An Stair faoi Cheilt? An Dlí, an Chartlann agus an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Imscrúdú
Foilsithe Iúil 2012
Iniúchadh de chuid an Ombudsman ar rochtain ar thaifid bhreithe, bhásanna agus phóstaí arna gcoinneáil ag an An tSeirbhís um Chlárú Sibhialta
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil i mBéarla amháin. Tá Achoimre Fheidhmeach trí Ghaeilge ar fáil thíos.
Seo tuarascáil faoi iniúchadh a rinne an tOmbudsman, Emily O'Reilly, ar shrianta ar rochtain ar thaifid bhreithe, bhásanna agus phóstaí arna gcoinneáil ag an An tSeirbhís um Chlárú Sibhialta(SCS). Beidh toradh an iniúchta ina dhíol spéis do staraithe, do thaighdeoirí eile agus do dhaoine a bheadh ag rianú fhréamhacha a dteaghlaigh.
Roimh achtú an Achta um Chlárú Sibhialta 2004 bhí taighdeoirí agus baill eile den phobal in ann brabhsáil trí chláir na mbreitheanna, na mbásanna agus na bpóstaí ó aon tréimhse ama nó aon limistéar geografach ar tháille bheag. Ar chlár bíonn ainm, dáta agus áit ar tharla ‘imeacht saoil’ agus eolas breise, mar shampla gairm an duine bhásaithe agus cúis an bháis ar an gclár básanna, nó ainm an athar ar an gclár breitheanna. Tar éis thosach feidhm Acht 2004 ní raibh cead a thuilleadh ag an bpobal cuardach a dhéanamh ar chláir bhreitheanna, bhásanna agus phóstaí. Faoin Acht éilíodh orthu iarratas i scríbhinn a chur isteach chuig an SCS, ag sonrú na hiontrála sonraí ar an gclár a raibh siad ag lorg rochtana uirthi, agus ansin thabharfaí cóip ón gclár dóibh ar íoc na táille. Chuir an gnás seo srian mór ar dhaoine a bhí ag iarraidh taighde a dhéanamh, mar shampla, stair a dteaghlaigh nó stair ceantair áirithe a rianú. Bhí an tOmbudsman in iúl ar an tábhacht a bhain le rochtain a sholáthar ar thaifid shuntasacha chultúrtha agus staire agus bhí sí den tuairim nach raibh an srian ar rochtain ag teacht leis an ngluaiseacht ghinearálta, in Éirinn agus i dlínsí eile, i dtreo na rochtana níos fearr ar na cineálacha seo taifead.
Tar éis iniúchadh a dhéanamh chinn an tOmbudsman go bhfuil an SCS ag cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta um Chlárú Sibhialta 2004 i gceart. Cibé scéal é, le linn a hiniúchta, chinn an tOmbudsman faoi reachtaíocht ar leithligh – an tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986 – go bhfuil an ceart ag an bpobal iniúchadh a dhéanamh ar thaifid bhreitheanna, bhásanna agus phóstaí atá breis is 30 bliain d’aois. An moladh atá ag an Ombudsman ná go mbeadh plé ann idir an SCS agus forais eile, amhail na forais sin a bhfuil freagracht orthu as cartlanna náisiúnta, chun breithniú ar dheiseanna chun éascú a dhéanamh ar chead an phobail iniúchadh a dhéanamh ar na taifid seo.
Cé go bhfuil glactha ag an SCS le moladh an Ombudsman, tá an glacadh seo teoranta. Eascraíonn sé seo ó sheasamh an SCS nach bhfuil an ceart ag an Ombudsman lena cinneadh go dtagann taifid an SCS faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus go bhfuil ceart rochtana i leith taifead atá breis is 30 bliain d’aois. Is ceist dhlíthiúil í cé acu a dtagann, nó nach dtagann, taifid an SCS faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Tá comhairle dlí réasúnach agus sonrach faighte ag an Ombudsman ar an cheist seo. Tacaíonn an chomhairle seo – atá á foilsiú aici anois – le chinneadh an Ombudsman. Deir an SCS go bhfuil comhairle dlí faighte aici ó Oifig an Ard-Aighne nach dtagann a cuid taifead faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Ach níl an SCS sásta cóip den chomhairle seo a chur ar fáil don Ombudsman nó fiú amháin bunús na comhairle a mhíniú. Ní féidir leis an Ombudsman seasamh an SCS a mheas sa chás nach fios di bunús an sheasaimh sin. Caithfidh go gcuireann sé le leas an phobail go mbeadh gach comhairle dlí ábharthach ar fáil go poiblí chun a chinntiú go mbeidh an pobal go hiomlán ar an eolas faoin cheist. Tá sé seo níos tábhachtaí fós sa chás, mar atá againn anseo, go bhfuil an pobal féin ag íoc as an chomhairle sin.
An Gearán
D’eascair iniúchadh an Ombudsman as gearán a fuarthas ó bhall den Chumann Oidhreachta gus Staire a bhí ag cuardach maidir le stair baile fearainn i gContae na hIarmhí. Theastaigh ón Uasal Johnson (ní seo a fhíorainm) iniúchadh a dhéanamh ar chláir bhásanna don limistéar ó 1864 go dtí 1900 ar mhaithe le fáil amach cé na gairmeacha a bhí ag daoine an tráth úd. Bhí na cláir bhásanna ar fáil san oifig réigiúnach. Cuireadh in iúl don Uasal Johnson, ámh, go mbeadh air ainm gach duine a fuair bás, chomh maith le dáta measta agus áit an bháis, a chur ar fáil maille le €6 le haghaidh gach cóipe ón gclár básanna. Bhí spéis ar leith ag an Uasal Johnson a fháil amach cé na cláir a chuir in iúl gur ceardaí duine. Chun seo a bhaint amach bheadh ar an Uasal Johnson íoc as cóip den chlár le haghaidh gach báis a tharla san áit idir 1864 agus 1900 agus iniúchadh a dhéanamh ar na cóipeanna sin. Luaigh an tUasal Johnson go bhféadtaí cheana iniúchadh a dhéanamh ar na cláir sin ach áirithint a dhéanamh roimh ré le haghaidh uair an chloig agus táille bheag a íoc. Bhí an áis sin tarraingthe siar.
Freagra ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin
Nuair a d’imigh an tOmbudsman i dteagmháil leis an SCS thagair sí d’alt 61 den Acht um Chlárú Sibhialta 2004. Sonraíonn an chuid seo an gnás ar leith is gá chun rochtain a fháil ar chláir sa bhealach a bhfuil cur síos air thuas. Bhí an SCS den tuairim, faoi Acht 2004, go raibh sé toirmiscthe faoin Acht d’aon duine eile seachas oifigigh áirithe de chuid an SCS rochtain a fháil ar na cláir ar an mbealach dá dtagraítear thuas.
An tIniúchadh
Mheas an tOmbudsman gur dócha go rachadh bearta an SCS i bhfeidhm ar roinnt mhaith daoine. Ba léir go raibh srian á chur ar an rochtain a bhí ar fáil ar thaifid luachmhara phoiblí agus go raibh bac á chur ar thaighde dlisteanach staire agus sóisialta. De bhreis air sin, bhí an chuma air go raibh seasamh an SCS ag teacht salach ar an gcleachtas ag forais choibhéiseacha thar lear agus leis an gcleachtas iarbhír i roinnt foras in Éirinn a dhéanann éascú ar rochtain a thabhairt ar thaifid stairiúla. Mar shampla, in Albain agus i Sasana tá roinnt mhaith de na cláir imeachtaí ar a bhfuil saol stairiúil ar fáil ar líne anois. In Éirinn d’fhoilsigh an Chartlann Náisiúnta daonáirimh 1901 agus 1911 ar líne. Tá suim mhór i measc an phobail freisin i dtaifid ar ‘imeacht saoil’ mar atá léirithe ar an móréileamh atá ar chláir theilifíse Who Do You Think You Are? agus The Genealogy Roadshow ar RTE agus BBC. Beidh ócáid amhail The Gathering sa bhliain 2013, dar le Fáilte Éireann ar an gclár turasóireachta is mó in Éirinn riamh, agus meallfaidh sé diaspóra na hÉireann chun cuairt a thabhairt ar Éirinn chun teacht ar a bhfréamhacha. I bhfianaise thábhacht na saincheiste chinn an tOmbudsman tús a chur le hiniúchadh air faoi Acht um Ombudsman 1980.
Le linn a hiniúchta lorg an tOmbudsman aighneacht ó ghrúpaí leasmhara maidir le saincheisteanna a bheadh ann dóibhsean a bheadh ag lorg taifid bhreitheanna, bhásanna agus phóstaí, rinne anailís ar fhorálacha an Achta um Chlárú Sibhialta 2004, agus bhreithnigh cibé acu an mbeadh taifid an SCS ar fáil le go ndéanfaí iniúchadh orthu faoi aon reachtaíocht eile, mar shampla an tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986.
An tAcht um Chlárú Sibhialta 2004
Tar éis iniúchadh a dhéanamh ar fhorálacha an Achta um Chlárú Sibhialta 2004 agus tar éis comhairle dlí a fháil, chinn an tOmbudsman nach bhfuil aon fhoráil dlí ann chun rochtain dhíreach a fháil ar iontrálacha ar an gclár. De bhreis air sin níl lánrogha ag an SCS faoi Acht 2004 cead a thabhairt rochtain a chur ar fáil ar aon bhealach eile.
An tAcht um Chartlann Náisiúnta1986
Faoin Acht um Chartlann Náisiúnta caithfear gach "Taifead Rannach" atá breis is 30 bliain d’aois a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta. Cibé scéal é, níor aistríodh taifid an SCS. Seo toisc treorach, a d’eisigh an Taoiseach faoi Acht 1992, a d’fhoráil nach ndéanfaí an t-aistriú mar nach raibh dóthain spáis stórála sa Chartlann Náisiúnta. Tar éis an chomhairle dlí a chur san áireamh, chinn an tOmbudsman gur chóir go gcuirfí na hinnéacsanna atá sna cláir bhreitheanna, bháis, agus phóstaí arna gcoinneáil ag an SCS agus atá níos sine ná 30 bliain d’aois ar fáil le go bhféadfadh an pobal iniúchadh a dhéanamh orthu faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 d’ainneoin nach ndearnadh iad a aistriú go dtí seo. Faoi láthair, níl an ceart iniúchta seo á chur ar fáil ag an SCS faoin Acht um Chartlann Náisiúnta.
Moladh
Le linn a hiniúchta rinne an tOmbudsman teagmháil leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus na Gaeltachta a bhfuil freagracht na Cartlainne Náisiúnta orthu. Léirigh an Roinn go bhfuil leibhéal ard spéise acu in iniúchadh an Ombudsman agus gur mhaith leis an Roinn bheith páirteach in aon tionscnamh a chuirfeadh le hinrochtaineacht na dtaifead atá sa SCS.
Is éard a mholann an tOmbudsman ná go rachadh an SCS i dteagmháil leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus na Gaeltachta agus le forais eile mar is cuí (amhail na forais sin a bhfuil freagracht orthu as an gcartlann náisiúnta), chun iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna éascú a dhéanamh ar cheart an phobail iniúchadh a dhéanamh ar na taifid seo.
Tá glactha ag an SCS leis an moladh seo ach, mar atá mínithe thuas, is glacadh teoranta é seo i gcomhthéacs leasuithe a ndéanfar amach anseo ar an Acht um Chlárú Sibhialta 2004
Iúil 2012