Seo a leanas leaganacha ar líne de bhileoga eolais atá foilsithe ag an Ombudsman faoinár seirbhísí agus gearáin a bhaineann le soláthraithe seirbhíse éagsúla.
Tugtar faisnéis sa bhileog eolais seo faoin obair a dhéanann an tOmbudsman, faoi na nithe ar féidir agus nach féidir leat gearán a dhéanamh fúthu agus conas gearán a dhéanamh.
Céard a dhéanann an tOmbudsman?
Scrúdaíonn an tOmbudsman gearáin ó dhaoine a mheasann nár thug soláthraithe áirithe seirbhíse poiblí cothrom na féinne dóibh.
Cé na soláthraithe seirbhíse poiblí ar féidir liom gearán a dhéanamh fúthu?
Glacaimid le gearáin faoi sholáthraithe seirbhíse poiblí, lena n-áirítear:
Cén uair ba cheart dom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Sula ndéanann tú gearán leis an Ombudsman, ní mór duit gearán a dhéanamh leis an soláthraí seirbhíse a ndeachaigh a ghníomh nó a chinneadh i bhfeidhm ort. I gcásanna áirithe, beidh córas foirmiúil áitiúil achomhairc ann ar cheart duit é a úsáid.
Más rud é go ndearna tú gearán leis an soláthraí seirbhíse agus go bhfuil tú míshásta fós, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman.
Ba cheart duit do ghearán a chur isteach laistigh de 12 mhí ón ngníomh nó ón gcinneadh a d'imir drochthionchar ort. Más rud é go ndeachaigh níos mó ná 12 mhí thart, áfach, d'fhéadfaimis bheith ábalta cabhrú leat fós má bhí dea-chúis ann leis an moill.
Cé na nithe ar féidir liom gearán a dhéanamh fúthu leis an Ombudsman?
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi na nithe seo a leanas a scrúdú:
Cé na soláthraithe seirbhíse nach féidir liom gearán a dhéanamh fúthu?
Ní féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman fúthu se:
Cé na nithe nach féidir liom gearán a dhéanamh fúthu?
Ní féidir leat gearán a dhéanamh i gcás go mbaineann sé leis na nithe seo:
Ní féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman i gcás gur féidir leat achomharc a dhéanamh os comhair cúirte nó os comhair comhlacht achomhairc neamhspleách in aghaidh cinnidh.
Ina theannta sin, seachas i gcúinsí eisceachtúla, ní féidir leis an Ombudsman do ghearán a scrúdú más rud é gur thionscain tú imeachtaí dlí in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse i dtaca leis an ngearán sin.
Is féidir leat comhairle dlí a fháil faoi do ghearán agus é a thabhairt chuig an Ombudsman fós, fad nach dtionscnaíonn tú imeachtaí dlí. Tabhair glao orainn nó seol ríomhphost chugainn mura bhfuil tú cinnte fós.
An féidir le duine ar bith eile gearán a dhéanamh leis an Ombudsman thar mo cheann?
Is féidir, ach caithfidh tú cead i scríbhinn a thabhairt don duine sin déanamh amhlaidh. Mar an gcéanna, más mian leat gearán a dhéanamh thar ceann duine eile, caithfidh tú cead an duine sin a fháil i scríbhinn ar dtús.
An gá dom rud ar bith a chur ar fáil in éineacht le mo ghearán?
Is gá. Ba cheart duit cóipeanna d'aon litreacha, ríomhphoist, tuarascálacha agus sonraí faoi chumarsáidí eile idir tú féin agus an soláthraí seirbhíse oideachais a chur isteach.
Nuair atá tú ag déanamh gearán leis an Ombudsman, ba cheart duit breac-chuntas a thabhairt ar an gcúis/na cúiseanna a bhfuil tú míshásta agus ar na nithe ba cheart a dhéanamh, dar leat, chun nithe a chur ina gceart.
Conas a dhéileálfaidh an tOmbudsman le mo ghearán?
Más féidir linn do ghearán a scrúdú, iarrfaimid ort an fhaisnéis ar fad ina leith a thabhairt dúinn. De ghnáth, iarraimid ar an soláthraí seirbhíse oideachais faisnéis a sheoladh chugainn faoi na saincheisteanna atá i gceist. Uaireanta, tógann sé tamall sula mbaileoimid an fhaisnéis a theastaíonn uainn le haghaidh cinneadh a dhéanamh ar do ghearán.
Cá fhad a thógfaidh sé don Ombudsman déileáil le mo ghearán?
Beidh sé ag brath ar do ghearán aonair. Déanfaimid iarracht an scrúdú ar do chás a chur i gcrích laistigh de thréimhse a bheidh idir trí mhí agus sé mhí ar fad. Más cás níos casta é do chás, is féidir go mbeidh níos mó ama ag teastáil uainn. Mar sin féin, coinneoimid ar an eolas thú faoina bhfuil ag tarlú le do ghearán.
An bhfuil an tOmbudsman neamhspleách?
Tá. Déileálann an tOmbudsman le gach gearán ar bhealach neamhchlaon neamhspleách agus cinneadh á dhéanamh aige ar cé acu a bhí nó nach raibh an gníomh nó an cinneadh de chuid an tsoláthraí seirbhíse oideachais cóir nó réasúnta.
Cá mhéad a bheidh ar ghearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Ní ghearrtar aon táille as seirbhísí an Ombudsman.
An obair a dhéanann an tOmbudsman
Cé hé an Ombudsman agus cén gnó atá aige?
Tá cumhacht ag an Ombudsman gearáin a scrúdú i dtaobh rudaí a dhéantar in an-chuid comhlachtaí agus na húdaráis áitiúla ina measc.
Is iad seo a leanas na húdaráis áitiúla:
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú maidir leis an mbealach a gcuireann na húdaráis áitiúla a gcuid riaracháin agus feidhmiúcháin i gcrích ó lá go chéile. Áiríonn seo gearáin maidir le moill a dhéanamh nó gan gníomhú ar bith a dhéanamh.
Sula ngearánann tú leis an Ombudsman ba chóir duit iarracht a dhéanamh ar an bhfadhb a réiteach leis an údarás áirithe áitúil. Bíonn córais inmheánacha gearáin agus achomhairc ag roinnt mhór údarás áitiúla agus ba chóir duit achomharc ar do chás a iarraidh tríothu sin. Mura mbíonn tú sásta leis an dtoradh is féidir leat ansin an scéal a chur faoi bhráid an Ombudsman.
In ainneoin sin ní féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh faoi:
Feidhmeanna forchoimeádta
Is ag na baill tofa den údarás áitiúil amháin atá cead na feidhmeanna forchoimeádta a chur i gcrích. Samplaí díobh sin is ea:
Mura dtuigeann tú an difir idir gníomh feidhmiúcháin agus feidhm fhorchoimeádta i gcás ar bith, déan teagmháil linne chun an míniú a fháil.
Freisin, ní thig leis an Ombudsman na nithe seo a scrúdú:
gníomhartha nó cinntí a rinneadh os cionn 12 mhí sula ndearna tú an gearán ; agus
saincheisteanna atá ina n-ábhar imeachtaí dlíthiúla sna cúirteanna.
Ach, i gcásanna áirithe is féidir leis an Ombudsman na rialacha seo a chur ar leataobh
An bhfuil an an Ombudsman neamhspleách?
Tá. Déanann an Ombudsman gach gearán a iniúchadh go neamhspleách agus go neamhchlaon agus í ag breithniú an raibh, nó nach raibh, aon ghníomh nó aon chinneadh a rinne údarás poiblí cothrom nó réasúnta.
Cén t-ábhar is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman mar gheall air?
Is féidir leat gearáin a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas:
Cad iad na príomh-ábhar gearáin maidir leis na húdaráis áitiúla?
Baineann formhór na ngearán chuig an Ombudsman faoi na húdaráis áitiúla le tithíocht agus le pleanáil, go háirithe faoi fhorfheidhmiú na gcinntí pleanála (Féach freisin Tithíocht agus Pleanáil thíos.)
Conas a dhéanfaidh an Ombudsman mo ghearán a láimhseáil?
Chomh luath is a dheimhneofar gur féidir linn do ghearán a scrúdú iarrfaidh muid ar an údarás áitiúil tuairisc a chur chugainn mar gheall air. Más gá, tig leis an Ombudsman na comhaid agus na taifid a scrúdú agus daoine bainteach leis an ngearán a cheistiú. Bíonn am de dhíth uainn chun gach eolas atá riachtanach a chruinniú.
Déanfaidh muid na saincheisteanna uile de ‘mhíríarachán’. Cuireann san áireamh le mhíriarachán mar ghníohú a bhí, nó a d’fhéadfadh a bheith:-
nó i gcás gur theip ar an údáras áitiúl cabhair réasúnta agus treoiir a thabhairt, nó gur theip aur eolas a thabhairt faoi cheart duine le hachomharc a dhéanamh
Ar bhonn na gcritéir míriaracháin seo, déanfaidh muid an cinneadh:
cibé acu an bhfuil an gearán uait bailí nó a mhalairt agus má tá fulaingthe agat de dheasca gníomhaíochta nó cinnidh a rinne an t-údarás áitiúil.
Má fhaigheann muid go bhfuil fulaingthe agat de dheasca míriaracháin, agus mura bhfuil céim éigin tugtha ag an údarás áitiúil chun é seo a chur ina cheart, is féidir linn moladh a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh. Sa mholadh, is féidir linn iarraidh ar an údarás áitiúil:
Sásamh iomchuí a thairiscint, mar a bheadh míniúchán a thabhairt, leithscéal a ghabháil agus/nó cúiteamh airgid.
Pleanáil
An féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar chinneadh chun cead pleanála a thabhairt nó a dhiúltú?
Ní féidir
Tá dhá rogha agat mura bhfuil tú sásta le cinneadh éigin a rinne údarás áitiúil maidir le cead pleanála a cheadú nó a dhiúltú.
1. É a achomharc chuig an mBord Pleanála. Is comhlacht reachtúil neamhspleách é seo nach bhfuil faoi dhlínse an Ombudsman – agus bíonn teorainneacha déine ama i bhfeidhm; nó
2. Athbhreithniú breithiúnach a lorg trí na cúirteanna – bíonn teorainneacha ama anseo freisin agus b’fhéidir go mbeadh ort an cheist a chur faoi bhráid dhlíodóra.
Cad is féidir leis an Ombudsman a scrúdú maidir le pleanáil?
Is féidir leis an Ombudsman an riarachán ginearálta maidir le próiseas na pleanála a scrúdú, mar a achoimrítear thíos ach ní féidir léi na cinntí pleanála iad fhéin a scrúdú.
Iarratais nua ar phleanáil
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi na gnéithe seo a leanas a scrúdú:
an bealach a láimhseálann an t-údarás áitiúil iarratais nua ar phleanáil, mar shampla an bhfuil faisnéis chuinn tugtha acu don phobal faoi iarratais nua ar phleanáil a fuaradar (nó nach bhfuaradar) agus fógraí ar láithreáin, a bhfuil scríofa orthu, an suíomh agus an inléiteacht (an féidir iad a léamh).
Aighneachtaí tríú páirtí
Is féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir le haighneachtaí agus tuairimí faighte ó dhaoine ar mian leo agóid a dhéanamh i gcoinne iarratais ar phleanáil nó tuairim a thabhairt faoi. Clúdaithe faoi sin bheadh an tslí a chuir an t-údarás áitiúil in iúl d’agóideoirí faoi:
Comhaid Pleanála
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a fhiosrú a bhaineann le cothabháil na gcomhad pleanála, ag áireamh:
Forbairtí neamh-údaraithe
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoin riaradh ginearálta ar ghearán a rinneadh chuig an údarás áitiúil ó dhuine den phobal maidir le forbairt neamh-údaraithe a scrúdú. Clúdaíonn seo fiosrú ginearálta a dhéanamh ar:
an raibh an freagra a thug an t-údarás áitiúil mar ba chóir agus ag teacht leis an dlí agus na treoirlínte ábhartha
cibé acu an raibh an cinneadh nó an gníomhú forfheidhmithe a rinne an t-údarás áitiúil réasúnta nó nach raibh.
Is éard a thuigtear le forfheidhmiú ná aon chinneadh nó aon ghníomhú a dhéanann an t-údarás áitiúil i ndáil le forbairt neamh-údaraithe.
Forfheidhmiú - Cumhactaí agus dualgais an údaráis áitiúil
Bíonn cumhachtaí agus oibleagáidí áirithe ag na húdaráis áitiúla faoin Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000 (An tAcht)
Litir rabhaidh
Ní foláir d’údaráis áitiúla ‘litir rabhaidh’ a eisiúint laistigh de shé seachtain tar éis dóibh fógra nó gearán a fháil i scríbhinn mar gheall ar fhorbairt neamh-údaraithe. Ach, ní leanann sin má dhealraíonn sé gur gearán éaganta nó casaoideach gan substaint bhí ann; nó mura raibh ann ach mion-fhorbairt.
Imscrúdú
Ní foláir d’údaráis áitiúla:
Is é an cuspóir atá ann go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil an cinneadh laistigh de 12 sheachtain tar éis an litir rabhaidh a eisiúint.
An Fógra Forfheidhmithe
Má chinneann an t-údarás áitiúil ar fhógra forfheidhmithe a eisiúint ní foláir dóibh an fógra sin a sheirbheáil láithreach agus a chuir in iúl don ghearánaí go bhfuil sin déanta.
Tá an rogha ag an údarás áitiúil gníomhú a dhéanamh nó gan é a dhéanamh
Níl sé de cheangal ar an údarás áitiúil gníomhú i ngach cás. Faoin Acht, is féidir leo an gearán a fhiosrú agus ina dhiaidh sin, má tá sárú déanta ar reachtaíocht na pleanála, an cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhú forfheidhmithe. Má tá gearán déanta chuig an Ombudsman maidir le cinneadh ón údarás áitiúil gan aon ghníomh forfheidhmithe a dhéanamh is é an ról atá aige ná a mheas an raibh an méid a ndearna an t-údarás réasúnta nó nach raibh.
Cá háit ar cheart dom dul ag lorg faisnéise ginearálta nó comhairle theicniúil maidir le pleanáil?
Má tá faisnéis ghinearálta, comhairle theicniúil nó treoir uait ar ábhar pleanála ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d ’údarás áitiúil, nó comhairle neamhspleách dod chuid féin a lorg. Tá eolas agus foirmeacha ar phróiseas na pleanála ar fáil ó na húdaráis áitiúla.
Tithíocht
Cad is féidir leis an Ombudsman a scrúdú maidir le tithíocht?
Iarratais tithaíochta
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú ó dhaoine:
Iasachtaí agus deontais
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú ó dhaoine a rinne iarratas i gcomhair iasachtaí nó deontais tithíochta chuig an údarás áitiúil agus a mheasann nár chaitheadh go cothrom leis an iarratas. I measc na n-iasachtaí nó na ndeontas seo bheadh:
Deontas Oiriúnaithe Tí do Dhaoine le Míchumas
Cúnamh Tithíochta do Dhaoine Scoth-Aosta
Deontas um Chúnamh Gluaiseachta
Aistrithe, cíos, deisiúcháin, ceannacháin
Is féidir leis an Ombudsman gearáin ó thionóntaí an údaráis áitiúil a scrúdú nuair:
atá diúltú tugtha ag an údarás áitiúil ar aistriú tithíochta a cheadú
atá áireamh mí-chruinn déanta ar an gcíos
atá ró-mhoill déanta ag an údarás áitiúil ar áitreabh údaráis áitiúil a dheisiú nó
nuair nach bhfuil déileáil cóir agus cothrom déanta ag údarás áitiúil ar iarratas chun áitreabh údaráis áitiúil a cheannach.
Cén modh atá ag údarás áitiúil chun tithe a leithroinnt?
Déanann an t-údarás áitiúil gach iarratas ar thithíocht a mheasúnú faoi na Rialacháin um Measúnú Tithíochta agus, má glactar leis, cuirtear an duine ar liosta feithimh i gcomhair tithíochta.
Tá Scéim leithdáileach Tithíochta ag gach údarás áitiúil a úsáideann siad le cinneadh a dhéanamh faoin mbealach a dhéanfar na tithe a dháileadh agus cén chaoi a dhéanfar tosaíocht ar iarratais áirithe. Má tá an t-éileamh ar thithe níos mó ná an méid atá ar fáil úsáideann roinnt údarás áitiúla córas de phointí chun na tosaíochtaí a mheas, go háirithe más ceantar uirbeach é a bhfuil an daonra ag méadú ann. Déantar pointí a dháileadh faoi cheannteidil éagsúla san Scéim leithdáileach Tithíochta.
Conas a láimhseálann an Ombudsman gearán uaim faoi leathroinnt tí?
Má gearánann tú linn toisc nach bhfuair tú teach nó go raibh ró-mhoill ann chun é a fháil fiosróidh muid:
ar láimseáladh an t-iarratas ar theach faoi réir ana Rialachán Tithíochta Sóisialta atá ag an údarás áitiúil agus, más cuí,
ar chaitheadh leatsa le níos lú fabhair ná iarratasóirí eile a bhí i gcás cosúil leat.
Ní féidir leat an Ombudsman a úsáid mar bhealach chun ‘léim thar an scuaine’ agus ní dhéanann muid ionadaíocht don chomhairle thar do cheann.
Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman
Cathain is ceart dom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Sula ngearánann tú leis an Ombudsman ba chóir duit iarracht a dhéanamh ar an bhfadhb a réiteach leis an údarás áirithe áitiúil. Bíonn córais inmheánacha gearáin agus achomhairc ag roinnt mhór údarás áitiúla agus ba chóir duit achomharc ar do chás a iarraidh tríothu sin. Mura mbíonn tú sásta leis an dtoradh is féidir leat ansin an scéal a chur faoi bhráid an Ombudsman.
Ba chóir duit an gearán chuig ag Ombudsman a dhéanamh chomh luath agus is féidir faoi bhun dhá mhí déag tar éis don chinneadh nó gníomhú a bheith déanta ag an údarás áitiúil. Ná dearmad aon chomhfhreagas a bhí agat leis an údarás a chur chugainn freisin.
Cén fhaid a thógfaidh sé ar an Ombudsman chun déileáil le mo ghearán?
Athróidh an tréimhse a thógfaidh sé le cinneadh a dhéanamh ó chás amháin go dtí cás eile, ag brath ar cé chomh casta a bhíonn gach cás. Déanfaidh muid gach iarracht chun tú a choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.
Cad a chosnóidh sé orm gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Dada – níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman.
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Is féidir leat scríobh nó glaoch isteach go dtí:
Oifig an Ombudsman
Seoladh: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teileafón: 01 639 5600
Foirm Ghearáin ar Líne: www.ombudsman.ie
An bhfuil cead ag duine eile gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman thar mo cheann?
Tá cead, ar choinníoll gur le cead uaitse agus le do thoil atá siad á dhéanamh. Freisin, is féidir leatsa gearán thar cheann duine eile más lena gcead agus lena dtoil siúd atá tusa á dhéanamh.
Sheirbhísí Inrochtana
Má tá míchumas ort agus tú i bpráinn cabhrach ó sheirbhísí an Ombudsman, ba cheart duit teagmháil linn agus socrú a dhéanamh chun labhairt leis an Oifigeach Rochtana.
An Ombudsman agus na Údaráis Áitiúla
Cé hé an Ombudsman agus cén gnó atá aige?
Tá cumhacht ag an Ombudsman gearáin a scrúdú faoi ghníomhartha i raon mór de chomhlachtaí poiblí agus tá an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh áirithe orthu sin.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú maidir leis an mbealach a gcuireann an Roinn agus an Oifig Achomhairc a gcuid riaracháin fheidhmiúcháin i gcrích ó lá go chéile. Áirithe ansiúd atá gearáin maidir le ró-mhoill a dhéanamh nó gan gníomhú ar bith a dhéanamh.
An bhfuil an Ombudsman neamhspleách?
Tá. Déileálann an Ombudsman le gach gearán go neamhspleách agus go neamhchlaon agus í ag tabhairt breithe ar chothroime agus ar réasúntacht aon ghníomhú nó cinneadh a dhéanann an Roinn.
Cad faoi is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi aon cheann de na nithe seo a leanas:
Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh atá faoi riail na reachtaíochta, ag áireamh Pinsin Stáit agus Liúntais Míchumais
Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC)
Scéimeanna agus íocaíochtaí riaracháin, ag áireamh an Liúntas um Fhilleadh ar an Obair agus an Liúntas Breosla
caighdeán na seirbhíse, ró-mhoill agus gan freagraí ar bith a thabhairt san áireamh agus
an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh, cinntí na nOifigeach Achomhairc agus ró-mhoill ag socrú na n-éisteachtaí achomhairc, san áireamh
Cad iad na h-íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh is féidir liom gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman ina dtaobh?
Láimhseálann an Ombudsman gearáin faoi íocaíochtaí bainteach le gach scéim de réir mar a sainíodh san Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005 agus sa reachtaíocht ina dhiaidh. Orthu sin tá na scéimeanna ar an liosta thíos.
Pinsin Stáit
Pinsean Stáit (Ranníocach)
Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach) agus
Íocaíochtaí Teaghlaigh
Pinsean Rannaíocach Baintrí (Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh)
Deontas Tuismeitheora Baintrí
Pinsean Neamhrannaíocach Baintrí (Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh)
Deontas Méala
Íocaíocht Theaghlaigh Aon-Tuismitheora.
Íocaíochtaí i ndáil le Fostaíoch
Sochar Cuardaitheora Poist
Cúnamh Feirme
Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh agus
Liúntas Cuardaitheora Poist.
Íocaíochtaí i ndáil le Sláinte
Sochar Tinnis
Pinsean Easláine
Liúntas Míchumais
Pinsean na nDall
Deontas um Chúram Faoisimh
Sochar Chúramóra
Liúntas Chúramóra
Sochar Díobhála agus
Liúntas Cúram Baile
Íocaíochtaí do Leanaí
Sochar Leanaí.
Liúntais Eile
Na Liúntais seo ina measc:
Liúntas Aosaigh Cháilithe
Liúntas Linbh Chleithiúnaigh agus
Liúntas Maireachtála Aonair.
Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC)
Is féidir leis an Ombudsman saincheisteanna a scrúdú i ndáil leis na nithe seo a leanas:
Íocaíochtaí ÁSPC
in-árachú fostaíochta
ranníocaíochtaí curtha chun sochair
ranníocaíochtaí féinfhostaíochta
scéim ranníocaíochtaí deonacha agus
ais-íocaíochtaí ÁSPC.
Má tá do chás i ndáil le híocaíochtaí leasa shóisialaigh faoi rialú reachtaíochta agus Árachais Shóisialta Phá-Choibhneasa (ÁSPC) ní féidir linn é a scrúdú, ach amháin sa chás go bhfuil:
cinneadh déanta ag an Roinn faoi d’iarratas nó faoi d’éileamh agus
achomharc déanta agat chuig an Oifig Achomhairc i gcoinne an chinnidh chéanna.
Scéimeanna Riaracháin agus Íocaíochtaí
Déileálann an Ombudsman le gearáin maidir le scéimeanna a riarann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh nach bhfuil soláthar déanta dóibh faoi reachtaíocht an Leasa Shóisialaigh. Tá achoimriú déanta thíos orthu sin.
Tacaíochtaí Fostaíochta
Ina measc:
Sochair Breise
Ina measc:
Ní féidir linn do chás a scrúdú i ndáil lena bhfuil liostaithe thuas ach amháin:
má tá cinneadh déanta cheana faoi d’iarratas ag an Rionn agus
má tá iarrtha agat orthu an cinneadh sin a athbhreithniú.
Gearáin faoi chaighdeán na seirbhíse
Is féidir leat gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman mura bhfuil tú sásta le caighdeán na seirbhíse a fuair tú ón Roinn Coimirce Sóisialaí faoi cheann ar bith díobh seo a leanas:
ró-mhoill caite ag déileáil le d’éileamh
gan freagra ar bith faighte nó moill ag freagairt comhfhreagrais uait
faisnéis mhícheart, mhíchruinn nó míthreorach
an bealach a rinne oifigigh na Roinn na fiosrúcháin a riaradh nó
an bealach a iompair oifigigh na Roinne iad féin.
Ní féidir linn do chás i ndáil le haon aicme luaite thuas a scrúdú mura bhfuil gearán déanta agat cheana trí chóras inmheánach na Roinne agus nach bhfuil réiteach aimsithe fós ar do ghearán.
An Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh
Oibríonn an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh neamhspleách ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Scrúdaíonn an Oifig Achomhairc gearáin ó dhaoine:
faoi chinntí maidir le híocaíochtaí atá faoi riail na reachtaíochta
a bhaineann le hÁrachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC).
Is féidir leis an Ombudsman obair an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh a scrúdú, ag áireamh:
cinntí na nOifigeach Achomhairc
riaradh na n-achomharc
ró-mhoill ag socrú coinní i gcomhair éisteachtaí acomhairc
chaighdeán na seirbhíse.
Conas a dhéanfaidh an Ombudsman mo ghearán a láimhseáil?
Chomh luath is a dheimhneofar gur féidir linn do ghearán a scrúdú iarrfaidh muid ar an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh nó ar an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh tuairisc a chur chugainn mar gheall air. Más gá, tig leis an Ombudsman na comhaid agus na taifid a scrúdú agus daoine bainteach leis an ngearán a cheistiú. Bíonn am de dhíth uainn chun gach eolas atá riachtanach a chruinniú.
Déanfaidh muid na saincheisteanna uile de ‘mhíríarachán’, de réir mar a sainmhíníodh an coincheap in Acht an Ombudsmain 1980, a scrúdú, mar ghníomhú a bhí, nó a d’fhéadfadh a bheith:
déanta gan údarás ceart
déanta ar bhonn éigin neamh-ábhartha
de thoradh faillí nó neamhchúraim
bunaithe ar fhaisnéis mícheart nó neamh-iomlán
idirdhealaitheach go neamhchuí
bunaithe ar chleachtas riaracháin neamh-inmhianaithe nó
ar bhealach eile contráilte le riarachán cóir agus cothrom.
Ar bhonn na gcritéar míriaracháin seo, déanfaidh muid an cinneadh:
cibé acu an raibh an gearán uait bailí nó a mhalairt agus
má tá fulaingthe agat de dheasca gníomhaíochta nó cinnidh a rinne an Roinn nó an Oifig Achomhairc.
Má fhaigheann muid go bhfuil fulaingthe agat de dheasca míriaracháin, agus mura bhfuil céim éigin tugtha ag an Roinn nó ag an Oifig Achomhairc chun é seo a chur ina cheart, is féidir linn moladh a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh. Sa mholadh, is féidir linn iarraidh ar an Roinn:
athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu
an bhreith a rinneadar a athrú nó
sásamh iomchuí a thairiscint, mar a bheadh
míniúchán a thabhairt
leithscéal a ghabháil agus/nó
cúiteamh airgid.
An féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar gach saincheist a bhaineann le Gníomhaireachtaí uile an Leasa Shóisialaigh agus a bhaineann leo?
Ní Féidir.
Gníomhaireachtaí
Ní féidir leis an Ombudsman Bord na bPinsean ná An Binse Leasa Shóisialaigh a scrúdú.
Saincheisteanna
Ní féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar:
gníomhartha nó cinntí a rinneadh os cionn 12 mhí sula ndearna tú an gearán – i gcúinsí áirithe is féidir leis an Ombudsman an riail seo a chur ar leataobh
gearáin atá ina n-ábhair imeachtaí dlí os comhair na gcúirteanna nó
ceisteanna a bhaineann le pinsin príobháideacha nó gairme.
Is féidir leat gearáin i ndáil le pinsin príobháideacha nó gairme a chur faoi bhráid Ombudsman na bPinsean ag 36, Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.
Mura bhfuil tú cinnte gur féidir leis an Oifig seo do ghearán a scrúdú déan teagmháil linn agus cuirfidh muid ar an eolas tú.
Cathain is ceart dom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Sula gcuirfidh tú gearán chuig an Ombudsman ba cheart duit iarracht a dhéanamh ar cheisteanna a réiteach leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
Ní foláir achomharc a bheith déanta agat chuig Oifig Achomhairc an Leasa Shóisialaigh má bhaineann do ghearán le:
íocaíochtaí atá faoi riail reachtaíochta nó
Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC).
Ní foláir athbhreithniú a bheith iarrtha agat nó an gearán déanta agat chuig an gcóras sa Roinn um ghearáin a dhéanamh má bhaineann do ghearán le:
scéimeanna riaracháin
íocaíochtaí riaracháin nó
caighdeán na seirbhíse.
Murar féidir leat do ghearán a réiteach ar an mbealach seo ansin is féidir leat iarraidh ar an Ombudsman an cheist a bhreithniú. Ná dearmad aon chomhfhreagras ag bhí agat leis an Roinn nó le hOifig Achomhairc an Leasa Shóisialaigh a chur chugainn.
Ba cheart duit an gearán chuig an Ombudsman a dhéanamh chomh luath agus is féidir laistigh de dhá mhí déag ón:
gcinneadh nó ón ngníomhú a rinne an Roinn nó
dáta an chinnidh ar an achomharc a rinne tú.
Cén fad aimsire a thógfaidh sé ar an Ombudsman chun déileáil le mo ghearán?
Athróidh an tréimhse a thógfaidh sé le cinneadh a dhéanamh ó chás amháin go dtí cás eile, ag brath ar cé chomh casta a bhíonn gach cás. Déanfaidh muid gach iarracht chun tú a choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.
Cad a chosnóidh sé orm gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Dada – níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman.
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Is féidir leat scríobh nó glaoch isteach go dtí:
Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla,
Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teileafón: 01 639 5600
Foirm Ghearáin ar Líne: www.ombudsman.ie
An bhfuil cead ag duine eile gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman thar mo cheann?
Tá cead, ar choinníoll gur le cead uaitse agus le do thoil atá siad á dhéanamh. Freisin, is féidir leatsa gearán thar cheann duine eile más lena gcead agus lena dtoil siúd atá tusa á dhéanamh.
Sheirbhísí Inrochtana
Má tá míchumas ort agus tú i bpráinn cabhrach ó sheirbhísí an Ombudsman, ba cheart duit teagmháil linn agus socrú a dhéanamh chun labhairt leis an Oifigeach Rochtana.
An tOmbudsman agus an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Cé hé an Ombudsman agus cad a dhéanann an Ombudsman?
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú faoi na Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), an Ghníomhaireacht Um Leanaí agus an Teaglach (TUSLA) agus gníomhaíochtaí a sholáthraíonnseirbhísí sláinte agus seirbhísí pearsanta sóisialta ar son FSS a scrúdú freisin. Chomh mhaith le sin tagann Tithe Altranais poiblí, atá á reáchtáil ag an FSS, faoi bhráid an Ombudsman.
An bhfuil an Ombudsman neamhspleách?
Tá. Tá an Ombudsman neamhspleách agus go neamhchlaonta agus gearáin á n-iniuchadh aige.
Cad iad na gearáin faoi shláinte nó faoi sheirbhísí sóisialta pearsanta is féidir liom iarraidh ar an Ombudsman déileáil leo?
Conas a dhéanfaidh an Ombudsman mo ghearán a láimhseáil?
Chomh luath is a dheimhneofar gur féidir linn do ghearán a scrúdú iarrfaidh muid ar FSS nó ar an soláthraí seirbhíse iomchuí tuairisc a chur chugainn mar gheall air. Más gá, tig leis an Ombudsman na comhaid agus na taifid a scrúdú agus daoine bainteach leis an ngearán a cheistiú. Bíonn am de dhíth uainn chun gach eolas atá riachtanach a chruinniú.
Déanfaidh muid na saincheisteanna uile de 'mhíríarachán'. Is féidir le gníomh bheith mar "míriarachán" a bhí, nó a d'fhéadfadh a bheith:
Má aontaímid gur goilleadh ort go diúltach de dheasca míriaracháin agus mura bhfuil céim éigin tugtha ag FSS nó ag an soláthraí seirbhíse é seo a chur ina cheart, is féidir linn moladh a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh.
Sa mholadh a dhéanaimid, d'fhéadfaimis iarradh ar FSS nó ar sholáthraí seirbhíse eile:
An féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman maidir le gach rud a bhaineann le Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta Pearsanta?
Ní féidir, tá nithe ann agus ní féidir leis an Ombudsman breithniú orthu. Ina measc siúd :
Cúram Sláinte Príobháideach
Ní féidir leis an Ombudsman breithniú ar:
Breithiúnas Cliniciúil
Ní féidir leis an Ombudsman breithniú ar ghníomhartha a bhaineann le breithiúnas cliniciúil (díognóis nó cinntí maidir le cóireáil) na ngairmeach míochaine.
Fostaíocht
Ní féidir leis an Ombudsman breithniú ar ghníomhartha a bhaineann:
Chomh mhaith le sin
Ní féidir leis an Ombudsman breithniú ar ghearáin i gcás:
Cathain is ceart dom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Sula gcuirfidh tú gearán chuig an Ombudsman ba cheart duit iarracht a dhéanamh ar cheisteanna a réiteach le FSS nó leis an soláthraí seirbhíse áirithe agus na modhanna chun gearáin atá ag FSS féin a úsáid.
Bíonn Oifi geach Gearán ag FSS agus ag na soláthraithe seirbhíse, ceaptha faoi Acht na Sláinte 2004. Déanfaidh an tOifi geach sin do ghearán a scrúdú agus seolfar freagra i scríbhinn chugat laistigh de thréimhse réamhráite. Cuirfidh an tOifigeach Gearán in iúl duit maidir leis gceart atá agat aithbhreithniú inmhéanach a lorg ó Oifigeach Athbreithnithe na FSS nó le gearán a sheoladh díreach a dhéanamh leis an Ombudsman.
Ná dearmad aon chomhfhreagras a bhíonn faighte agat ón FSS nó ón soláthraí seirbhíse áirithe a chur leis an ngearán.
Ba cheart duit do ghearán a chur chuig an Ombudsman laistigh de 12 mhí ón
Cén fhaid a thógfaidh sé ar an Ombudsman chun déileáil le mo ghearán?
Athróidh an tréimhse a thógfaidh sé le cinneadh a dhéanamh ó chás amháin go dtí cás eile, ag brath ar cé chomh casta a bhíonn gach cás. Déanfaidh muid gach iarracht chun tú a choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.
Cad a chosnóidh sé orm gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Dada - níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman.
Conas a dhéanaim gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Is féidir leat scríobh nó glaoch isteach go dtí:
Oifig an Ombudsman,
6 Ardán Phort an Iarla,
Baile Átha Cliath 2,
D02 W773
Teileafón: 01 639 5600
Online: www.ombudsman.ie
Chomh mhaith le sin is féidir leat gearán a dhéanamh ar ár bhfoirm
gearáin ar líne: www.ombudsman.ie
An bhfuil cead ag duine eile gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman thar mo cheann?
Tá cead, ar choinníoll gur le cead uaitse agus le do thoil atá said á dhéanamh. Freisin, is féidir leatsa gearán thar cheann duine eile más lena gcead agus lena dtoil siúd atá tusa á dhéanamh.
Sheirbhísí Inrochtana
Má tá míchumas ort agus tú i bpráinn cabhrach ó sheirbhísí an Ombudsman, ba cheart duit teagmháil linn agus socrú a dhéanamh chun labhairt leis an Oifigeach Rochtana.
An Ombudsman agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Cé hé an Ombudsman agus cad a dhéanann an Ombudsman?
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú i dtaobh rudaí a dhéantar i raon mór de chomhlachtaí agus na h-ospidéil poiblí ina measc. Tagann gach ospidéal a bhíonn ag soláthar seirbhísí sláinte don phobal faoi chúram an Ombudsman. Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú maidir leis an mbealach a gcuireann foireann na n-ospidéal a gcuid riarachán laethúil i gcrích agus iad ag soláthar seirbhísí sláinte don phobal. Ina measc siúd atá gearáin maidir le moill chun gníomhú a dhéanamh nó gan gníomhú ar bith a dhéanamh. In ainneoin sin tá gearáin ann nach féidir leis an Ombudsman a scrúdú, mar shampla:
An bhfuil an Ombudsman neamhspleách?
Tá. Déanann an Ombudsman gach gearán a iniúchadh go neamhspleách agus go neamhchlaon agus í ag breithniú cibé acu an raibh, nó nach raibh, aon ghníomh nó aon chinneadh a rinne an t-ospidéal poiblí nó an soláthraí de sheirbhís sláinte poiblí cothrom nó réasúnta.
Cad iad na hospidéil atá clúdaithe faoi seo?
Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi aon ospidéal poiblí nó ospidéal deonach a sholáthraíonn seirbhísí ginerálta, máithreachais agus seirbhísí meabhairsláinte. Tá roinnt díoobh luaite thíos:
Dublin Midlands Hospital Group
St James' Hospital Dublin
St Lukes Radiation Oncology Network
The Adelaide &Meath Hospital (Tallaght Hospital) Dublin
Midlands Regional Hospital Tullamore
Naas General Hospital
Midlands Regional Hospital Portlaoise
The Coombe Women & Infant University Hospital Dublin
RCSI Hospitals Group
Beaumont Hospital Dublin
Connolly Hospital Dublin
Our Lady of Lourdes Hospital Drogheda
Louth County Hospital Dundalk
Cavan General Hospital
Monaghan Hospital
Rotunda Hospital Dublin
Ireland East Hospital Group
The Mater Misericordiae University Hospital Dublin
St Vincent's University Hospital Dublin
Midland Regional Hospital Mullingar
St Luke's General Hospital, Kilkenny
Wexford General Hospital
Our Lady's Hospital, Navan
St Columcille's Hospital Loughlinstown Dublin
St Michael's Hospital, Dun Laoghaire
Cappagh National Orthopaedic Hospital Dublin
Royal Victoria Eye and Ear Hospital Dublin
National Maternity Hospital Dublin
Saolta Hospital Group
University Hospital Galway and Merlin Park University Hospital
Sligo Regional Hospital
Letterkenny University Hospital
Mayo General Hospital
Portiuncula Hospital
Roscommon County Hospital
South/South West Hospital Group
Cork University Hospital/Cork University Maternity Hospital;
University Hospital Waterford
University Hospital Kerry
Mercy University Hospital
South Tipperary General Hospital
South Infirmary Victoria University Hospital
Bantry General Hospital
Mallow General Hospital
Lourdes Orthopaedic Hospital Kilcreene
University Limerick Hospitals Group
University Hospital Limerick
University Maternity Hospital Limerick,
Ennis Hospital,
Nenagh Hospital,
Croom Hospital
The Children's Hospital Group
Temple Street Children's University Hospital
Our Lady's Children's Hospital, Crumlin
National Children's Hospital Tallaght
Conas a dhéanfaidh an Ombudsman mo ghearán a láimhseáil?
Chomh luath is a dheimhneofar gur féidir linn do ghearán a scrúdú iarrfaidh muid ar an ospidéal poiblí tuairisc a chur chugainn mar gheall air. Más gá, tig leis an Ombudsman na comhaid agus na taifid a scrúdú agus daoine bainteach leis an ngearán a cheistiú. Bíonn am de dhíth uainn chun gach eolas atá riachtanach a chruinniú.
Déanfaidh muid na saincheisteanna uile de 'mhíríarachán'. D'fhéadadh "mhíriarachán" a bheith ina ghníomh a bhí ann nó d'fhéadfadh a bheith ann:
Má fhaigheann muid go bhfuil fulaingthe agat de dheasca míriaracháin, agus mura bhfuil céim éigin tugtha ag an ospidéal chun é seo a chur ina cheart, is féidir linn moladh a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh. Sa mholadh, is féidir linn iarraidh ar an ospidéal:
Cathain is ceart dom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Sula gcuirfidh tú gearán chuig an Ombudsman ba cheart duit iarracht a dhéanamh ar cheisteanna a réiteach leis an ospidéal áirithe agus na modhanna chun gearáin atá acu féin a úsáid.
Bíonn Oifigeach Gearán ag gach ospidéal, faoi Acht an Slainte 2004. Deánfaiddh an tOifigeach sin do ghearán a scrúdú agus seolfar freagra i scríbhinn chugat laistigh de thréimhse réamhráite. Cuirfidh an tOifigeach Gearán in iúl duit maidir leis gceart ata agat inmhéanach a lorg ó Oifigeach Athbhreithnithe den FSS nó gearán díreach leis an Ombudsman.
Ná dearmad aon chomhfhreagras a bhíonn faighte agat ón ospidéal a chur leis an ngearán.
Ba cheart duit an gearán chuig an Ombudsman a dhéanamh chomh luath agus is féidir, laistigh de dhá mhí déag ón:
Cén fhaid a thógfaidh sé ar an Ombudsman chun déileáil le mo ghearán?
SAthróidh an tréimhse a thógfaidh sé le cinneadh a dhéanamh ó chás amháin go dtí cás eile, ag brath ar cé chomh casta a bhíonn gach cás. Déanfaidh muid gach iarracht chun tú a choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.
Cad a chosnóidh sé orm gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Dada - níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman.
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Is féidir leat scríobh nó glaoch isteach go dtí:
OIFIG AN OMBUDSMAN,
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.
Teileafón: 01 639 5600
Chomh mhaith le sin is féidir leat gearán a dhéanamh ar ár bhfoirm gearáin ar líne: www.ombudsman.ie
An bhfuil cead ag duine eile gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman thar mo cheann?
Tá cead, ar choinníoll gur le cead uaitse agus le do thoil atá said á dhéanamh. Freisin, is féidir leatsa gearán thar cheann duine eile más lena gcead agus lena dtoil siúd atá tusa á dhéanamh.:
Sheirbhísí Inrochtana
Má tá míchumas ort agus tú i bpráinn cabhrach ó sheirbhísí an Ombudsman, ba cheart duit teagmháil linn agus socrú a dhéanamh chun labhairt leis an Oifigeach Rochtana.
An tOmbudsman agus Ospidéil Phoiblí
Tugtar faisnéis sa bhileog eolais seo faoi cad is féidir leat a dhéanamh más mian leat gearán a dhéanamh faoi theach altranais príobháideach. Mínítear inti freisin na gearáin ar féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh orthu agus na gearáin nach féidir leis scrúdú a dhéanamh orthu.
Cé na nithe is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?
Is féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi ghníomhartha de chuid raon éagsúil comhlachtaí amhail Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), lena n-áirítear tithe altranais atá á reáchtáil ag FSS. De bhreis air sin, méadaíodh sainchúram an Ombudsman ón 24 Lúnasa 2015 le cur ar a chumas déileáil le gearáin a bhaineann le gníomhartha riaracháin de chuid tithe altranais príobháideacha. Cuireann Oifig an Ombudsman seirbhís atá neamhchlaon, neamhspleách agus saor in aisce ar fáil chun déileáil le gearáin. Is féidir go mbraitheann tú, nó duine a bhfuil gearán á dhéanamh agat thar a cheann, gur caitheadh go héagórach leat nó leis nó go bhfuair tú nó sé drochsheirbhís de bharr teip éigin ar thaobh teach altranais príobháideach. Má chuir an méid sin isteach ort, is féidir go mbeimid in ann do ghearán a fhiosrú.
I bhformhór na gcásanna, ní féidir linn déileáil le gearán ach amháin tar éis duit nós imeachta gearán an tí altranais phríobháidigh lena mbaineann a leanúint.
Réamhrá
Ón 24 Lúnasa 2015, is féidir leis an bpobal gearáin a dhéanamh chuig an Ombudsman faoi aon teach altranais príobháideach atá ag fáil maoiniú poiblí faoi fhóirdheontas nó faoin Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais.
Mar sin féin, ní féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ach amháin ar ghearáin faoi ghníomhartha a tharla an 24 Lúnasa 2015 nó ina dhiaidh.
An bhfuil an tOmbudsman neamhspleách?
Tá. Déileálann an tOmbudsman le gach gearán ar bhealach neamhchlaon neamhspleách agus breithniú á dhéanamh aige ar cé acu a bhí nó nach raibh an gníomh nó an cinneadh de chuid soláthraí tí altranais phríobháidigh cóir nó réasúnta.
Cé na nithe ar féidir liom gearán a dhéanamh fúthu leis an Ombudsman?
Is féidir leat gearán a dhéanamh faoin eispéireas a bhí agat ar a bheith ag déileáil le teach altranais príobháideach. Is féidir na cásanna seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
ní dhéileálann teach altranais i gceart le do ghearán
Conas a dhéileálfaidh an tOmbudsman le mo ghearán?
A luaithe a fhaighimid amach gur féidir linn scrúdú a dhéanamh ar ghearán, iarrfaimid ar an teach altranais príobháideach tuarascáil a sheoladh chugainn. Más gá, is féidir go ndéanfaidh an tOmbudsman scrúdú ar aon chomhaid agus ar aon taifid atá ábhartha freisin. Is féidir go gceisteoimid na daoine a bhfuil baint acu leis an ngearán. Uaireanta, tógann sé tamall sula mbaileoimid an fhaisnéis a theastaíonn uainn.
An tOmbudsman agus Tithe Altranais Príobháideacha
Tugtar faisnéis sa bhileog eolais seo faoi na nithe is féidir leat a dhéanamh más mian leat gearán a dhéanamh faoi chomhlacht oideachais a fhaigheann cistiú poiblí.
Cé na nithe is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?
Déanann an tOmbudsman scrúdú ar ghearáin ón bpobal faoi ghníomhartha áirithe de chuid soláthraithe seirbhísí poiblí amhail iad sin san earnáil oideachais, lena n-áirítear:
Cén uair ba cheart dom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
BSula ndéanann tú gearán leis an Ombudsman, ní mór duit gearán a dhéanamh le soláthraí na seirbhíse oideachais, mar shampla, an ollscoil nó an coláiste a ndeachaigh a g(h)níomh nó a c(h)inneadh i bhfeidhm ort. I gcásanna áirithe, beidh córas foirmiúil áitiúil achomhairc ann ar cheart duit é a úsáid.
Más rud é go ndearna tú gearán leis an soláthraí seirbhíse oideachais agus go bhfuil tú míshásta fós, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman.
Ba cheart duit do ghearán a chur isteach laistigh de 12 mhí ón ngníomh nó ón gcinneadh a d'imir drochthionchar ort. Más rud é go ndeachaigh níos mó ná 12 mhí thart, áfach, d'fhéadfaimis bheith ábalta cabhrú leat fós má bhí dea-chúis ann leis an moill.
Cé na nithe ar féidir liom gearán a dhéanamh fúthu leis an Ombudsman?
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi na nithe seo a leanas a scrúdú:
Ní féidir leis an Ombudsman gearáin faoi na nithe seo a leanas a scrúdú:
Ina theannta sin, seachas i gcúinsí eisceachtúla, ní féidir leis an Ombudsman do ghearán a scrúdú más rud é gur thionscain tú imeachtaí dlí in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse oideachais i dtaca leis an ngearán sin.
Is féidir leat comhairle dlí a fháil faoi do ghearán agus é a thabhairt chuig an Ombudsman fós, fad nach dtionscnaíonn tú imeachtaí dlí. Tabhair glao orainn nó seol ríomhphost chugainn mura bhfuil tú cinnte fós.
Nílim sásta leis an toradh a ghnóthaigh mé i mo chuid scrúduithe. Má dhéanaim gearán faoi, an ndéanfaidh an tOmbudsman athsheiceáil?
Ní dhéanfaidh. Ní dhéanann an tOmbudsman scripteanna scrúdaithe a athmharcáil ná ábhair lena mbaineann breithiúnas acadúil a mheas.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi na nithe seo a leanas a scrúdú:
Conas a dhéileálfaidh an tOmbudsman le mo ghearán?
Más féidir linn do ghearán a scrúdú, iarrfaimid ort an fhaisnéis ar fad ina leith a thabhairt dúinn. De ghnáth, iarraimid ar an soláthraí seirbhíse oideachais faisnéis a sheoladh chugainn faoi na saincheisteanna atá i gceist. Uaireanta, tógann sé tamall sula mbaileoimid an fhaisnéis a theastaíonn uainn le haghaidh cinneadh a dhéanamh ar do ghearán.
Cá fhad a thógfaidh sé don Ombudsman déileáil le mo ghearán?
Beidh sé ag brath ar do ghearán aonair. Déanfaimid iarracht an scrúdú ar do chás a chur i gcrích laistigh de thréimhse a bheidh idir trí mhí agus sé mhí ar fad. Más cás níos casta é do chás, is féidir go mbeidh níos mó ama ag teastáil uainn. Mar sin féin, coinneoimid ar an eolas thú faoina bhfuil ag tarlú le do ghearán.
An féidir le duine ar bith eile gearán a dhéanamh leis an Ombudsman thar mo cheann?
Is féidir, ach caithfidh tú cead i scríbhinn a thabhairt don duine sin déanamh amhlaidh. Mar an gcéanna, más mian leat gearán a dhéanamh thar ceann duine eile, caithfidh tú cead an duine sin a fháil i scríbhinn ar dtús.
An gá dom rud ar bith a chur ar fáil in éineacht le mo ghearán?
Is gá. Ba cheart duit cóipeanna d'aon litreacha, ríomhphoist, tuarascálacha agus sonraí faoi chumarsáidí eile idir tú féin agus an soláthraí seirbhíse oideachais a chur isteach.
Nuair atá tú ag déanamh gearán leis an Ombudsman, ba cheart duit breac-chuntas a thabhairt ar an gcúis/na cúiseanna a bhfuil tú míshásta agus ar na nithe ba cheart a dhéanamh, dar leat, chun nithe a chur ina gceart.
An bhfuil an tOmbudsman neamhspleách?
Tá. Déileálann an tOmbudsman le gach gearán ar bhealach neamhchlaon neamhspleách agus cinneadh á dhéanamh aige ar cé acu a bhí nó nach raibh an gníomh nó an cinneadh de chuid an tsoláthraí seirbhíse oideachais cóir nó réasúnta.
Cá mhéad a bheidh ar ghearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Ní ghearrtar aon táille as seirbhísí an Ombudsman..
Cad ba cheart a dhéanamh má bhaineann an gearán le leanbh nó le duine faoi bhun 18 mbliana d'aois?
Má bhaineann an gearán le leanbh nó le duine faoi bhun 18 mbliana d'aois ar imir gníomh nó neamhghníomh ag comhlacht oideachais air/uirthi, ba cheart duit gearán a dhéanamh le hOifig an Ombudsman do Leanaí.
Mura bhfuil tú cinnte, mar shampla i gcás ina mbaineann an gearán le duine atá 18 mbliana d'aois nó níos sine anois agus a bhí faoi bhun 18 mbliana d'aois tráth a tháinig an tsaincheist chun cinn, déan teagmháil le hOifig an Ombudsman nó le hOifig an Ombudsman do Leanaí chun comhairle a fháil.
An tOmbudsman agus seirbhísí Oideachais
Is oth linn a rá nach bhfuil an leagan Gaeilge le fáil fós.
The Ombudsman and complaints about the Direct Provision system
Cé hí an Ombudsman agus cad a dhéanann sí?
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a bhaineann le gnóthaí riaracháin i raon leathan de chomhlachtaí poiblí a scrúdú. Ina measc bíonn gearáin maidir le moill thar fóir nó gan gníomh ar bith a bheith déanta. Freisin is féidir léi gearáin a scrúdú maidir le daoine le míchumas a bheith i n-ann iontráil ar fhoirgnimh poiblí agus teacht a bheith acu ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis.
Conas a sheasann an dlí do dhaoine le míchumais maidir le rochtain ar sheirbhísí poiblí?
Cuireann an tAcht Míchumais 2005 dualgas láidir ar Ranna Rialtais agus ar chomhlachtaí poiblí caighdeán na beatha a fheabhsú do dhaoine le míchumais. Tugann an tAcht seo cumhachtaí nua don Ombudsman chun scrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir le heaspa géilliúna ag comhlachtaí poiblí agus dreamanna eile. Déileálann an Chuid seo le cumas iontrála ar fhoirgnimh poiblí agus le teacht ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis.
Nil ról ar bith ag an Ombudsman i ndáil le Codanna eile den Acht Míchumais 2005, cur i gcás:
Tá treoracha ar leithligh san Acht Míchúmais maidir le bainistiú na ngearán seo:
Tá idirdheighilt ar bith a dhéanann eagraíochtaí san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach agus iad ag soláthar earraí nó seirbhísí don phobal i gcoitinne, curtha taobh amuigh den dlí ag na hAchtanna Comhionannais 2000 go dtí 2004. De réir na nAchtanna sin tá an t-idirdheighilt mídhleathach ar naoi mbonn difriúla agus ceann amháin díobh sin is ea míchumas. Is féidir leat tuilleadh eolais faoi na hAchtanna Míchumais 2000 – 2004 a fháil ón Údarás Comhionannais (http://www.equality.ie/). Níl ról ar bith ag an Ombudsman maidir leis na hAchtanna Comhionannais 2000 – 2004.
An bhfuil an Ombudsman neamhspleách?
Tá. Déileálann an Ombudsman le gach gearán go neamhspleách agus go neamhchlaon.
Cad tá i gCuid 3 den Acht Míchumais 2005?
Déileálann Cuid 3 den Acht Míchumais 2005 le:
Cad a thuigtear le ‘pleananna earnála’?
Bíonn sé mar cheangal ar sheisear Airí Stáit pleananna earnála a ullmhú. Léiríonn na pleananna seo cad tá beartaithe ag na hAirí a dhéanamh lena cinntiú go bhfaigheann daoine le míchumais áirithe na seirbhísí atá ag dul dóibh. Clúdaíonn siad an ról atá ag comhlachtaí poiblí nó daoine eile a bhfaigheann tacaíocht nó cúnamh airgid ón Aire.
I measc na limistéar clúdaithe ag na pleananna earnála tá:
Tá sé de cheangal ar na hAirí Rialtais seo a leanas pleananna earnála a ullmhú:
Cad iad na comhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoi Chuid 3 den Acht Míchumais 2005?
Clúdaíonn an tAcht go ginearálta:
(mar shampla and Rionn Iompar)
(mar shampla comhairlí contae)
(mar shampla FÁS, Údarás na Gaeltachta agas Údaras Sláinte agusSábháilteachta) agus
Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil comhlacht áirithe clúdaithe faoi Acht, déan teagmháil linne le do thoil.
Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman
Cathain is ceart dom gearán a déanamh leis an Ombudsman?
Sula ndéanann tú gearán leis an Ombudsman ba cheart duit an cás a chur os comhair an chomhlachta phoiblí áirithe agus am a thabhairt dóibh chun an cheist a fhiosrú.
Má theipeann ort an gearán a réiteach go díreach leis an gcomhlacht poiblí, is féidir leat ansin iarraidh ar an an Ombudsman an scéal a fhiosrú.
Cé hiad na daoine ar féidir leo gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Is féidir le duine ar bith gearán a dhéanamh leis an Ombudsman, ina measc ionadaithe poiblí, cuideachtaí nó eagraíochtaí. Ach ní féidir ach amháin na daoine a shonraítar san Acht Míchumais 2005 (mar shampla an duine le míchumas, nó céile pósta an duine, tuismitheoir, ionadaí dlíthiúil, nó abhcóidí pearsanta) gearán a dhéanamh chuig an gcomhlacht poiblí áirithe.
Cad is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?
Chomh luath is atá muid sásta gur féidir linn an gearán a scrúdú, iarrfaidh muid ar an gcomhlacht nó cibé duine eile tuairisc a chur chugainn. Más gá, is féidir leis an Ombudsman na comhaid agus na taifid a scrúdú agus daoine bainteach leis an ngearán a cheistiú. Bíonn am ag teastáil de ghnáth an t-eolas a bhíonn uainn a bhailiú.
Tar éis dí gearán a scrúdú is féidir leis an Ombudsman an cinneadh a dhéanamh b’fhéidir, go bhfuil teipthe ar an gcomhlacht poiblí, nó cibé duine eile, foráil éigin i gCuid 3 den Acht Míchumais 2003, nó i bplean earnála, a chomhlíonadh. D’fhéadfadh sé cinneadh a dhéanamh gur fhág an teip seo toradh diúltach ar an té a rinne an gearán (nó ar an duine a rinneadh an gearán thar a cheann/ceann) nó ar dhuine ar bith eile. Má chinneann sé mar seo, d’fhéadfadh sé moladh a dhéanamh go ndéanfadh an comhlacht poiblí, nó an duine eile (i gcás plean earnála):
Más dóigh leis an Ombudsman gur cóir é a dhéanamh, is féidir leis iarraidh ar cheann an chomhlachta phoiblí, nó ar an duine eile (i gcás plean earnála) an toradh a tugadh ar mholadh uaithi a chur in iúl dó.
Cén fhaid a thógfaidh sé ar an Ombudsman gearán a fhiosrú?
Is féidir an t-am a thógann sé le cinneadh a dhéanamh a bheith difriúil ó chás amháin go dtí cás eile. Mar shampla, bíonn am ag teastáil má bhíonn tuilleadh faisnéise de dhíth ón Ombudsman nó má bhíonn uirthi bualadh le hoifigigh ón gcomhlacht. Déanfar gach iarracht ar thú a choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.
Cé mhéid a chosnóidh sé?
Dada – níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman.
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Is féidir leat scríobh nó glaoch isteach go dtí:
Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla,Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teileafón: 01 639 5600
Foirm Ghearáin ar Líne: www.ombudsman.ie
An bhfuil cead ag duine eile gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman thar mo cheann?
Tá cead, ar choinníoll gur le cead uaitse agus le do thoil atá siad á dhéanamh. Freisin, is féidir leatsa gearán thar cheann duine eile más lena gcead agus a dtoil atá tusa á dhéanamh.
Sheirbhísí Inrochtana
Má tá míchumas ort agus tú i bpráinn cabhrach ó sheirbhísí an Ombudsman, ba cheart duit teagmháil linn agus socrú a dhéanamh chun labhairt leis an Oifigeach Rochtana.
Cé hé an tOmbudsman a dhéileálann le cén cineál gearáin?
Cad a dhéanann an tOmbudsman?
Is féidir leis an Ombudsman gearáin ón bpobal faoi ghníomhartha riaracháin an Údaráis Rialála Seirbhísí Dlí (LSRA) a imscrúdú.
An bhfuil an tOmbudsman Neamhspleách?
Déileálann an tOmbudsman le gach gearán go neamhspleách agus go neamhchlaonta agus breithniú á dhéanamh aige an raibh gníomhartha riaracháin an LSRA cothrom agus réasúnta.
Cad is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoi?
Is é ról an Ombudsman i gcásanna LSRA breithniú a dhéanamh ar déileáladh le gearán de réir na nósanna imeachta atá leagtha amach san Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí 2015. Ní féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha an chleachtóra dlí ach is féidir leis athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha riaracháin an LSRA agus tú ag déileáil le do ghearán.
Cad nach féidir leis an Ombudsman a imscrúdú
Níl aon sainchúram ag an Ombudsman ar chleachtóirí dlí. Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an Ombudsman gníomhartha an chleachtóra dlí a imscrúdú ná cinneadh a dhéanamh ina n-aghaidh. Ní achomharc ar chinneadh an LSRA é próiseas an Ombudsman, ach imscrúdú ar na nósanna imeachta a leanann an LSRA.
Cathain ba cheart dom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Sula ndéanann tú gearán leis an Ombudsman, ní mór duit próiseas gearán an LSRA a chomhlánú. Más rud é, ag deireadh an phróisis sin, nach bhfuil tú sásta le gníomhartha riaracháin an LSRA, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman. I gcásanna LSRA is iad na gníomhartha riaracháin na próisis a lean an LSRA as a chinneadh.
Ba chóir duit do ghearán a chur isteach laistigh de 12 mhí ón ngníomh nó ón gcinneadh a rinne dochar duit. Mar sin féin, má tá níos mó ná 12 mhí caite, d'fhéadfadh an tOmbudsman a bheith fós in ann cabhrú má tá cúis mhaith leis an moill.
Cad is Gníomhartha Riaracháin ann?
Is éard is gníomhartha riaracháin ann ná na próisis a lean an LSRA as ar eascair an cinneadh i do ghearán.
Baineann formhór mór na ngearán ón LSRA le cinntí an LSRA chun gearán a aimsiú neamh-inghlactha. Sna cásanna sin, beidh réamhscrúdú déanta ag an LSRA ar an ngearán agus meastar nach bhfuil sé inghlactha.
Ní féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ach ar ghníomhartha riaracháin an LSRA agus ní ar an gcleachtóir dlí. Dá bhrí sin, is féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar lean an LSRA na céimeanna mar atá leagtha síos san Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí 2015 chun réamhscrúdú a dhéanamh. Is iad seo a leanas na céimeanna sin:
• Ní mór don LSRA a bheith sásta, de réir Alt 51, go mbaineann an gearán le ceann de sheirbhís neamhleor, costais iomarcacha nó mí-iompar.
• Nuair atá an LSRA sásta gurb é seo an cás, ní mór dó, de réir Alt 57, teagmháil a dhéanamh leis an gcleachtóir dlí ag iarraidh orthu a bhfreagra ar an ngearán a leagan amach.
• Nuair a fhaigheann an LSRA freagra ón gcleachtóir dlí, féadfaidh sé, má mheasann sé gur gá é, teagmháil a dhéanamh le ceachtar den chleachtóir dlí nó leis an ngearánach nó leo araon chun tuilleadh faisnéise a lorg i ndáil leis an ngearán.
Nuair a bhíonn an LSRA den tuairim go bhfuil dóthain faisnéise aige chun an réamhscrúdú a thabhairt chun críche, ní mór dó cinneadh a dhéanamh an bhfuil an gearán inghlactha nó nach bhfuil.
Tar éis scrúdú a dhéanamh ar chomhad an LSRA, bheifí ag súil go n-aithneodh an LSRA i gceart an gearán atá á dhéanamh leis, gur lean sé na céimeanna atá leagtha amach thuas i gceart agus ansin mhínigh sé go hiomlán na cúiseanna lena chinneadh maidir le gach gné den ghearán ina litir chinnidh.
Má mheastar go bhfuil do ghearán neamh-inghlactha agus má chreideann tú nár lean an LSRA na nósanna imeachta cearta nó nár mhínigh sé a chinneadh go hiomlán, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman.
Cad eile is féidir leis an Ombudsman a scrúdú?
Chomh maith le gearáin a mheas an LSRA a bheith neamh-inghlactha, féadfaidh an tOmbudsman scrúdú a dhéanamh freisin ar roinnt gearán a measadh a bheith inghlactha. Is féidir gearáin faoi sheirbhísí neamhleora nó táillí iomarcacha a mheasann an LSRA a bheith inghlactha a achomharc chuig an Ard-Chúirt agus tá siad lasmuigh de shainchúram an Ombudsman. Mar sin féin, ní féidir gearáin faoi mhí-iompar a mheastar a bheith inghlactha a achomharc chuig an Ard-Chúirt agus tá siad faoi shainchúram an Ombudsman.
Mar aon leis na cásanna thuas, má tá gearán á dhéanamh agat faoi ghearán mí-iompair a measadh a bheith inghlactha, ní féidir linn gníomhartha an chleachtóra dlí a scrúdú ach is féidir linn scrúdú a dhéanamh ar na próisis a leanann an LSRA agus na mínithe a tugadh don chinneadh deiridh.
Cén chaoi a ndéileálann an tOmbudsman le gearáin an LSRA?
Nuair a shuitear gur féidir leis an Ombudsman do ghearán a scrúdú, iarrfar ar an LSRA cóip iomlán de do chomhad gearáin a chur ar fáil.
Déanfaidh an tombudsman scrúdú ansin ar an gcaoi ar láimhseáil an LSRA do ghearán chun a fháil amach an bhfuil fianaise ann go raibh drochriarachán i gceist. Folaíonn 'drochriarachán' gníomh a bhí nó a d'fhéadfadh a bheith:
• gan údarás cuí
• ar fhorais nach mbaineann le hábhar
• mar thoradh ar fhaillí nó míchúram
• bunaithe ar fhaisnéis mhícheart nó neamhiomlán
• idirdhealaitheach go míchuí
• bunaithe ar chleachtas riaracháin neamh-inmhianaithe
• contrártha ar shlí eile do riarachán cóir nó fónta
• i gcás inar mhainnigh an LSRA cúnamh agus treoir réasúnach a thabhairt, nó gur theip air faisnéis a sholáthar maidir le ceart achomhairc nó athbhreithnithe duine.
• Cinnfidh an tOmbudsman an méid seo a leanas:
• go bhfuil údar maith le do ghearán
• d'fhulaing tú mar gheall ar ghníomhaíocht riaracháin an LSRA
• Má fhaightear amach gur fhulaing tú mar gheall ar dhrochriarachán, agus mura bhfuil bearta déanta ag an LSRA chun é seo a leigheas, d'fhéadfaimis a mholadh go ndéanfadh sé amhlaidh. Inár moladh, d'fhéadfaimis iarraidh ar an LSRA:
• athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil déanta aige
• leigheas cuí a thairiscint m.sh. míniú agus/nó leithscéal
An gá dom aon rud a chur san áireamh le mo ghearán?
Agus gearán á dhéanamh agat faoin LSRA leis an Ombudsman, ba cheart duit cóip de litir chinnidh agus réasúnaíocht an LSRA a chur san áireamh. Ba cheart duit sonraí a chur ar fáil freisin faoi ghníomhartha riaracháin an LSRA nach bhfuil tú sásta fúthu.
Cad a chosnóidh sé orm gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Rud ar btih - ní ghearrtar aon táille ar sheirbhísí an Ombudsman.
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Is é an bealach is fearr chun gearán a dhéanamh leis an Ombudsman ná trínár suíomh gréasáin:
www.ombudsman.ie.
Is féidir leat scríobh chuig:
Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Nó glaoigh orainn ag (01) 639 5600.
An féidir le duine eile gearán a dhéanamh thar mo cheann leis an Ombudsman?
Is féidir, ach amháin má thugann tú cead dóibh é sin a dhéanamh.
Más mian leat gearán a dhéanamh thar ceann duine eile, ní mór duit a gcead a fháil ar dtús.