Diúltaíodh rochtain ar scéim oideachais do mhac léinn toisc go raibh slí bheatha neamhincháilithe ag athair ‘neamhláithreach’
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Sarah gearán leis an Ombudsman tar éis di a bheith neamh-incháilithe don scéim Bealach Rochtana ar Ardoideachas mar gheall ar a grúpa socheacnamaíoch.
Is scéim iontrála ardoideachais é an Bealach Rochtana ar Ardoideachas (BRAO) do mhic léinn ardteistiméireachta (faoi 23) a bhfuil tearcionadaíocht ar a gcúlra eacnamaíoch nó sóisialta san ardoideachas. Tomhaiseann an scéim, arna maoirsiú ag Cumann Ollscoileanna Éireann thar ceann na nInstitiúidí Ardoideachais rannpháirteacha, cúlra sóisialta bunaithe ar ghairmeacha agus stádas fostaíochta thuismitheoirí nó chaomhnóirí an iarratasóra. Bhí gairm bheatha ‘faofa’ ag máthair Sarah. Bhí a hathair dífhostaithe ach níor faomhadh a shlí bheatha dheireanach, agus mar sin cuireadh in iúl do Sarah nach raibh sí incháilithe don scéim. Mar sin féin, bhraith Sarah go raibh an cinneadh seo éagórach mar is beag teagmháil a bhí aici lena hathair. Chónaigh sí lena máthair agus ba í a máthair amháin a thug tacaíocht airgeadais di. Bhí a tuismitheoirí colscartha ar feadh roinnt blianta agus scartha ó bhí Sarah ina leanbh.
Forálann téarmaí agus coinníollacha scéim BRAO nach bhféadfaí iarratasóirí a mheasúnú ar shlí bheatha tuismitheora amháin ach amháin i gcúinsí nach raibh ‘aon teagmháil ar bith acu’ leis an tuismitheoir eile.
Chiallaigh sé seo go héifeachtach go bhféadfaí iarratasóirí a mheasúnú ar ghairmeacha na dtuismitheoirí nach raibh, b’fhéidir, ról gníomhach ina saol riamh, nó nach raibh, le fada an lá. Mheas an tOmbudsman go raibh an seasamh seo míréasúnta agus éagórach. Chreid sé go raibh an treoir róshriantach agus nár léirigh sé réaltacht go leor cásanna teaghlaigh iarratasóirí BRAO. Chreid an tOmbudsman freisin go bhféadfadh an treoir mic léinn ó chúlraí áirithe a chur faoi mhíbhuntáiste.
Sheas an tOmbudsman le gearán Sarah. Toisc go raibh Sarah tosaithe cheana féin ar a cuid staidéir tríú leibhéal níorbh fhéidir a cás a athrú. Tá an táscaire ‘grúpa socheacnamaíoch’ á chéimniú amach mar cheann de na critéir incháilitheachta don Scéim BRAO. I gcás iarratasóirí nua a bheidh ag dul isteach san ardoideachas i 2026, beidh an táscaire ‘grúpa socheacnamaíoch’ bainte go hiomlán.