Teagmhas Cibearshlándála: Do Cheisteanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Nóta: Tá an leathanach seo á nuashonrú go leanúnach chun an t-eolas is déanaí a léiriú. Foilsíodh an leathanach seo den chéad uair an 17 Nollaig 2025, agus rinneadh é a nuashonrú an 19 Nollaig, an 22 Nollaig, an 6 Eanáir agus an 19 Eanáir.
C. Cad a tharla?
Ar an Déardaoin an 11 Nollaig 2025, bhí Oifig an Ombudsman mar sprioc d’ionsaí randamach cibearshlándála ar chuid dá córais TF.
Mar réamhchúram, cuireadh roinnt córas as líne i dtús báire chun an bhagairt a choinneáil faoi smacht fad a bhí an teagmhas á fhiosrú. Tá córais nár cuireadh isteach orthu ag an ionsaí ar líne arís anois, agus táimid ag obair go dian chun gnáthsheirbhís a athbhunú ina hiomláine.
C. Ar tógadh mo shonraí?
Bunaithe ar imscrúduithe fairsinge, lena n-áirítear imscrúduithe fóiréinseacha, agus ar an eolas ar fad atá ar fáil dúinn faoi láthair, táimid muiníneach nár tógadh aon sonraí pearsanta. Tá sé mar phríomhthosaíocht againn leanúint ar aghaidh ag cosaint sonraí pearsanta daoine.
C. Cad iad na bearta a glacadh chun mo chuid sonraí a chosaint?
Chomh luath is a bhíomar ar an eolas faoin teagmhas ba í an phríomhthosaíocht a bhí againn ná sonraí na ndaoine a bhraitheann ar sheirbhísí an Ombudsman agus ar na hOifigí a dtacaíonn sé leo a chosaint, agus seirbhísí a athbhunú go sábháilte.
Chuir an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (NCSC) a phlean freagartha teagmhais i bhfeidhm agus cuireadh monatóireacht fheabhsaithe ar bun chun tacú le hOifig an Ombudsman.
Cuireadh an teagmhas in iúl freisin chuig an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí agus chuig An Garda Síochána.
Táimid muiníneach anois nár tógadh aon sonraí pearsanta. Mar sin féin, ag céim luath, fuarthas urghaire ón Ard-Chúirt a chuir cosc ar aon fhoilsiú sonraí.
Chun treoir ghinearálta maidir le cosaint sonraí a fháil, féach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí . Le haghaidh comhairle ghinearálta maidir le cibearshlándáil, féach ar shuíomh gréasáin an Lárionaid NáisiúntaCibearshlándála . Maidir le ceisteanna a bhaineann le cosaint sonraí an Ombudsman, féach ar ár bhFógra Príobháideachais .
C. Cad iad na seirbhísí atá buailte?
Faoin 15 Nollaig, bhí gach seirbhís phoiblí curtha ar ais i bhfeidhm. Mar sin féin, mar thoradh ar an ionsaí seo, níl an córas leictreonach bainistíochta cásanna a bhí riachtanach dár gcuid oibre ar fáil a thuilleadh. Ar an drochuair, ciallaíonn sé seo go mbeidh próiseáil cásanna níos faide ná mar is gnách. Tá próisis curtha i bhfeidhm againn chun cásanna a bhainistiú go slán agus táimid ag obair go dian chun gnáthsheirbhís a athbhunú ina hiomláine. Mar sin féin, tógfaidh sé roinnt míonna. Tá ár bhfoireann fós ar fáil chun comhairle a sholáthar agus chun ceisteanna ó chustaiméirí a fhreagairt.
C. An bhfuil rochtain ag na hionsaitheoirí ar an gcóras TF faoi láthair?
Ní hea. Nuair a aimsíodh an teagmhas daingníodh ár gcóras TF chun a chinntiú nach raibh rochtain ag na hionsaitheoirí a thuilleadh.
C. An féidir liom gearán nua a chur faoi bhráid an Ombudsman?
Is féidir Tá ár bhfoirm Déan Gearán ar líne ar fáil. Is é seo an bealach is éasca chun gearán a chur isteach chugainn. Tabhair faoi deara: Ní ghlacaimid le gearáin trí ríomhphost a thuilleadh. Cé go bhfuilimid in ann glacadh le gearáin nua, d'fhéadfadh sé tamall a thógáil chun ár seirbhísí oibríochtúla a athbhunú. Déanfar do ghearán a admháil. Mar sin féin tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh sé tamall ama a thógáil sula mbeimid in ann do ghearán a chur chun cinn.
Nuair a chuirfear tús le do ghearán a phróiseáil, rachaidh d’oibrí cásanna leithleach cás i dteagmháil leat go díreach.
C. Tá gearán curtha isteach agam cheana féin chuig an Ombudsman. An gá dom aon rud a dhéanamh?
Má tá gearán curtha isteach agat cheana féin chuig an Ombudsman, mar a tugadh le fios thuas, beidh moilleanna i gceist maidir le do chás a phróiseáil. Iarraimid ort bheith foighneach linn agus rachaidh oibrí cásanna leithleacha i dteagmháil leat go díreach.