Diúltaítear deontas iomlán a thabhairt do mhac léinn mar cheap SUSI trí dhearmad gur fhreastail sí ar chúrsa cheana féin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Nuair a rinne Michelle iarratas do Thacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) ar dheontas oideachais, níor tugadh ach cuid den mhéid iomlán di (7/9ú). Dúirt SUSI gur tharla sé seo mar d’fhreastail sí ar an gcúrsa ar feadh dhá mhí le linn na bliana acadúla roimhe sin. Níor fhreastail Michelle ar an gcúrsa. Ceadaíodh deontas a thabhairt do Michelle don bhliain acadúil roimhe sin (2020/21). Níorbh fhéidir léi freastail ar an gcúrsa, áfach, mar de bharr na paindéime Covid-19 ní raibh an crèche ina raibh a mac ábhalta glacadh leis. Chuir Michelle é seo in iúl do SUSI agus cuireadh a hiarratas ar ceal.
Dheimhnigh an Ombudsman nár fhreastail Michelle ar an gcúrsa agus chuir sé é seo in iúl do SUSI i nDeireadh Fómhair 2020. Íoctar deontais chothabhála i naoi dtráthchuid a íoctar go míosúil le linn na bliana acadúla (ó Mheán Fómhair go dtí Bealtaine) de réir Alt 37(2) den Scéim Deontais Mhic Léinn. Mar a dúirt
Michelle le SUSI i nDeireadh Fómhair 2020, bhí sí i dteideal 8/9ú den deontas a fháil.
Thug SUSI deontas don bhean a raibh luach 8/9ú air don bhliain acadúil 2021/22. Chiallaigh sé sin go raibh méadú €600 ann ar an mbunmhéid.