Rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí iarracht éagórach €26,000 ar íocaíocht leasa shóisialaigh paindéimeach a fháil ar ais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Joan gearán leis an Ombudsman nuair a rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí teagmháil léi chun €26,000 a aisghabháil a dúirt a bhí ró-íoctha léi faoin Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (ÍDP). Dúirt an Roinn nach raibh sí i dteideal na híocaíochta.
Bhí Joan ag obair go páirtaimseartha ag tús na paindéime, ach bhí uirthi a post tosaigh a fhágáil mar go raibh sí ina tuismitheoir singil d’iníon a raibh fadhbanna sláinte aici. Ní raibh cúram leanaí eile ag Joan nuair a moladh do na scoileanna dúnadh mar chuid de na srianta paindéime. Ag an gcéim sin le linn na paindéime, tugadh le fios sna Treoirlínte Oibriúcháin don ÍDP go raibh tuismitheoirí i dteideal na híocaíochta má dhúntar scoileanna agus áiseanna cúraim leanaí faoi shrianta COVID-19 agus nach raibh tuismitheoirí in ann cúram leanaí nó roghanna fostaíochta solúbtha eile a fháil. Chuaigh Joan i dteagmháil lena hoifig áitiúil Intreo chun a cás a mhíniú agus tugadh foirm iarratais chun iarratas a dhéanamh ar an ÍDP.
Cheistigh an tOmbudsman conas a rinne an Roinn ró-íocaíocht na mná a ríomh, agus cad iad na híocaíochtaí a fuair sí thar an tréimhse ama a bhí i gceist. Chuir an tOmbudsman in iúl freisin na Treoirlínte Oibriúcháin a bhí i bhfeidhm ag an am a mhol go bhféadfadh go mbeadh Joan i dteideal na híocaíochta.
Rinne an Roinn athbhreithniú ar chás Joan agus fuair sí amach go raibh sí i dteideal an ÍDP a fháil. Mar thoradh air sin, ghlac an Roinn leis nach raibh Joan faoi dhliteanas an €26,000 a aisíoc.