Dhualgas na hEarnála Poiblí 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ár gCoiste um Dhualgas Earnála Poiblí (PSD) comhdhéanta d’ionadaithe ó gach réimse dár nOifig. Aibhsíonn ár leathanach inlín foirne PSD príomh-shaincheisteanna agus imeachtaí Cearta Daonna agus tá féilire imeachtaí forbartha ag ár gCoiste PSD chun imeachtaí ar leith um Chearta Daonna a chomóradh.
I rith 2023 rinneamar dul chun cinn suntasach maidir le hoiliúint um Chearta Daonna a sholáthar dár bhfoireann. Rinneamar tuilleadh dul chun cinn ar chur i bhfeidhm Chur Chuige Bunaithe ar Chearta Daonna chun gearáin Ombudsman a imscrúdú trí shainoiliúint a sholáthar dár bhfoireann Ombudsman agus trí fhorbairt Threoir Foirne a bhfuil sé beartaithe againn a fhoilsiú ar ár láithreán gréasáin i 2024 a thabhairt chun críche.
I 2023, bhíomar i dteagmháil freisin le roinnt eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar bhaill an Lucht Siúil. Chuir ceann de na heagraíochtaí sin - Pavee Point – Oiliúint ar Fheasacht Chultúrtha ar fáil d’fhoireann an Ombudsman agus tá tuilleadh oiliúna beartaithe don oifig níos leithne do 2024. Chuireamar oiliúint feasachta ar fhéinmharú (SAFE Talk) ar fáil freisin do bhaill foirne.
Ceann de phríomhchuspóirí ár bPlean Gníomhaíochta is ea gníomhartha a aithint a d’fhéadfadh cabhrú le hearnálacha den phobal a aithint nach bhfuilimid i dteagmháil leo. Ceann de na gníomhartha sin is ea feasacht ar an Oifig a fhorbairt trí fhor-rochtain éifeachtach agus spriocdhírithe i measc grúpaí mionlaigh agus sainleasa. I 2023 reáchtálamar ceardlann do Ghrúpaí agus ENRanna a oibríonn le hinimircigh agus le daoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta. Ba é cuspóir na ceardlainne ná na grúpaí sin a chur ar an eolas faoinár nOifig agus foghlaim ó na grúpaí sin faoi na saincheisteanna a bhíonn le sárú ag na daoine a ndéanann siad ionadaíocht dóibh. Ghlacamar páirt freisin i Seachtain um Chuimsiú Sóisialta Chill Dara áit ar bhuaileamar le comhlachtaí éagsúla atá ag obair i bhfor-rochtain shóisialta i gCill Dara. Ag leanúint ar aghaidh ó cheardlann a reáchtálamar i 2022 le Grúpaí/ENRanna a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine atá faoi mhíchumas, chuamar i gcomhairle le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann maidir lena dtaighde ar an easpa inrochtaineachta ar bhonneagar iompair phoiblí.
I rith 2024 beidh suirbhé roghnach gan ainm á éisiúint againn do gach duine a dhéanann gearán le hOifig an Ombudsman. Cuirfidh sé seo in iúl dúinn cé atá ag gearán leis an Ombudsman agus beimid in ann a fheiceáil cad iad na hearnálacha den phobal nach bhfuil i dteagmháil lenár nOifig.
Maidir le Sláinte agus Folláine ár bhfoirne d’athbhunaíomar ár gCoiste Sóisialta i 2023. Tá an Coiste Sóisialta tar éis glacadh le sainchúram an iar-Choiste Sláinte agus Folláine agus tá sraith cainteanna agus imeachtaí socraithe aige chun Sláinte agus Folláine ár bhfoirne a fheabhsú.