireachtaí eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu d’fhonn a chur ar a gcumas an obair a rinne siad agus an tréimhse/na tréimhsí ama a chaith siad sna neachtlanna a thaifeadadh agus a fhíorú go cuí.”
Ba cheart dom a shoiléiriú gur chuir na cuallachtaí na taifid ábhartha ar fáil don Roinn agus d’iarratasóirí aonair arna iarraidh sin. Baineann an tsaincheist leis an gcaoi ar cheistigh an Roinn stair an iarratasóra aonair agus an t-eolas a bhí ar fáil agus an chaoi a ndearna an Roinn obair leanúnach faoin méid sin. Rinneadh an obair ar bhonn ad hoc agus níor críochnaíodh é anois is arís, agus bhí bearnaí ann agus ceisteanna nó neamhréireachtaí gan freagraí. Braitheadh an iomarca ar thaifid na gcuallachtaí agus ní léir cén luach a tugadh d’fhianaise na mban agus/nó a ngaolta, má tugadh luach di. Cuireadh na hiarratasóirí faoi agallamh mar rogha deiridh agus níor tugadh fúthu ach go han-déanach sa phróiseas agus i líon beag cásanna nár thángthas ar réiteach orthu ina leith ná ina n-aghaidh. Is é sin le rá go bhféadfaí iarratasóir a eisiamh ar bhonn taifead ina léirítear nár glacadh isteach i gceann de na 12 institiúid í agus níor cuireadh faoi agallamh í mar chuid den phróiseas.
I bhformhór na gcomhad aonair a rinneadh scrúdú orthu mar chuid den imscrúdú (na daoine sin a bhfuair mé gearán uathu), chun na taifid a sheiceáil leis an gcuallacht ábhartha ní dhearnadh ach ceist a chur orthu an raibh taifead ann gur glacadh duine aonair ainmnithe isteach in institiúid XY. Níor iarradh na fíorthaifid nó sleachta díobh nó ní bhfuarthas iad ón gcuallacht in an-chuid cásanna. Tháinig freagra go raibh nó nach raibh taifead ann agus glacadh leis an sonra. Is éard a bhí i gceist uaireanta le seiceáil bhreise leis an gcuallacht ná a iarraidh orthu an t-eolas a dheimhniú. Ceisteanna teoranta a bhí iontu mar aon le freagraí teoranta. Thar am agus le taithí, tháinig athrú ar an bpróiseas trí úsáid a bhaint as foinsí eile eolais chun iarracht a dhéanamh na taifid agus/nó an fhianaise a chomhthacú, ach níl aon fhianaise ann go ndeachthas ar ais go dtí iarratais níos luaithe chun an fhianaise a thástáil leis an eolas nua go bhféadfadh foinsí eile a bheith ann, m.sh. taifid scoile, cláir toghthóirí, taifid árachais shóisialta. D’éirigh níos fearr le hiarratasóirí a bhí in ann a n-iarratas féin a leanúint agus bealaí eile taighde a mholadh. Ba cheart go raibh próiseas comhsheasmhach láidir ann i gcomhair gach iarratasóra. Tugadh tosaíocht do thaifid scríofa, rud a chuir roinnt ban faoi mhíbhuntáiste go huathoibríoch agus a bhí contrártha leis an méid a moladh. D’fhéadfadh sé go raibh an Roinn i dteideal agus, go deimhin, go raibh oibleagáid uirthi cosaint in aghaidh éileamh calaoiseach, ach d’fhéadtaí é sin a bhaint amach ar bhealach níos cothroime.
Ceapadh é chun cur le slánú agus le hathmhuintearas, ach faraor, do roinnt ban, cuireadh leis an ngortú domhain agus leis an mothú imeallaithe mar thoradh ar an gcaoi a riaradh an Scéim, agus baineadh an bonn ón tionchar aisiríoch a bhí leis an leithscéal corraitheach a ghabh an Taoiseach Enda Kenny i mí Feabhra 2013 nuair a foilsíodh Tuarascáil Mhic Giolla Íosa.
Tá dearmad déanta ar ghrúpa eile ban go héifeachtúil. Ó 2013, maidir leis na mná sin a measadh nach raibh sé de chumas acu déileáil lena gcúrsaí féin ach a raibh incháilithe le cur san áireamh sa Scéim agus dá bhrí sin atá i dteideal íocaíocht cnapshuime, fágadh iad gan íocaíocht a fháil nó gan aon bheart a bheith déanta chun sásra a chur i bhfeidhm lena bhféadfaí é a íoc thar a gceann. Thug an Breitheamh Quirke aghaidh ar an tsaincheist shonrach seo ina thuarascáil agus fiú má cinneadh sa deireadh nach raibh sé indéanta a mholadh sonrach a leanúint, ba cheart go ndearnadh rud éigin. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, tar éis fiosrúcháin a dhéanamh leis an Roinn mar chuid den imscrúdú seo, scríobh an Roinn chuig na cuallachtaí ag iarraidh orthu bearta a dhéanamh chun go mbeadh na mná atá faoina gcúram nach bhfuil cumas acu ina gCoimircithe Cúirte. Is é seo an rogha is mífhabhraí chun cearta na mban sin a chosaint ach is le drogall a fhaighim gurb é sin an bealach is fearr chun a áirithiú go bhfaighidh siad a n-íocaíochtaí a luaithe is féidir. Tá 18 bean sa chás seo, bhí 40 bean sa chás seo in 2013.
Dá bhrí sin, faighim gurb ionann an chaoi ar riar an Roinn an Scéim agus míriarachán laistigh den chiall atá le halt 4 den Acht Ombudsman. Rinne mé roinnt moltaí, agus tá trí cheann díobh dírithe ar an Roinn. Rinne mé rud as an ngnách freisin, is é sin go ndearna mé moladh ginearálta, nach bhfuil dírithe ar an Roinn amháin.
Is iad seo a leanas na moltaí atá agam: :
Incháilitheacht do chead isteach sa scéim
I gcás ina bhfuil fianaise ann gur oibrigh bean i gceann amháin de na neachtlanna a liostaítear, ach gur taifeadadh go hoifigiúil gur “glacadh isteach” í in ionad oiliúna nó i scoil saothair a bhí san fhoirgneamh céanna, i bhfoirgneamh a ghabh le neachtlann nó a bhí suite ar an láithreán céanna léi, ba cheart don Roinn a hiarratas a mheas arís d’fhonn cead isteach sa Scéim a thabhairt di. Ba cheart don Roinn tús a chur leis na hathbhreithnithe sin láithreach bonn agus meastachán a thabhairt de líon na n-athbhreithnithe atá i gceist agus an t-amchlár ina mheastar go gcríochnófar iad. Ba cheart don Roinn freisin tuarascáil a chur ar fáil do m’oifig maidir le toradh an athbhreithnithe laistigh de 3 mhí ar a dhéanaí.
An Próiseas Iarratais
I bhfianaise na n-ábhar imní a eascraíodh sa tuarascáil seo agus, go háirithe, na n-ábhar imní a léirítear i gCaibidil 4, ba cheart don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar aon chás ina raibh díospóid maidir leis an tréimhse chónaithe. Ba cheart go leanfaí agus go measfaí gach foinse fianaise agus eolais atá ar fáil. Ba cheart don Roinn a thogra maidir leis an athbhreithniú seo a chur ar fáil do m’Oifig laistigh de 6 seachtaine agus, ar deireadh, tuarascáil maidir leis an toradh a chur ar fáil laistigh de 6 mhí.
Cumas
Glacaim le drogall gurb é an togra reatha ón Roinn (chun a iarraidh go mbeadh na mná nach bhfuil cumas acu ina gCoimircithe Cúirte) an rogha is réalaíche ag an gcéim seo. Seo i bhfianaise na moilleanna fada a tharla agus íocaíochtaí á ndéanamh leis an ngrúpa ban sin agus de dheasca na mbarúlacha feasacha ón mBreitheamh Onórach Quirke i mí Bhealtaine 2013 faoi mhí-oiriúnacht an chórais Coimircithe Cúirte. Ba cheart go n-oibreodh an Roinn go dlúth leis an tSeirbhís Cúirteanna chun a áirithiú go bpróiseálfar aon iarratas ar Choimircíocht ar bhealach tráthúil, íogair agus go dtabharfar ardmheas do riachtanais agus cúinsí gach mná lena mbaineann. Ina theannta sin, táim ag súil leis go soláthróidh an Roinn tacaíocht phraiticiúil ar bhonn réamhghníomhach do na daoine iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar na hiarratais sin. Ní leor scríobh chuig na daoine sin a thugann cúram do na mná. Ba cheart don Roinn tuarascálacha eatramhacha a chur ar fáil do m’Oifig maidir leis an dul chun cinn i ndáil leis an méid sin - cuirfear an chéad tuarascáil ar fáil laistigh de 6 mhí.
Scéimeanna amach anseo a fhorbairt
D’fhonn a áirithiú go mbainfear leas as feidhmiú na scéime seo nó scéimeanna eile i ndáil le haon scéim ceartais aisiríoch nó scéim cúitimh amach anseo, ba cheart go gcuirfí treoir ar fáil i ndáil le forbairt agus feidhmiú scéimeanna den chineál sin go ginearálta. Ba cheart go bhforbrófaí treoir den chineál sin go lárnach, ach go mbeadh sé infheidhme ar fud gach roinn an rialtais nó gach comhlacht poiblí.