Aontaíonn an Chomhairle clásal cruatain cíosa a chur i bhfeidhm sa scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí a teach ar cíos ag Hannah le cabhair ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe tríd an scéim Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT). Ba é an t-aon fhoinse ioncaim a bhí aici ná liúntas míchumais. Idir a híocaíocht chíosa sheachtainiúil leis an gComhairle agus breisiú míosúil €350 lena tiarna talún (chun an bhearna idir an t-uasráta ÍCT agus an cíos iomlán) a líonadh, bhí Hannah ag caitheamh 49% dá hioncam ar chíos. Bhí sí ag streachailt chun freastal ar a cuid costais eile.
D’iarr Hannah ar an gComhairle a clásal ‘cruatain cíosa’ a chur i bhfeidhm chun an méid a bheadh uirthi a íoc leis an gComhairle go seachtainiúil a laghdú. Dhiúltaigh an Chomhairle ar an mbonn gur ghlac Hannah le tionóntacht a bhí, ag 49% dá hioncam, neamh-inbhuanaithe. Sheol an Chomhairle grianghraf do Hannah a tógadh ó Google Street View, rud a léirigh go raibh sí “ag maireachtáil thar a acmhainn” i dteach a bhí i bhfad ró-mhór le bheith in acmhainn aici ó thaobh billí agus cíosa de.
Rinne Hannah gearán leis an Ombudsman nár bhain an grianghraf dá teach ach de phéire tithe leathscoite móra in aice láimhe. Dúirt sí freisin gur chuardaigh sí go fairsing le haghaidh réadmhaoine inacmhainne agus oiriúnach gan rath, agus go drogallach ghlac sí le tionóntacht le breisiú chomh mór sin don tiarna talún nuair a bhraith sí nach raibh na roghanna fágtha aici.
Nuair a d’ardaigh an tOmbudsman gearán Hannah leis an gComhairle, d’admhaigh an Chomhairle go raibh sé mícheart brath ar an bhfótagraf a bhí i gceist ach go raibh an tionóntacht neamh-inbhuanaithe mar sin féin. Thug an Chomhairle faoi deara, fiú leis an gclásal cruatain, go mbeadh Hannah fós ag íoc níos mó ná 30% dá hioncam ar chíos agus, ar aon nós, nach bhfuil feidhm ag clásail chruatain ach go sealadach. Dúirt an Chomhairle gur cheart do Hannah bogadh go dtí réadmhaoin níos inacmhainne.
D’aithin an tOmbudsman imní na Comhairle maidir le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach thionóntacht Hannah, cé gur cheadaigh an Chomhairle é do ÍCT ar an gcéad dul síos le 49% dá hioncam ag dul ar chíos. Mar sin féin, thug an tOmbudsman faoi deara freisin an ganntanas roghanna cíosa laistigh de nó gar do theorainneacha ÍCT i gceantar Hannah agus sna contaetha comharsanachta. Dá dtiocfadh deireadh lena tionóntacht ÍCT sa ghearrthéarma mar gheall ar teip chun cíos a íoc leis an gComhairle nó leis an tiarna talún, is é is dóichí go mbeadh uirthi cúnamh agus cóiríocht éigeandála a lorg ón gComhairle.
Tar éis cainteanna leis an Ombudsman, d’aontaigh an Chomhairle a clásal cruatain a chur i bhfeidhm agus an cíos íosta ceadaithe (€25 in aghaidh na seachtaine) a ghearradh ar feadh ceithre mhí, chun cabhrú le Hannah a tionóntacht a choinneáil faoi láthair agus deis a thabhairt di chun maoin níos inacmhainne a chuardach.