Tuarascáil Bhliantúil na Foirne Glaise 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Feidhmíonn an Fhoireann Ghlas faoina Téarmaí Tagartha agus a Cairt. Cuimsíonn sí baill foirne ó gach ceann de na comhlachtaí in eagraíocht Oifig an Ombudsman agus buaileann sí le chéile ar bhonn rialta.
Seo a leanas baill na Foirne Glaise:
• Ciarán O'Donohoe (Cathaoirleach) - Seirbhísí Corparáideacha
• Aidan Moore (Rúnaí) – Aonad Feidhmiúcháin
• Colette Godkin – CCOP
• Conor Mulvihill – CCOP
• Aisling McGrath – Ombudsman
• Shauna Watters –CCSP
• Elizabeth Swanwick – OCFC
• Alison Connolly – OCF
• John Spencer – Aonad TFC
Cé gur baill den Fhoireann Ghlas iad na baill foirne thuasluaite, tá sé de fhreagracht ar gach ball foirne oibriú le chéile chun cabhrú leis an Oifig a haidhmeanna a bhaint amach agus chun lorg carbóin na hOifige a laghdú. Ina theannta sin, is í Karen Roantree ón gCoiste Comhairleach maidir le Bainistíocht (MAC) an tOifigeach Feidhmíochta Fuinnimh agus Oifigeach Aeráide agus Inbhuanaitheachta na hOifige freisin.
Tá Oifig an Ombudsman tiomanta do bhainistíocht freagrach fuinnimh agus déanfaidh sí a dícheall tomhaltas fuinnimh a bhainistiú agus a laghdú go héifeachtach. Bainfidh an Oifig úsáid stuama freagrach as fuinneamh. Tugann an Coiste Comhairleach maidir le Bainistíocht lántacaíocht dó seo.
Chun ár gcuspóirí a bhaint amach, déanfaidh an Oifig na nithe seo a leanas:
• gealltanas a thabhairt maidir le feabhas leanúnach a chur ar ár bhfeidhmíocht agus bainistíocht fuinnimh
• na ceanglais ábhartha dlí agus eile a chomhlíonadh
• fuinnimh a sholáthar i gcomhréir le creat-chomhaontú na hOifige um Shainfháil Rialtais
• feasacht maidir le fuinneamh agus rannpháirtíocht fuinnimh a chur chun cinn i measc na foirne
• Cinnte a dhéanamh de go meastar soláthar glas a bheith mar chuid d’aon phróiseas soláthair lena n-áirítear úsáid a bhaint as clár Trí E.
• bearta tíosach ar fhuinneamh a shainaithint agus a chur chun feidhme
• díriú ar laghdú ar ídiú fuinnimh
• athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcuspóirí agus spriocanna agus tuairisciú a dhéanamh maidir le feidhmíocht fuinnimh don Choiste Comhairleach maidir le Bainistíocht agus don fhoireann
Tá an tuarascáil seo roinnte sna ranna seo a leanas
• Clár Oibre/Plean Gníomhaíochta
• Cumarsáid agus Roinnt Eolais
• An Treochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide
• Fuinneamh agus Astaíochtaí Carbóin
• Marc Taistil Níos Cliste
• Dramhaíl agus Athchúrsáil
• Úsáid Páipéir
• Taisteal
• Monatóireacht ar Cháilíocht an Aeir
Ghlac Foireann Ghlas na hOifige páirt ghníomhach freisin sa Choiste Glas don fhoirgneamh foriomlán a bhfuil an tiarna talún, IPUT, ina chathaoirleach air. Níor tionóladh aon chruinniú den Choiste Glas in 2024.
Tháinig an Fhoireann Ghlas le chéile n-uaire le linn 2024. Aistríodh a gclár oibre uaillmhianach ina 39 ngníomhmhír ar an bPlean Gníomhaíochta don bhliain 2024, ar riachtanais an rialtais láir go leor díobh agus a raibh go leor oibre ag teastáil uathu. Baineadh 28 de na tascanna amach, agus rinneadh machnamh maidir le go leor tascanna eile ach cinneadh gan leanúint leo. Mír amháin atá fós le cur i bhfeidhm is ea oiliúint do bhaill foirne shinsearacha maidir le Gníomhú ar son na hAeráide. Tá an mhír sin sceidealaithe do ráithe 1 den bhliain 2025.
Tá ról tábhachtach ag straitéis chumarsáide éifeachtach chun ligean don Oifig feasacht a spreagadh maidir le saincheisteanna agus tionscnaimh ghlasa agus is gné lárnach an straitéis sin chun cur ar ár gcumas ár spriocanna agus ár ngealltanais náisiúnta maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach. Rinne an Coiste Comhairle maidir le Bainsit doiciméad oifigiúil Straitéise Cumarsáide a fhaomhadh go déanach in 2023 agus baineadh úsáid rathúil as seo chun feasacht maidir le saincheisteanna glasa agus maidir leis an gcaoi gurféidir linn ár spriocanna a bhaint amach a chur chun cinn a spreagadh; dul i dteagmháil leis an bhfoireann chun iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar iompar agus chun cultúr iompraíochta glas agus inbhuanaithe a chruthú.
Is iad seo a leanas na príomh-mhodhanna cumarsáide:
Ailt ar an Inlíon –Rinneadh rannán na Foirne Glasa den Inlíon a athdhearadh le ligean di a bheith ina acmhainn don fhoireann ar spéis leo ceisteanna glasa. Mar thoradh air seo cuireadh míreanna tábhachtacha seasta (m.sh. Treochlár Gníomhaíochta ar son na hAeráide, Beartas Fuinnimh, Straitéis Chumarsáide) ar thaobh amháin ionas go mbeidh sé éasca i gcónaí iad a aimsiú agus ailt nuachta ar an taobh eile ionas go n-imíonn saincheisteanna síos an leathanach de réir mar a théann am ar aghaidh agus tá sé in am díriú ar theachtaireachtaí eile don fhoireann.
Foilsíodh 19 mír nuachta agus faisnéise ar an Inlíon i rith na bliana. Cuireadh eolas spéisiúil maidir le fuinneamh agus cúrsaí comhshaoil. ar fáil don fhoireann trí na hailt seo agus bhí dlúthbhaint acu freisin le feachtas 'Laghdaigh d’Úsáid' an rialtais.
Ceardlanna - maidir le ceisteanna a bhaineann leis an aeráid ag cruinnithe de chuid na rannóige. In 2024, reáchtáladh 3 cheardlann den sórt sin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus maidir leis an mbithéagsúlacht. Ina theannta sin, rinneadh cur i láthair maidir le dramhaíl/athchúrsáil don Oifig iomlán ag an gCruinniú Débhliantúil. Rinneadh go leor taighde do gach cur i láthair, bhí an fhoireann an-sásta leo agus bhí siad an-idirghníomhach.
CCB– Déanann an Fhoireann Ghlas cur i láthair gach sé mhí do CCB maidir le hobair an Choiste agus maidir leis an dul chun cinn i gcomparáid le Plean Gníomhaíochta na Foirne Glaise. Ina theannta sin, cuireadh nuashonruithe ráithiúla ar fáil do MAC ar conas atá an Oifig ag dul chun cinn i gcomparáid lena spriocanna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Foinse na faisnéise seo: gné chliste méadraithe a chuir an tiarna talún ar fáil. D’athraigh an tiarna talún chuig soláthraí seirbhíse nua, áfach, le linn 2024 agus táimid fós ag feitheamh ar rochtain a fhail ar chóras nua sholáthraí seirbhíse an tiarna talún.
Cur i Láthair – Déantar cur i láthair ginearálta maidir le haidhmeanna agus gnóthachtálacha na Foirne Glaise ag na cúrsaí Oiliúina do bhaill foirne nua agus i gCláir Idirbhliana. Leis an oiliúint ionduchtaithe tugtar ardán don Fhoireann Ghlas chun an tábhacht a bhaineann le bearta glasa a roinnt lenár nOifig, a mhiniú go bhfuil sé mar fhreagracht ar an bhfoireann ar fad agus chun cúlra a sholáthar maidir lenár n-oibleagáidí i dtéarmaí spriocanna agus tuairiscithe.
Fógraí – Cuirtear fógraí timpeall an fhoirgnimh maidir le téamaí glasa amhail úsáid fuinnimh agus bearta cearta athchúrsála In 2024, cuireadh go leor fógraí timpeall an fhoirgnimh chun eolas a sholáthar don fhoireann ar cé na nithe ar féidir iad a athchúrsáil agus ar na nithe ar féidir iad a chur sna araidí múirín. Is dúshlánach againn cur ina luí ar an bhoireann a bheith cúramach agus iad ag fáil réidh lena gcuid dramhaíola ach is cosúil go bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas de réir a chéile.
An Feachtas 'Laghdaigh d’Úsáid' - Chláraigh an Oifig le feachtas Laghdaigh d’Úsáid arna rith ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí don gheimhreadh 2024/25 Is feachtas feasachta fuinnimh é seo don fhoireann atá dírithe ar úsáid fuinnimh a laghdú le linn míonna an gheimhridh. Spreagann sé baill foirne freisin chun bearta a ghlacadh a chabhróidh leo fuinneamh a laghdú sa bhaile.
Soláthar Poiblí Glas – Ullmhaíodh nóta cuimsitheach ar an tábhacht a bhaineann le breithniú a dhéanamh ar bhearta maidir le SolátharPhoiblí Ghlas i bpróisis soláthair agus eisíodh é dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le soláthar. Leis sin freisin, ba ghá an Seicliosta Soláthair agus ar an bPlean Soláthair Corparáideach a nuashonrú. Rinne an Coiste Comhairelach maidir le Bainistíocht na doiciméid seo go léir a fhaomhadh sular eisíodh iad.
Ceann de na ceanglais a thig as Plean an rialtais maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 2021 an rialtais ná go raibh ar chomhlachtaí poiblí Treochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide a ullmhú. Is é is aidhm donTreochláir a leagan amach conas a chomhlíonfaidh an Oifig na spriocanna atá leagtha amach i Sainordú an rialtais maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, lena n-áirítear ár bpleananna chun astuithe a bhaineann le fuinneamh ónár n-oibríochtaí a laghdú de réir an Phlean maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 2024. Is doicimeéd beo é seo a d’ullmhaigh an Fhoireann Ghlas ar dtús agus a shínigh an tArd-Stiúrthóir i mí an Mhárta 2023. Rinneadh é a leasú ina dhiaidh sin i Meán Fómhair 2023. Ullmhaíodh Treochlár athbhreithnithe eile de réir shainordú gníomhaíochta aeráide athbhreithnithe na hearnála poiblí, a foilsíodh sa Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2024 (CAP24) agus a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024.
D'ullmhaigh an Fhoireann Ghlas Beartas Fuinnimh don Oifig agus d'fhaomh CCB é le linn 2023. Leagtar amach sa Bheartas an chaoi a n-úsáideann an Oifig meascán d'iniúchtaí éifeachtúlachta fuinnimh, treoir ÚFIÉ, Méadrú Fuinnimh Chliste, feachtais feasachta foirne, rátálacha DEC agus treoir láraithe eile chun a Beartas Fuinnimh a chumadh. Leagtar amach ann beartas na hOifige maidir le soláthar Glas, aerchóiriú/téamh, soilsiú agus iompar, agus béim lárnach ar chuidiú leis an Oifig ár spriocanna rialtais a bhaint amach.
In 2023 agus sa chuid tosaigh den bhliain 2024, d'úsáid an Oifig córas monatóireachta cliste fuinnimh chun monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar úsáid fuinnimh sna foirgnimh. Ní raibh rochtain againn ar a leithéid de chóras le roinnt míonna anuas in 2024 toisc gur athraigh an tiarna talún chuig soláthraí seirbhíse nua agus tá moill ar rochtain a fháil ar an gcóras nua. Oibríonn an córas aerchóirithe/teasa tríd an aer lasmuigh a thógáil isteach agus bíonn tionchar suntasach ag an teocht lasmuigh ar an leibhéal fuinnimh a úsáidtear.
Socraíodh na spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh dár nOifig mar seo a leanas:
• Sprioc coigiltis éifeachtúlachta fuinnimh 50% don earnáil phoiblí faoi 2030 (Plean Gníomhaíochta Aeráide an Rialtais 2024).
• Sprioc bhliantúil coigilte fuinnimh de laghdú 3% bunaithe ar thomhaltas 2022 (Iniúchadh ar Éifeachtúlacht Fuinnimh 2022).
D'aithin an tIniúchadh ar Éifeachtúlacht Fuinnimh ceist an sceidealaithe mar bhealach tábhachtach ina bhféadfadh an Oifig seo a húsáid fuinnimh a laghdú. Déanann an tAonad Seirbhísí Corparáideacha an sceidealú go laethúil d'fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir compord na foirne agus úsáid fuinnimh de réir ár spriocanna. Baineadh coigilteas fuinnimh amach cheana féin maidir leis an gcóras a mhúchadh ar laethanta nach mbíonn aon bhall foirne ar an láthair (m.sh. ag an deireadh seachtaine, laethanta saoire). Ós rud é nach bhfuil rochtain againn ar mhéadrú cliste fuinnimh agus nach mbeidh fáil go dtí mí Bhealtaine 2025 ar ár bhfigiúirí úsáide arna soláthar ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann bunaithe ar an úsáid a bhaineanna muid as an méadar, ní féidir linn tuairisc a thabhairt ar ár n-éifeachtacht i gcomparáid leis na spriocanna faoi láthair. Fiú nuair a bheidh rochtain againn ar shonraí sholáthraí seirbhíse nua an tiarna talún, beidh bearna úsáide ann i leith na tréimhse nach raibh rochtain againn ar chóras.
Cuirtear na figiúirí ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ar fáil i bhfoirm scórchárta do gach eagraíocht agus déantar iad a thuairsciú trí Chóras Monatóireachta agus Tuairiscithe athbhreithnithe an Údaráis . Foilsítear na figiúirí seo freisin i dtuarascáil bhliantúil de chuid na hearnála poiblí.
Ceanglaítear leis an Sainordú um Ghníomhú ar son na hAeráide 2024 ar gach comhlacht poiblí athbhreithniú a dhéanamh ar a riachtanais maidir le spás oifige ó thaobh coigilte fuinnimh de. Ina leith seo, rinne OOP suirbhé i mí na Nollag 2024 inar bhreathnaigh siad ar leibhéil áitíochta. Rinne an Fhoireann Ghlas athbhreithniú freisin in 2024. Mar thoradh ar an athbhreithniú sin eisíodh doiciméad dar teideal “Tograí Coigiltis Fuinnimh lena gcur chuig CCB” ina raibh roinnt moltaí. Rinne CCB an doiciméd sin a fhaomhadh i bprionsabal agus cuireadh i bhfeidhm láithreach an moladh go ndéanfaí an teas a mhúchadh i ngach oifig agus seomra cruinnithe, moladh a raibh tortha an-dearfach air. Ba é an príomh-mholadh eile ná limistéir áirithe a dhúnadh ar an Aoine, ar laethanta áitíochta íseal iad de ghnáth, agus go mbogfadh an fhoireann go cuid ar leith den fhoirgneamh. Chuaigh na Príomhoifigigh i gcomhairle lena bhfoireann maidir leis an moladh seo agus moladh go ndéanfadh an Coiste Comhpháirtíochta na ceisteanna a ardaíodh a bhreithniú. Déanfar an cheist seo a mheas ag an gcéad chruinniú eile den Choiste Comhpháirtíochta.
Maidir leis an gcóras aerchóirithe atá againn, bíonn dúshláin ar leith ann sa gheimhreadh agus sa samhradh ach ba cheart go bhfanfadh na prionsabail ghinearálta a bhaineann le coigilteas fuinnimh mar a chéile. Bhí fadhbanna leanúnacha leis an gcóras ó bhog muid isteach san fhoirgneamh seo. Is í an fhadhb is mó ná go dtógann sé suas le 8 uair an chloig i go leor codanna den fhoirgneamh chun an socrú teochta a bhaint amach. Is é an toradh a bhíonn air seo ná gearáin ón bhfoireann go bhfuil an foirgneamh rófhuar agus go bhfuil méid ollmhór fuinnimh á úsáid gan ghá gan éifeacht ar bith. Ina leith seo, tá fadhbanna ar leith ag baint le hurlár na talún i bhfoirgneamh, agus teochtaí sa samhradh ag sroicheadh 28 céim agus ardteocht de 16 céim in áiteanna i rith an gheimhridh. Tagann Oifig na nOibreacha Poiblí linn go bhfuil an córas lochtach agus gur gá an príomh-aerchóiriú a athrú. Agus muid ag fanacht leis an aonad nua seo b’éigean líon teoranta aonad roghnaithe a shocrú go buan chuig teocht lena rith 24/7 ar feadh tréimhse 2 mhí, rud a d’fhág go raibh úsáid fuinnimh an-ard don tréimhse, rud nach raibh leigheas againn air agus nach bhféadfaí a sceidealú.
Toisc gur socraíodh ár spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh i gcomparáid le leibhéil úsáide na bliana 2009 i bhfoirgneamh nach bhfuil chomh tíosach céanna ar fhuinneamh, níl na figiúirí inchomparáide i ndáiríre. Mar sin féin, tá coinne leis go mbainfidh an Oifig an coigilteas is gá amach sna blianta amach romhainn don áitreabh ina bhfuilimid. Beidh sé níos dúshlánaí, áfach, an laghdú bliantúil 3% a aithníodh san Iniúchadh ar Éifeachtúlacht Fuinnimh a bhaint amach. Cuireann Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann Scórchárta bliantúil ar fáil agus táimid ag feitheamh air don bhliain 2024
Is é an sprioc don earnáil phoiblí astaíochtaí carbóin a laghdú 51% faoi 2030. Is sprioc nua é seo agus tá leibhéil bonnlíne socraithe ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann do gach comhlacht aonair bunaithe ar mheánastaíochtaí C02 a bhaineann le fuinneamh don tréimhse 2016-2018. Faoi mar a bhí i gcás na sprice,maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, bhí an bonnlíne (i.e. 2016-2018) ann sular aistrigh an Oifig chuig foirgneamh níos tíosaí ar fhuinneamh in 2019.
Sa seanfhoirgneamh roimhe seo, bhí córas téimh gáschumhachtaithe againn. Tá an córas atá ann faoi láthair faoi thiomáint leictreachais agus dá bhrí sin ní úsáidimid aon bhreoslaí iontaise a thuilleadh.
Tá dlúthbhaint idir ár n-astuithe Gáis Cheaptha Teasa (C02) agus ár n-éifeachtúlacht fuinnimh. Cuireann Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann scórchárta bliantúil ar fáil agus tá an t Údarás, fearacht na sonraí fuinnimh, le cur chugainn i mBealtaine 2025. Léiríodh sa scórchárta is déanaí (2023) go raibh feabhas 70% tagtha ar ár n-astaíochtaí iomlána C02 in 2022.
Mar chuid den chóras Monatóireachta agus Taifeadta, b'éigean don Oifig a sonraí a chur isteach ar Chlár na bhFoirgneamh in 2023. Mar chuid den phróiseas seo, bailíonn Údarás Fuinnimh Inmharthana Éireann sonraí maidir le cineál, creatlach, deisriocht, aois agus córais téimh na bhfoirgneamh poiblí. Soláthraíonn an córas sonraí maidir le húsáid fuinnimh foirgneamh ar fud na hearnála poiblí. B’éigean an fhaisnéis sin a thabhairt suas chun dáta agus a fhíorú do 2024.
Is córas dámhachtana é an Marc Taistil Níos Cliste, tionscnamh de chuid na Gníomhaireachta Náisiúnta Iompair, lena ndéantar measúnú ar thiomantas comhlachtaí dearcaí agus iompair baill foirne a athrú maidir le siúl, rothaíocht agus úsáid iompair phoiblí trí bhearta a chur i bhfeidhm chun roghanna taistil inbhuanaithe a spreagadh agus a éascú agus tacú leo, dár bhfoireann agus dár gcuairteoirí.
Le linn 2023 rinne an Oifig iarratas ar an Marc Taistil Níos Cliste agus bhain sí amach Marc Cré-Umha a léiríonn ár dtiomantas tús áite a thabhairt do thábhacht agus luach na dtionscnamh taistil inbhuanaithe agus na tairbhí comhshaoil a bhaineann leo. Tá athbhreithniú ar seo curtha ag an bhFoireann Ghlas sa Phlean Gníomhaíochta do 2025 chun a fháil amach cé na nithe ar féidir linn feabhas a chur orthu.
Tá sprioc athchúrsála 75% curtha i bhfeidhm ag an tiarna talún IPUT don bhliain 2024 don 2 fhoirgneamh ina n-iomláine. Ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir rátaí dramhaíola/athchúrsála áitritheoirí aonair. D'oibrigh an Fhoireann Ghlas arís in 2024 chun cur leis an bhfeasacht i measc na foirne na boscaí bruscair cearta a úsáid agus dramhaíl a laghdú chomh fada agus is féidir. Tá feabhas suntasach tagtha ar an líon foirne a úsáideann na boscaí bruscair cearta. Tá coinne leis go mbeidh sonraí athchúrsála an tiarnaí talún don bhliain 2024 againn go luath.
Rinne an Fhoireann Ghlas straitéis maidir le hAthchúrsáil Éifeachtach Dramhaíola in 2024 a dhréachtú agus fuair siad faomhadh ó CCB i dtaca le Straitéis madiir le hAthchúrsáil Éifeachtach Dramhaíola in 2024 agus rinneadh an straitéis sin a rolladh amach. Chuir an fhoireann Glas doiciméad ar fáil freisin in 2024 lena ndíríodh ar fáil réidh le cupáin, plátaí agus sceanra indiúscartha agus Beartas Comhshaoil maidir le Soláthairtí Lónadóireachta a thabhairt isteach. Cuireadh a bhfuil sa bheartas in iúl don fhoireann a bhfuil baint acu le lónadóireacht a ordú agus cuireadh comhairle ghinearálta bhreise ar fáil don fhoireann faoin tábhacht a bhaineann le deireadh a chur le húsáid na n-earraí indiúscartha sin de réir a chéile. Chun tacú le clár oibre glas na hOifige, tá stoc cupán inmhúirínithe ar fáil ar an láthair. Tá sé beartaithe iad a úsáid i gcruinnithe níos mó toisc go bhfuil soláthar gréithe agus sceanra ag an Oifig atá ar fáil le húsáid i gcruinnithe níos lú. Foilsíodh an beartas ar inlíon na hOifige agus tá gach ball foirne, agus go háirithe baill foirne a bhfuil baint acu le soláthar soláthairtí lónadóireachta, ar an eolas faoin mbeartas.
Anuas ar ár bhfeachtas faisnéise agus ar ár gcur i láthair débhliantúil, tá trí bhoscaí bruscair curtha isteach ag an Oifig ar fud an fhoirgnimh chun athchúrsáil cheart a spreagadh agus a éascú.
Ina theannta sin, tá bosca bruscair Athchúrsála curtha isteach againn sa cheaintín le go bhféadfaidh an fhoireann buidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim nach dteastaíonn uathu a chur isteach lena chinntiú go ndéantar athchúrsáil orthu. Bailíonn ball foirne na buidéil agus na cannaí seo agus úsáidtear iad le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt do leanaí.
Ní mór a mheabhrú maidir le gach pacáistiú, bíodh sé in-athchúrsáilte nó ná bíodh, go dtógtar fuinneamh lena tháirgeadh agus lena hathchúrsáil agus mar sin ba chóir don fhoireann ar fad é sin a chur san áireamh agus iad i mbun ceannacháin.
Ceanglaítear leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta don Aeráid ar gach eagraíocht san earnáil phoiblí athbhreithniú a dhéanamh ar a bpróisis pháipéarbhunaithe agus sonraítear gurb é an digitiú an cur chuige réamhshocraithe.
Tugadh córas svaidhpchárta isteach lena phriontáil san Oifig le linn 2023 agus is cosúil gur chuir sé sin tuilleadh feabhais ar fheidhmíocht na hOifige ó thaobh líon na leathanach a phriontáiltear a laghdú. In 2023, cuireadh 197,000 leathanach i gcló, laghdú 6% ar leibhéil 2023 agus laghdú 72% ar na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim in 2019.
D’ullmhaigh an Fhoireann Ghlas Beartas Taistil don Oifig agus rinne CCB an beartas sin a fhaomhadh in 2024. Cónascadh atá sa bheartais ar na beartais reatha seo a leanas i) an beartas Taistil glas; ii) Ciorcláin agus rialacha an Aonaid Airgeadais maidir le taisteal; agus, iii) an beartas sábháilteachta agus árachais atá dírithe ar an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta. Âirítear leis seo go bhfuil gach ball foirne a bhfuil baint acu le taisteal gnó ar an eolas faoin tionchar a bhíonn ag cineálacha áirithe iompair ar an gcomhshaol agus leagtar amach leis na ceanglais tuairiscithe agus faofa a bhaineann le taisteal gnó.
Ceanglaítear ar an Oifig cloí le ceanglais tuairiscithe náisiúnta maidir le taisteal ar chóras Monatóireachta agus Tuairiscithe an Údaráis Fuinnimh Inmharthana na hÉireann Leagtar amach ann gach taisteal gnó a dhéanann an Oifig, lena n-áirítear taisteal ar bhóithre, ar iarnród agus aerthaisteal. Rinneadh é seo a leathnú chun taisteal ar iompar poiblí a chur san áireamh. Cuireadh an tuairisceán le haghaidh 2024 i gcrích.
Ceanglaítear le Ciorclán 01/2020 ar chomhlachtaí poiblí na hastaíochtaí carbóin a bhaineann le haerthaisteal oifigiúil a thaifeadadh agus méid atá coibhéiseach leis an tionchar ar astaíochtaí taistil a íoc isteach sa Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide. Éilíonn an ciorclán freisin ar chomhlachtaí poiblí aerthaisteal riachtanach amháin a mheas, monatóireacht a dhéanamh air agus a chinntiú agus go gcoinnítear líon na n-oifigeach ar aon turas oifigiúil chomh híseal agus is féidir.
Rinne an fhoireann 7 dturas oifigiúla d’aer le linn 2024, a raibh 15,000 ciliméadar san iomlán i gceist leo. Mar thoradh air sin, meastar go raibh 0.99 tona C02 ar chostas €56.00 in aghaidh an tona, rud a d’fhág gur íocadh €55.44 san iomlán leis an gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide le haghaidh 2024.
Tá monatóirí cáilíochta aeir, a bhuíochas sin leis an tiarna talún, IPUT, fós i ngach ceann de na 4 phríomhshuíomh laistigh den Oifig. Soláthraíonn siad seo sonraí maidir le cáilíocht an aeir i bhfoirm tuarascálacha míosúla agus moltaí a ndéanann an Fhoireann Ghlas athbhreithniú orthu Arís eile in 2024, ar an iomlán, fuarthas go raibh cáilíocht an aeir go maith san Oifig.