Is féidir leat gearán a dhéanamh tríd an láithreán gréasáin seo nó glaoch a chur orainn má tá ceist agat ag 01 639 5600.
Páirceáil do Rothair
Tá páirceáil do rothair ar fáil os comhair ár n-oifige.
Tá stáisiún DublinBikes os comhair ár n-oifige os comhair an Cheolárais Náisiúnta (Ardán Phort an Iarla)
Má tá an Luas á úsáid agat
Siúl (thart ar) 8 nóiméad ó Stad Fhearchair (Líne ghlas Luas) atá ann.
Má tá bus á úsáid agat
Go leor stadanna bus ar Shráid Camden, ar Shráid Fhearchair, ar Shráid Líosain agus in Ardán Phort an Iarla.
Má tá traein á úsáid agat
Siúl (thart ar) 20 nóiméad ó Stáisiún Shráid an Phiarsaigh atá ann.
Má tá tacsaí á úsáid agat
Tá stad tacsaithe lasmuigh dár n-oifig ar Ardán Phort an Iarla.
Féach https://www.transportforireland.ie/ chun tuilleadh eolais a fháil faoi roghanna taistil.
Má bhíonn gearán agat, is féidir leat ár bhfoirm gearáin ar líne a chomhlánú.
Le haghaidh fiosruithe ginearálta is féidir leat glao a chur orainn ar 01 639 5600. Is féidir leat d’fhiosrúchán a chur isteach freisin tríd an bhfoirm ‘Déan fiosrúchán’. Mura mian leat ár bhfoirm ghearáin ar líne a úsáid , is féidir leat foirm ghearáin cruachóipe a iarraidh, agus seolfaimid chugat í sa phost.
I gcás ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil le communications@ombudsman.ie
Tugaimid cabhair do dhaoine faoi mhíchumas atá ag iarraidh ár seirbhísí a rochtain. Tá tuilleadh mionsonraí maidir le hOifigeach Inrochtaineachta na heagraíochta ar fáil sa chuid seo den láithreán gréasáin.