Bhain údaráis áitiúla úsáid as ciorclán a bhí as dáta chun cinneadh maidir le ‘ceart cónaithe’ agus teidlíocht ar thacaíocht tithíochta a dhéanamh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí Maria, saoránach an Aontais Eorpaigh, ina cónaí in Éirinn ar feadh beagánín os cionn bliana nuair a bhásaigh a fear céile de bharr aimhréidheanna a bhain le COVID-19. Nuair a fuair sé bás, chuir an bhean iarratas isteach chuig Comhairle Contae Ros Comáin le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta ach diúltaíodh dá hiarratas mar dúradh nárbh fhéidir léi a chruthú go raibh an ceart aice bheith ina cónaí in Éirinn.
Chun bheith i dteideal ar thacaíocht do thithíocht sóisialta, caithfidh sé go mbeidh ‘ceart cónaithe’ fadtéarmach ag an iarratasóir chun maireachtáil in Éirinn. Chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil an ceart sin ag iarratasóír, bhain na húdaráis áitiúla úsáid as Ciorclán Tithíochta 41/2012 mar threoir. Sa chiorclán seo deirtear nach féidir le saoránaigh an Aontais Eorpaigh rochtain a fháil ar thacaíocht tithíochta in Éirinn mura bhfuil siad ‘fostaithe go gníomhach’ in Éirinn nó, mura bhfuil siad ag obair ag an am sin, má tá siad dífhostaithe ar feadh os cionn bliana. Dhiúltaigh an Chomhairle don iarratas a rinne Maria toisc nach raibh sí ‘fostaithe’ in Éirinn ar feadh 52 seachtain.
Ach ní raibh an ciorclán ag teacht leis an dlí Éireannach ná dlí an AE ina ndeirtear go bhfuil níos mó ná bealach amháin chun ‘ceart cónaithe’ in Éirinn a dheimhniú. Bhí fear céile Maria fostaithe nuair a fuair sé bás agus bhí a bpáiste ar an rolla i scoil Éireannach.
Chreid an Ombudsman go raibh an Chomhairle ag tabhairt neamhaird ar na modhanna ina bhféadfaí ceart na mná a mheas chun maireachtáil go buan in Éirinn toisc nach raibh aitheantas soiléir tugtha do na modhanna sin i gCiorclán Tithíochta 41/2012. Foilsíodh an ciorclán in 2012 agus ní dhearnadh é an uasdhátú chun freastail ar na forálacha atá leagtha amach in IR 548/2015 An Comhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine), agus nach raibh dóthain treorach ann do na húdaráis áitiúla maidir leis na bealaí go léir inar féidir le duine ceart cónaíthe a chruthú.
Chuir an Ombudsman a chuid imní in iúl do Chomhairle Contae Ros Comáin agus don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Bheartaigh an Chomhairle measúnú a dhéanamh arís ar iarratas Maria ar thacaíocht tithíochta sóisialta. Lena chois sin, bhí an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i dteagmháil le gach údarás áitiúil agus chuir sí in iúl dóibh go mba chóir dóibh IR 548/2015 a chur san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta.
Tuigeann an Ombudsman freisin go bhfuil sé i gceist ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta reachtaíocht a tharraint anuas maidir le incháiliteacht neamhnáisiúnach ar thithíocht shóisialta, lena n-áirítear foráil le haghaidh ‘cónaí dlíthiúil’ mar chritéir incháiliteachta in aon mheasúnú a dhéantar ar thacaíocht tithíochta.