Féadfaidh an tOmbudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha a rinne soláthraithe áirithe san earnáil phoiblí, i gcás go bhfuil fianaise ann a thugann le fios go raibh na gníomhartha a rinneadh bunaithe ar chleachtais riaracháin neamh-inmhianaithe, agus go raibh éifeacht dhíobhálach ag an ngníomh a ndearnadh gearán ina leith ar an ngearánach. Más amhlaidh an scéal, d’fhéadfadh an tOmbudsman a mholadh go ndéanfadh an comhlacht beart áirithe chun an cleachtas sin a cheartú, agus cúiteamh cuí a sholáthar chun an éifeacht dhíobhálach ar an ngearánach a leigheas, a mhaolú nó a athrú.
I bhformhór na gcásanna, an duine a ndearnadh an cúram de nó ar cuireadh tseirbhís ar fáil dó, no nó a raibh tionchar ag cinneadh a rinne soláthraí seirbhíse poiblí air – duine arb é an ‘gearánach’ é - déanfaidh seisean an gearán. I gcásanna áirithe, cuirtear an gearán faoi bhráid an Ombudsman thar ceann an ghearánaigh. ‘Ionadaí’ a thugtar ar an duine a dhéanann an gearán thar ceann an ghearánaigh.
Ar na cineálacha ionadaithe a ndearnadh an Oifig seo teamhgáil leo tá:
I gcásanna dá leithéid, féadfaidh Oifig an Ombudsman iarraidh ar an ngearánach foirm toilithe a chomhlánú. Tugann an fhoirm seo údarás don ionadaí gníomhú thar ceann an ghearánaigh, agus tugann sí don Oifig seo údarás an ghearánaigh a ghearán a phlé, agus a fhaisnéis phearsanta a roinnt lena ionadaí
Tá roinnt díolúintí i gceist leis an riail sin.
Cuir i gcás, agus gearáin ionadaithe poiblí á láimhseáil againn, ní éilímid foirm toilithe mar a luaithe a fhaightear an gearán tosaigh, déanaimid teagmháil dhíreach leis an ngearánach seachas leis an ionadaí poiblí tríd is tríd. Ina theannta sin, is díreach chuig chuig an ngearánach a sheoltar cóip de chinneadh an cháis ach agus ní chuig an ionadaí poiblí.
Chomh maith leis sin i gcásanna áirithe, amhail nuair a dhéanann tríú páirtí teagmháil leis an Oifig seo le gearán nár thug soláthraí seirbhíse poiblí freagra ar chomhfhreagras, iarrfaidh an Oifig seo ar an soláthraí seirbhíse poiblí ábhartha freagra a thabhairt go díreach ar an ngearánach. I gcásanna den sórt sin, ní iarrfaidh an Oifig seo toiliú ón ngearánach, toisc nach n-iarraimid ná nach lorgaímid cóip den fhreagra a eiseoidh an soláthraí seirbhíse poiblí.
Féadfaidh an Oifig gearán a fháil i gcás nach bhfuil sé de chumas ag an duine a mbaineann an gearán go díreach leis agus dó toiliú leis gearán a bheith á dhéanamh thar a cheann. I gcásanna dá leithéid, d’fhéachfadh an Oifig le faisnéis a fháil faoi ionadaí dlíthiúil an duine sin. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin daingniú ar chumhacht iontlaise, ar chumhacht mharthanach aturnae nó ar shocruithe tacaíochta cinnteoireachta arna gclárú faoin Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015, agus faoin Acht um Chumas Cinnte Cuidithe (Leasú) 2022.
Más duine éagtha duine a bheadh, thairis sin, i dteideal gearán a dhéanamh, féadfaidh duine eile ar dhlúthghaol nó cúramóir de chuid an duine sin tráth an ghnímh lena mbaineann an ngearán féin.