Tugann baill foirne ó Oifig an Ombudsman cuairt ar Ionaid Faisnéise do Shaoránaigh (IFSanna) i Luimneach , Cathair Chorcaí agus Mala agus Gaillimh uair sa mhí chun gearáin a ghlacadh ón bpobal. Tá na hamanna agus na dátaí ar fáil ar ár láithreán gréasáin agus fógraítear iad sna nuachtáin áitiúla.
Uaireanta, reáchtálann foireann an Ombudsman ‘clinic gearán’ in áit eile seachas Luimneach nó Gaillimh.
Reáchtáiltear na cuairteanna sin in áit lárnach ar féidir teacht go héasca uirthi, an príomhóstán sa cheantar mar shampla, de ghnáth. Le linn na gcuairteanna sin, is féidir leat bualadh lenár bhfoireann, eolas a fháil faoi ghearáin a dhéanamh nó gearán a rinne tú a phlé.
Freastalaíonn baill foirne ó oifig an Ombudsman ar thaispeántais go rialta freisin, ar nós Mór-Aonach 50 Plus