Tá íocaíocht phinsin ag fear siardhátaithe go dtí an dáta incháilitheachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Joe gearán leis an Ombudsman nuair a dhiúltaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíocht a Phinsin Stáit Ranníocach a shiardhátú go dtí an dáta a mbeadh sé incháilithe - ag 66 bliana d’aois. Bhí iarratas déanta ag Joe nuair a bhí sé 70, agus deonaíodh an pinsean dó a bhí siardhátaithe ar feadh sé mhí roimh a iarratas - an t-am dá bhforáiltear sa reachtaíocht.
Dúirt Joe leis an Ombudsman gur thug sé cuairt ar oifig áitiúil de chuid na Roinne go gairid sular bhain sé amach 66 bliana d’aois. Dúradh leis nár dhócha go gcáileodh sé do phinsean agus nach raibh sé incháilithe do Phinsean Stáit Neamh-Ranníocach. Mar thoradh air sin, níor lean sé lena iarratas a thuilleadh.
D’ardaigh an tOmbudsman an cheist leis an Roinn. Ní dhearna an Roinn agóid i leith gur thug an fear cuairt ar a oifig áitiúil agus gur dúradh leis nach raibh sé incháilithe do phinsean Neamh-Ranníocach. Mar sin féin, chreid an tOmbudsman gur cheart go gcuirfí Joe ar an eolas faoina cháilitheacht fhéideartha do Phinsean Stáit Ranníocach ag an am sin. Chreid sé gur cheart don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar chás Joe d’fhonn a íocaíocht a shiardhátú go dtí nuair a bhí sé 66 bliana d’aois.
D’athbhreithnigh an Roinn cás Joe agus ghlac sí leis gur cheart go mbeadh a theidlíocht féideartha curtha in iúl aici do Joe nuair a chuaigh sé chuig oifig áitiúil na Roinne. Dhámh an Roinn riaráistí de €46,040 do Joe, siardhátaithe go dtí an dáta ar tháinig sé i dteideal.