Beartas maidir le bronntanais agus fáilteachas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cumdaítear leis an mbeartas seo Oifig an Ombudsman, Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OIC), Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCEI), an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPOC), an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CPSA) agus Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta (OPDC). Comhlíonann na sé hOifig sin, dá ngairtear an ‘Oifig’ le chéile ar fud an doiciméid, feidhmeanna reachtúla ar leithligh agus difriúil. Mar sin féin, feidhmíonn siad mar ghníomhaireacht chónasctha aonair faoi Vóta amháin agus Oifigeach Cuntasaíochta amháin. Tá a líon foirne féin ag gach Oifig ach roinntear na feidhmeanna airgeadais, acmhainní daonna, dlí, cumarsáide agus teicneolaíochta faisnéise.
Is é an tUachtarán a cheapann an tOmbudsman agus an Coimisinéir Faisnéise ar ainmniúchán ón Oireachtas, mar oifigeach reachtúil ar feadh tréimhse seasta conartha (“an tOmbudsman”). Beidh sé nó sí ina Choimisinéir nó ina Coimisinéir um Nochtadh Cosanta, agus is ball den Choimisiún um SIPO agus CPSA é nó í. Ar mhaithe le héascaíocht tagartha, tagraítear dó nó di sa doiciméad seo mar an tOmbudsman. Is státseirbhísigh de chuid an Stáit foireann na hOifige.
Tá rialacha maidir le bronntanais agus fáilteachas ceadaithe a fháil ag Státseirbhísigh leagtha amach in ailt 16 agus 17 de Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse . Tá treoir ann freisin ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, mar fhógra faisnéise, maidir le bronntanais do státseirbhísigh . Mar riail ghinearálta, tá cosc iomlán ar státseirbhísigh a bpost oifigiúil a úsáid chun leas a bhaint astu féin nó daoine eile a bhfuil ceangail phearsanta nó ghnó acu leo. Ní mór gach cúram a ghlacadh lena chinntiú nach n-imríonn aon ghlacadh le fáilteachas ná le bronntanais tionchar, nó nach meastar go n-imríonn sé tionchar, ar chomhlíonadh feidhmeanna oifigiúla. Is í an tástáil atá le húsáid ná tástáil an “féachadóra réasúnta” (i.e. cibé an bhféadfadh an féachadóir réasúnta, ag breathnú dó ar an idirbheart, glacadh leis go réasúnach gur tugadh bronntanas chun tionchar a imirt ar an duine agus é i mbun a fheidhmeanna, nó chun cáilmheas a cheannach agus súil ag an mbronntóir go mbeidh tionchar aige amach anseo). Is cuma nach raibh an éifeacht a bhí beartaithe aige. Is é an rud atá tábhachtach ná go gcaithfidh an pobal a bheith sásta nach bhfuil fabhar á thabhairt ag an státseirbhís mar mhalairt ar bhronntanais agus ina leith seo, tá an dearcadh atá ag an bpobal díreach chomh tábhachtach céanna le firínne an scéil. Leagtar amach thíos príomhphointí bheartas na hOifige maidir le bronntanais agus fáilteachas. Ní mór iad a léamh in éineacht le Cód Caighdeán agus Iompraíochta na Seirbhíse Sibhialta . Ba cheart go mbeadh cur amach ag gach ball foirne ar na doiciméid seo agus ba chóir dóibh dul i gcomhairle le Ceann na Seirbhísí Corparáideacha chun treoir a fháil má thagann ceist nó ábhar amhrais chun cinn. De ghnáth ní cheadaítear bronntanais a thabhairt nó a fháil, ach ó am go chéile bíonn ról taidhleoireachta ag an Oifig agus í ag tabhairt cuairte nó ag cur fáilte roimh aíonna ó thíortha eile. Ar na hócáidí sin, féadfaidh an tOmbudsman a mheas go bhfuil sé cuí ó thaobh cultúir de glacadh le bronntanas beag, nó bronntanas beag a bhronnadh, mar chomhartha ómóis dá aíonna nó dá óstach.
• Sa Chód folaíonn an téarma “bronntanas” aon sochar a thugtar do státseirbhíseach saor in aisce nó ar praghas is lú ná a phraghas tráchtála.
• Féadfaidh oifigeach bronntanais ar luach measartha a ghlacadh agus a choinneáil (i.e. mar threoir meastar gur bronntanais ar luach measartha bronntanais ar lú a luach ná €20). Níor cheart glacadh le haon bhronntanais ar luach níos airde nó, dá mba rud é go mbeadh diúltú den sórt sin ina mhór-mhasla (i.e. i gcomhthéacs taidhleoireachta), ba cheart don oifigeach é a thabhairt ar láimh dá (h)Oifig.
• Níl glacadh ar bith le bronntanais airgid, seiceanna bronntanais, lena n-áirítear dearbháin, fiú más lú
a luach ná an tairseach €20.
• Ní ghlactar le bronntanais ó sholáthraithe reatha, nó ó dhaoine atá ag iarraidh gabháil do sholáthar.
• Níor cheart go bhfaigheadh státseirbhísigh sochair d’aon chineál ó thríú páirtí nuair a d’fhéadfaí a mheas go réasúnta go mbaintear dá mbreithiúnas agus dá ionracas de thoradh sin.
• Níor cheart do Státseirbhísigh glacadh le saoráidí speisialta nó le lascainí ar cheannacháin phríobháideacha ó sholáthróirí a mbíonn siad ag déileáil go hoifigiúil leo.
• Ní cheadmhach do Státseirbhísigh dul i dteagmháil le haon ghnó, a bhfuil teagmháil acu agus iad i mbun a ndualgas oifigiúla, ag lorg urraíochta nó tacaíochta d’aon chlub, eagraíocht carthanach, cumann, ceardchumann nó eagraíocht eile.
• Is féidir leis an mball foirne bronntanais a thugtar don fhoireann chun óráidí nó cur i láthair a dhéanamh a ghlacadh más lú an luach atá acu ná €20. I gcás bronntanais de bhreis ar an luach sin, agus mura gcruthaítear coimhlint leasa leo don Oifig nó mura mbraitear go gcruthaítear coimhlint leasa leo don Oifig , is féidir iad a choinneáil ach iad a chur ar crannchur ina dhiaidh sin nó a thabhairt do charthanacht faoi threoir ón gCeannasaí Seirbhísí Corparáideacha. Más rud é go bhféadfadh aon choimhlint, nó coimhlint a mheastar a bheith ann, teacht chun cinn, ba cheart an bronntanas a thabhairt ar ais do na soláthraithe láithreach beag beann ar méid an bhronntanais sin.
• I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfaí a mheas nach mbedh sé oiriúnach bronntanas a thabhairt ar ais (fiú nuair nach dtagann sé faoi na rialacha atá leagtha amach thuas). Is éard a bheadh i gceist leis na cúinsí sin, is cosúil, ná cásanna ina mbeadh sé míchuibhiúil an bronntanas a thabhairt ar ais. Sna cúinsí seo, féadfaidh an Oifig an bronntanas a choinneáil, ní an glacadóir.
• Má bhíonn amhras ar bith ar oifigeach maidir le cibé acu an dtagann nó nach dtagann tairiscint fáilteachais nó bronntanas faoin mbeatas seo, ba chóir dó an bronntanas a dhearbhú don Cheannasaí Seirbhísí Corparáideacha.
• Agus iad ag plé le heagraíochtaí nó le daoine seachtracha, ní mór do státseirbhísigh gach cúram a ghlacadh lena chinntiú nach mbíonn tionchar ag a nglacadh le fáilteachas orthu, agus nach bhféadfaí a mheas le réasún go raibh tionchar aige orthu, agus iad i mbun a gcuid dualgas oifigiúil.
• Glactar go ginearálta le freastal ar fáiltithe oibre (lena n-áirítear alcól nó sólaistí eile) nó gnáthfháilteachas a sholáthar ag imeacht oibre.
• Ní mór cead a fháil roimh ré ón gCeannasaí Seirbhísí Corparáideacha, áfach, má fhaigheann oifigeach cuireadh chuig lón gnó nó dinnéar atá dírithe ar an Oifig nó ar an duine aonair agus gur dócha go sáróidh luach €20.
• Níl glacadh le cineálacha áirithe fáilteachais (m.sh. tairiscintí taistil thar lear, béilí blasta nó deireadh seachtaine saoire).
• Go ginearálta, ní mholtar bronntanais a cheannach, áfach, ó am go chéile comhlíonann an tOmbudsman feidhm taidhleoireachta agus féadfaidh sé bronntanais a mhalartú nuair a théann sé ar chuairteanna thar lear nó nuair a bhíonn sé ina óstach do thoscaireachtaí cuairte ó lasmuigh d’Éirinn. Caithfidh ceannach na mbronntanas seo a bheith ag teacht le riachtanais ghinearálta an bheartais seo – i.e. earraí cuí ar luach measartha. Is féidir leis an Aonad Seirbhísí Corparáideacha comhairle a sholáthar nuair a iarrtar é.
• Teastaíonn cead roimh ré ón Ard-Stiúrthóir, nó ina (h)éagmais ón gCeannasaí Seirbhísí Corparáideacha, maidir le haon bhronntanais eile a cheannaíonn státseirbhísigh.
• Nuair is féidir agus praiticiúil, beidh na bronntanais a cheannófar déanta in Éirinn agus ag teacht leis ár Straitéis Timpeallachta.
• Bainistíonn CSU (Aonad Airgeadais) an buiséad chun bronntanais chorparáideacha a cheannach.
• Cloífear leis na nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta cuí maidir le bronntanais chorparáideacha a cheannach.
• Ní mór bronntanais nár úsáideadh a thabhairt ar ais chuig an Aonad Seirbhísí Corparáideacha.
Féachann an Oifig le costais iomchuí agus riachtanach a bhaineann le siamsaíocht a bhainistiú ar bhealach oscailte agus trédhearcach chun a chinntiú go gcosnaítear úsáid cistí poiblí agus go dtugtar luach ar airgead. Ba cheart go mbeadh caiteachas ar siamsaíocht oifigiúil i gcomhréir le Ciorclán 25/2000 na Roinne Airgeadais .
Sainmhínítear siamsaíocht oifigiúil mar “ béilí, deochanna, agus siamsaíochta ginearálta a sholáthar do bhaill foirne agus/nó do thríú páirtithe ag am ar bith nó in aon áit”. Tá caiteachas ar siamsaíocht oifigiúil faoi réir an chaighdeáin chuntasachta is airde, lena n-áirítear go gcaithfidh sé a bheith bainteach le gnó na hOifige a chur chun cinn, go gcaithfidh sé a bheith réasúnta agus go gcaithfidh taifid chuí a choinneáil. I gcás ina dtabhaítear costais, ba chóir a bheith thar a bheith barainneach i gcónaí.
• Féadfaidh an tOmbudsman siamsaíocht a thabhairt i gcomhréir leis na teorainneacha atá formheasta maidir le siamsaíocht faoi Chiorclán 25/2000. Ní mór cead a fháil roimh ré ón Ard-Stiúrthóir maidir le haon siamsaíocht a chuireann státseirbhísigh nó tríú páirtithe ar fáil.
• Lóin/Dinnéir ag Ionaid Inmheánacha/Seachtracha: Ní cheadaítear caiteachas ar lón ná dinnéar ach amháin do rannpháirtithe agus do láithreoirí le haghaidh cruinnithe, seisiún oiliúna agus seimineár a bhaineann le gnó na hOifige a chur chun cinn. Áirítear leis seo an t-imeacht oiliúna don fhoireann dhá uair sa bhliain agus nach mór do gach fostaí freastal air, agus a mbeidh feidhm ag an ráta lóin ina leith.
• I gcás na n-imeachtaí lae ar fad, beidh feidhm ag na rátaí fáiltithe agus lóin araon.
• Freastal ag baill foirne ar ócáidí oifigiúla: Ceadaítear caiteachais lón nó dinnéar a fháil ar ais i gcás ina bhfreastaíonn baill foirne ar ócáidí oifigiúla thar ceann na hOifige agus baint dhíreach acu leis an imeacht a reachtáil. Ba chóir líon na foirne a bheidh i láthair a choinneáil chomh híseal agus is féidir.
• Fáiltithe: Féadfar imeachtaí a reáchtáil i gcás ina bhfuil buiséad ar fáil agus i gcás ina bhfuil baint dhíreach ag an imeacht le hoibríochtaí de chuid na hOifige. Ba cheart na costais a bhaineann leis na himeachtaí sin go léir bheith ag teacht leis na treoirlínte maidir le caiteachas atá leagtha amach i gCiorclán 25/2000 na Roinne Airgeadais.
• Alcól: Ba chóir a bheith discréideach maidir le ceannach alcóil ag béilí/imeachtaí gnó agus maidir le soláthar alcóil ag ócáidí Oifige. Ba chóir go mbeadh fáil forleathan ar deochanna neamh-mheisciúilaa nuair a bhíonn alcól á thabhairt d'aíonna.
• Sólaistí ag Cruinnithe: Go ginearálta, níor cheart tae/caife a ordú le haghaidh cruinnithe inmheánacha ná gearrchruinnithe a bhfreastalaíonn tríú páirtithe orthu. I gcás ina meastar go bhfuil tae, caifé agus sólaistí riachtanach le haghaidh cruinnithe níos faide, mar shampla cruinnithe a bheidh fós ar siúl ag am lóin, ní mór a bheith thar a bheith barainneach.
• Ní mór ceadú roimh ré a fháil ón Oifigeach Cuntasaíochta le haghaidh caiteachais lasmuigh de na teorainneacha seo nó socruithe malartacha ar na forálacha thuas. Déanfaidh an tAonad Airgeadais monatóireacht leanúnach ar gach caiteachas a bhaineann le costais siamsaíochta ó thaobh caiteachais de agus déanfaidh Ceann na Seirbhísí Corparáideacha beart leantach ina leith, más gá.
Tá an polasaí seo faoi réir athbhreithniú ag an gCoiste Comhairleach Bainistíochta gach trí bliana. Déanfar an chéad athbhreithniú eile i mí Iúil 2027.