Meabhrán Tuisceana idir Oifig an Ombudsman agus an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte
1.1 Oifig an Ombudsman, a bunaíodh faoin Acht Ombudsman, 1980, arna leasú, agus an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), a bunaíodh faoin Acht Sláinte 2007 arna leasú (“na Páirtithe”), is mian leo creat a bhunú le haghaidh comhair agus comhroinnt faisnéise maidir leis na gnéithe sin de sheirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta a thagann faoina sainchúraimí faoi seach agus is mian leo freisin nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú chun daoine den phobal a atreorú chuig seirbhísí na hoifige eile.
1.2 Déanann Oifig an Ombudsman scrúdú agus/nó imscrúdú ar ghearáin in aghaidh comhlachtaí poiblí áirithe, na hospidéil go léir a sholáthraíonn seirbhísí sláinte poiblí san áireamh, ar ghearáin in aghaidh seirbhísí cúraim shóisialta a sholáthraítear go poiblí (lena n-áirítear seirbhísí cónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas) agus ar ghearáin in aghaidh tithe altranais príobháideacha a bhfuil a gcónaitheoirí ag fáil tacaíocht stáit nó fóirdheontas stáit. Is faoi réir shainchúram an Ombudsman atá comhlachtaí a chuireann seirbhísí sláinte nó seirbhísí sóisialta pearsanta ar fáil ar son FSS agus le cúnamh ó FSS faoi alt 38 agus alt 39 den Acht Sláinte 2004 freisin. Cinneann an tOmbudsman cé acu a déileáladh le gearánaigh go cothrom agus go cuí nó nár déileáladh. Féadfaidh sé sásamh do ghearánaigh a mholadh, más cuí, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh le haghaidh feabhsúcháin chórasacha a thagann as gearáin aonair agus as gearáin i gcoitinne.
1.3 Is údarás reachtúil neamhspleách é HIQA. Bunaíodh é chun sláinte agus sábháilteacht a chur chun cinn i soláthar seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta chun dul chun tairbhe do shláinte agus folláine an phobail. Clúdaítear raon leathan seirbhísí san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach le sainordú HIQA. Agus é ag tuairisciú don Aire Sláinte agus ag idirchaidreamh leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, tá freagracht ar HIQA as na nithe seo: caighdeáin a shocrú le haghaidh seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta; seirbhísí cúraim shóisialta a rialáil (tá freagracht ar Oifig an Phríomh-Chigire laistigh de HIQA as clárú agus cigireacht a dhéanamh ar sheirbhísí cónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas agus ar aonaid chúraim speisialta do leanaí); seirbhísí sláinte a rialáil (nochtadh leighis ar radaíocht ianúcháin); faireachán a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte agus ar sheirbhísí sóisialta do leanaí; éifeachtúlacht na dteicneolaíochtaí sláinte a mheas ón taobh cliniciúil de agus ó thaobh costas de; comhairle a thabhairt maidir le faisnéis sláinte a bhailiú agus a chomhroinnt ar bhealach éifeachtúil sábháilte; agus suirbhéanna náisiúnta a dhéanamh ar eispéiris úsáideoirí seirbhíse i gcomhar leis an Roinn Sláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) tríd an gClár Náisiúnta um Eispéireas Cúraim.
1.4 Go ginearálta, is é príomhról Oifig an Ombudsman ná gearáin aonair a scrúdú, sásamh aonair a sholáthar nuair is cuí agus torthaí ar ghearáin a úsáid chun riarachán poiblí a fheabhsú. I gcás HIQA, is é an príomhról ná cúram sábháilte ar ardchaighdeán a bhrú chun cinn do na daoine a úsáideann seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta, in ionad gearáin aonair a imscrúdú.
2.1 Cé go bhfuil sainorduithe ar leithligh agus ar deighilt i bhfeidhm acu, is chun na nithe seo a leanas a chinntiú atá cuspóirí an dá Pháirtí ann -
a. caitear go cothrom, go cuí agus go sábháilte le daoine den phobal san earnáil cúram sláinte agus san earnáil cúraim shóisialta;
b. íoslaghdaítear an dóchúlacht go mbeidh riosca nó dochar do bhaill den phobal a úsáideann seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta;
c. foghlaimítear ceachtanna nuair a dhéantar meancóga;
d. tá caighdeáin chuí agus nósanna imeachta cuí i bhfeidhm agus déantar athbhreithniú, faireachán, feabhsú agus cur chun feidhme ceart orthu ar bhonn seasmhach;
e. féachann soláthraithe cúram sláinte agus cúraim shóisialta le hoibriú de réir na gcaighdeán is airde is féidir agus tugann siad faoi fheabhsú leanúnach; agus
f. nuair is cuí, comhroinntear faisnéis ar bhealach mear éifeachtach le leas is fearr an phobail agus úsáideoirí na seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta.
3.1 I gcomhréir leis na cuspóirí foriomlána atá leagtha amach sa Mheabhrán Tuisceana, is é aidhm an chomhaontaithe seo:
a. comhoibriú a chur chun cinn idir na Páirtithe i réimsí lena mbaineann leas straitéiseach agus leas oibriúcháin ardleibhéil a mbaineann úsáideoirí seirbhíse tairbhe astu;
b. a chinntiú go gcomhroinnfear idir an dá Pháirtí an fhaisnéis ábhartha agus na sonraí pearsanta i ndáil le gearáin ábhartha, nuair is cuí, a chuirtear ar fáil do pháirtí amháin agus a d’fhéadfadh cabhrú leis an bpáirtí eile a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.
4.1 Breithneoidh na Páirtithe na gníomhartha sonracha seo a leanas:
I gcomhréir leis an Sceideal faoi iamh (Prótacal Oibriúcháin le haghaidh Gearáin Ábhartha a Aistriú), is amhlaidh, i gcás go bhfaighidh HIQA gearán ar an teileafón nó go pearsanta ó úsáideoir seirbhíse, ar gearán é atá faoi shainchúram HIQA, ar dhéileáil an soláthraí seirbhíse ábhartha leis cheana féin agus a d’fhéadfadh a bheith faoi shainchúram an Ombudsman, go ndéanfaidh HIQA, ar an gcoinníoll go bhfuarthas toiliú ón úsáideoir seirbhíse, sonraí pearsanta i ndáil le gearáin ábhartha a aistriú go díreach chuig Oifig an Ombudsman. I gcás nach dtabharfar toiliú, tabharfaidh HIQA sonraí teagmhála iomlána Oifig an Ombudsman don úsáideoir seirbhíse chun go mbeifear in ann gearán a dhéanamh go díreach le hOifig an Ombudsman.
4.2 I gcás go bhfaighidh HIQA gearán ar an teileafón nó go pearsanta ó thríú páirtí thar ceann úsáideoir seirbhíse, ar gearán é atá faoi shainchúram HIQA, ar dhéileáil an soláthraí seirbhíse ábhartha leis cheana féin agus a d’fhéadfadh a bheith faoi shainchúram Oifig an Ombudsman, déanfaidh HIQA, ar an gcoinníoll go bhfuarthas toiliú ón ngearánach tríú páirtí, sonraí pearsanta i ndáil le gearáin ábhartha a aistriú go díreach chuig Oifig an Ombudsman i gcomhréir leis an Sceideal faoi iamh. Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta i ndáil leis an úsáideoir seirbhíse a aistriú chuig Oifig an Ombudsman más rud é go ndearna tríú páirtí an gearán thar ceann an úsáideora seirbhíse. I gcás nach dtabharfar toiliú, tabharfaidh HIQA sonraí teagmhála iomlána Oifig an Ombudsman don ghearánach tríú páirtí chun go mbeifear in ann gearán a dhéanamh go díreach le hOifig an Ombudsman.
4.3 I gcás go bhfaighidh HIQA gearán trí ríomhphost nó trí litir, tabharfaidh HIQA freagra i scríbhinn don ghearánach, áit a leagfar amach an rogha atá ag an ngearánach an gearán a atreorú chuig Oifig an Ombudsman, nóta achomair faoi shainchúram Oifig an Ombudsman agus sonraí teagmhála Oifig an Ombudsman.
4.4 Féadfaidh HIQA aon fhaisnéis a gheofar a úsáid chun a fheidhmeanna rialála agus faireacháin féin a chur ar aghaidh.
4.5 I gcás go bhfaighidh Oifig an Ombudsman faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do HIQA, lena n-áirítear faisnéis/ábhair imní a eascraíonn as gearáin a bhreithniú, aistreoidh sí an fhaisnéis sin chuig HIQA trí na teagmhálaithe ábhartha atá luaite i gclásal 9. Tabharfaidh Oifig an Ombudsman sonraí teagmhála HIQA do dhaoine den phobal freisin de réir mar is cuí agus nuair is cuí.
4.6 Foilseofar an Meabhrán Tuisceana seo ar shuíomh Gréasáin an dá pháirtí mar aon leis na róil faoi seach atá ag an dá pháirtí agus faisnéis faoi conas a d’fhéadfadh an dá pháirtí cabhrú le gearánaigh ionchasacha.
4.7 Breithneoidh na Páirtithe comhthionscnaimh amhail tionscadail, taighde, láithreoireachtaí os comhair comhlachtaí poiblí nó imscrúduithe.
5.1 Sula n-aistríonn siad aon fhaisnéis nó sonraí pearsanta, sásóidh an dá pháirtí iad féin nach sáróidh aon aistriú den chineál sin a bhforálacha reachtacha féin maidir le rúndacht agus nach sáróidh sé aon fhorálacha reachtúla ábhartha eile, lena n-áirítear na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018, agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán 2016/679). I gcás gur féidir ainmneacha a bhaint den fhaisnéis ar bhealach úsáideach sula n-aistrítear í, déanfaidh an dá pháirtí amhlaidh. Aithníonn an dá Pháirtí an tábhacht a bhaineann le húsáideoirí seirbhíse a chosaint agus, dá bhrí sin, is mian leo malartú éifeachtach tráthúil faisnéise a éascú chun an toradh sin a chinntiú nuair is cuí.
5.2 Tabharfaidh an dá pháirtí, a mhéid is féidir, aird ar rúndacht na faisnéise a mhalartaítear faoin Meabhrán Tuisceana seo.
5.3 Ní chomhroinnfidh ceachtar páirtí aon sonraí pearsanta, de réir an tsainmhínithe a thugtar sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus sa reachtaíocht um Chosaint Sonraí, seachas i gcás go bhfuil bunús dlíthiúil le déanamh amhlaidh faoi Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
5.4 Chomhaontaigh an dá Pháirtí le dul isteach i gComhaontú Comhroinnte Sonraí, rud a fhoilseofar ar shuíomh Gréasáin an dá pháirtí.
Beidh an dá pháirtí ina n-aonar freagrach as riar agus caitheamh a n-acmhainní dílse i dtaca le gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Meabhrán Tuisceana seo.
Féadfar aon fhoráil den Mheabhrán Tuisceana seo a leasú am ar bith le comhthoiliú i scríbhinn an dá oifig a fháil trí na sínitheoirí faoi seach.
8.1 Tiocfaidh an Meabhrán Tuisceana seo in éifeacht ar dháta a shínithe ag an mbeirt sínitheoirí agus beidh sé in éifeacht go dtí go bhfoirceannfar é i gcomhréir le clásal 11.
8.2 Beidh an Meabhrán Tuisceana seo faoi réir athbhreithniú foirmiúil gach dhá bhliain ó dháta a shínithe nó ar shlí eile de réir mar a iarrann aon pháirtí sa Mheabhrán Tuisceana seo. Déanfar athbhreithniú ar a bhfuil sa Mheabhrán Tuisceana seo chun a chinntiú go bhfanfaidh sé ábhartha, oiriúnach don fheidhm agus cothrom le dáta.
8.3 An t-athbhreithniú sin, ar cheart don dá Pháirtí é a sheoladh, is iad an duine atá i seilbh an phoist mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar HIQA agus an duine atá i seilbh an phoist mar Ombudsman a dhéanfaidh é. Tar éis an athbhreithnithe, is i gcomhréir le clásal 7 a dhéanfar aon athruithe riachtanacha a eascraíonn as.
9.1 Is iad seo na teagmhálaithe atá freagrach as oibriú an Mheabhráin Tuisceana seo:
Teagmhálaithe HIQA
An duine atá i seilbh an phoist mar Cheann um Chúram Sláinte
An duine atá i seilbh an phoist mar Leas-Phríomhchigire um Sheirbhísí Sóisialta – Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta
An duine atá i seilbh an phoist mar Leas-Phríomhchigire um Sheirbhísí Sóisialta – Seirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas
Teagmhálaí Oifig an Ombudsman
An duine atá i seilbh an phoist mar Bhainisteoir ar an Aonad um Luathréitigh
9.2 Ar an Meabhrán Tuisceana seo a shíniú, cinnteoidh an dá pháirtí go malartófar céannacht agus sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin) na ndaoine dá dtagraítear i gclásal 9.1 leis an bpáirtí eile. I gcás go mbeidh athrú ann i gcéannacht aon teagmhálaí dá dtagraítear thuas le linn théarma an Mheabhráin Tuisceana seo, cuirfidh an páirtí lena mbaineann an méid sin in iúl don pháirtí eile agus cuirfidh sé sonraí teagmhála an teagmhálaí ionaid ar aghaidh chuig an bpáirtí eile.
Léirítear sa Mheabhrán Tuisceana seo rúin an dá pháirtí sa Mheabhrán Tuisceana. Níl sé beartaithe ag an Meabhrán Tuisceana seo aon oibleagáidí de chineál ar bith atá ina gceangal dlí a chruthú, seachas na hoibleagáidí atá ann chun rúndacht na faisnéise atá leagtha amach i gclásal 5 a choinneáil.
a) Féadfaidh ceachtar páirtí fógra foirceanta a thabhairt don oifig eile am ar bith. Foirceannfar an Meabhrán Tuisceana seo (seachas clásal 5) sé mhí tar éis dháta fála an fógra foirceanta.
b) Ní rachaidh foirceannadh an Mheabhráin Tuisceana seo i bhfeidhm ar na gealltanais rúndachta arna gcur in iúl ag an dá oifig sa Mheabhrán Tuisceana seo ná aon ghealltanais arna dtabhairt faoin Meabhrán Tuisceana seo nó mar thoradh ar an Meabhrán Tuisceana seo i dtaca le haon socruithe nó aon ghníomh arna dhéanamh le linn na tréimhse roimh theacht an fhoirceanta in éifeacht.
______________________ ______________________
Peter Tyndall Phelim Quinn
An tOmbudsman Príomhoifigeach Feidhmiúcháin
An tÚdarás um Fhaisnéis agus
Dáta: 9 Iúil 2019 Dáta: 9 Iúil 2019
Sceideal
Prótacal Oibriúcháin le haghaidh Gearáin Ábhartha a Aistriú
1. I gcás go bhfaighidh HIQA gearán ar an teileafón nó go pearsanta, ar gearán é atá laistigh de shainchúram HIQA agus a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach dá scrúdú ag Oifig an Ombudsman (féach mír 1.2 den Mheabhrán Tuisceana) agus go gcreidfidh HIQA gur bhain an gearánach triail as sásra gearáin an tsoláthraí seirbhíse lena mbaineann, cloífear leis an nós imeachta seo a leanas:
2. Iarrfaidh HIQA, trína Ionad Láimhseála Faisnéise, toiliú i scríbhinn ón ngearánach (go pearsanta nó ar an teileafón) leis an ngearán a aistriú chuig Oifig an Ombudsman.
3. Má thugtar toiliú, míneoidh HIQA don ghearánach gur faoi Oifig an Ombudsman ar fad atá sé a chinneadh in aon chás ar leith cé acu is cóir nó nach cóir di an gearán a phlé leis an gcomhlacht i gceist.
Aistreoidh HIQA chuig Oifig an Ombudsman na sonraí pearsanta seo a leanas i dtaca le gearáin ábhartha:
Ainm an duine atá ag déanamh an ghearáin
Sonraí teagmhála an duine atá ag déanamh an ghearáin (seoladh/seoladh ríomhphoist/uimhir theileafóin)
Deimhniú á léiriú gur tugadh toiliú leis na sonraí teagmhála a aistriú
Deimhniú á léiriú gurb é/í an t-úsáideoir seirbhíse é/í nó nach ea
An gaol leis an úsáideoir seirbhíse, mura úsáideoir seirbhíse é/í
Ainm an ionaid ainmnithe/na hinstitiúide ainmnithe
4. Gach mí, déanfaidh an duine atá i seilbh an phoist mar Ardoifigeach Feidhmiúcháin in Ionad Láimhseála Gearáin HIQA an fhaisnéis gearáin thuas a thiomsú agus a sheoladh go leictreonach chuig an teagmhálaí de chuid Oifig an Ombudsman atá luaite i gclásal 9 den Mheabhrán Tuisceana.
5. I gcás nach mbeidh aon fhaisnéis gearáin le haistriú chuig Oifig an Ombudsman in aon mhí ar leith, déanfar toradh nialasach ach cloí leis na céimeanna atá leagtha amach i bpointe 4.
6. Beidh freagracht ar Oifig an Ombudsman as aon ghearáin fhéideartha a gheofar ó HIQA a scagadh.
7. Agus í ag cloí le gnáthphróiseas scagtha Oifig an Ombudsman, tabharfaidh Oifig an Ombudsman eolas do HIQA (ach ríomhphost a sheoladh chuig concerns@hiqa.ie) má tá imscrúdú á dhéanamh ag Oifig an Ombudsman i dtaca le haon ionad ainmnithe nó institiúid ainmnithe a d’fhéadfadh teacht faoi shainchúram HIQA. Géarófar an fhaisnéis sin chuig an sealbhóir cásanna ábhartha laistigh de HIQA.
8. Má tá tuarascáil ó Oifig an Ombudsman le foilsiú tar éis imscrúdú den sórt sin, ba cheart cóip den tuarascáil sin a thabhairt do HIQA (ach ríomhphost a sheoladh chuig concerns@hiqa.ie) sula bhfoilseofar í. Géarófar an fhaisnéis sin chuig an sealbhóir cásanna ábhartha laistigh de HIQA.
An Meabhrán Tuisceana le Comhairle na nDochtúirí Leighis.
Is oth linn a rá nach bhfuil an leagan Gaeilge le fáil fós.
Meabhrán Tuisceana (MoU) idir an tOmbudsman agus an tOmbudsman do Leanaí
1.1 Is mian le hOifig an Ombudsman, a bunaíodh faoin Acht Ombudsman 1980, arna leasú, (Acht 1980) agus Oifig an Ombudsman do Leanaía bunaíodh faoin Acht Ombudsman do Leanaí 2002 arna leasú (Acht 2002) (dá dtagraítear “an Páirtí” agus dá dtagraítear “na Páirtithe” le chéile), creat a bhunú le haghaidh comhair agus comhroinnte faisnéise idir an dá Oifig agus gearáin á scrúdú agus á n-imscrúdú a bhféadfadh dlínse a bheith ag ceachtar Oifig nó ag an dá Oifig ina leith agus nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú chun baill den phobal a threorú chuig seirbhísí a chéile.
1.2 Déanann an tOmbudsman, atá ag feidhmiú faoi Acht 1980, imscrúdú ar ghearáin i gcoinne comhlachtaí poiblí áirithe. Déanann an tOmbudsman do Leanaí, atá ag feidhmiú faoi Acht 2002, imscrúdú ar ghearáin i gcoinne comhlachtaí poiblí áirithe lena n-áirítear scoileanna agus ospidéil dheonacha. Go ginearálta, is é príomhról na bPáirtithe gearáin aonair a scrúdú, sásamh aonair a sholáthar nuair is iomchuí agus torthaí gearán a úsáid chun riarachán poiblí a fheabhsú.
1.3 Faoi Acht 1980 agus Acht 2002, tagann imscrúduithe chun cinn i gcás ina bhfuil "tionchar diúltach" ag an ngníomh a bhfuil gearán déanta faoi ar dhuine nó i gcás ina bhféadfadh sé go raibh tionchar diúltach aige air. I gcás Oifig an Ombudsman do Leanaí, ní mór don duine a bhfuiltear tionchar diúltach air a bheith ina leanbh; i gcás Oifig an Ombudsman, is "duine" an duine a bhfuiltear tionchar diúltach air sa chiall is leithne de aon duine nádúrtha nó aon eintiteas corparáideach. Mar sin féin, leasaíonn Acht 2002 Acht 1980 chun foráil a dhéanamh nach ndéanfaidh Oifig an Ombudsman imscrúdú ar aon ghníomh lena mbaineann alt 8 d'Acht 2002, is é sin, gníomh a raibh, nó a d'fhéadfadh, drochthionchar a imirt ar leanbh. Is léir gurb é cuspóir an Oireachtais, i gcás ina bhfuil, nó i gcás ina bhféadfadh, gníomh comhlachta phoiblí drochthionchar a imirt ar leanbh, gurb é Oifig an Ombudsman do Leanaí seachas Oifig an Ombudsman a bheidh i mbun aon imscrúdaithe ar an ngníomh sin.
1.4 Beidh cásanna ann, áfach, ina mbeidh, nó ina bhféadfadh, drochthionchar a bheith ag gníomh comhlachta phoiblí ar leanbh agus ar dhuine fásta araon. Cuireann an Meabhrán Tuisceana (MoU) seo an bunús ar fáil le haghaidh comhar feabhsaithe chun aghaidh a thabhairt ar chásanna den sórt sin agus déileáil leo i gceart. Cuireann sé leis na rannpháirtíochtaí agus na comhairliúcháin faoi ghearáin a bhí ar siúl roimhe seo idir an dá Oifig ar bhonn neamhfhoirmiúil. Tá an dá Ombudsman tar éis dul isteach sa Mheabhrán Tuisceana seo chun a dtiomantas comhroinnte a chur chun cinn maidir le hoibriú le chéile chomh héifeachtach agus is féidir ar mhaithe le leas an phobail.
Tá sé mar aidhm ag an Meabhrán Tuisceana seo cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’Oifig an Ombudsman agus d’Oifig an Ombudsman do Leanaí araon agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna aonair agus comhsheasmhacht idirghníomhaireachta a chur chun cinn idir na Páirtithe agus iad ag scrúdú agus ag imscrúdú gearán a bhfuil dlínse ag ceachtar Páirtí nó ag an dá Pháirtí ina leith. Is iad cuspóirí an Mheabhráin Tuisceana seo ná:
a) Comhar a chur chun cinn i réimsí a bhfuil leas oibríochtúil straitéiseach agus ardleibhéil ag baint leo
b) Comhoibriú a éascú maidir le tras-atreorú faisnéise i gcás ina gcreideann eagraíocht amháin go dtagann sé faoi chúram na heagraíochta eile (nó an dá cheann). Agus an ghníomhaíocht seo á seoladh acu, urramóidh, coinneoidh agus cloífidh na Páirtithe le gach ceanglas den reachtaíocht ábhartha.
o I gcás Oifig an Ombudsman, áirítear leis sin feidhm reachtúil an Ombudsman faoi Acht 1980, ach níl sé teoranta dó sin.
o I gcás Oifig an Ombudsman do Leanaí, áirítear leis sin feidhm reachtúil an Ombudsman do Leanaí faoi Acht 2002, ach níl sé teoranta dó sin.
Chun dúbláil iarrachta a íoslaghdú agus chun scrúdú agus imscrúdú tapa agus éifeachtúil a dhéanamh ar ghearáin, faoin Meabhrán Tuisceana déanfaidh an dá Oifig na nithe seo a leanas:
• Úsáid na n-acmhainní poiblí atá ar fáil dóibh faoi seach a bharrfheabhsú;
• Socruithe praiticiúla a neartú chun gearáin a láimhseáil ar féidir le ceachtar den dá Pháirtí scrúdú/imscrúdú a dhéanamh orthu;
• Mianta agus leasanna is fearr na ngearánach a choinneáil lárnach i gcinntí maidir le dlínse i gcás gearán; agus
• Monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na socruithe oibre comhoibríocha.
Léiríonn an Meabhrán Tuisceana seo an tuiscint ar thángthas uirthi ag an Ombudsman agus ag an Ombudsman do Leanaí go háirithe:
• Go bhfeidhmeoidh na Páirtithe faoi reachtaíocht ar leith agus go ngeallfaidh siad cumarsáid a dhéanamh de réir mar is iomchuí ar na hábhair uile a bhfuil leas straitéiseach frithpháirteach agus oibríochtúil ag teastáil uathu;
• Go bhfuil sé beartaithe go gcumhdóidh an Meabhrán Tuisceana réimsí leasa choitinn ina mbeidh seirbhísí agus torthaí níos fearr mar thoradh ar chomhar do bhaill den phobal a úsáideann seirbhísí; agus
• Gur féidir leis na Páirtithe, i gcúinsí áirithe, raon feidhme nochta faisnéise a theorannú ach amháin má tá an nochtadh contrártha le leas an phobail nó do leas imní an rannpháirtí, má sháraíonn sé oibleagáidí nó ceanglais reachtúla nó oibleagáidí agus ceanglais eile a fhorchuirtear le dlí nó má tá sé neamhréireach leo.
3.1 Clúdaíonn an Meabhrán Tuisceana seo dlínsí comhpháirteacha nó nasctha a bhaineann le feidhmeanna imscrúdaithe gearán an Ombudsman agus an Ombudsman do Leanaí i gcás ina mbeidh gá le cinneadh maidir le cé acu ba cheart scrúdú/imscrúdú a dhéanamh ar an ngníomh líomhainte a rinneadh i gcomhlíonadh feidhme riaracháin faoi Acht 1980 nó faoi Acht 2002.
3.2 Áirítear ar na tosca a mbeifí ag súil go gcuirfeadh Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ombudsman do Leanaí san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu cé acu a dhéanfaidh imscrúdú ar an ngearán:
• cé acu de na Páirtithe atá sa suíomh is fearr sna himthosca chun an t-imscrúdú is éifeachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear an bhfuil eolas nó taithí ar leith ag ceachtar den dá Pháirtí atá ábhartha maidir leis na ceisteanna a thóg an gearánach;
• cé acu de na Páirtithe atá in ann an réiteach is éifeachtaí a sholáthar, lena n-áirítear feidhm an Ombudsman do Leanaí faoi Alt 7 d’Acht 2002 chun cearta agus leas leanaí a chur chun cinn a chur san áireamh; agus
• aon tuairim nó rogha a chuir an gearánach in iúl.
3.3 Comhaontaíonn Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ombudsman do Leanaí leanúint leis an socrú reatha idir na Páirtithe faoin Meabhrán Tuisceana seo, is é sin go bhféadfaidh an tOmbudsman gearáin aonair a bhaineann le híocaíocht liúntas agus deontas áirithe a dhéantar le tuismitheoirí/caomhnóirí i leith leanaí a scrúdú agus a imscrúdú, mar shampla –
• íocaíochtaí reachtúla nó lánroghnacha sochair leanaí;
• liúntas cúraim baile;
• íocaíochtaí riachtanas eisceachtúil faoin scéim liúntais leasa fhorlíontaigh,
• íocaíochtaí faoin scéim um liúntas éadaí agus coisbhirt don scoilbhliain nua,
• liúntas/sochar cúramóra,
• sochar uchtála,
• íocaíocht caomhnóra (ranníocach),
• sochar máithreachais agus
• sochar sláinte agus sábháilteachta.
3.4 D’ainneoin dhlínse reachtúil ghinearálta an Ombudsman do Leanaí agus ar mhaithe le soiléireacht, tá comhaontú déanta roimhe seo ag Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ombudsman do Leanaí go bhfuil scéimeanna lena mbaineann íocaíocht dhíreach le leanaí amhail na scéimeanna seo a leanas i measc na scéimeanna a scrúdóidh agus a imscrúdóidh Oifig an Ombudsman do Leanaí:
• liúntais oiliúna (amhail iad siúd faoi roinnt scéimeanna VTOS, Solas (FÁS roimhe seo) nó scéimeanna BOO (VEC roimhe seo) eile;
• sochar linbh do mháthair óg (i.e. faoi bhun 18);
• liúntas míchumais do leanaí;
• sochar máithreachais do mháthair óg (i.e. faoi bhun 18) os cionn aois oibre (16) a bhfuil íocaíochtaí ÁSPC leordhóthanacha aici;
• scéim breoiteachta fadtéarmach i leith leanaí;
• cártaí leighis do leanaí faoi chúram; agus
• cártaí leighis do leanaí ar liúntas míchumais.
4.1 Tá Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ombudsman do Leanaí tiomanta a chinntiú go ndéileálfar le haon cheist faoi cé acu de na Páirtithe a bhfuil dlínse aige i gcás ar leith go tapa, go comhoibríoch agus le leas an ghearánaigh san áireamh. De ghnáth, dhéanfaí cinneadh maidir le cé acu ba chóir d’Oifig an Ombudsman nó d’Oifig an Ombudsman do Leanaí déileáil le gearán ar leith go gairid tar éis gearán a fháil nó tar éis aon fhaisnéis bhreise a fháil a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun tuiscint shoiléir a thabhairt ar an ngníomh riaracháin is ábhar don ghearán. Beidh sé mar aidhm ag Oifig an Ombudsman nó Oifig an Ombudsman do Leanaí a bheith in ann cinntí a dhéanamh maidir le dlínse laistigh de thréimhse 3 seachtaine ón dáta a fuarthas an gearán. I ngach cás, eiseofar litir aistrithe mar aon le cóipeanna den chomhfhreagras ina n-iarrtar / ina dtugtar toiliú ón ngearánach chun faisnéis / doiciméadacht a aistriú idir na páirtithe chun cinntí a bhaineann le haistriú na doiciméadachta gearán chun críocha próiseála a mharcáil.
4.2 I gcás ina bhfaigheann Oifig an Ombudsman nó Oifig an Ombudsman do Leanaí gearán a thagann faoi dhlínse an Pháirtí eile le himscrúdú a dhéanamh air nó, tar éis comhairliúcháin, ina gcinnfidh siad gur oiriúnaí don Pháirtí eile dul ar aghaidh le scrúdú/imscrúdú ar ghearán a thagann faoi dhlínse ceachtar acu le himscrúdú a dhéanamh air, eiseoidh an Páirtí atreoraithe freagra caighdeánach ríomhphoist/litreach ina ndeirtear, tar éis measúnú a dhéanamh ar an ngearán, gur measadh gur oiriúnaí don Pháirtí eile tabhairt faoi. Beidh na sonraí teagmhála ábhartha ann chun go mbeidh an gearánach in ann a ghearán a athchur faoi bhráid an Pháirtí eile. Tabharfar cuireadh sa ríomhphost/litir don duine freisin, más mian leis toiliú i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí atreoraithe, an gearán a roinnt leis an bPáirtí eile.
4.3 I gcásanna eisceachtúla ina measann gach ceann de na Páirtithe gur gá imscrúdú a dhéanamh a eascraíonn as gné ar leith de ghearán amháin, tá an dá Pháirtí tiomanta do chomhoibriú frithpháirteach a mhéid is féidir laistigh de na Páirtithe lena rialaítear reachtaíocht. I gcás ina bhféadfar faisnéis nó doiciméadacht a roinnt idir na Páirtithe, chun críocha scrúdú nó imscrúdú a dhéanamh ar chásanna den sórt sin, déileálfar leis an ábhar lena mbaineann mar ábhar rúnda agus láimhseálfar é i gcomhréir le halt 5 den Mheabhrán Tuisceana seo. I gcásanna den sórt sin, is gnách leis na Páirtithe an comhlacht poiblí nó an tríú páirtí lena mbaineann a chur ar an eolas faoi rún faisnéis nó doiciméadacht a roinnt ar an mbealach seo agus i gcás gearánaigh nó tríú páirtí an próiseas a bhaineann le toiliú i scríbhinn a leagtar amach i bhforáil 4.2 thuas a leanúint.
4.4 Má dhéantar cinneadh suntasach, le linn shaolré an Mheabhráin Chomhthuisceana seo, maidir le cé acu de na Páirtithe a ghlacfaidh freagracht as aicme cásanna áirithe (aicme cásanna nach bhfuil cumhdaithe go sainráite cheana féin ag an Meabhrán Tuisceana seo), ansin comhaontóidh na Páirtithe an cinneadh i scríbhinn agus cuirfear Aguisín leis an Meabhrán Tuisceana seo ina luafar cineál beacht an chinnidh agus a impleachtaí.
4.5 Tiocfaidh oifigigh shinsearacha ó na Páirtithe le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad chun ceisteanna a bhaineann le himní fhrithpháirteach a phlé.
5.1 Urramóidh gach ceann de na Páirtithe rúndacht agus/nó rúndacht faisnéise a mhalartaítear faoin Meabhrán Tuisceana seo agus a fuarthas faoi chumhachtaí reachtúla an Pháirtí eile agus a bhaineann le haon duine a shamhlaítear faoi Acht 1980 nó Acht 2002. Comhlíonfaidh gach ceann de na Páirtithe aon oibleagáid neamhnochta atá ceangailteach ar an bPáirtí eile agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais rúndachta agus imscrúdú á sheoladh de bhun Alt 9 d'Acht 1980 agus Alt 16 d'Acht 2002. Seachas sin, déileálfar leis an ábhar sin mar ábhar rúnda.
5.2 Sula ndéanfar aon fhaisnéis nó sonraí pearsanta a aistriú , déanfaidh gach Páirtí a dheimhniú dó féin nach sáraíonn aon aistriú den sórt sin a fhorálacha reachtacha féin maidir le rúndacht agus/nó rúndacht, ná nach sáraíonn sé aon fhoráil reachtúil ábhartha eile, lena n-áirítear na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018, an tAcht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019, an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2016/679 (RGCS) agus an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014, arna leasú. Sa chás gur féidir faisnéis a anaithnidiú go húsáideach sula n-aistreofar í, glacfaidh gach páirtí céimeanna chun anaithnidiú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá á roinnt. Aithníonn na páirtithe an tábhacht a bhaineann le húsáideoirí seirbhísí a chosaint agus dá bhrí sin ba mhaith leo malartú faisnéise éifeachtach agus tráthúil a éascú atá ceaptha chunan toradh seo a bhaint amach i gcás inarb iomchuí.
a) Oifig an Ombudsman
I. Níl aon ní sa Mheabhrán Tuisceana seo a cheanglaíonn ar Oifig an Ombudsman faisnéis rúnda a scaoileadh chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí ach amháin i gcomhréir leis an dlí.
II. Mura gceanglaítear a mhalairt de réir an dlí, ní nochtfaidh Oifig an Ombudsman aon fhaisnéis a gheobhaidh Oifig an Ombudsman do Leanaí faoin Meabhrán Tuisceana seo, ach amháin le toiliú i scríbhinn ó Oifig an Ombudsman do Leanaí. Más gá nochtadh de réir an dlí, déanfaidh Oifig an Ombudsman gach beart réasúnta chun a chinntiú go ndéanfar an fhaisnéis a fhaightear ó Oifig an Ombudsman do Leanaí a nochtadh ar bhealach a chosnaíonn an fhaisnéis ó aon nochtadh nach bhfuil riachtanach nó údaraithe de réir an dlí.
III. Mura gceanglaítear a mhalairt de réir an dlí, ní úsáidfidh Oifig an Ombudsman an fhaisnéis a nochtar di faoin Meabhrán Tuisceana seo chun aon chríche eile seachas comhlíonadh a gníomhaíochtaí rialála/feidhmeanna reachtúla.
b) Oifig an Ombudsman do Leanaí
I. Níl aon ní sa Mheabhrán Tuisceana seo a cheanglaíonn ar Oifig an Ombudsman do Leanaí faisnéis rúnda a scaoileadh chuig Oifig an Ombudsman ach amháin i gcomhréir leis an dlí.
II. Mura gceanglaítear a mhalairt de réir an dlí, ní nochtfaidh Oifig an Ombudsman do Leanaí aon fhaisnéis a gheobhaidh Oifig an Ombudsman faoin Meabhrán Tuisceana seo, ach amháin le toiliú i scríbhinn ó Oifig an Ombudsman. Más gá nochtadh de réir an dlí, déanfaidh Oifig an Ombudsman do Leanaí gach beart réasúnta chun a chinntiú go ndéanfar an fhaisnéis a fhaightear ó Oifig an Ombudsman a nochtadh ar bhealach a chosnaíonn an fhaisnéis ó aon nochtadh nach bhfuil riachtanach nó údaraithe de réir an dlí.
III. Mura gceanglaítear a mhalairt de réir an dlí, ní úsáidfidh Oifig an Ombudsman do Leanaí an fhaisnéis a nochtar di faoin Meabhrán Tuisceana seo chun aon chríche eile seachas feidhmiú a gníomhaíochtaí rialála/feidhmeanna reachtúla.
Beidh gach páirtí freagrach go hiomlán as riarachán agus caiteachas a acmhainní féin a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Meabhrán Tuisceana seo.
Féadfar aon fhoráil den Mheabhrán Tuisceana seo a leasú tráth ar bith le toiliú frithpháirteach i scríbhinn ag na Páirtithe.
Léiríonn an Meabhrán Tuisceana seo intinn na bPáirtithe. Níl sé beartaithe oibleagáidí ceangailteacha dlí de chineál ar bith a chruthú, seachas na hoibleagáidí chun rúndacht faisnéise a choinneáil a leagtar amach i bhforálacha 4 agus 5.
9.1 Tiocfaidh an Meabhrán Tuisceana seo i bhfeidhm ar dháta sínithe an dá Pháirtí agus leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí go gcuirfear deireadh leis i gcomhréir le foráil 10.
9.2 Féadfar an Meabhrán Tuisceana seo a fhorghníomhú in dhá chontrapháirt nó níos mó, agus measfar gach ceann acu a bheith ina contrapháirt bhunaidh, ach le chéile is ionann iad go léir agus an ionstraim chéanna. Tá an rogha ag na Páirtithe an Meabhrán Tuisceana seo a fhorghníomhú trí shíniú leictreonach simplí a mheasfar mar shíniú bunaidh agus a mbeidh an bhailíocht, an in-fhorfheidhmitheacht agus an incheadaitheacht chéanna aige agus atá ag an síniú bunaidh chun críche an Mheabhráin Tuisceana seo.
8.3 Beidh an Meabhrán Tuisceana seo faoi réir athbhreithniú foirmiúil gach trí bliana ó dháta a shínithe nó ar shlí eile de réir mar a iarrann páirtí sa Mheabhrán Tuisceana seo. Déanfar athbhreithniú ar ábhar an Mheabhráin Tuisceana chun a chinntiú go bhfuil sé fós ábhartha, oiriúnach don fheidhm agus cothrom le dáta.
8.4 Déanfaidh an duine a bheidh mar Ombudsman an t-athbhreithniú sin, ar cheart don dá Pháirtí é a dhéanamh. Tar éis an athbhreithnithe, déanfar aon athrú riachtanach a eascróidh as sin i gcomhréir le foráil 7.
9.1 Ainmneoidh gach Oifig duine idirchaidrimh, ar leibhéal Imscrúdaitheora ar a laghad nó a chomhionann, ina nOifigí faoi seach chun na socruithe comhoibritheacha a rinneadh faoin Meabhrán Tuisceana a oibriú agus a mhonatóiriú.
Is iad seo a leanas na daoine teagmhála atá freagrach as oibriú an Mheabhráin Tuisceana seo:
Teagmhálaithe Oifig an Ombudsman
Na daoine a bhfuil an post mar Imscrúdaitheoir Sinsearach in Aonaid Chásoibre an Ombudsmanacu.
Oifig an Ombudsman do Leanaí Teagmhálaithe
An duine a bhfuil an post mar Stiúrthóir Imscrúduithe aige.
9.2 Tar éis dóibh an Meabhrán Tuisceana seo a shíniú, cinnteoidh gach páirtí go ndéanfar céannacht agus sonraí teagmhála (ríomhphost agus uimhir theileafóin) na ndaoine dá dtagraítear i bhforáil 9.1 a mhalartú leis an bpáirtí eile. I gcás go dtarlóidh athrú ar chéannacht duine teagmhála dá dtagraítear thuas le linn ré an Mheabhráin Tuisceana seo, cuirfidh an páirtí ábhartha an páirtí eile ar an eolas faoi sin agus cuirfidh sé sonraí teagmhála an teagmhálaí ionaid ar aghaidh.
a) Féadfaidh ceachtar páirtí, tráth ar bith, fógra foirceanta i scríbhinn a thabhairt don oifig eile. Tiocfaidh deireadh leis an Meabhrán Tuisceana seo (seachas foráil 5) sé mhí tar éis dháta faighte an fhógra foirceanta.
b) Ní dhéanfaidh foirceannadh an Mheabhráin Tuisceana seo difear do na gealltanais rúndachta a léirigh gach oifig sa Mheabhrán Tuisceana seo ná d’aon ghealltanas a tugadh faoin Meabhrán Tuisceana seo, nó mar thoradh air, i dtaca le haon socrú nó ghníomhaíocht a rinneadh le linn na tréimhse sular thiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm.
Dáta: Dáta:
______________________ ______________________
Ger Deering Niall Muldoon
an tOmbudsman an tOmbudsman do Leanaí