Diúltaíodh go héagórach do fhear an Liúntas do Chúramóirí nuair a ‘cailleadh’ tuairisc liachta ag an oifig achomhairc
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
John complained to the Ombudsman when the Department of Social Protection said he was Rinne John gearán leis an Ombudsman nuair a dúirt an Roinn Coimirce Sóisialaí nach raibh sé i dteideal Liúntas do Chúramóirí dá athair. Bhí galar croí ainsealach, hipirtheannas agus diaibéiteas ag a athair. Dúirt an Roinn, áfach, nach raibh sé incháilithe mar nár chomhlíon a athair critéar na scéime maidir le bheith “chomh easláinte nó faoi mhíchumas go dteastaíonn cúram agus aire lánaimseartha”.
Le linn don Ombudsman a ghearán a fhiosrú rinne John athiarratas agus bronnadh Liúntas do Chúramóirí air. Dúirt an Roinn, áfach, nach raibh John i dteideal an liúntais ó dháta a chéad iarratais naoi mí roimhe sin.
Rinne John achomharc i gcoinne an chinnidh chuig an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh (OALS) agus sholáthair sé fianaise leighis bhreise mar thaca lena achomharc. Rinne an fhianaise leighis bhreise cur síos ar ghalar croí ainsealach, hipirtheannas, diaibéiteas agus a nódú sheach-chonair artaire corónach a athar. Mar sin féin, dhiúltaigh an OALS dá achomharc an íocaíocht a shiardhátú ar na forais chéanna leis an Roinn.
Scrúdaigh an tOmbudsman comhad na Roinne ar chás John. Chonaic sé gur sheol an OALS an comhad chuig rannóg Measúnaithe Lia-Réiteora (MLR) na Roinne chun tuairim a fháil ar an bhfianaise leighis bhreise a chuir John ar fáil. Cé gur chuir Rannóg an MLR tuarascáil ar fáil ina dhiaidh sin ag rá gur measadh go raibh athair John i dteideal Liúntas do Chúramóirí ó thaobh leighis de, ba chosúil nár bhreithnigh an OALS an tuarascáil. Ní raibh aon tagairt déanta ag an Oifigeach Achomhairc do thuarascáil an MLR sa nóta cúlra a mhínigh an réasúnaíocht taobh thiar den chinneadh diúltú don achomharc. Mar thoradh air sin, d’iarr an tOmbudsman ar an OALS breathnú ar an gcás arís.
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás, d’athraigh an OALS a chinneadh agus rinne sé íocaíocht an Liúntas do Chúramóirí le John a shiardhátú go dtí dáta a chéad iarratais. Bronnadh riaráistí naoi mí ar John arbh fhiú €6,078 iad.