‘Ba mhíchuí agus ba mhíréasúnta’ é aistarraingt na Comhairle ar lóistín éigeandála
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne teaghlach i gCorcaigh, a bhí gan dídean, gearán leis an Ombudsman á rá go raibh Comhairle Contae Chorcaí ag bagairt a lóistín éigeandála a tharraingt siar. Bhí an bheirt aosach agus a gcuid leanaí sa teaghlach ina gcónaí, ag obair agus ar scoil sa cheantar céanna i gCorcaigh ar feadh timpeall 10 mbliain. Bhí an bheirt tuismitheoirí ag obair agus, roimh phaindéim an COVID, ní raibh aon chúnamh tithíochta á fháil acu. D’éirigh an teaghlach gan dídean mar chinn an tiarna talún deireadh a chur lena léas agus an teach a dhíol. Toisc go raibh an teaghlach gan dídean, chuir Comhairle Contae Chorcaí lóistín éigeandála ar fáil dóibh.
Timpeall dhá bhliain roimhe sin, cheadaigh an Chomhairle tithíocht shóisialta a chur ar fáil dpn teaghlach. Roghnaigh an teaghlach ceantar ina raibh an bheirt tuismitheoirí ag obair agus ina raibh a gcuid leanaí ag freastail ar scoil le tamall anuas.
Thairg an Chomhairle teach don teaghlach thart ar 40km ón gceantar ina raibh siad ina gcónaí. Chreid an teaghlach nach raibh siad in ann glacadh leis an tairiscint mar gheall ar fhad agus ar chostas a gcuid taistil ar an obair agus ar scoil chomh maith leis an gceangal acu lena bpobal.
Dúirt an Chomhairle leis an teaghlach mura nglacfaidís leis an tairiscint, go gcaillfidís a lóistín éigeandála agus go dtuairisceofaí iad chuig TUSLA maidir lena gcuid leanaí a chur i mbaol. Thug an Chomhairle fógra don teaghlach an lóistín éigeandála a fhágáil seachtain tar éis breith linbh bhreise acu.
Chreid an tOmbudsman go raibh sé míréasúnta don Chomhairle a lóistín éigeandála a tharraingt siar toisc gur dhiúltaigh siad an tairiscint tithíochta. Dúirt an tOmbudsman freisin go raibh tuin cumarsáid na gComhairle leis an teaghlach go míchuí amach is amach, go raibh sí i bhfad faoi bhun an chaighdeáin a rabhthas ag súil leis ó chomhlacht poiblí a bhíonn ag déileáil le teaghlach i gcruachás, agus nár raibh sé i gcomhréir le Dualgas Earnáil Poiblí na Comhairle maidir le cearta daonna.
Ní raibh sé soiléir don Ombudsman freisin cén fáth ar tairgeadh tithíocht don teaghlach 40km ón áit ina raibh siad ag obair agus ag dul ar scoil nuair a bhí tithíocht le bheith ar fáil go luath sa cheantar ina raibh cónaí orthu. Le linn imscrúdú an Ombudsman a bheith ar siúl, chuir an Chomhairle an teaghlach ar an
eolas faoi réadmhaoin níos lú a bhí ar fáil. Ach mar gheall ar líon na bpáistí a bhí sa teaghlach anois, ní raibh an dótháin achair ann le cóiríocht chuí a chur ar fáil dóibh. Dúirt an Chomhairle chomh maith nach raibh an mhaoin á moladh acu. Ag an am céanna áfach, ní raibh aon réadmhaoin oiriúnach eile ar fáil agus bhí an lóistín éigeandála, ar ghlac an Chomhairle lena leathnú go sealadach ar iarratas ón Oifig seo, le tarraingt siar.
Dúirt an Chomhairle leis an teaghlach freisin dá síneoidis léas ar an réadmhaoin, nach mbeadh cead acu an léas sin a bhriseadh ar feadh dhá bhliain. Ní raibh sé seo fíor, toisc go bhforáiltear sa reachtaíocht a rialaíonn an scéim ábhartha gur cúis le léas a bhriseadh ná le ‘plódú’.
Dúirt an tOmbudsman go raibh sé míchuí amach is amach ar an gComhairle sonraí teagmhála na maoine seo a chur ar fáil agus ag moladh gan glacadh leis, nuair a bhí sí ag an am céanna ag cur deireadh leis an lóistín éigeandála atá i bhfeidhm laistigh de chúpla seachtain. Chreid an teaghlach nach raibh an dara rogha acu ach glacadh le tairiscint na maoine níos lú.
Ghabh an Chomhairle leithscéal leis an teaghlach as tuin na cumarsáide aici agus ghlac sí gurbh cheart di cead a thabhairt don teaghlach an léas a bhriseadh ós rud é nach raibh an réadmhaoin ina raibh siad ina gcónaí oiriúnach dóibh. Níor ghlac an Chomhairle go raibh an chéad thairiscint aici míréasúnta. Mar sin féin, thug an Chomhairle cúnamh breise don teaghlach agus d’aimsigh sí réadmhaoin oiriúnach níos gaire dá gcuid fhostaíochta agus dá gcuid scoileanna.