Dhiúltaigh an t-ospidéal déileáil le gearán tuismitheoirí a bhfuair páiste leo bás toisc go raibh sé ‘lasmuigh den teorainn ama’
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuaigh lánúin i dteagmháil leis an Ombudsman tar éis d’ospidéal an Rotunda diúltú déileáil lena ngearán mar go ndearnadh é lasmuigh den teorainn ama 12 mhí chun gearáin a dhéanamh leis. Bhí an lánúin ag iarraidh gearán a dhéanamh faoin droch-eispéireas a bhí acu san ospidéal le linn breith a linbh a fuair bás go gairid tar éis breithe.
Mhínigh an lánúin go raibh an tréimhse ó cailleadh a leanbh an-deacair don bheirt acu agus go raibh an próiseas ullmhúcháin an ghearáin an-dúshlánach ó thaobh mothúchán de agus gur thug sé cuimhní pianmhara ar ais dóibh. Chuir siad in iúl freisin nach raibh siad ar an eolas faoin teorainn 12 mhí maidir le gearáin a dhéanamh agus déanta na fírinne, bhain cuid dá n-imní le saincheisteanna a tharla laistigh den amlíne 12 mhí.
Bhuail siad leis an ospidéal roinnt míonna tar éis dá leanbh bás a fháil ach bhraith siad nár tugadh aghaidh go cuí ar a n-imní go léir. Rinne siad gearán leis an ospidéal ina dhiaidh sin ach ní ghlacfadh sé leis an ngearán á rá go raibh níos mó ná 12 mhí caite ó tharla na saincheisteanna a d’ardaigh siad.
Chinn an t-ospidéal, agus comhbhrón á léiriú acu don lánúin, nach dtabharfaí díolúine don teorainn ama. Luaigh siad ó thaithí san am a chuaigh thart, gur chinn siad dá faide an t-achar ama idir an t-imeacht agus athbhreithniú ar cheisteanna a ardaíodh i ngearáin, is lú an seans go mbeidh cuimhne ar bith ag baill foirne ar imeachtaí.
Leagann an tAcht Sláinte 2004 amach na socruithe chun déileáil le gearáin faoi ospidéal agus folaíonn sé teorainn ama 12 mhí chun gearán a dhéanamh. Mar sin féin, féadfaidh ospidéal síneadh a chur leis an teorainn ama seo i gcás inar cuí sin a dhéanamh mar gheall ar chúinsí speisialta.
Bhí imní ar an Ombudsman go raibh cur chuige an ospidéil i leith na gcúinsí speisialta a tháinig chun cinn sa chás seo éagórach. Is eispéireas tubaisteach é cailliúint linbh. Is cinnte go mbeidh am ag teastáil ó thuismitheoirí méala chun tús a chur le déileáil lena mbrón agus lena gcumha. D’fhéadfadh go dtógfadh sé am sula mbeidh siad in ann machnamh a dhéanamh ar a dtaithí ospidéil, agus beidh comhbhá agus tuiscint ag teastáil. Chreid an tOmbudsman go raibh na himthosca a bhain leis an gcás seo ina gcúis thar a bheith intuigthe le cén fáth nach raibh an lánúin seo in ann a n-imní a leanúint leis an ospidéal go dtí go raibh roinnt ama caite. D’iarr an tOmbudsman ar an ospidéal a chinneadh a athbhreithniú.
Mar fhreagra ar imní an Ombudsman d’aontaigh an t-ospidéal glacadh leis an ngearán agus dul i dteagmháil leis an lánúin chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr lena ngearán a chur chun cinn. Bhí an lánúin sásta leis an toradh agus go mbeadh deis acu go dtabharfaí aghaidh ar a ngearán.