Feidhmíonn an Fhoireann Ghlas faoina Téarmaí Tagartha agus Cairte. Cuimsíonn sí baill foirne ó gach ceann de na comhlachtaí comhpháirte in eagraíocht Oifig an Ombudsman agus buaileann sí le chéile ar bhonn míosúil.
Tá an Oifig tiomanta do bhainistiú freagrach fuinnimh agus déanann sí a dícheall ídiú fuinnimh a bhainistiú agus a laghdú go héifeachtach. Geallann an Oifig fuinneamh a úsáid ar bhealach cúramach agus freagrach. Tacaíonn an Coiste Comhairleach Bainistíochta go hiomlán leis seo.
Is iad seo a leanas na príomhphointí i 2023:
Tá spriocanna maidir le feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí CO2 do ranna an rialtais leagtha amach san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 agus na Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide. Níl sonraí oifigiúla ar fáil go lárnach fós do 2023, ach, léirigh an scórchárta bliantúil do 2022 go raibh feabhas 79% tagtha ar ár bhfeidhmíocht fuinnimh i 2022 thar an mbliain bhonnlíne (is é sin 2009) i gcomparáid le sprioc de laghdú 50% faoi 2030. Léiríonn an scórchárta bliantúil go bhfuil feabhas 70% tagtha ar ár n-astaíochtaí iomlána C02 i 2022 thar an mbonnlíne (is é sin 2016-2018) i gcomparáid le sprioc de laghdú 51% faoi 2030.